Caitheadh £1,205,866 ar fhógraíocht ó thaobh mo Roinnse de sa bhliain 2000. Bhain an cuid is mó den chaiteachas seo le costaisí oifigiúla agus le cur chun cinn oidhreacht agus chultúr na hÉireann.
Tá caiteachas ar institiúidí cultúrtha na Roinne san áireamh mar seo a leanas: An Chartlann Náisiúnta – £4,654; An Leabharlann Náisiúnta – £15,877; An Músaem Náisiúnta – £170,000. Baineann £125,036 den chaiteachas thuas-luaite le fógraíocht teilifíse, go príomha £100,036 ar feachtas fógraíochta maidir le Dublin, "A Magical Trail of Culture" le comhbhéim ar an mBéarla agus ar an nGaeilge. Caitheadh £25,000 le heolas faoi chártaí oidhreachta a scaipeadh, £4,000 go sonrach ar fhógraíocht trí Ghaeilge.
Caitear méid beag airgid gach bliain go réigiúnda chomh maith ar fhógraíocht maidir le cruinnithe áitiúla nó le dúnadh suíomh. Ní thaispeántar an caiteachas seo go sonrach i dtaiféad na Roinne. Is ar lucht stiúrtha na bhforas agus na gcomhlacthaí Stáit atá faoi scáth mo Roinnse atá an fhreagracht maidir le chaiteachas a bhaineann le fógraíocht. Níl baint agamsa le cinneadh den tsórt sin.