Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Mar 2001

Vol. 533 No. 3

Written Answers. - Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana.

Dinny McGinley

Question:

260 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán i ngeall ar an mórbhaol atá ann go ndruidfear oifig an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana i mBaile Átha Cliath de dheasca éilimh mhíréasúnta ón Choimisiún Eorpach chun athruithe a chur i bhfeidhm ar struchtúr an bhiúró agus toisc go ndearnadh obair fhónta cheannródaíochta le beagnach fiche bliain anuas san oifig seo agus go bhfaigheann an biúró deontas-i-gcabhair bliantúíl ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, an bhfuil an tAire sásta ceist thodhchaí na hoifige a thógáil leis an gCoimisiún agus sa chás nach bhfaigheann sí freagra sásúil uathu, an mbeadh sí sásta ról na Roinne i gcur chun cinn na Gaeilge agus teangacha eile mar í san Aontas Eorpach a athbhreithniú. [8749/01]

Tuigtear dom go bhfuil iarrtha ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh ar an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana a chuid costas i gcoitinne a scrúdú chun a chinntiú go bhfuil an luach is fearr is féidir á fáil ar an maoiniú Eorpach a thugtar don bhiúró. Mar chuid den scrúdú sin tá na costais a bhaineann leis an oifig i mBaile Átha Cliath a gcíoradh. Is go neamhfhoirmiúil a tugadh scéal do mo Roinnse maidir lena bhfuil ar siúl. Má fhaighim leargas i scribhín ar an bhfadhb maidir leis an mbaol go ndúnfar an oifig i mBaile Átha Cliath, más fíor, féachfaidh mé cad is féidir liom a dhéanamh i dtaca le stádas na hoifige sin a chaomhnú.

Top
Share