Dinny McGinley
Question:263 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas ina Roinn ar dheontas do bhalla cosanta ag Mín Beanaid, Ailt an Chorráin, an bhfuil an t-iarratas á mheas, cad é an costas atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8844/01]