Dinny McGinley
Question:180 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici a mholadh don Rialtas go ndaingneofaí an Chairt Eorpach do Theangacha Reigiúnacha nó Mionlaigh agus an aontaíonn sí gurb é aimhleas na Gaeilge é nach bhfuil an chairt thábhtachtach seo daingnithe sa chuid seo den oileán fós agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10611/01]