Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 May 2001

Vol. 535 No. 1

Written Answers - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

469 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ceart deontas i leith labhairt na Gaeilge a bheith ar fáil do pháistí taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil. [11456/01]

Is é cuspóir Scéim Labhairt na Gaeilge muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne. Tá an scéim cosúil le cuid mhaith scéimeanna eile atá á reachtáil ag mo Roinnse, teoranta d'iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu sna Limistéir Ghaeltachta. Níl sé i gceist agam an coinníoll sin a athrú.

Top
Share