Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Gaelscoil Bheanntraí.

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

431 D'fhiafraigh Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén méid atá déanta ag an Roinn chun foirgneamh nua do Ghaelscoil Bheanntraí a chur ar fáil; an bhfuil dul chun cinn ann ó mhí na Samhna 1999 nuair a thug innealtóir na Roinne cuairt ar an scoil chun scrúdú a dhéanamh ar thrí shuíomh; an bhfuair an Roinn léarscáil ón scoil i 2000 do cheathrú suíomh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16014/01]

D'fhonn an líon mór de thionscadail tógála scoileanna atá idir lámha faoi láthair ag mo Roinn, níl sé indéanta ag an bpointe seo tráthchlár a sholáthar a chuirfeadh in iúl cathain a bheidh an t-Aonad Tógála in ann suíomh a fháil nó cathain a bheidh buanchóiríocht ar fáil do Ghaelscoil Bheanntraí.

Top
Share