Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Coimisiún na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

62 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici Coimisiún na Gaeltachta a chur ar bun chun stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht a mheas agus a chur os comhair an Aire; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15790/01]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Uimh. 123 den 4 Deireadh Fómhair 2000.

Níl aon phleananna agam chun a iarraidh ar an Rialtas coimisiún a bhunú chun staid na Gaeilge sa chuid sin den tír lasmuigh den Ghaeltacht a shuíomh agus chun moltaí a dhéanamh maidir le húsáid na teanga ansin a láidriú.

Mar is eol don Teachta tá obair ar siúl i mo Roinnse chun Bille Teanga – an Bille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla – a ullmhú a thabharfaidh feidhm reachtúil don fhoráil bhunreachtúil faoin nGaeilge agus a dhéanfaidh soláthar chun feabhas a chur ar an bhfáil ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre.

Chomh maith leis sin tá Foras na Gaeilge atá mar chuid den chomhlacht forfheidhmithe trasteorann ar a dtugtar an Foras Teanga i mbun oibre agus é mar chúram air an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda. Ní miste a lua gur ceann de na feidhmeanna atá ag an bhForas ná taighde a dhéanamh i dtaca leis an nGaeilge.

Táim sásta gur ar an dóigh atá léirithe agam is fearr feidhmiú seachas mar atá sa treis sa Cheist ón Teachta.

Top
Share