Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Acht Pleanála agus Forbartha.

Dinny McGinley

Question:

77 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil treoirlínte dréachtaithe ag oifigigh a Roinne féin maidir leis na forálacha san Acht Pleanála agus Forbartha, 2001, a dhéanann athruithe suntasacha ar na nósmhaireachtaí agus ar na coinníollacha a bhaineann le hiarratais phleanála sa nGaeltacht agus Údarás na Gaeltacha agus an ndéanfaidh sí ráiteas ar impleachtaí na bhforálacha nua pleanála seo do thograí forbartha Údarás na Gaeltachta. [15780/01]

Is gnó é don Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil rialacháin a ullmhú maidir leis an Acht Um Phleanáil agus Forbartha, 2000.

Agus an méid sin ráite mar is eol don Teachta bhunaigh an Rialtas coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht anuraidh agus iarradh ar an gCoimisiún, i measc rudaí eile, scrúdú a dhéanamh maidir leis an gcaoi a dtabharfar feidhm d'fhorálacha an Achta Um Phleanáil agus Forbartha i dtaca le caomhnú teanga agus cultúr na Gaeltachta. Tuigim go raibh an coimisiún i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus go bhfuil roinnt moltaí curtha ar aghaidh chuig an Aire sin ag an gCoimisiún cheana. Tuigim go bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún tuilleadh moltaí a chur chuig an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúl maidir le cur i bhfeidhm forálacha an Achta a bhaineann le teanga agus cultúr na Gaeltachta. Tá saineolaí fostaithe ag an gCoimisiún le cabhrú leo na moltaí seo a réiteach.

Maidir le himpleachtaí na bhforálacha nua pleanála seo do thograí forbartha Údarás na Gaeltachta dírím aird an Teachta ar an gcuid sin den fhreagra a thug an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ar Cheist Dála ón Teachta ar 15 Bealtaine a bhain le smacht ar fhorbairtí. Beidh mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil i dtaobh na ceiste.

Top
Share