Níor thug mo Roinnse aon scéim nua isteach ó thús na bliana. Déanann mo Roinnse a cuspóirí maidir le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chur chun cinn mar aon leis an nGaeilge a chaomhnú agus a neartú inti trí dheontais a chur ar fáil trí scéimeanna éagsúla dá cuid. Baintear úsáid as na scéimeanna seo a leanas chun na cuspóirí sin a chur i gcrích: scéim labhairt na Gaeilge; scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge; scéim cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht do dhaoine fásta; scéim spreagadh na Gaeilge; deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht); scéim champaí samhradh d'aos óg na Gaeltachta agus scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht.
Mhéadaigh mé an deontas a íoctar leis na teaghlaigh Ghaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó £5 go £5.50 in aghaidh an lae i mbliana, an dara bliain as a chéile a méadaíodh an deontas sin. Maidir leis an scéim tithíochta tá na deontais feabhsúcháin méadaithe go mór le gairid, deontais nua tugtha isteach agus leasú déanta ar rialacha chun an scéim a chur in oiriúint do shaol na Gaeltachta mar atá inniu. Tá Bille nua tithíochta, Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú) 2001, sínithe ag an Uachtarán le gairid. Mar is eol don Teachta tá an Choimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht i mbun oibre agus beidh mé ag súil le moltaí fiúntacha uaidh, moltaí faoi scéimeanna nua san áireamh, maidir le cur chun cinn na Gaeilge mar gnáthurlabhartha phobal na Gaeltachta. Níl aon amhras orm ach go gcuireann Scéimeanna mo Roinne-se go mór le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus gan iad a bheith i bhfeidhm go mbeadh úsáid na Gaeilge níos laige inti ná mar atá.
Maidir leis an nGaeilge sa chuid sin den tír lasmuigh den Ghaeltacht is é lárchuspóir polasaí mo Roinne-se ná a húsáid a leathadh ar fud na tíre. Cabhraítear le chur chun cinn an pholasaí sin trí cúnamh airgid a chur ar fáil as Ciste na Gaeilge de chuid mo Roinne (£1.75m sa Chiste i mbliana) do thionscadail éagsúla fhiúntacha Ghaeilge ar fud na tíre ar nós Gaillimh le Gaeilge, Tiobraid Árann ag Labhairt agus Gael-Taca, Corcaigh. Tugtar cúnamh don drámaíocht trí Ghaeilge agus chun foilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn as an gCiste chomh maith trí dheontais bhliantúla a chur ar fáil do Thaibhdearc na Gaillimhe agus Bord na Leabhar Gaeilge faoi seach.
Táthar ag díriú i mbliana ar an mBille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla a bheidh mar chuspóir aige feabhas a chur ar an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge do shaoranaigh a bhfuil seirbhís den chineál sin á lorg acu. Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an Bille sin san Fhómhar.
Mar is eol don Teachta tá Foras na Gaeilge – an chuid sin den chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas an Foras Teanga a bhfuil dualgas air i dtaca leis an nGaeilge – i mbun oibre ó anuraidh le feidhmeanna leathana aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda. Tá Plean Forbartha Straitéiseach chun na críche sin ullmhaithe ag an bhForas le chur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a luaithe is féidir le ceadú. Beifear ag súil le torthaí fónta maidir le méadú in úsáid na Gaeilge i ngnáthshaol an oileáin ag eascairt as an bPlean sin. Tá £10.125m á chur ar fáil do Fhoras na Gaeilge ón Roinn seo i mbliana.