Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Jun 2001

Vol. 539 No. 1

Written Answers. - Foinsí do Ghaeleagras.

Trevor Sargent

Question:

211 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais an bhfuil sé i gceist aige tuilleadh foinsí a thabhairt do Ghaeleagras de bharr méadú ualach oibre atá air maidir le seirbhís aistriúcháin don Oireachtas agus le seirbhísí múinteoireachta a chuireann Gaeleagras ar fáil. [18966/01]

Tá áthas orm a rá go mbeidh tuilleadh foinsí ar fáil do Ghaeleagras de bharr an t-ualach bhreise oibre atá ar an Eagraíocht. Tá cinneadh tógtha go gceapfar múinteoir breise do Ghaeleagras agus tá an cúram seo leagtha ar Oifig Choimisiúin na Stáitseirbhíse. Reachtáilfear an comórtas cuí go luath agus cuirfidh mé na foinsí riachtanacha ar fáil. Léiríonn an tábla thíosluaite an méadú atá tagtha ar na meastacháin do Ghaeleagras ó 1995 anuas agus an geall airgeadais atá á chur ar fáil chun cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.

Blian

Meastacháin do Gaeleagras

1995

£110,000

1996

£115,000

1997

£130,000

1998

£135,000

1999

£135,000

2000

£150,000

2001

£155,000

Bunaíodh Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí sa bhliain 1971 faoi choimirce na Roinne Airgeadais chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Státchóras sa chaoi go mbeadh Státseirbhísigh in ann seirbhís as Gaeilge a thairiscint agus a chur ar fáil don phobal. Anois, áfach, agus muid ag saothrú i ré na Bainistíochta Stráiteiseach, agus go háithrithe sa chomhthéacs go bhfuil Seirbhís Fhiúntach Custaiméara á sholáthar, is léir go bhfuil ról ar leith ag Gaeleagras le Polasaí an Dátheangachais a chur chun cinn trí thraenáil chuí a chur ar fáil ionas go mbeidh sé ar chumas Ranna/Oifigí seirbhís fhiúntach trí Ghaeilge a sholáthar.
Is iad na cúrsaí teanga atá á reáchtáil ag Gaeleagras faoi láthair: Bunchúrsaí, Meánchúrsaí agus Árdchúrsaí – lae agus oíche; Sainchúrsaí do Theileafónaithe, Fáilteoirí agus Clóscríobhaithe; Cúrsaí i Scríobh na Gaeilge agus béim ar Ghaeilge na hOifige; Cúrsaí Scoláireachtaí Gaeltachta; Dianchúrsaí Oiliúna Teanga d'oifigigh atá ag freastal ar phobal na Gaeltachta agus ar lucht na Gaeilge i gcoitinne; Cúrsaí inmheánach sna Ranna; Cúrsaí Ilscileanna Cumarsáide agus Cúrsaí Teanglainne.
Cuireann Gaeleagras seirbhís aistriúcháin ar fáil freisin agus tá siad toilteannach gach cúnamh a thabhairt d'aon Roinn d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn agus seirbhís trí Ghaeilge a thairiscint agus a chur ar fáil don phobal.
Top
Share