Tá mé sásta go bhfuilimid ag caint faoi méadú post. Tá sé mar aidhm agam, ag an Rialtas agus ag an údarás go mbeimid ag caint faoi méadú post seachas poist a chaomhnú sna Gaeltachtaí uilig. Níl mé sásta go leor mar gheall ar an méadú post atá muid ag caint faoi. Tá go leor brú ar na tionscail sna Gaeltachtaí, ar nós éadaí, feirmeacha éisc agus rudaí mar sin.
Bhí díospoireacht againn ag an gcoiste roimhe seo faoi na Meastúcháin, agus dúirt mé go mb'fhearr liom go mbeadh poist sa teicneolaíocht nua le pá níos fearr ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil 30 post úr-cheadaithe ag an Údarás i gCill Charthaigh. Seo tús maith do na Gaeltachtaí beaga. Beidh mé ag cur brú ar an údarás. Déanann sé gach iarracht níos mó post a chur ar fáil agus deimhniú go bhfuil caighdeán níos fearr iontu. Níl suim mhór ag an aos óg sna poist atá sna Gaeltachtaí. Tá níos mó suim acu sna poist nua-aimseartha.
Táimid sásta faoin méad atá ag dul ar aghaidh, ach níl mé thar a bheith sásta faoi mar b'fhearr liom go mbeimid ag caint faoi méadú níos mó ar phoist le fáil sna Gaeltachtaí uilig.