Tá baint dhíreach ag Údarás na Gaeltachta leis na comhlachtaí Aerpeint Teo. agus Digisonic Teo. mar go bhfuil tacaíocht airgeadais ceadaithe ag an Údarás do fhorbairtí éagsúla a bhí mar ábhar iarratais ar chúnamh ó na comhlachtaí sin do Ghaeltacht Dhún na nGall. Is é Primary Holdings UK Ltd. cuideachta shealbhaíochta an dá chomhlacht sin. Tá £120,000 íoctha le Aerpéint Teo. as tacaíocht airgeadais de £734,190 a cheadaigh an tÚdarás don chomhlacht sin. Tá £97,663 íoctha le Digisonic Teo. as tacaíocht airgeadais de £560,000 atá ceadaithe ag an Údarás don chomhlacht sin.
Tá sé tagtha chun solais go raibh deacrachtaí airgeadais ag duine de mhion-scairshealbhóirí na cuideachta sealbhaíochta Primary Holdings UK Ltd., comhlacht infheistíochta ag a bhfuil os cionn 20 scairshealbhóir in iomlán ann. Bhí an duine seo i measc na ndaoine a bhí páirteach sna comhráite leis an Údarás ar son Primary Holdings UK Ltd., ina raibh 6% de na scaireanna aige, ach níl sé mar scairshealbhóir i gceachtar den dá chomhlacht atá luaite thuas atá cláraithe sa tír seo. Bhí sé mar stiúrthóir, áfach, ar feadh tamaill ar Aerpéint Teo. agus ar Digisonic Teo. ach níl sé mar stiúrthóir ar cheachtar de na comhlachtaí sin a thuilleadh.
Tuigim ón Údarás nár cheadaigh ná nár íoc an eagraíocht aon chúnamh airgid leis an duine seo nó le haon duine aonarach eile atá nó a bhí bainteach le ceachtar comhlacht ag aon am. Tá plé idir an Roinn agus an tÚdarás ar an gcás seo ach caithfear glacadh leis gur gnó don Údarás an cheist seo a láimhseáil agus tá lánmhuinín agam go ndéanfar é sin.