Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 2001

Vol. 543 No. 4

Written Answers. - Clár Reachtaíochta.

Eamon Gilmore

Question:

39 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon mheastachán déanta maidir le cé mhéid a chosnóidh sé Bille na Gaeilge a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27158/01]

Is cinnte go dtitfidh costais bhreise ar an earnáil phoiblí chun forálacha na reachtaíochta atá beartaithe a chur i bhfeidhm ach gan staidéar cuimsitheach costasach a choimisiúnú – staidéar gur doiligh dó, b'fhéidir, eolas iontaofa a chur ar fáil ar go leor cúiseanna agus mar gheall air sin nach bhfuil i gceist agam tabhairt faoi – níl sé indéanta meastachán fiúntach a dhéanamh ar na costais sin. Mheasfainn, áfach nach mbeadh an costas thar cuimse, ag cur san áireamh an gá atá ann go bhfeabhsófaí go mór an fáil atá ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge.

Top
Share