Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jun 2002

Vol. 553 No. 6

Written Answers. - Schools Building Projects.

Dinny McGinley

Question:

101 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair a chuirfear áiseanna breise - leabharlann, halla corpoideachais agus seomraí ranga - ar fáil do Ghairmscoil Chú Uladh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14587/02]

Tá pleanáil ailtireachta á déanamh faoi láthair ar an síneadh atá molta do Ghairmscoil Chú Uladh.

I mí na Bealtaine, thug aonad tógála mo Roinnse údarás do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall an tionscadal seo a chur chun cinn go dtí staid 3 den phróiseas deartha ailtireachta, scéim sceitse forbartha. Tá mo Roinnse ag feitheamh ar aighneacht ar an staid sin.
Nuair a bheidh an aighneacht sin faighte, iniúchta agus comhaontaithe is féidir an cheist maidir le dul ar aghaidh chuig staid 4, dearadh mionsonraithe agus pleananna costais, a mheas.
Top
Share