Níor ceadaíodh na bóithre sin agus níl siad ceadaithe ó shin. Fógraíodh iad. I gcás péire de na bóithre sin, fuarthas amach go raibh ceann acu ina bhóthar chomhairle chondae agus go bhfuil teach ar an dara cheann. Ach níl an Roinn sásta go bhfuil buan chónaithe sa teach agus ar an ábhar sin, níl mé á cheadú.
Maidir le bóithre Mhaigh Eo, tá an scéal beagáinín difriúil. Fógraíodh liosta ar 10 Bealtaine ach arís, níor ceadaíodh na bóithre sin. Nuair a tháinig mé isteach sa Roinn fuair mé taiféad ón rannóg ag rá nach bhfuil bóthar ar bith, idir bhóithre a bhí molta ag an stiúrthóir agus iad a bhí fógraithe ag an Aire, ceadaithe i mbliana.
Ag éirí as sin, cheadaigh mise na bóithre a bhí incháilithe, ó tharla go raibh scéal tugtha go poiblí go mbeidís ceadaithe – agus glacaim leis gur mi-thuiscint atá ansin.
Arís, tá dhá bhóthar nár cheadaigh mé. I gcás chinn amháin, tá gach seans go bhfuil sé cáilithe ach caithfidh mé breathnú ar an mbóthar mar deirtear gur ath-ghiorra atá ann agus caithfear tuilleadh scrúdú a dhéanamh air. Tá an Roinn ag scrúdú na ceiste sin. I gcás an bhóthair dheiridh, níl teach ar an mbóthar, ní raibh sé ceadaithe agus ní cheadófar é. Fuair mé faisnéis an lá faoi dheireadh go bhfuil teach á thógáil ar an mbóthar ach is é rial na scéime nach gceadaítear deontas ar bhóthar nach bhfuil teach air.
Níor ceadaíodh aon bhóthar ar 10 Bealtaine nó ar 15 Bealtaine.