Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Nov 2002

Vol. 557 No. 4

Written Answers. - Foirne Scoile.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

214 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtabharfaidh sé an t-airgead cuí do Ghaelscoil Inse Chóir, Baile Átha Cliath, ionas go mbeidh sí in ann múinteoir feabhais a fhostú de réir an chinnidh a d'fhógair an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mí na Bealtaine 2002. [22201/02]

Aengus Ó Snodaigh

Question:

215 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair a íocfar an t-airgead a gheall an Roinn Oideachas agus Eolaíochta i mí na Bealtaine do Ghaelscoil Inse Chóir, Baile Átha Cliath le go mbeidh sé ar chumas na scoile múinteoir feabhais a fhostú. [22202/02]

Tá sé ar intinn agam an dá cheist Uimh. 214 agus Uimh. 215 a fhreagairt in éineacht.

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil na heagair socraithe anois chun na híocaíochtaí atá i dtrácht a eisiúint go luath.
Top
Share