Dinny McGinley
Question:484 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le taoscadh a dhéanamh ar an chanáil idir Mullach Dearg agus Ceann Caslach (i nDún na nGall), an bhfuil tuairisc ina Roinn fán tionscnamh, cad iad na moltaí a rinne cigire a Roinne agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23625/02]