Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 2002

Vol. 558 No. 4

Priority Questions. - Údaras na Gaeltachta.

Fergus O'Dowd

Question:

71 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na himpleachtaí d'Údarás na Gaeltachta atá sa laghdú 22% ar an deontas do thionscal agus caiteachas caipitiúil; agus an bhfuil sé sásta go mbeidh sé ar chumas an údaráis postanna nua a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta; agus an mbeidh aon fhorbairt in aon chor anois ar an údarás mar a mhol Coimisiún na Gaeltachta. [24661/02]

Tá soláthar €32.3 milliún ar fáil sna meastacháin d'Údarás na Gaeltachta i gcomhair 2003. Tá €25 milliún den soláthar seo i gcomhar deontais do thionscail agus caiteachas caipitil ar fhoirgnimh. Tá comhnascadh déanta ar na fomhíreanna H2 agus H3 a bhí ann go dtí seo chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus é ag plé le cúrsaí fostaíochta i gcoitinne.

Maidir leis an leithdháileadh laghdaithe atá i gceist do 2003 tá mé sásta gur soláthar sásúil é seo ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíochta nua a bhfuiltear ag súil leis. Ní miste a chur san áireamh go bhfuil socrú déanta agam le gairid chun €3.5 milliún sa bhreis a chur ar fáil don údarás chun tograí áirithe a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana seo. Anuas air sin, tá comhráití ar siúl le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire i ndáil le roghanna maoinithe nua dá chlár foirgníochta le súil go n-aimseofar deiseanna nua a d'fhéadfadh ioncam a sholáthar.

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá moladh sonrach maidir le hatheagrú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta mar cheann de na moltaí i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Tá coiste comhairleach bunaithe agam le comhairle a chur orm maidir leis na beartais a bhfuil gá leo le feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí atá déanta sa tuarascáil sin. Ach an chomhairle sin a bheith faighte, déanfar an cheist seo a mheas tuilleadh.

Molaim an tAire as níos mó airgid a thabhairt don údarás i mbliana. Mar sin féin, tá sé soiléir ó na Meastacháin go bhfuil laghdú 22% i Vóta an údaráis ar dheontais do thionscail agus ar chaiteachas caipitil ar fhoirgnimh. Ní rud maith é sin. Is rud olc ar fad é d'Údarás na Gaeltachta. Tá sé soiléir leis na blianta go bhfuil feabhas ag teacht ar Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil níos mó postanna á gcur ar fáil ag an údarás do mhuintir na Gaeltachta.

Dúirt CEO an údaráis, Ruan Ó Bric, ag deireadh na bliana seo caite faoi infrastruchtúr, "To meet this challenge a number of major development issues will have to be faced, not just by Údarás na Gaeltachta but by all of central, regional and local government.". Cad é tuairim an Aire ar an méid eile a dúirt an tUasal Ó Bric, go raibh i bhfad níos mó airgid le caitheamh ar an nGaeltacht. Níl an tAire ag tabhairt go leor airgid don údarás i mbliana agus tá sé ag teip ar an údarás.

Cuireann an méid atá a rá ag an Teachta íontas orm. Ar lámh amháin tá sé ag rá gur cheart airgead a chaitheamh ar infrastruchtúr. Nuair a dhéanaim airgead na Gaeltachta a roinnt idir infrastruchtúr agus airgead don údarás tá sé ag tabhairt amach. Nuair a bhí a pháirtí féin i Rialtas ní raibh pingin á chaitheamh ar bhóithre na Gaeltachta. Tá plean mór ag an Rialtas á chur i bhfeidhm bliain i ndiaidh bliana ar bhóithre straitéiseacha na Gaeltachta. Bíonn roghanna le déanamh ag Airí agus cuirim-se an-bhéim ar infrastruchtúr.

Tré H2 and H3 le chéile agus tré €1.5 milliún a thabhairt ag deireadh na bliana seo, móide cead a thabhairt €2 mhilliún a aistriú ó H2 go H3 níos luaithe i mbliana, níl aon amhras orm ach go mbeidh an t-údarás in ann dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn le clár tógála chomh mór le clár na bliana seo.

Tá plé déanta agam leis an údarás mar creidim, maidir le go leor de na modhanna atá á úsáid acu and le cúrsaí tógála, go bhfuil bealaí níos fearr leis an obair a dhéanamh. Ní fheicim gur gá gach foirgneamh a thógáil. Tá cead tugtha agam don údarás breathnú, mar shampla, ar dheontais a thabhairt seachas gach foirgneamh a thógáil é féin. Níl amhras orm ach gur bealach i bhfad níos costasaí le foirgnimh a thógáil ná go dtógfadh an t-údarás féin iad.

Tá mé ag plé leis an údarás chomh maith maidir le roinn sealúchas a dhíol. Tá níos mó ná €150 milliún sealúchas i lámha agus ní fheicim cúis ar bith go gcoinneodh an t-údarás greim ar an iomlán.

An mbeidh níos mó airgid á chaitheamh ag an Rialtas, agus ag Roinn an Aire ach go háirithe, ar an nGaeltacht i mbliana? Nach bhfuil sé fíor go bhfuil laghdú an-mhór ar chaiteachas ar Údarás na Gaeltachta agus ar an nGaeltacht ins na Meastacháin. Tá laghdú 10% ansin. Deir Coimisiún na Gaeltachta go mbeadh an-fhás ar an nGaeltacht dá mbeadh níos mó airgid ag an údarás chun forbairt a dhéanamh. Tá an tAire ag briseadh sin síos.

Níl sé sin ceart. Tá mé ag plé leis an údarás faoi foinse eile airgid. Má éireoidh liom, leis an cur chuige atá agam beidh i bhfad níos mó airgid ar fáil don údarás.

Trí bliana ó shin thionscnaigh mé scrúdú ar mhaoin an údaráis mar is é an rud a bhí ag tarlú ó bhliain go bliain go rabhthas ag tógáil foirgnimh i ndiaidh foirgnimh. Rinneadh scrúdú ar cheart go mbeadh na foirgnimh sin ag an údarás nó ag chuid de na tionóntaí atá ag an údarás i láthair na huaire. Thosaigh mé an scrúdú sin trí bliana ó shin agus tá sé ag teacht chun deiridh anois. Bheadh an t-údarás in ann teacht ar airgid trí chuid den sealúchas aige a dhíol agus go bheadh buntaiste mór ann le tionscail na Gaeltachta dá ndéanfaí sin.

Tá mé fosta ag scrúdú bealaí níos éifeachtaí leis na foirgnimh a thógáil. D'fhéadfadh páirtnéir bheith i gceist agus d'fhéadfadh deontais bheith i gceist. Sí an cheist atá ann ná an úsáid a bhaintear as an airgead. Níl sé chomh simplí leis an airgead a chuireann an Stát ar fáil, ach cé mhéad airgead eile a scaoilfidh sin le forbairt na Gaeltachta. Tá an cur chuige atá agam an-éifeachtach ar fad.

Top
Share