Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Dec 2002

Vol. 558 No. 4

Written Answers. - Isliu i Meastachain.

Eamon Gilmore

Question:

96 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil ísliú 22% sna meastacháin d'Údarás na Gaeltachta - deontas do thionscail agus caiteachas caipitiúil ar fhoirgnimh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24472/02]

Tá soláthar €32.3 miliun ar fáil sna meastacháin d'Údarás na Gaeltachta i gcomhar 2003. Tá €25 mhilliún den soláthar seo i gcomhar deontais do thionscail agus caiteachas caipitil ar fhoirgnimh. Tá comhnascadh déanta ar na fomhíreanna H2 agus H3 a bhí ann go dtí seo chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus iad ag plé le cúrsaí fostaíochta i gcoitinne.

Maidir leis an leithdháileadh laghdaithe atá i gceist do 2003 tá mé sásta gur soláthar sásúil é seo ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis. Ní miste a chur san áireamh go bhfuil socrú déanta agam le gairid chun €3.5 miliun sa bhreis a chur ar fáil don Údarás chun tograí áirithe a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana seo. Anuas air seo tá comhráití ar siúl le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire i ndáil le roghanna maoinithe nua dá chlár foirgníochta le súil go n-aimseofar deiseanna nua a d'fhéadfadh ioncam a sholáthar.

Top
Share