Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Dec 2002

Vol. 558 No. 6

Written Answers. - Foras na Gaeilge.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

189 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis míniú a thabairt ar impleachtaí an ghearrtha siar a fógraíodh sna Meastacháin i dtaca le buiséad Fhoras na Gaeilge, ó thaobh an deontais a dháilfear air ó Rialtas na Breataine faoi choinníollacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. [25307/02]

Aengus Ó Snodaigh

Question:

190 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis an Aire míniú a thabhairt ar conas is féidir le Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha atá ag brath air a gcuid cláracha oibre don bhliain 2003 a chur i gcrích tar éis dó diúltú sna Meastacháin don ardú deontas atá de dhíth orthu, agus gur a mhalairt a tharla, is é sin go bhfuil ísliú de 11% fógartha. [25308/02]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 189 agus 190 le chéile.

Tá An Foras Teanga cuimsithe de dhá áisínteacht ar leith: Foras na Gaeilge, ar a bhfuil freagracht ó thaobh na Gaeilge de agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch, ar a bhfuil freagracht ó thaobh Ullans/Ultaise de.
Faoi mar is eol don Teachta, tá soláthar de €12.416 milliún don bhForas Teanga san áireamh san Imleabhar Meastachán Giorraithe do 2003. Chomh maith leis sin, beidh cistíocht bhreise anuas ar an mhéid seo á cur ar fáil don bhForas Teanga ag an Roinn, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart de réir na gcoibhneas atá aontaithe.
Cé go bhfuil aiféala orm maidir leis an laghdú atá déanta ar an soláthar don bhForas Teanga, ní mór an laghdú sin a chur i gcomhthéacs an mhéadaithe ollmhóir ar an gcúnamh atá curtha ar fáil ag an Rialtas don eagraíocht le blianta beaga anuas – ó €7.577 milliún i 2000 go dtí €14 milliún sa bhliain reatha.
Tá comhráití ar siúl faoi láthair idir an Roinn Airgeadais agus an Roinn Airgeadais agus Pearsanra sa Tuaisceart maidir leis an soláthar atá fógartha don bhForas Teanga a roinnt idir an dá áisínteacht. Tuigtear dom go mbeidh cáinfháisnéis an Tuaiscirt á fógairt an tseachtain seo chugainn.
Tá mé muiníneach go mbeidh An Foras Teanga agus na n-eagrais deonach atá ag brath air in ann leanúint de chlár iomlán a chur chun feidhme laistigh den soláthar airgid a bheidh ar fáil dóibh an bhliain seo chugainn.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

191 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá a Roinn chun glacadh chun a chinntiú ná gcaillfidh aon duine den 500 atá ag obair san earnáil neamhspleách Ghaeilge a phost sa bhliain romhainn de bharr gearrtha siar ar chiste na Gaeilge sna Meastacháin. [25309/02]

Tá Ciste na Gaeilge mo Roinne-se maoinithe ón gCrannchur Náisiúnta chun an Ghaeilge a chothú lasmuigh den Ghaeltacht. As an gciste íoctar deontais bhliantúla le heagrais dheonacha Gaeilge (Bord na Leabhar Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Taibhdhearc na Gaillimhe, mar shampla) agus le tograí ilghnéitheacha Gaeilge (Gaillimh le Gaeilge, Tiobraid Árainn ag Labhairt, Gael Taca agus Iomairt Cholm Chille, mar shampla).

Is breá liom a chinntiú don Teachta go bhfuil méadú 8%, go dtí €2.4 milliún, déanta ar an soláthar do Chiste na Gaeilge do 2003 agus tá mé sásta leis an méadú sin.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun a chur in iúl don Teachta freisin go bhfuil méadú 22% déanta ar an soláthar do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta sa Ghaeltacht sna meastacháin do 2003. Cuireann na scéimeanna seo cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí éagsúla atá ag tacú le buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Top
Share