Enda Kenny
Question:386 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas mar gheall ar an moill atá ar an mBille Teanga; an dáta a thosnófar an plé arís ar an mBille seo san Oireachtas agus admháil go mbeidh buntuiscint na reachtaíochta seo bunaithe ar chearta an duine faoin mBunreacht in ionad ar bhonn scéime faoi mar atá sa chéad dréacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [26369/02]