Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Feb 2003

Vol. 561 No. 1

Written Answers. - Iocaíochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Question:

507 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais deisiúcháin do Ché Inis Oirthir (Dún na nGall), an mbeidh airgead á cheadú don obair i mbliana agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3293/03]

Tá iarratas ag mo Roinnse ar chúnamh chun an chéibh seo a fhorbairt agus tá meastachán faighte ina leith ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Déanfar an t-iarratas seo a mheas go luath in éindí le hiarratais eile atá faoi bhráid mo Roinnse i láthair na huaire.

Top
Share