Written Answers. - Broadcasting Services.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

239 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha cén fáth atá leis an ngearradh siar de 21% sa bhuiséad do TG4, agus conas a shíleann sé go mbeidh an stáisiún in ann cur lena chraoltóireacht nó fiú an leibhéal atá aige a choimeád. [4078/03]

Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra uaim ar Cheist Uimh. 565 ar 29 Eanáir 2003.