Joe Costello
Question:127 D'fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth ar cuireadh an Coimisiún Logainmmeacha ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3729/03]
Vol. 561 No. 2
127 D'fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth ar cuireadh an Coimisiún Logainmmeacha ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3729/03]
Ghlac mé le moladh ón iar-Choimisiún Logainmneacha go raibh gá le socruithe níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeadh an coimisiún ábalta a chuid dualgais a chomhlíonadh go hiomlán sa todhchaí. Cuireadh deireadh le tréimhse oifige an iarchoimisiúin ar 31 Nollag 2002 chun deis a thabhairt coimisiún athbhunaithe a cheapadh le téarmaí tagartha leasaithe agus tréimhse ceapacháin sonraithe dá chomhaltaí.
Tá ath-struchtúrú an choimisiúin faoi chaibidil faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas toradh na hoibre sin, mar aon le hainmneacha na gcomhaltaí nua, a fhógairt sar i bhfad.
Is mian liom glacadh leis an deis seo chun mo bhuíochas a ghabháil arís le cathaoirleach an iar-choimisiúin agus leis na comhaltaí eile as a gcuid seirbhíse agus saothair ar mhaithe le hobair an choimisiúin thar na blianta.
Question No. 128 answered with Question No. 103.