Dinny McGinley
Question:153 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó nach bhfuil sé ar chumas Údarás na Gaeltachta aon deontas fostaíochta a cheadú don chéad dá mhí den bhliain reatha de bharr ganntanais airgid agus an dtuigeann sé an dochar a d'fhéadfadh sé seo a dhéanamh do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. [3523/03]