Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Mar 2003

Vol. 563 No. 5

Written Answers - An Coimisiún Logainmneacha.

Brian O'Shea

Question:

114 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén obair atá déanta aige chun leaganacha cinnte Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a sholáthar le haghaidh úsáide ofigiúla agus poiblí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [8337/03]

Is é An Coimisiún Logainmneacha a chuireann comhairle ar fáil maidir le ceart-fhoirmeacha Gaeilge na logainmneacha a chur ar fáil le haghaidh úsáide oifigiúla agus poiblí.

Ghlac mé le moltaí a chuir An Coimisiún Logainmneacha faoi mo bhráid go ndéanfaí leasú ar a théarmaí tagartha, nár athraíodh ón bhliain 1955, chun a chinntiú go leanfadh an Coimisiún ag comhlíonadh a chuid dualgaisí ar bhonn níos éifeachtaí. Mar chéad chéim sa phróiséas sin, chuir mé deireadh le tréimhse oifige an choimisiúin ar 31 Nollaig 2002, ionas go mbeadh sé ar mo chumas an coimisiún a athbhunú le téarmaí tagartha leasaithe agus le téarmaí oifige sonracha dá chomhaltaí. Tá an obair riachtanach chun an Coimisiún a athbhunú idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh mé in ann ráiteas a dhéanamh ina thaobh sar i bhfad.

Tá freagracht maidir le taighde a dhéanamh ar na logainmneacha agus ceart-fhoirmeacha Gaeilge dóibh a sholáthar ar Rannóg faoi leith i mo Roinnse – an brainse logainmneacha – faoi réir chomhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha. Tá an brainse ag leanúint le clár oibre taighde chun ceart-fhoirmeacha Gaeilge logainmneacha na tíre a chur ar fáil. Tá sé ag súil le dhá imleabhar eile sa tsraith Liostaí Logainmneacha a fhoilsiú sa bhliain 2003, is iad sin, Contae Thiobraid Árann agus Contae Bhaile Átha Cliath, agus imleabhar eile sa bhliain 2004, Contae na Gaillimhe. Tugann na foilseacháin seo foirmeacha Gaeilge agus Béarla ainmneacha gach baile fearainn, paróiste, barúntachta agus ainmneacha tábhachtachta eile sa chontae. Tá sé chontae foilsithe sa tsraith go dtí seo, tá taighde idir lámha ar trí chontae eile, Corcaigh, Laois, Loch Garman, agus foilseofar foirmeacha Gaeilge na logainmneacha sna contaetha sin nuair a bheidh siad réitithe.

Tá eagrán nua méadaithe de Gasaitéar na hÉireann á ullmhú le haghaidh foilsithe i mbliana chomh maith; tugann an foilseachán seo foirmeacha oifigiúla Gaeilge agus Béarla phríomhlogainmneacha na tíre.

Faoin Acht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973, tá cumhacht agamsa, mar Aire, ordú logainmneacha a dhéanamh, tar éis dom comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha, chun foirmeacha Gaeilge a shonrú chun críocha dlí. Breathnaím ar seo mar cheann de na príomh-thosaíochtaí a bhaineann leis an obair logainmneacha agus tá sé ar intinn agam comhairle a lorg ón gcoimisiún nua, a luaithe is a bheidh sé athbhunaithe, chun na horduithe cuí a dhéanamh ionas go mbeidh bonn dlíthiúil ag na logainmneacha go léir atá deimhnithe go dtí seo ag an gcoimisiún.

Question No. 115 answered with Question No. 113.

Question No. 116 answered with Question No. 108.

Top
Share