Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 2003

Vol. 564 No. 5

Written Answers - An Foras Teanga.

Enda Kenny

Question:

431 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil gearradh siar 11% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge i mbliana, agus an luafaidh an tAire an méid postanna a chaillfear as ucht an ghearrtha siar seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [9807/03]

Tá dhá áisínteacht ar leith ann a chuimsíonn An Foras Teanga, is iad sin Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulster Scotch.

Faoi mar is eol don Teachta, tá soláthar de €12.416 milliún don bhForas Teanga do 2003. Chomh maith leis sin, beidh cistíocht bhreise anuas ar an méid sin á cur ar fáil dó ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart de réir na gcoibhneas atá aontaithe.

Ní mór an laghdú nuair a chuirtear soláthar 2002 i gcomhthéacs an mhéadaithe ollmhór ar an gcúnamh atá curtha ar fáil ón Státchiste don eagraíocht le blianta beaga anuas – ó €7.557 milliún i 2000 go €14 milliún anuraidh.

Maidir le postanna a chailliúint de bharr an laghdaithe seo, tá mé iomlán muiníneach go mbeidh an dá áisínteacht, agus na heagrais dheonacha atá ag brath orthu, in ann leanúint de chlár iomlán a chur chun feidhme leis an soláthar airgid atá ar fáil dóibh don bhliain reatha.

Enda Kenny

Question:

432 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an inseoidh an tAire an bhfuair sé comhairle oifigiúil ó choiste a bhunaigh sé féin i leith bhuiséad na Roinne agus ar tugadh comhairle dó gan cur isteach ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge toisc an foras a bheith faoi scáth na bhForas Trasteorann agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [9821/03]

Glacaim leis gurb é atá i gceist ag an Teachta ná an tuairisc a cuireadh ar fáil ag an ngrúpa Athbhreithnithe Meastacháin a chuir an Rialtas ar bun chun comhairle a thabhairt maidir le buiséid na Ranna Stáit go léir. Níor bhunaigh mé féin aon choiste chun comhairle a thabhairt dom faoi bhuiséad mo Roinne-se.

Mhol an grúpa Athbhreithnithe Meastacháin gearradh de €2 milliún ar bhuiséad An Fhorais Teanga, an Comhlacht Teanga Thuaidh/Theas ina bhfuil dhá áisínteacht ar leith, i.e. Foras na Gaeilge agus An Foras Ultais. Ní mór an laghdú ar bhuiséad na bliana reatha i gcomparáid leis an soláthar do 2002 a chur i gcomhthéacs an mhéadaithe ollmhór ar an gcúnamh atá curtha ar fáil ón Státchiste don chomhlucht le blianta beaga anuas – ó €7.557 milliún i 2000 go €14 milliún anuraidh. Táim sásta go mbeidh An Foras Teanga in ann dul i mbun a chuid oibre go héifeachtúil leis an soláthair airgid atá curtha ar fáil i mbliana.
Top
Share