Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 May 2003

Vol. 567 No. 5

Priority Questions. - Irish Language Policy.

Trevor Sargent

Question:

83 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na scéimeanna atá beartaithe aige chun tógaint ar an rath atá ar ghluaiseacht na gaelscolaíochta, go háirithe maidir le gréasánú idir iardhaltaí a spreagadh agus an pobal Gaeilge a fhorbairt. [14665/03]

Is gnó é seo go príomha dFhoras na Gaeilge, ceann den dá áisínteacht san Fhoras Teanga, atá, mar is eol don Teachta, i measc na n-eagraíochtaí Thuaidh-Theas a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go gcuirtear deontais suas go €10,000 an ceann ar fáil ar iarratas ó chumainn iar-scoláirí i ngaelscoileanna chun córais teagmhála a thionscnamh ina measc agus chun páirt-mhaoiniú a chur ar fáil d'imeachtaí trí Ghaeilge. Chomh maith le sin, bíonn teagmháil neamhfhoirmiúil ag an bhforas le cumainn iar-scoláirí éagsúla agus cuirtear fáilte roimh moltaí nó iarratais a bhaineann le forbairt an ghréasáin eatarthu. Maidir leis an eagraíocht Gaelscoileanna, tuigim gur chuir Foras na Gaeilge bundeontas €327,000 ar fáil di don bhliain 2002. Anuas ar sin, chuir an foras deontas breise €22,000 ar fáil do ghaelscoileanna chun físeán agus bileoga eolais faoi bhláthú ghluaiseacht na Gaelscolaíochta a chur ar fáil don phobal. I measc na n-imeachtaí eile atá maoinithe nó á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge ar mhaithe le cur chun cinn na Gaelscolaíochta tá: cúnamh €54,000 do FIONTAR DCU chun físeán a dhéanamh lena gcúrsaí céime agus iarchéime a fhógairt i measc daltaí agus iardhaltaí Ghaelscoileanna; cúnamh €31,000 do Chomharchumann Gaeltachta Chiarraí Theas chun an ghaelscolaíocht a chur chun cinn i gColáiste na Sceilge i gCathair Saidhbhín i 2002 agus i mbunscoileanna máguaird; agus cúnamh €33,000 do Chairde Choláiste Íde Teoranta chun an ghaelscolaíocht a chur chun cinn ina gceantar feidhme.

Chomh maith leis sin, tuigim go bhfuil suim €50,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge i mbliana le caitheamh ar scéim phíolótach chun nasc a chothú idir iarbhunscoileanna agus bunscoileanna áitiúla ar mhaithe le breis daltaí a mhealladh isteach san iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge agus idir iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge mar thacaíocht dá chéile, chun eolas a roinnt le chéile agus chun plé fóram a chothú eatarthu.

Go raibh maith agat. Tuigim go bhfuil freagracht ar Fhoras na Gaeilge, go díreach mar atá freagracht ar gach tuismitheoir atá ag tógaint leanaí le Gaeilge agus ar go leor daoine eile. Mar Aire insan Rialtas seo, conas, ina thuairim féin, atá ag éirí leis an maoiniú sin? Conas is féidir feabhas a chur ar an ngréasán atá ann idir iardhaltaí scoile? An gceapann an tAire go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ollscoil ann – ní amháin FIONTAR in Ollscoil Átha Cliath – ach le go mbeimis ag dul i dtreo an lae a mbeadh ollscoil Ghaeilge ann chun go mbeadh áit ag iardhaltaí atá ag teacht ó na meánscoileanna lán-Ghaeilge? Go minic, bíonn siad scaipthe ar fud na háite faoi láthair, ach amháin i gcás FIONTAR agus Ollscoil na Gaillimhe.

An nglacann sé leis gur cheart cur leis an méid oibre atá ar siúl faoi láthair ag TG4, Coláiste na bhFiann, na coláistí eile samhraidh agus Coláiste na gCampaí Oibre ar Oileán Cléire i gCorcaigh? An nglacann sé leis go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt don obair sin agus, seachas é sin, na figiúirí atá aige ón bPríomh-Oifig Staidrimh a iniúchadh? Ba cheart iad a chiaradh le féachaint conas atá ag éirí le hiardhaltaí tár éis a laethanta scoile. Tá baol ann, dar liomsa. An nglacann an tAire leis go bhfuil borradh mór faoin nGaeilge ag aois áirithe ach go dtagann meath ar an méid Gaeilge atá in úsáid ag a lán daoine sna fichidí? An bhfuil ról aige chun dul i ngleic leis sin?

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá, tá. Thiocfainn leat go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le gníomhaíochtaí taobh amuigh den scoil ó thaobh na gaelscolaíochta de. Tá an chonstaic ann, mar a deir an Comhalta, go labharfar Gaeilge sa scoil ach nach labharfar taobh amuigh í. Is minic a chasaimse féin le daoine a fuair oideachas trí mheán na Gaeilge anseo ach nar chleachtaigh an Ghaeilge ina dhiaidh sin. Ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh mé a admháil, mar atá ráite agam cheana, gur tháinig mise chuige ar threo eile ar fad, is é sin le rá go bhfuair mé chuid oideachais féin trí Bhéarla, ach bhí mé ag labhairt Gaeilge tar éis dom an scoil a fhágáil. Mar sin, tá mé an-tacúil ar fad do iarrachtaí atá ar bun, bíodh siad ar bun ag Foras na Gaeilge nó ag mo Roinn féin, leis na gréasáin seo atá ag fás taobh amuigh den scoil a láidriú.

Ar ndóigh, tá an t-airgead is mó ariamh anois ag Foras na Gaeilge, agus an chuid is mó de sin maoinithe ag mo Roinn-se. B'fhearr liom gan bheith ag plé le ceist na hollscolaíochta, is é sin, ollscoil Gaeilge. Caithfidh mé cuimhniú, mar shampla, nach raibh ollscoil i nGaillimh go dtí le gairid. Bhí coláiste ollscoile ann. Go deimhin féin, ní ollscoil a bhí in UCG go dtí le gairid ach coláiste ollscoile. Tá ciall leis an gcur chuige sin. Tá mé gníomhach le tamall i gcur chun cinn soláthair cursaí tríú leibhéil trí mheán na Gaeilge, agus cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil chuige sin as an mbuiséad Gaeltachta atá againn. Go mór, cuirtear airgead ar fáil go hÁras Mháirtín Uí Chadhain nó Áras Shorcha Uí Ghuairm agus iarrachtaí eile. Tá méadú air sin, agus tá comhráite ar bun leis an Roinn Oideachais.

Caithfidh mé a rá i dtaobh na hollscolaíochta tríú leibhéil go bhfuil mé féin go pearsanta den tuairim go mba cheart go mbeadh sé sin dírithe go mór ar éileamh an mhargaidh. Mar shampla, tá a fhios agam go bhfuil margadh ann anois le haghaidh múinteoirí bunleibhéil a bheas in ann múineadh trí mheán na Gaeilge. Tuigim go bhfuil margadh ann ag na meáin chumarsáide do dhaoine atá oilte i gcúrsaí cumarsáide. Tosnaíonn siad le TG4 nó Raidió na Gaeltachta, agus bogann siad ar aghaidh ar mhaithe le comhlachtaí eile, agus is iontach an rud é, mar shampla, an oiread sin ainmneacha Gaeilge a fheiceáil in TV3 agus RTE agus mar sin de – daoine a tháinig ní amháin trí oideachas tríú leibhéil ach trí ollscoil Raidió na Gaeltachta, TG4 agus a lán comhlachtaí eile, más féidir liom é sin a rá. Is rud maith é sin, agus tá mé ag tacú le hiarrachtaí atá ar bun cúrsaí tríú leibhéil a chur ar fáil le cinntiú go mbeadh soláthar á dhéanamh go maith mar atá molta do dhaoine le Gaeilge. Ar ndóigh, fásfaidh sin le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002. Ar an dtaobh eile den scéal, tarraingeoidh sé scoláirí isteach dá bharr, mar feicfidh na mic léinn ag dul isteach go bhfuil toradh cinnte ag an deireadh. Níl aon mhaith i gcúrsa Gaeilge mar mhaith le cúrsa Gaeilge. Is iontach an rud é mar sin go bhfuil sé ag tarlú mar a cuireadh an Béarla ar aghaidh sa tír seo. Má tá toradh cinnte ar a gcuid oibre mar sin, feiceann na mic léinn ag cur isteach ar an gcúrsa go bhfuil seans breise post a fháil ag an deireadh.

Ceist bheag amháin.

An Leas-Cheann Comhairle

Go gearr.

An-ghairid. Tá áthas orm go nglacann an tAire go bhfuil ról ag a Roinn insan obair seo, ach chuireas ceist i dtús báire mar gheall ar an bPríomh-Oifig Staidrimh. An féidir léi na figiúirí atá bailithe aici a chiaradh sa dtreo is gur féidir linn a rá go cinnte conas a éiríonn le iardháltaí, mar tá baol ann, dar liomsa, agus mé ag éisteacht le daoine, go stopann siad úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge. Ba cheart go mbeadh na figiúirí sin ann sa dtreo is gur féidir linn pleanáil dá réir. Ba mhaith liom go bhfreagródh an tAire an cheist sin.

Tá brón orm nar fhreagair mé an cheist sin. Ba é sa ndaonáireamh roimh an gceann deiridh an chéad uair dár cuireadh ceist arbh fhéidir brí a bhaint aisti maidir le húsáid laethúil nó sheachtainiúil na Gaeilge. Foilseofar na mionstaitisticí a bhaineann le húsáid na Gaeilge – ní eolas ar an nGaeilge, mar deir an tríú cuid den phobal go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge – go maith os cionn milliún duine. Tá an figiúr sin úsáideach, go deimhin féin. Deirtear gur beag is fiú é sin go minic, ach tá sé úsáideach. Mar shampla, má bhreanaítear ar lucht féachana TG4 ar chluichí peile nó iománaíochta a chraoltar trí mheán na Gaeilge, feictear go bhfuil sí ar fáil ag an milliún duine sin. Tá an-spéis agam freisin sna figiúirí don úsáid laethúil agus an úsáid sheachtainiúil. Nuair a bheas siad ar fáil, beidh ciaradh an-láidir á dhéanamh orthu le féachaint an bhfuil an treo ag dul suas nó síos agus an bhfuil aon comhbhá idir, mar a deir an Comhalta féin, iardhaltaí gaelscoileanna agus úsáid laethúil na Gaeilge i measc daoine os cionn 18 bliana daois. Is dóigh liom gur sa rannóg 19-25 ar cheart dó bheith ag breathnú leis an stáidéar sin a dhéanamh, agus bí cinnte go mbeimid á dhéanamh sin.

Top
Share