Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Jun 2003

Vol. 568 No. 1

Written Answers. - Scoileanna Gaeltachta.

Fergus O'Dowd

Question:

106 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil aon scoileanna Gaeltachta ag fulaingt de bharr easpa foirne nó easpa áiseanna nó easpa spáis de bharr an siar ar chaiteachas ar Oideachas. [14475/03]

Is ar an rollúchán sa scoil ar an 30 Meán Fómhair den scoilbhliain roimhe sin a bhunaítear an líon foirne a bheidh i mbunscoil. Is de réir sceidil foirne a leagtar amach do bhliain áirithe i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe oideachais a shocraítear cé mhéad múinteoirí gnathranganna a cheadófar. Faoi láthair tá 131 bunscoil suite i gceantair Ghaeltachta. Tá an sceideal foirne do scoileanna Gaeltachta níos fabhraí ná an sceideal do ghnáthscoileanna. Níl aon lagú imithe ar an sceideal chun múinteoirí a cheapadh i scoileanna Gaeltachta don bhliain seo chugainn. Ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta ceadaítear post múinteoireachta breise do scoileanna lán-Ghaeilge.

Íoctar liúntas Gaeltachta, ar fiú €2,359 faoi láthair é, le gach múinteoir atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht. Chuaigh ardú nach beag ar dheontais chaipitíochta ag an mbunleibhéal agus ag leibhéal na hiarbhunscoile le tamall anuas. Is é an ráta caighdeánach deontais chaipitíochta do ghnáth-bhunscoileanna ná €111.58 in aghaidh an dalta don bhliain 2003. Tá deontas caipitíochta méadaithe de €137.50 iníoctha le scoileanna lán Ghaeilge ag an mbunleibhéal. Ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta chuaigh arduithe ar an deontas per capita chun leasa na scoileanna. Chuaigh méadú ar an deontas ó €224.74 in aghaidh an dalta sa bhliain 1997 go €266.49 mar atá sa scoilbhliain reatha.

Maidir le cóiríocht faoin gclár tógála scoileanna iniúchtar gach iarratas ar chóiríocht de réir a cháilíochta féin agus tugtar tosaíocht dó de réir critéar foilsithe. Tá an clár tógála scoileanna do 2003 foilsithe agus tá sonraí iomlána i dtaca le gach tionscadal ar leith, ar a n-áirítear cinn a bhaineann le ceantair Ghaeltachta, le feiceáil ar láithreán gréasáin mo Roinne-se ag www.education.ie. Tá feidhmiú an chláir sin, ar fiú €342.9 milliún é faoi sheol go maith um an dtaca seo. Tá, mar chuid den chlár, tionscnamh nua cineachtha a bhfuiltear ag déanamh píolótaithe air i scoileanna beaga tuaithe. Rachaidh an tionscadal seo chun leasa fiche pobal scoile, agus roinnt pobal Gaeltachta ina measc. Chomh maith leis seo tiocfaidh na bunscoileanna uile go maith as an scéim deontas chineachtha do mhionoibreacha.

Ar thaobh na hiar-bhunscolaíochta tá 22 scoil Ghaeltachta ann faoi láthair. Tá níos mó na leath an mhéid sin tar éis leas a bhaint as infheistiú substaintiúil caipitil le blianta beaga anuas nó tá tionscadal á phleanáil dóibh. Go sonrach, cuireadh scoil nua iomlán ar fáil agus tá scoil nua eile á tógáil. Rinneadh méadú nó athchóiriú ar thrí cinn eile. Tá tionscadail á bpleanáil do sheacht scoil agus tá dhá scoil a gcuirfear tionscadail mionscála i gcrích orthu le linn na bliana seo.
Maidir leis an todhchaí, faoi gComhaontú Aontaithe don Rialtas, tá gealltanas tugtha ag an Rialtas féachaint chuige go mbaineann gach foirgneamh caighdeáin nua-aimseartha amach, is cuma cá bhfuil sé suite. Cuirfear é seo i gcrích trí chlár ilbhlianach ar a nglaofar an áisíneacht airgeadais um fhorbairt náisiúnta. Chun an cuspóir seo a chur chun cinn, chuir mo Roinnse aighneacht chuig an Roinn Airgeadais le haghaidh suim airgid ilbhlianach d'fhorbairt infrastruchturtha oideachais. Táthar ag súil le cinneadh gan mhoill.
Leag an Rialtas mar chúram ar an áisíneacht airgeadais um fhorbairt náisiúnta féachaint chuige go mbaintear an uasmhéid cuí úsáide as páirtíochtaí poiblí príobháideacha (PPP) i scoileanna. D'fhonn cuidiú leis an gcuspóir seo, tá liostú píolótach den chóiríocht i 115 bunscoil i gCo. Chill Dara déanta. Táthar ag athbhreithniú an toraidh féachaint cén bealach is fearr chun an suirbhé a leathnú ar bhonn náisiúnta.
Top
Share