Faoi mar is eol don Teachta, níl aon fheidhm reachtúil agam i ndáil le foirgnimh a chaomhnú mar laithreáin oidhreachta. Is gnó dÚdarás na Gaeltachta é a phlé lena sealúchas féin taobh istigh daon dlí nó rialacha caomhnaithe.
Tuigim ón údarás go bhfuil sé i gceist grinnstaidéar a dhéanamh, i gcomhar leis na heagrais Stáit chuí, ar thábhacht an fhoirgnimh a luann an Teachta i dtéarmaí ailtireachta agus staire de. Chomh maith leis sin, tuigim go bhfuil deis á tabhairt ag an údarás deagrais áitiúla, a bhfuil spéis léirithe acu san fhoirgneamh mar ionad dá gcuid gníomhaíochta, iomlánú a dhéanamh ar a gcuid pleananna agus a gcuid foinsí maoinithe ina leith a bheachtú.
Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta, taobh istigh den mhéid atá ráite thuas, go bhfuil dualgas ar an údarás luach iomlán a fháil ar aon sealúchas a dhíoltar.