Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Jun 2003

Vol. 569 No. 3

Written Answers. - Irish Language Funding.

Fergus O'Dowd

Question:

420 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin airgead a thug Foras na Gaeilge do thograí ó bunaíodh é. [17695/03]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 481 den 26 Samhain 2002 uaidh.

Faoi mar is eol don Teachta, tá Foras na Gaeilge ar cheann dáisínteachtaí an Fhorais Teanga, eagraíocht tras-teorainn a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Is é mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann a chuireann maoiniú ar fáil dFhoras na Gaeilge agus is é bord an fhorais a dhéanann cinnithe faoi chaiteachas an airgid sin, i gcomhréir lena phleananna gnó agus corporáide.

Tá ábhar na ceiste seo tugtha chun aird phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agam agus tá iarrtha air pé eolais ábhartha is féidir a sheoladh díreach chuig an Teachta.

Fergus O'Dowd

Question:

421 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén méid airgid a chaith Foras na Gaelige ar sheirbhísí comhairleoireachta agus cén obair a bhí ar siúl acu. [17696/03]

Faoi mar is eol don Teachta, tá Foras na Gaeilge ar cheann d'áisínteachtaí an Fhorais Teanga, eagraíocht tras-teorainn a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Is é mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann a chuireann maoiniú ar fáil dFhoras na Gaeilge agus is é bord an fhorais a dhéanann cinnithe faoi chaiteachas an airgid sin, i gcomhréir lena phleananna gnó agus corporáide.

Tuigtear dom gur chaith Foras na Gaeilge suim de €378,327 sa bhliain 2002 ar sheirbhísí comhairleoireachta agus gur bhain na seirbhísí comhairleoireachta le gnéithe éagsúla de ghníomhaíochtaí an fhorais, ina measc, cuntasaíocht, teicneolaíocht an eolais, earcú an phríomhfheidhmeannaigh, caidreamh poiblí agus cúrsaí fógraíochta.
Top
Share