Ar dtús, ba mhaith liom buíochas a ghabháil as deis a thabhairt dom an cheist thábhachtach seo a thógáil ar an Athló tráthnóna inniu.
Coicís ó shin agus an oíche anocht bhí muid anseo ag plé deacrachtaí ar eastát thionscail Ghaoth Dobhair. Is é an tionscal a bhí i gceist an oíche sin againn ná BMR, áit a raibh 48 post le cailleadh agus tá siad caillte ó shin. Déardaoin seo caite, agus muid réidh le dul abhaile, tháinig an scéal fríd go bhfuil an tionscal is mó, is sine agus is seasmhaigh ar an eastát i dtrioblóid – Comerama.
Chuaigh glacadóir isteach sa tionscal Déardaoin agus inné d'éirigh rudaí níos measa nuair a fuair lucht oibre ansin fógra cosanta fostaíochta. Tá beagnach 200 ag obair sa mhonarchan sin. Tá 200 sa mhonarchan sin ag fáil an íocaíochta chéanna a gheobhadh 300 i monarchan eile. Is ard-mhonarchan é, bhí ard ráta pá acu agus b'fhiú €5 mhilliún ar a laghad sa bhliain an tionscal sin don eacnamaíocht sa cheanntar Gaeltacha sin – na Rosann, Gaoth Dóbhair agus Cloch Cheann Fhaola.
Mar a sheasann rudaí i láthair na huaire beidh lucht oibre ag fáil a gcuid laethanta saoire i gcoicís nó mar sin agus ní bheidh siad ag teacht ar ais ina dhiaidh sin agus beidh siad ag brath ar téarmaí iomarcaíochta. Má bheidh éinne ag teacht ar ais, ní bheidh ach 20 nó 30 le rudaí a ghlanadh suas agus a shocrú síos. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire gur buille é seo don cheanntar.
An bhfuil stráitéis de chineál ar bith againn? Tá plean gníomhaíochta curtha ar fáil don eastát ach tá na postanna ag imeacht – 800 go dtí seo agus 200 eile anois. Sin 1,000 míle posta i gceanntar beag cúng Gaeltachta. Is ionann sin agus 10,000 i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh. Caidé tá ag dul a tharlú do na daoine seo? Tá aithne agam ar go leor acu – tuismitheoirí clainne le freagrachtaí orthua, morgáistí agus mar sin.
Tá a fhios agam go bhfuil a fhios ag an Aire caidé tá ag dul ar aghaidh agus go gcoinníonn sé a chluas leis an talamh. Tá siad ag cur locht ar Údarás na Gaeltachta, ar Thailand, agus ar an Tánaiste ach caithfimid an locht a chur ar na polasaithe eacnamaíochta atá ag fágáil an cineál seo tionsclaíochta san racht ina bhfuil sé – an ráta bolscaithe atá sa tír seo le blianta go bhfuil costaisí targaíochta chomh hard sin: cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí árachais. Tá sin go léir ag cur an saghas fostaíochta a bhí againn i Comer Yarns, BMR, RMT, SMTC, EPI agus Europlast ar strae. Tá siad uilig ar shiúl, tá na doirse dúnta agus iad faoi ghlas.
Ba mhaith liom go mbeadh an tAire ábalta dóchas de chineál éigin a thabhairt do na daoine seo nach mbeidh ag teacht ar ais ag obair nuair a bheidh na laethanta saoire thart. B'fhéidir go bhfuil comhlacht amuigh ansin go bhfuil fonn air an áit a cheannacht agus, más rud é go bhfuil, b'fhéidir go bhfuil sólás aige ansin. Níl a fhios agam caidé a thig a dhéanamh ach tá a fhios agam má dhúntar an monarchan níl a fhios agam cén áit a bhfuil na daoine seo chun fostaíochta eile a fháil. San am a chuaigh thart, bhí tráidisiúin láidir sa cheanntar na daoine ag fágáil agus ag dul thar lear. Níor mhaith liom go dtarlóidh sin arís ach muna gcuirtear fostaíocht ar fáil do na daoine a chaill a gcuid post sna monarchain sin go léir, beidh trioblóidí móra againn.
Más rud é go dtig sé go dtí an drochuair agus go bhfuil na postanna caillte, tá súil agam go mbeidh téarmaí iomarcaíochta ar fáil a chuirfidh an drochuair tharstu go bhfaighfidh siad post eile.