Tá polasaí an Rialtais maidir le tithíocht i gceantair tuaithe leagtha amach sa stráitéis spásúil náisiúnta, a foilsíodh i Mí na Samhna 2002. Faoi láthair, tá mo Roinn i mbun treoirlínte a chríochnú faoin Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 chun sár-chleachtais san ábhar seo a chinntiú. Tá na treoirlínte beagnach críochnaithe agus tá súil agam go bhfoilseófar iad roimh deireadh na bliana.
Níl sé i gceist treoirlínte faoi leith a fhoilsiú i dtaca leis an sórt tógáil títhíochta atá oiriúnach do na hoileáin. Is féidir, áfach, leis na húdaráis pleanála ag a bhfuil oileáin mara acu ina ndlínsí aird a thabhairt ar threoirlíne níos ginearálta na Roinne agus iad ag plé le forálacha a bpleananna forbartha maidir le tógáil tithíochta ar oileáin.