Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Dec 2003

Vol. 576 No. 2

Written Answers. - Seirbhísí Aer.

Eamon Gilmore

Question:

203 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le háit tuirlingthe do héileacaptar ar Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. [29397/03]

Ar 19 Samhain 2003, cheadaigh mé deontas lánchostais de €105,000 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun héileapad a thógáil ar Oileán Árainn Mhór. Tuigtear dom go bhfuil an chomhairle chontae chun tús a chur leis an obair seo gan mhoill.

Top
Share