Táim an-bhuíoch den Cheann Comhairle as ucht seans a thabhairt dom an t-ábhar seo a ardú anocht. Tá sé riachtanach do mhúinteoirí a fuair a gcáilíochtaí taobh amuigh den ghnáth-shlí cur isteach don Roinn Oideachais le h-aitheantas a fháil. Má ghlactar leo, tá cúig bliana dóibh le stádas sealadach. Taobh istigh den am sin, tá sé riachtanach dóibh pas a fháil sa scrúdú cáilíochta sa Ghaeilge, nó SCG. Tá na múinteoirí meabhrach ar pholasaí na Roinne de bharr thábhacht na Gaeilge sa churaclam bunscoile. Aontaíonn siad leis an bpolasaí sin. Ní aontaíonn siad, áfach, le leibhéal an scrúdaithe, an tslí a bhfuil sé riaraithe, ná ábhar an chúrsa. Tá ceithre pháirt sa scrúdú: dhá pháipéar scríofa, scrúdú cluaise agus scrúdú béil. Níl aon bhaint ag na ceisteanna leis an churaclam bunscoile sa seomra ranga. De réir na staitisticí atá ar fáil don bhliain 1999, theip ar 75% díobh siúd a thóg an scrúdú, agus theip ar 70% sa bhliain 2001. Níl sé seo inghlactha ar aon slí. I measc na ndaoine ar theip orthu, bhí daoine a raibh leibhéal onóracha acu san ardteistiméireacht nó a raibh béim á cur acu ar an Ghaeilge, chomh maith le daoine ón Ghaeltacht.
An rud atá i gceist anseo do na múinteoirí ná nach bhfuil cúrsaí nó ranganna curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do mhúinteoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an Ghaeilge. Más mian leis an múinteoir freastal ar rang, caithfidh sé nó sí féin rang a fháil. Níl na ranganna nó cúrsaí sin dírithe ar an SCG. Níl aon siollabas speisialta leagtha amach nó tacaíocht speisialta ar fáil nuair a bhíonn na múinteoirí ag ullmhú don scrúdú. Más rud é go bhfuil an Roinn i ndáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm aici cabhrú leis na múinteoirí agus spreagadh a thabhairt dóibh pas a fháil sa scrúdú.
Tugann na múinteoirí siúd a bhfuil traenáil faighte acu scileanna éagsúla don scoil agus don seomra ranga. Tá sé riachtanach anois go mbeadh athrú sa scéim más mian leis an Roinn na múinteoirí sin a bhfuil na cáilíochta acu a choinneáil i mbun múinteoireachta. Caithfidh an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scrúdú agus scrúdú a bhfuil baint aige le caighdeán oiriúnach a chur ar fáil. Tá gá le siollabas soiléir ionas go mbeidh múinteoirí ábalta é a leanúint nuair a bhíonn siad ag ullmhú don scrúdú. Is gá leis an Roinn cúrsaí a chur ar fáil dóibh siúd atá ag tosnú ar fhoghlaim na Gaeilge chomh maith le dóibh siúd a bhfuil Gaeilge níos fearr acu.
Tá ganntanas múinteoirí faoi láthair. Tá baol ann, má leanann an Roinn ar aghaidh leis an scrúdú mar atá sé anois, go gcaithfidh cuid múinteoirí postanna eile a lorg. Tá neart múinteoirí sármhaithe ag obair i scoileanna ina bhfuil a lán míbhuntáistí agus fadhbanna sóisialta. Níl sé sin mar ghnáthscoil. Tá deacrachtaí ann faoi láthair múinteoirí a earcú agus a choimeád sna scoileanna sin. Más rud é go gcuirtear constaic eile ina dtreo, fágfaidh siad an mhúinteoireacht, agus is iad na daoine a chaillfidh an chuid is mó ná na páistí. Ní bheidh na scoileanna sin ábalta múinteoirí a earcú nó a choimeád. Mar sin, tá mé ag impí ar an Aire an scrúdú sin a athrú inniu agus geallúint a thabhairt go mbeidh scrúdú, siollabas, cúrsaí agus caighdeán oirúnach ar fáil do na múinteoirí a bhfuil postanna sealadacha acu anois agus atá ag tabhairt seirbhís iontach do na páistí agus na scoileanna.