Seachtain na Gaeilge: Statements.

Cuireann se an-áthas orm inniu tús a chur leis an díospóireacht tráth Seachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Dáil as ucht na díospóireachta seo a bheith ann agus deis a thabhairt dúinn ráitis a dhéanamh faoi thábhacht na teanga agus faoi stad na teanga i sochaí an lae inniu.

Is údar díoma dom scaití a laghad Gaeilge agus a úsáidtear sa Teach ach caithfidh mé a rá gur tógáil croí dom é gurb é seo an dara díospóireacht sa Teach le seachtainí beaga anuas go mbeidh úsáid forleathan a dhéanamh as an nGaeilge inti agus freisin is deas a fheiceáil go bhfuil ceist na Gaeilge agus todhchaí ár dteanga a phlé ar urlár na Dála.

Ag an tús ba mhaith liom moladh faoi leith a thabhairt do na Teachtaí agus na Seanadóirí ar fad atá ag freastal ar ranganna Gaeilge le tamall anuas. Tá sampla iontach a thabhairt acu agus tuigim go bhfuil siad tar éis a bheith thar a bheith díograsach ina n-iarrachtaí. Tá a fhios agam go mbeidh cuid acu ag labhairt i nGaeilge sa Teach seo tráthnóna agus déanaim comhgairdeas leo agus molaim dóibh an nós seo a chothú. Tá a fhios agam freisin go bhfuil caint ar dían chúrsa a eagrú sa nGaeltacht do na Teachtaí agus Seanadóiri seo agus fáiltím go mór roimh an smaoineamh seo.

Is macasamhail é an Teach seo go minic den phobal agus ar láidreachtaí agus laigí an phobail i gcoitinne. Is léargas an-spéisiúl é an spéis atá á cur ar baill den Teach seo sa nGaeilge ar an spéis as an nua atá ag an bpobal tré chéile sa teanga.

Molaim iarrachtaí na ndaoine sin ar fad — baill d'eagraisí deonacha Gaeilge, múinteoirí nó saoránaigh príobháideacha a scaip scéal na Gaeilge le blianta fada. Dár liom tá tús an fhómhair againn anois agus tá an síol a cuireadh blianta fada ó shin ag teacht chun aibíochta. Molaim go mór mhór Conradh na Gaeilge as Seachtain na Gaeilge.

Is iontach an smaoineamh é agus bhí áthas orm nuair a bhí mé mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileáin go raibh sé dhe phribhléid agam an chéad dheontas ariamh a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge. Cé go mbaineann an Ghaeilge leis an mbliain iomlán, is smaoineamh maith é go mbeadh seachtain faoi leith ann gach bliain ina dtabharfaí aird faoi leith ar an dteanga. Ar ndóigh is tráthiúil an rud é go mbíonn an tseachtain sin ann thart ar Lá' le Pádraig.

D'fhéadfadh daoine a rá gur iarsma den stair í an Ghaeilge agus nach bhfuil luach ar bith léi sa lá atá inniu ann. Ní chreidim é seo. Tá tuiscint níos fearr ná ariamh ann anois ar thábhacht an cultúir agus na hoidhreachta le sochaí iomlán sásúil a chothú. Tá tábhacht le rudaí ábhartha ach tá tábhacht ag pobail le luachanna agus le hoidhreacht a cheanglaíonn le chéile iad. Tá rud éigin láidir sa duine daonna a shantaíonn an mothú gur cuid de phobal é, ní amhain pobal atá ann anois ach pobal a bhí ann agus a bheidh ann. Is sa gcomhthéacs sin go mba tragóid é d'Éirinn dá gcaillfí an Ghaeilge, an teanga scríofa is sine san Eoraip atá fós in úsáid laethil. Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaol ann go dtarlóidh sé seo anois agus is mó is fiú an t-airgead ar fad a caitheadh ar chur chun cinn na Gaeilge thar na blianta fada.

Ar fud an domhain tuigimid anois an tábhacht a bhaineann le caomhnú na hoidhreachta fisiciúil agus na hoidhreachta cultúra. Ba chaillteanas mor don domhan é dá gcaillfí an Ghaeilge — teanga ina aithnaítear go bhfuil saibhreas thar a gcoitinn inti ag dul siar go dtí an cian aimsir. D'fhéadfaí a rá go bhfuil dualgas domhanda orainne mar phobal ó tharla gur sa tír seo atá an teanga préamhaithe déanamh cinnte nach dtarlóidh se seo.

Is minic daoine ag caint ar ról an Stáit i leith na Gaeilge. Mar pholaiteoir creidim gur scáth é an Stát ar an bpobal agus ní fheicim deighilt mhór idir ról na bpolaiteoirí, ról an Stáit agus ról an phobail. Tá súil agam gur ag treisiú lena chéile a bheidh na rólanna seo amach anseo agus le theacht an Achta teanga go mbeidh deireadh le go leor fadhbanna ar bhraith Gaeilgeoirí a bheith orthu nuair a rinne siad iarracht gnó a dhéanamh tré Ghaeilge leis an Stát.

Bhíodh daoine ann a deireadh gur údar deighilte a bhí sa nGaeilge in Éirinn. Ní ghlacaim leis sin. Is oidhreacht coitianta í an Ghaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá ceangal láidir idir an Ghaeilge agus Gaedhlic na hAlban, is teangacha gaolmhara iad. Ar ndóigh baineann formhór lucht labhartha na Gaedhlice in Alban le creideamh éagsúil ó fhormhór an phobail sa tír seo agus is sa gcomhthéacs sin go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an gcomhfhiontar le muintir na hAlban ar a dtugtar lomairt Cholmcille.

Ag éirí as Seachtain na Gaeilge tá gach seans ann go bhfiafróidh daoine ar bheagaán Gaeilge céard is féidir leo siúd a dhéanamh le hómós agus le tacaíocht a thaispeáint don Ghaeilge. Molaim dóibh an "cúpla focal" a úsáid, bíodh sí i scríbhinn nó caint. Molaim dóibh freisin agus iad ag roghnú ainmneacha dá bpáisti breathnú ar an liosta breá álainn ainmneacha Gaeilge atá ann. Agus ar ndoigh molaim agus iad ag ainmniú áiteacha — eastáit títhíochta, sráideanna agus áiteacha nua — úsáid a bhaint as na logainmneacha traidisiúnta atá sa tír.

I gcomhthéacs na Gaeilge, molaim faoi leith TG4 agus Raidió na Gaeltachta, atá tar éis an Ghaeilge a chur ar fáil ar bhealach nua-aimsearach do phobal na tíre seo. Tréasaím leis an obair a rinne an Teachta Micheál D.Ó hUiginn agus an pháirt a bhí aige le bunadh TG4 agus, mar a dúirt mé cheana, ba éacht sin a sheasfaidh go deo. Le 30 bliain anuas, tá Raidió na Gaeltachta ag treabhadh iomaire ard-chaighdeán i gcraoladh na Gaeilge agus cáil dá réir bainte amach. Níl stair chomh fada sin ag TG4 ach níl aon amhras faoi ach go bhfuil lucht féachána nua ar fad faighte go leanúnach ag TG4 do chláracha Gaeilge. Tá TG4 thar a bheith ceangailte leis an saol nua. Smaoinímid ar chláracha ar nós Ros na Rún agus na cláracha spóirt. Is aisteach le rá é gurb é an chlár is mó go mbíonn lucht feachána aige ag TG4 chuile bhliain na Cluiche Ceannais Peile na mBán. Is léargas é seo ar an gcaoi go bhfuil an sean traidisiúin peile agus an nua-aimsearachas maidir le teilifís agus mná a bheith ag imirt i bPáirc an Crocaigh ag teacht le chéile go breá.

Tá dhá mholadh beag agam do na meáin anseo anocht. Le spreagadh a thabhairt do dhaoine Gaeilge a labhairt sa Dáil, molaim do TG4 clár leathuaire gach seachtain a chraoladh de "An tSeachtain seo san Oireachtas", a thabharfadh tús áite d'oráidí i nGaeilge ach a bhféadfadh, ar mhaithe le iomlánachas, píosaí as Béarla a chraoladh freisin. Tá mé cinnte da mbeadh a leithéide seo de chlár ann go dtiocfadh méadú mór ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo mar go bhfuil se tógtha faoi deara agam gur ceann de na fadhbanna is mó a bhaineann le Gaeilge a labhairt i dTithe an Oireachtais ná an easpa clúdaigh ag na meáin.

An dara moladh a bheadh agam, moladh a rinne me ag an deireadh seachtaine, go mbreathnódh RTÉ ar chláracha pop ceoil do dhéagóirí a chur ar fáil tré Ghaeilge ina mbeadh liricí Béarla ceadaithe, ach go mbeadh an chaint cheangal ar fad i nGaeilge. Nach aisteach an rud é nach féidir le daoine óga na tíre seo éisteacht le U2, Westlife agus na grúpaí eile ar fad go bhfuil cáil domhanda bainte amach acu agus iad ag seinnt ceoil ar stáisiúin náisiúnta de chuid RTÉ agus an chaint cheangal a bheith ann i nGaeilge.

Is ocáid stairiúil seo. Ó tháinig mise sa Teach, ní chuimhin liom aon dhíospóireacht, aon phlé nó aon deis ráitis a bheith ann i rith Seachtain na Gaeilge. Molaim na daoine ar fad a bhí sásta tacaíocht a thabhairt don iarratas seo, Aoirí na bpáirtithe éagsúla a tháinig le chéile agus a chinnigh seo a dhéanamh. Molaim freisin go ndéanfar na ráitis seo ar bhonn bliantúil. Éistfidh mé go fonnmhar agus le spéis leis an méid a bheidh le rá ag na Teachtaí eile nuair a thiocfaimid ar ais ar ball beag.

Debate adjourned.