Agus an ceart aige.
Chuireamar an t-Acht teanga in áit agus tá a thoradh sin le feiceáil. Chuireamar Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil agus, don chéad uair, ní raibh ar Ghaeilgeoirí a bheith ina gcnáimhseálaithe lena gcearta a fháil amach. Bhí na cearta sin soiléir ón Acht teanga. Níl aon amhras faoi ach gur éirigh leis sin go leor de na fadhbanna a bhí ag Gaeilgeoirí seirbhís a fháil trí Ghaeilge a réiteach. Chomh maith leis sin, rinne sé soiléiriú céard nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge agus nach bhfuil sé de cheart na seirbhísí nach bhfuil rianaithe san Acht a fháil.
Bua mór millteach a fuaireamar ná an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Is sciobtha a rinne daoine dearmad ar chomh mór is a bhí sé sin mar bhua ag an Rialtas. Anois glactar leis an nGaeilge mar a chéile le gach uile theanga oifigiúil de chuid an Aontais.
Ansin, rinneamar an staidéar teangeolaíochta. Tar éis go bhfuil eolas ansin a chuirfeadh faitíos agus sceoin ort, theastaíodh é a dhéanamh, mar níl aon mhaith plean a bhunú ach ar an bhfírinne. Chomh maith leis sin, choimisinigh muid suirbhé a rinne an t-Athair Micheál Mac Gréil maidir le dearcadh i leith na Gaeilge, atá thar a bheith dearfach dála an scéil. Is dream in-ghrúpa iad muintir na Gaeilge. Arís thaispeáin sé an fhadhb atá againn in Éirinn, is é sin an bhearna idir eolas agus úsáid. Tá roinnt leide aige sa tuarascáil sin le cén chaoi an bhearna sin a laghdú.
Ansin, thángamar aníos leis, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ní bheag an méid oibre é sin san iomlán is an uilig thar an tréimhse ama atá i gceist mar, mar is eol don Aire Stáit, tógann sé tamall na rudaí seo ar fad a chur tríd an bpróiseas Rialtais agus an bpróiseas Oireachtais. Ach, tá siad ar fad déanta.
Tá an Rialtas tagtha isteach ag am go bhfuil plean 20 bliain ann, go ndeachamar go dtí an dua ar fad le haontas tras-pháirtí a fháil dó. Sin an fáth gur chuir caint an Aire Stáit sceoin orm inniu. Nuair a chuireamar an straitéis le chéile, is é a bhí i gceist ná go gcuirfear i bhfeidhm í ó chlúdach go clúdach. Sin an fáth gur chaitheamar bliain ag iarraidh comhaontaithe na bpáirtithe éagsúla sa Teach seo a fháil. De réir mar a thuig mé nuair a foilsíodh í, bhí aontas ó ghach páirtí sa Teach gur tosaíocht náisiúnta a bhí sa phlean 20 bliain, ach cloisim caint inniu ar spriocanna indéanta a chur i bhfeidhm. An tuairim a bhí taobh thiar den phlean 20 bliain ná go raibh an rud ar fad indéanta. Cuireadh go leor rudaí ar aghaidh ag na heagraíochtaí Gaeilge agus ag grúpaí nach iad nach raibh indéanta, ach níor cuireadh sa phlean iad. D'fhoilsíomar dréacht ionas nach mbeadh rudaí mianta, mar a bhíodh i bpleananna fadó, nach raibh indéanta sa phlean agus ionas go mbeadh an plean ar fad indéanta. Más rud é gurb é atá i gceist ag an Rialtas codanna den phlean a chur i bhfeidhm, níl aon mhaith leis. Tá teip i ndán dó. Tá teip i ndán dó ó thaobh na Gaeltachta de agus teip i ndán dó ó thaobh na Gaeilge i gcoitinne sa tír. Cuireann sin iontas orm. Más é sin atá i gceist ag an Rialtas — tá súil agam nach ea — cuirimid in aghaidh gach seasamh siar ón bplean seo, lá i ndiaidh lae. Dar liomsa, is é an plean iomláin atá i gceist anseo.
Tá tagairt déanta ag an Rialtas seo leasaithe a dhéanamh ar an Acht Teanga. Níl mise in aghaidh athbhreithnithe a dhéanamh ar rud ar bith ag am ar bith. An chomhairle a fuair muide ón tArd-Aighne nuair a chuireamar an straitéis i bhfeidhm, nó nach raibh sé bunreachtúil dul siar ar aon rud san Acht ach go gcaithfimid dul ar aghaidh, mar gur aidhm náisiúnta í an Ghaeilge a chur chun cinn. Más é atá i gceist ag an Rialtas, lagú a dhéanamh ar na bunchearta san Acht Teanga, cuirfear in aghaidh sin, mar is cearta iad. Is cearta ar dhá leibhéal iad. Is cearta iad mar gurb í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an Stáit agus an teanga náisiúnta agus is cearta iad mar is mionlach iad lucht labhartha na Gaeilge sa tír seo. Tá na cearta sin le cosaint, ach déantar dearmad ar sin. Déantar dearmad go bhfuil cearta ag lucht na Gaeilge, mionlach de bhunú Éireannach sa tír seo, fiú mura mbeadh aon sprioc náisiúnta ann maidir leis an nGaeilge. Is minic a cheiltear an cheart sin ar phobal na Gaeilge.
Mar a dúirt an Breitheamh Hardiman, is ceist don saoránach í. Sin an rud céanna a dúirt Micheál Mac Gréil sa tuarascáil. Caithfidh an rogha a bheith ag an saoránach, cén teanga a úsáidfidh sé nó sí leis an Stát. Ní cheist don Stát í a bheith ag bagairt ar an saoránach maidir le húsáid teanga. Mar a dúirt an breitheamh sa bhreithiúnas, cuireann an Stát dualgais troma ar an saoránach. Caithfimid go leor tuarascálacha cánach a líonadh, caithfimid foirmeacha a líonadh le haghaidh gach rud, rud a chuireann dua ar an saoránach. Dúirt sé nach raibh leithscéal ar bith ag an Stát, mar cuireann forálacha Stáit — na dualgais Stáit — anró agus brú ar an Stát, mar gur sin nádúr an dualgais atá ar an Stát.
Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, níl aon soiléiriú faighte againn fós an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seasamh leis an rud atá sa phlean 20 bliain, is é sin go bhfágfar na cúraimí ar fad atá ag an údarás agus ag Roinn na Gaeltachta ag an Roinn agus ag an údarás. An gcuirfear le cumhachtaí an údaráis, mar a bhí i gceist sa straitéis? Arís, san athbhreithiú atá á bhagairt orainn ag an Aire Stáit, is é an tuiscint a fhaighim ná gur laghdú, cúngú agus maolú ar chumhachtaí an údaráis atá i gceist.
Ba mhaith liom béim a chur ar mhíthuiscint a d'éirigh ó na moltaí a rinne mise mar Aire maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Mhol mise go bhféadfadh an Rialtas cúraimí a leagan ar an údarás, mar is féidir a dhéanamh leis an Roinn agus leis an gcoimisinéir teanga, a mbeadh tionchar acu nó éifeacht acu taobh amuigh de theorainneacha teoranta na Gaeltachta. An smaoineamh a bhí agam ná nach bhfaca mé cúis ar bith nach bhféadfadh an t-údarás plé le, mar shampla, na naíonraí ar fud na tíre ón nGaeltacht, ach go mbeadh cuid de na naíonraí a bheidís ag freastal orthu, ó thaobh cúnaimh agus comhairle, taobh amuigh den nGaeltacht. D'fhéadfaidís, mar shampla, téacsleabhair Ghaeilge a chur ar fáil do chuile scoil sa tír gan a bheith teoranta go reachtúil do líntí ar léarscáil, mar is é an t-ábhar céanna atá á mhúineadh sna scoileanna ar fud na tíre. Sin a bhí i gceist agam. Cuirfeadh lonnú an choimisiúin sa Ghaeltacht fostaíocht bhreise ar fáil sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh an Ghaeltacht mar an phríomh chathair ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil, ní hamháin do lucht na Gaeltachta, atá teoranta go maith, ach don iliomad Gaeilgeoirí atá ar fud na tíre.
An dara rud nár thuig mé riamh agus nár thuig daoine — ach táim cinnte go dtuigeann an Teachta Adams é seo i bhfad Éireann níos fearr ná éinne sa Teach seo — ná go raibh daoine ag rá go raibh an foras ann le freastal ar na ceantair atá taobh amuigh den Ghaeltacht. Ach is foras Thuaidh-Theas é An Foras Teanga agus le rud ar bith a fheidhmiú sa Stát seo tríd an bhForas Teanga, ní h-amháin go gcaithfimid aontas an Rialtais a fháil, ach caithfimid aontas an fheidhmeannas ó Thuaidh a fháil. Is é sin le rá go gcaithfear aontas, mar shampla, an DUP, a fháil le forbairt a dhéanamh tríd an fhoras. Sin í an fhíric. Tá a fhios sin agamsa mar iar Aire, agus geobhaidh an tAire Stáit amach é sin. Fair play don DUP, ghlac sé le rudaí áirithe, ach níor ghlac sé le rudaí eile, agus mar a chéile le Sinn Féin ó Thuaidh. Ach níl mise sásta mar shaoránach den Stát ceannasach neamhspleách seo go mbeadh aon dream taobh amuigh den Stát in ann teorann a chur leis an méid a dhéanfaimís don chéad teanga oifigiúil. Mar sin, caithfimid deiseanna a bheith againn le polasaí Ghaeilge an Stáit seo, ní an oileán seo, a chur i bhfeidhm ar fud an Stáit.
Tá an-chuid sa straitéis faoin oideachas. Ní cheart go mbeadh méid na gaelscoileanna mar leithscéal gan an Ghaeilge a múineadh ceart i chuile scoil sa tír. Beidh formhór na ngasúr go brách ag dul chuig scoileanna nach gaelscoileanna iad. Freisin, is í aidhm na straitéise ná go dtosófar ag múineadh na Gaeilge i chuile glúin taobh amuigh den Ghaeltacht as an nua agus go bhfásadh glúin óg aníos in Éirinn taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht go mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth theanga teaghlaigh ón gcéad lá sa chliabhán. Sin í aidhm na straitéise agus sin é an fáth go bhfuil an figiúr sin faoin 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge. Níl aon chiall le polasaí a mhúineann Gaeilge don ghlúin seo agus nuair a bheirtear an chéad ghlúin eile gur Béarla a bhíonn aige ar dtús agus go gcaithfear tosú as an nua an Ghaeilge a mhúineadh, i gciorcal go deo. Má leanfaimid leis an bpolasaí sin, ní thiocfaidh an Ghaeilge chun cinn go brách. Caithfidh líon na ndaoine a labhrann Gaeilge go deonach agus go roghnaíoch lena gclann a mhéadú, ní hamháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá daoine á dtógadh le Gaeilge ar fud na tíre, taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith le taobh istigh den Ghaeltacht. Is ar an ábhar sin go bhfuil díomá orm go bhfuil a laghad sin trácht ag eagraíochtaí Gaeilge, gluaiseacht na Gaeilge agus ag an dream atá ag plé leis an phlean seo faoin am atá ann leis an gcoincheap don ghréasán Gaeltachta, bunaithe ar na gaelscoileanna, a chur i gcrích, le nach mbeadh an fáinne fiáin ann do chuile ghlúin a dtiontaigh ar an nGaeilge go mbeidh an chéad ghlúin nua eile ag tosú ar ais arís san áit ar thosaíomar.
Tá sé fíor thábhachtach go mbrúfar ar aghaidh, roimh an reachtaíocht, leis an gcoincheap seo don ghréasán Gaeltachta, bunaithe ar na gaelscoileanna, na naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht, le pobal Gaeilge a tógadh sna cathracha. Tá sé cruthaithe gurb iad an dream is báúla don Ghaeilge, an áit is mó ar tháinig feabhas ar dhearcadh i leith na teanga, ná an dream sna ceantair mheánaicmeacha sa chathair seo, an áit a tógadh mé féin mar a tharlaíonn sin. Dúirt an tAire Stáit trí nó ceithre uair gur de bhunadh na Gaeltachta é. Tá mo shaol fásta tugtha agamsa sa Ghaeltacht, go roghnaitheach, mar rinne mé an cinneadh dul ann. Ach tá mé thar a bheith bródúil as mo chúlra cathrach. Tá mé thar a bheith bródúil gur tugadh an bunús sa teanga dom istigh sa chathair seo. Creidim go bhfuil dul amú ar éinne a chreideann gurb í todhchaí agus tús deiridh na Gaeilge ná an Ghaeltacht scoite amach ón chuid eile den tír. Ár dteanga náisiúnta, a bhfuil a tobar sa Ghaeltacht, creidim gur cheart dúinn dul ar aghaidh agus nach féidir dul ar aon bhealach eile.
Bhí mé ag cruinniú agus d'fhógair an tAire Iompair, an Teachta Varadkar, go raibh éiginnteacht ann maidir le seirbhísí aeir go hÁrann, an Ghaeltacht fíor láidir sin, na hOileáin Árainn, tar éis 2013 agus go ndúirt an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis é sin.
Tá súil agam, agus an tAire Stáit ag freagairt na díospóireachta, go ndearbhóidh sé dúinn nach bhfuil ceist dá laghad ann go ndéanfar maolú nó go gcuirfear deireadh leis na seiribhísí aeir go hÁrainn in 2013 nuair a bheidh an conradh atá ann i láthair na huaire caite. Ba thragóid agus ba eagóir ar cheann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír go smaoineofaí a leithéid de sin a dhéanamh.