Inné, chosain an Taoiseach comhaontú nua Pháirc an Chrócaigh agus dúirt sé go raibh sé chomh cothrom agus gur féidir leis a bheith agus gurb iad na daoine atá ag déanamh an t-airgead is fearr san earnáil phoiblí a íocfaidh an méid is mó. Ach, tá baill i measc An Garda Síochána atá i gcruachás maidir lena morgáistí a íoc, mar gur chuir siad na préimh íocaíochtaí san áireamh mar chuid dá gcroíphá do na bainc. Tá dílseacht agus tiomantas na ngardaí don bpobal agus dá gcomhghleacaithe le feiceáil ag gach éinne gach lá ar fud na tíre. Tá sé riachtanach go léiríonn meoin an Rialtais tiomantas na ngardaí.
Tá gardaí ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán an-mhór ar fad, ar nós daoine faoi airm lá i ndiaidh lae, 365 lá den bhliain. Tá siad go hiomlán míshásta leis an mhargadh is déanaí atá le fáil ó chomhaontú Páirc an Chrócaigh. Ní raibh spiorad na ngardaí riamh chomh híseal agus atá sé anois. Don chéad uair riamh i stair ardchomhairle an GRA, tá vóta mímhuiníne tógtha acu san Aire Dlí agus Cirt, an Teachta Shatter. Is léir anois nach bhfuil aon rogha ag na gardaí ach comharthaí dea-thola a tharraingt siar mar agóid i gcoinne an Rialtais.
Is bealach náireach agus brónach é seo le bheith ag déileáil leis An Garda Síochána, go háirithe agus an Rialtas ag dúnadh níos mó ná 100 stáisiún thart timpeall na tíre agus ag bagairt laghdú ar mhéid an fhórsa de bharr gearradh siar ar phá an fhórsa ar fad. Tá coirpigh anois níos gnóthaí ná riamh, agus tá robáil tithe méadaithe timpeall na tíre. Mar shampla, i ndáilcheantar an Mhí Thoir amháin, tá sé suas 28% ó thosaigh an Taoiseach a réim dhá bhliain ó shin, gan trácht ar an mhéadú i ngníomhachtaí easaontach atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair.
Anuas ar na dúshláin a mbaineann lena bpoist laethúil, tuigeann gardaí go bhfuil margadh déanta ag an Rialtas leis na hoifigigh phriosúin, a thugann ráta dúbailte dóibh ar an Domhnach. Ag an am céanna, tá an Rialtas ag rá leis An Garda Síochána go bhfuil gardaí chun pá níos ísle a fháil. Conas go bhfuil sé seo cóir? Cén comhartha a bhfuil an Taoiseach ag tabhairt do ghardaí na tíre?