An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

Tá ceithre nóiméad ag Deputy Ellis.

Fáiltím roimh an deis Gaeilge a úsáid agus ráiteas a dhéanamh in ár dteanga. Tá Sinn Féin ag lorg athbhunú na Gaeilge mar theanga bheo i ngach gné den saol. Táimid ag tacú leis na príomheagraíochta sna haidhmeanna atá acu an Ghaeilge a chur chun cinn, ní hamháin sna Gaeltachtaí ach sa tír ina hiomlán. Rinne an t-iar-Rialtas sna Sé Chontae is Fiche an-damáiste leis an ngearradh siar do na heagraíochtaí Gaeilge, go háirithe san oideachas. Má táimid dáiríre faoin nGaeilge, ba mhaith le Sinn Féin Aire sinsearach a fheiceáil ina suí nó ina shuí ag bord an Rialtais, ar chomhchéim le gach Aire eile, ar son ár bpobal agus ár gcearta.

I mo cheantar féin, Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh, tá athbheochan mhór ar siúl i dtaca lenár dteanga agus lenár gcultúr. Tá sé le feiceáil sa mhéid Gaelscoileanna atá i mo cheantar agus san éileamh atá ann dóibh. Tá Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas, Scoil Chaitríona i nDroim Chonrach, Gaelscoil Bhaile Munna agus Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna. Níl spás ar bith iontu agus tá liostaí fada feithimh acu. Ba mhaith linn ceathrú Gaeilge a fheiceáil i ngach baile sa tír, go háirithe i mBaile Munna, in aice le Cumann Báire Setanta agus Scoil an tSeachtar Laoch. Tá seanscoil fholamh ann agus talamh poiblí timpeall uirthi. Bheadh sé suimúil ceathrú a fheicéail a bhíonn ag obair agus ag reachtáil gach rud trí Ghaeilge. Is mór an trua é nach bhfuil Teach Laighean ag taispeáint na slí agus ag déanamh níos mó gnó trí Ghaeilge. Tá seans ann anois comhchoiste oideachais a chur ar siúl agus Acht láidir na Gaeilge a reachtú. Tá straitéis 20 bliain ann agus tá maoinithe sa bhreis de dhíth. De réir suirbhé i ndiaidh suirbhé, tá toil na ndaoine i bhfábhar tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Tá sé suas dúinn mar pholaiteoirí aon rud is féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur cinn. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais blianta ó shin, "Tír gan teanga, tír gan anam".

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an deis labhairt faoin nGaeilge. De réir taighde a rinneadh chun polasaí don oideachas sa Ghaeltacht a chur le chéile, tá níos lú ná 1,000 cainteoirí dúchasacha sna bunscoileanna i gceantair Ghaeltachta. Tá níos lú ná 10% de dhéagóirí idir 15 bliana d'aois agus 18 mbliana d'aois ag baint úsáide as an nGaeilge ina saol laethúil. Tá laghdú ann maidir le húsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc sna scoileanna Gaeltachta, ach is féidir leis na scoileanna seo ról fíorthábhachtach a ghlacadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Mhol an Rialtas deireanach polasaí maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn sna scoileanna Gaeltachta. Cuireadh fáilte roimh na hiarrachtaí a rinne na Ranna go léir ó thaobh polasaí a fhorbairt. Anuraidh, bhí sé ar intinn ag an Rialtas an polasaí oideachais Ghaeltachta a fhoilsiú ag deireadh na bliana. Níor tharla sé sin agus anois táimid den tuairim nach bhfoilseofar go dtí deireadh na bliana seo é. Cuirtear fáilte roimh gach uile iarracht a dhéanann an Rialtas polasaí oideachais a bhunú ach tá fíordhíomá ar mhuintir na Gaeltachta agus airimid go léir mar Theachtaí Dála i Sinn Féin nach bhfuil sé seo ag tarla sách tapaidh agus go bhfuil baol ann maidir le foilsiú an pholasaí seo. Tá súil agam go gcuirfear béim mhór ar an bpolasaí úd seo agus go ndéanfaidh an Rialtas seo gach uile iarracht an polasaí don oideachas sa Ghaeltacht a fhoilsiú agus é a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Tá gluaiseachtaí ar nós Conradh na Gaeilge ag déanamh an-obair ó thaobh na Gaeilge de agus tá siad go hiontach ó thaobh an teanga a chur chun cinn ach tá dualgas mór orainn go léir mar Theachtaí Dála ár dteanga a chur chun cinn freisin agus gach uile iarracht a dhéanamh ár dteanga dhúchasach a chosaint agus í a chosaint ar fud na tíre agus sna Gaeltachtaí go háirithe mar is cuid luachmhar den chultúr agus den oidhreacht í ár dteanga Ghaelach. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais, "Tír gan teanga, tír gan anam". Tá sé suas dúinn anois gach uile rud a dhéanamh chun ár dteanga a chosaint.

Ceapaim go bhfuil sé dearfach go bhfuil an t-ábhar seo, cúrsaí Gaeilge, á phlé againn inniu i dtosach an Rialtais seo. Is mór an trua é agus is cúis náire é go bhfuil Béarla á labhairt againn inniu agus go mbíonn gnó na Dála ag leanúint ar aghaidh trí Bhéarla in ionad Gaeilge. Is cúis náire í cinnte nach bhfuil Gaeilge á labhairt againn beagnach 90 bliain tar éis tosach an Stáit.

We know the historical reasons we speak English, namely, the effect of the Famine, the effect of migration when so many Irish speakers died or left, the education system under Britain which undermined Irish, the growing perception that speaking Irish would not enhance one's job prospects and that English was the language of progress. When we think of the Easter Rising and the War of Independence, the leaders and the members spoke Irish and had a great love of Irish and yet Irish is not the language of the majority of the population. Government after Government since the foundation of the State has failed to encourage and spread the use of the language.

Is í an fadhb atá againn anois ná nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar an ábhar seo agus anois ní labhraíonn ach mionlach sa tír seo an Ghaeilge. Roimh an nGorta Mór bhí Gaeilge mar chéad teanga ag beagnach 7 milliún duine. Anois labhraíonn níos lú ná 20,000 Gaeilge gach lá.

If we are to bring about an improvement in the use of the Irish language, we must start young. Ceapaim go mba chóir go mbeadh gach bunscoil mar Ghaelscoil i gcomhair ceithre nó cúig bliana ar a laghad. Ansin bheadh gach dalta scoile in ann labhairt as Gaeilge.

Another language could be introduced for the final two to three years at primary school because we know that children are like sponges at that stage. The common denominator with all languages is that language has to be taught to be spoken. Under the present system, children will learn Irish for eight years in primary school, three to six years in second level and will still leave the education system unable to conduct a conversation in Irish and, even more disappointing, many not liking Irish and having no pride in Irish as being part of our cultural identity. Cinnte tá jab sármhaith á dhéanamh ag na Gaeilscoileanna, go háirithe na cinn atá lasmuigh den Ghaeltacht. Rud eile dearfach: tá a fhios againn go bhfuil suim ag tuismitheoirí go mbeadh níos mó Gaelscoileanna againn. We have to look at the way Irish is taught in our schools. Ba cheart go mbeidh na ranganna beomhar agus praiticiúil. The emphasis has to be on spoken Irish. There has to be a conversation with the Minister for Education and Skills on this issue, otherwise why bother teaching Irish. I say that as somebody who loves Irish. Unless we are going to take it seriously, we should throw our hat at it at this stage. I believe it is more beneficial to have the majority with a love of the language and able to speak it rather than have a few being super competent in Irish with the majority being left with a distaste for the language.

In December 2010, we had the publication of the 20-year strategy for the Irish language. What has been achieved in the first five years? It is strong on rhetoric and aspirations but very weak on implementation and action. I accept there were specific structures for the setting up a number of committees. Unless there is implementation, committees are merely talking shops. It speaks volumes, unfortunately, that in the last Government, the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, Deputy Heather Humphreys, could not conduct business regarding the Gaeltacht in the Irish language. I acknowledge the efforts made by the Minister of State, Deputy Joe McHugh, to make up for that shortfall. One has to ask how serious an issue it is that the Minister whose first language is not Irish has responsibility for the Gaeltacht.

Yesterday I attended a presentation from Conradh na Gaeilge, chaired by Deputy Peadar Tóibín, in the AV room. It highlighted various positive signs from a number of surveys which indicated that at least 2 million people have some level of Irish, that 61% agree with additional support for the language and that 70% agree on the need for services through Irish to be in place for those who want those services. As we are trying to provide services in their own language for our new communities, there is a responsibility on us to provide those services in Irish for those who want them. Other points that emerged from the surveys included bilingual labelling and that the names of Government agencies and semi-State bodies should be in Irish. To bring all of this about requires leadership, commitment, compassion and investment. After that, it requires monitoring of the implementation of the strategy.

I understand this issue is competing with a wide range of issues at Cabinet level but this has gone on far too long if we are serious about spreading Irish as a spoken language throughout the country and not confining it to Gaeltacht areas. I am struck by the widespread illiteracy rates in Cuba before the revolution. However, when the revolutionaries took over, there was a massive campaign to address this and there is now a literacy museum in Havana. Hundreds of volunteer teachers travelled throughout Cuba and within a few years, there was an amazing change with phenomenal improvement. I wonder if we could have a similar system in Ireland. We have an example with our neighbours in Wales. When travelling in Wales, one is more likely to hear Welsh being spoken even though it is a minority UK language. Their education system has adopted the approach of the language as part of their culture identity. There is a Welsh language commissioner who examines legislation with regard to implications for the language.

The surveys we heard about yesterday showed that more than six in ten respondents agree there are not many opportunities for young people to use their Irish outside the formal education system. The question must be asked as to how a change can be brought about to address that. I believe that young people have to be involved and that their practical solutions listened to. We know that we are not going to have a senior Minister for the Irish language, as had been sought, but I hope we will see an Oireachtas committee for the Irish language, the Gaeltacht and the islands. These three areas are under threat, not quite of extinction but under severe pressure, with regard to viability and sustainability. The committee has to take on the monitoring of the implementation of the strategy to ensure services through Irish are protected and to look at legislation to protect the language. It is vital that the Minister for Education and Skills supports educational measures with regard to the Irish language.

Bhí an t-ádh orm nuair a bhíos ag freastal ar an mheánscoil go raibh múinteoirí Gaeilge agam a spreag ionam, agus i mo chairde, grá don teanga. Is teanga álainn í an Ghaeilge – an litríocht, an fhilíocht agus an ceol. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair iontach atá á déanamh ag TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life i mBaile Átha Cliath agus na cláir trí Ghaeilge ar na stáisiúin eile. Ceapaim nach bhfuil sé ró-dhéanach an teanga a shábháil ach tá easpa deifre ann leis an obair seo. Braitheann sé ar an tiomantas don Ghaeilge agus ar infheistíocht sa Ghaeilge.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta. I call on Deputy Brendan Griffin who will share time with Deputy John Paul Phelan.

Táim fíorbhuíoch as ucht an seans labhairt ar an ábhar seo. Mar Theachta atá ag foghlaim na teanga fós, bhí an-díomá orm anseo inniu roimh lón ag éisteacht leis an snobbery teangach a bhí ann. Bhí an-díoma orm agus níl aon áit don snobbery sin a bhí ar siúl.

Tá a lán dul chun cinn déanta againn mar thír leis an teanga ach tá dáinséir ann freisin agus caithfimid níos mó a dhéanamh as seo amach sa todhchaí chun an teanga a shábháil agus a fhorbairt. Tá sé soiléir go bhfuil gach duine anseo ag déanamh a ndíchill agus caithfimid níos mó a dhéanamh mar thír agus mar Rialtas chun an teanga a chur chun cinn.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith a rá go bhfuil an-dul chun cinn pearsanta déanta ag an Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh leis an teanga agus go bhfuil sé inspioráideach do a lán daoine timpeall na tíre atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim nó atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim arís. Is rud an-tábhachtach é sin agus deirim maith thú leis an Aire Stáit. Rinne sé iarracht an-mhór agus, mar a dúirt mé, tá sé inspioráideach do a lán daoine.

Níl ach cúpla nóiméad agam anseo, mar sin ba mhaith liom cúpla smaoineamh beag a chur os comhair an Aire. Rud amháin ná twinnings, nó ceangailte oifigiúla idir áiteanna sa Ghaeltacht agus áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an pobal ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Chomh maith le sin, d'fhéadfadh an Rialtas stádas síol-Ghaeltacht, nó seed Gaeltacht, a bhronnadh ar áiteanna atá ag déanamh iarrachta mhór an teanga a chur chun cinn don chéad uair. B'fhéidir go mbeadh seans ag an Aire na smaointe sin a fhorbairt. Is smaointe beaga iad ach b'fhéidir go bhfuil spás ann rud éigin a dhéanamh fúthú.

Mar Theachta ó Dháilcheantar Gaeltachta, Corca Dhuibhne, i mo thuairimse is é an rud is tábhachtaí don teanga sa Ghaeltacht ná poist a chruthú agus a choimeád. Caithfimid níos mó a dhéanamh, go háirithe maidir leis an infreastruchtúr sa Ghaeltacht. I gCorca Dhuibhne faoi láthair, tá áthas mór orm go bhfuil tógáil an bhóthair nua N86 idir Trá Lí agus an Daingean ag tosú go luath. Beidh an fhorbairt sin an-tábhachtach don leithinis go léir. Tabharfaidh an bóthar sin seansanna níos fearr dúinn na tionscail go léir a fhorbairt agus postanna a chruthú agus a choimeád ar an leithinis. Táim an-sásta go bhfuil Fine Gael agus an Rialtas ag cur airgid mhóir isteach sa bhóthar sin.

Ar an taobh eile den scéal, caithfimid níos mó a dhéanamh le broadband. Tá easpa broadband mór in a lán áiteanna, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, agus caithfimid níos mó a dhéanamh ar an ábhar sin chun ár seansanna a fheabhsú le poist a chruthú agus a choimeád. Chomh maith le sin, caithfimid níos mó a dhéanamh le thresholds sna scoileanna beaga sa Ghaeltacht. Tá stádas agus thresholds speisialta tuillte go maith acu. Mar a dúirt an Teachta Seán Kyne ar maidin, tá níos mó oibre acu agus tá níos mó cabhrach de dhíth ón Rialtas. Tá seans againn anois é sin a dhéanamh. Chaith mé cuid mhór de mo chéad théarma anseo ag obair ar isolated statuses do scoileanna beaga. Caithfimid stádas speisialta thabhairt ar ais do scoileanna Gaeltachta freisin. Caithfimid an teanga a choimeád beo sa bhunscoil agus sa mheánscoil freisin.

Tá an tionscal turasóireachta an-tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta sa tír seo. Tá product nua againn anois i Slí an Atlantaigh Fhiáin. Tá seans iontach againn mar thír é sin a fhorbairt, sa gheimhreadh ach go háirithe. Chomh maith le sin, beidh seans againn poist a choimeád tríd an bhliain go léir sna ceantair Ghaeltachta. Le sin, ní bhíonn na daoine óga ag fágáil na ceantair Gaeltachta. Tá seans ann níos mó a dhéanamh chun an teanga a choimeád beo.

Bhí a lán daoine anseo inniu ag tabhairt amach agus ag gearán faoin Rialtas, faoin Aire, faoin easpa airgid nó faoi pholasaithe éagsúla. Bhí seans iontach ag daoine sa Dáil seo a bheith i Rialtas agus rud tábhachtach a dhéanamh ar na hábhair seo. Chuaigh a lán daoine ar an mbóthar buí, an bóthar simplí, an bóthar chun vótaí a choimeád ach chun faic a dhéanamh ag deireadh an lae. Is mór an trua é.

It is probably one of the greatest regrets of my life that I do not have any spoken Irish which is why I decided to take part in this debate. There is a phrase with which every child from Kilkenny is familiar and it is probably the most Irish that any of them have, which is, tá áthas ormsa an corn seo a ghlacadh ar son fhoireann Chill Chainnigh. I believe that every child in Kilkenny probably knows that phrase. Like them, I too went to school for 14 years and while it might be debatable and some people would raise serious objections, I do not think I was a particularly bad student in school. It is amazing that after 14 years of education and 14 years of learning Irish I, and the vast majority of students who have gone through our education system, came out of it without the ability to speak our language. That is a shocking indictment of the way Irish is taught. I say this as someone who used to be a teacher in a previous life, albeit a maths teacher.

I can understand Irish. If somebody is speaking who is not from Donegal, I can understand it very clearly, with significant apologies to the Minister of State, Deputy McHugh. I have nothing against Donegal people, it is just that their variation of Irish is more difficult to understand - their variation of English is more difficult to understand as well.

We need to have a serious examination of how so many students can come through an education system which works very well for most other subjects and yet, after 14 years, they cannot speak the language. There are many Irish words that come into the English language in my part of the world, and one of them is "meas". There is no meas placed on Irish in the education system, perhaps because parents and families do not see it as a valuable part of the development of their child and the ability of their child to have a career in the future. However, it is a significant cultural issue, and I say that as someone who can read the language and understand others speaking it, but who cannot converse in it, although I would dearly love to be able to do so. I do not think I would have the patience of Deputy McHugh to go back at this stage to re-learn Irish and I commend him on doing that. However, I believe we have to examine our education system to ensure children who go through it are at least fluent in conversational Irish when they leave school.

I have heard various suggestions, including that there should be two different Irish subjects on the curriculum, one more conversational in nature and one more theoretical. That might be one solution, although I do not pretend to have particular solutions to this subject, which has been discussed at length in this House and in other places over the years. It is worth pointing out that one of the great successes in our education system has been the Gaelscoileanna movement. My first cousin, who is also from County Kilkenny, is principal of a Gaelscoil. He learned Irish and can speak it and teach it, and I believe the fact he went to a Gaelscoil was key for him. We need to resource that movement, particularly into second level, which it has already expanded into but where it will expand further in the future. Most importantly, the new Minister for Education and Skills, Deputy Bruton, with whom I have not had this discussion yet but will do so shortly, needs to examine the whole methodology of teaching our national language if it is to survive into the future, which I sincerely hope it does.

Cuirim fáilte mhór roimh an díospóireacht seo inniu. Céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, tá sé de dhualgas orainn níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Our national language is an immeasurable cultural treasure. A century on from the foundation of our Republic, the need to revitalise the effort to secure and develop the use of the Irish language is particularly important. Tá brón orm that the outgoing Government lacked any real commitment to our language or the protection of language rights. Fine Gael and the Labour Party continually downgraded the status of the Irish language. The successful roll-out of an ambitious strategy for the Irish language requires ongoing leadership and funding. Tá sé an-thábhachtach that such leadership is provided by the new Government. Fianna Fáil made sure that the confidence and supply agreement with Fine Gael contained a commitment to increase investment in the Irish language.

Cloisimid go minic na focail ó Phádraig Mac Piarais: "Tír gan teanga, tír gan anam." Is dóigh liom gur cheart dúinn smaoineamh ar na focail sin. Ba cheart dúinn féachaint conas forbairt a dhéanamh ar an nGaeilge chun a chinntiú go mbeimid ábalta an Ghaeilge a chur chun cinn.

Teastaíonn uaim cúpla pointe a dhéanamh, ag tosú le scoileanna. We should consider providing learning opportunities to parents to refresh their Irish and help their children. Tá sé fíorthábhachtach deiseanna foghlama a thabhairt do thuismitheoirí. Perhaps this should be extended to all adults who would like to refresh their Irish. We should have a campaign this year to promote learning Irish, which should be done by providing more activities as Gaeilge as children often learn Irish in school but do not speak it outside school hours. There are many good people, like Br. Michael Broderick in my own town of Newbridge, who facilitate weekly conversational Irish gatherings to encourage adults to learn Irish in a friendly environment. We definitely need more of that.

We also need to further promote the Gnó trí Ghaeilge scheme. Where it is most obvious that Irish can be spoken, we need to move to a situation in our towns and cities, as well as in Gaeltacht areas, in which people can undertake their daily business in Irish if they so wish.

As a graduate of many Irish colleges when I was younger, and having enjoyed a hugely positive, sociable and enjoyable cultural experience, I believe the coláistí samhraidh have a huge role to play in putting the fun back into the learning of an Ghaeilge. However, as many of those who run the colleges will say, there is a huge amount of red tape for parents who host the students. We need more focus on providing and facilitating these courses, and not only in Gaeltacht areas because there could also be more of a role for Gaelscoileanna across the country.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar Ghaeilge san Eoraip. Since 2007 Irish has been an official language of the EU, with this having been negotiated by a Fianna Fáil Government. As a former member of the Committee of the Regions, I am extremely proud of the fact Irish can be spoken, not only in European Parliament plenary sessions, but also in Committee of the Regions plenary sessions. This possibility has been used by Irish members at every plenary session. The importance cannot be underestimated of providing an opportunity for Irish elected members to speak their language in a European setting.

The derogation for the language in the EU is soon coming to an end and I was delighted to see, in the past few weeks, a call for 62 Irish translators and 13 Irish linguistic assistants to add to the 50-plus positions already created since 2007. In total, this will have provided over 180 opportunities for Irish speakers in Brussels. What is also interesting in this context is that the amount of Irish being spoken in social circles in Brussels has drastically increased over the past few years, and perhaps there are some lessons for us at home in that regard. Through the power of Facebook and social media, I take great pride in watching my two little nieces in Shanghai absorbing themselves in Irish culture, dance and song, and taking huge pride in their Irish identity abroad.

TG4 was a game changer in Irish language development, with many companies developing programming as Gaeilge. The reality is that in many of our smaller towns and communities, particularly in Gaeltacht areas, Irish will not survive unless there is job creation in those areas. While Údarás na Gaeltachta is active, its budget has been drastically cut over recent years. There needs to be a focus on providing small-scale jobs, not only in tourism, in Gaeltacht areas and across rural communities the length and breadth of the country.

What are the key priorities for Fianna Fáil? We believe a senior Minister should be appointed with primary responsibility for Gaeltacht and Irish language affairs as well as the establishment of a full Oireachtas committee with responsibility for Gaeltacht and Irish language affairs. We propose an additional allocation of annual funding dedicated to the continued implementation of the Irish language strategy and further current expenditure for projects under Údarás na Gaeltachta. We are also committed to supporting the office of An Coimisinéir Teanga, protecting its independence, and introducing legislation to strengthen the Official Languages Act and make language legislation more effective.

Fianna Fáil believes we must ensure Irish remains at the heart of our junior certificate and leaving certificate curriculum. In addition, we are also committed to examining the possibility of introducing a second Irish language option for the leaving certificate and junior certificate to cater specifically for the needs of native Irish speakers and other fluent speakers, and to ensure Gaeltacht schools have the freedom and resources to teach Irish to the native speaker in a manner that is appropriate and effective.

Fianna Fáil strongly supports the implementation of the 20-year strategy for the Irish language, which we brought forward while in government. We also put in place the Official Languages Act, which gave a statutory basis for the first time to the rights in respect of the language enshrined in the Constitution.

According to the 2011 census, 41% of the population can speak Irish, which includes 83,526 people who reside in my own county of Kildare. It is interesting to note that 1.8% of the population speaks Irish on a daily basis outside the education system.

That accounts for 1,185 people in County Kildare. The statistics also show that 18.7% of the population speak Irish daily, weekly or less regularly. They should be supported and promoted and more opportunities should be given to them. We should remember the words: "Tír gan teanga, tír gan anam." Tá súil agam go mbeidh anam agus teanga sa Rialtas sa todhchaí.

Tá mé chun a bheith beagáinín contráilte anseo. Bhí roinnt Teachtaí ag tabhairt amach níos luaithe go raibh an tAire, an Teachta Mhic Unfraidh, as láthair. Tá sí anseo anois, ach feicim nach bhfuil aon státseirbhísigh nó aon duine ón Roinn anseo. De ghnáth i ndíospóireachtaí, bíonn daoine ón Roinn ann le nótaí a thógáil i dtaobh pholasaithe na Roinne agus an saghas sin ruda. Is ábhar díomá é nuair atá Teachtaí Dála ag tabhairt tuairimí-----

Tá siad ag éisteacht.

Ceart go leor. Tá mé sásta é sin a chloisteáil, ach de ghnáth bíonn siad anseo.

Is minic a chuirtear an cheist ar Ghaeilgeoirí: "Cad é staid na teanga faoi láthair agus cé chomh láidir agus sláintiúil is a bhfuil sí?" Ní héasca an cheist sin a fhreagairt. Tá gnéithe fíor-dhearfacha ann faoin Ghaeilge agus go leor ábhar imní ann freisin. Gach seans, nuair a bheidh foirmeacha an daonáirimh bailithe, go bhfeicfear go bhfuil borradh tagtha arís ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu, mar a bhí le feiceáil sa daonáireamh deireanach, le breis is milliún duine a dúirt go raibh roinnt Gaeilge acu. Tá ábhar eile dóchais ann chomh maith. Is léir go bhfuil éileamh ollmhór ann don ghaelscolaíocht.

Ní hamháin sin, ach tá glúin nua de ghníomhaithe óga atá dochreidthe paiseanta faoin teanga agus atá ag croílár go leor imeachtaí agus ócáidí den scoth. Tá an ghluaiseacht seo - más oiriúnach an téarma é sin - feiceálach go háirithe sa chathair seo. Go pointe áirithe, d'fhéadfaí a rá gur toradh é ar fhorbairt na nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí le glúin no dhó anois, ach sílim go bhfuil níos mó ná sin ag baint leis. Mar shampla, chonaic mé gur bhuaigh Na Gaeil Óga gradam an Ard-Mhéara le deánaí. Déanaim mo chomhghairdeas leo. Is iontach an scéal é an dul chun cinn atá déanta acu in achar gairid bliana. Feicim níos mó oícheanta ceoil, scéalaíochta, filíochta agus grinn á n-eagrú agus ceol nua-aimseartha á chumadh trí Ghaeilge. Rinne Conradh na Gaeilge iarracht féile cheoil a eagrú an samhradh seo dírithe ar na mílte daoine óga a thógáil le chéile. Cé nár éirigh leis i mbliana, tá súil agam go gcuideoidh an tAire agus an Roinn le cinntiú go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin sa todhchaí.

Tá na daoine óga seo mar cheann de na hábhair dóchais is mó a bhaineann leis an teanga. Tá siad fuinniúil, cruthaitheach agus díograiseach. Ach ní féidir a shéanadh ach an oiread go bhfuil go leor ábhar imní ann chomh maith, ach go háirithe i dtaobh na teanga mar theanga an phobail sa Ghaeltacht. Ní féidir neamhní a dhéanamh de thuairiscí agus firicí a léiríonn go bhfuil sí i mbaol i ndáiríre, agus staitisticí an staidéir chuimsithigh theangeolaíoch, agus a leithéad sin, le feiceáil.

Ní chiallaíonn na gnéithe dearfacha de staid an teanga gur chóir beag a dhéanamh de na fadhbanna agus na cúiseanna imní; ná a mhalairt ach an oiread. Is léir go bhfuil go leor daoine sa tír le Gaeilge ar mhaith leo an deis a thapú a chuid Gaeilge a úsáid, ach nach bhfuil na deiseanna acu. Caithfimid tacú le na heagraíochta, le maoiniú i measc rudaí eile, atá ag eagrú a leithéid de imeachtaí. Tá go leor infheistíochta ag teastáil ón nGaeltacht freisin ó thaobh phleanáil teanga, bonneagar pobail agus cuidiú leis na comharchumainn. Ní mór dúinn a bheith airdeallach go bhfuil gá le forbairt pobail agus le pleanáil teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht, agus nach mar an gcéanna iad. Tá gá tacú leis an dá rud: an fhorbairt pobail agus an pleanáil teanga. Ní chóir go mbeadh an t-ualach sin ag titim ar na daoine céanna i gcónaí.

Cuidím le héilimh phobal na Gaeilge, atá ag lorg €18 milliún breise sa bhliain don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2016 amach. I measc na n-éileamh, tá éileamh ann go mbeadh Aire sinsireach Gaeilge agus Gaeltachta sa Rialtas. Laghdaíodh an maoiniú do Fhoras na Gaeilge agus do Údarás na Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015, in ainneoin gur dúradh go raibh deireadh leis an déine le linn an cúpla buiséad deireanach. Sa bhuiséad is déanaí ach go háirithe, bhí ciorraithe ann arís do bhuiséad an Fhorais. Bhí sé sin mar laghdú carnach de 12% thar trí bliana.

Ag an am céanna bhí eagraíochtaí cosúla, faoin Roinn céanna, tar éis meadú a fháil ar a gcuid maoinithe. Mar iarchomhalta boird den fhoras, chonaic mé an tionchar a bhí ag na ciorruithe seo thar na blianta ar chumas an fhorais a chuid aidhmeanna a bhaint amach agus cláir a rith. Chuir na ciorruithe buiséid srian dochreidthe ar ár gcumas an scéim phobail Gaeilge a leathnú. Ba scéim tábhachtach í a raibh tionchar an-suntasach aici ar phobal a bhí ag iarraidh an Ghaolainn a chur chun cinn, sa Tuaisceart agus sa Deisceart. Chuir siad srian orainn é sin a leathnú mar ba mhian linn, cé go raibh an scéim fhíorluachmhar. Bhí ar an bhforas laghdú a dhéanamh ar an mbuiséad do beagnach gach clár, in ainneoin an éilimh mhóir a bhí ann do go leor de na cláir sin agus in ainneoin na n-iarratas a bhí faighte againn maidir le féilte, pobail Gaeilge, scríbhneoirí Gaolainne, filí, iriseoirí, cumainn agus eagraíochtaí Gaeilge, agus eile. Caithfear deireadh a chur leis an slad a rinneadh ar mhaoiniú na n-eagraíochtaí Gaolainne agus Gaeltachta agus méadú suntasach a dhéanamh ar an mhaoiniú. Tá ciall eacnamaíoch leis seo freisin: de réir an chonartha, d'fheadfaí thart ar 1,160 post a chruthú leis an mhaoiniú breise de €18 milliún. Tá súil agam go mbeidh an Rialtas seo, agus an Dáil seo, níos fearr ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, ná mar a bhí an Rialtas deireanach.

Ní hé go bhfuil raidhse ama againn: tá sé bliana den straitéis 20 bliain caite cheana féin, agus is ar éigin go bhfuil pioc de curtha i bhfeidhm, agus is beag ama gur thug an staidéar cuimsitheach don Ghaolainn mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Tá dualgas fíorthábhachtach orainn go léir dul i ngleic leis an dushlán atá os ár gcomhair, agus táim ag súil le mo chuidse a dhéanamh. Guím gach rath ar an Aire, an Teachta Mhic Unfraidh, agus ar an iar-Aire Stáit, an Teachta McHugh, má tá sé chun leanúint ar aghaidh sa phost, nó ar phé duine a bheas ina Aire nó ina hAire.

Mar a dúirt mé ag an dtosach, tá ábhar dóchais ann, ach tá go leor ábhar imní ann freisin agus is dóigh liom go ndearnadh faillí le cúpla bliain anuas. Bhí ciorruithe suntasacha ann. Chonaic mé féin san fhoras é agus chonaic go leor daoine eile freisin an tionchar a bhí ag na ciorruithe sin. Caithfear deireadh a chur leis na ciorruithe sin agus caithfear a thuilleadh maoinithe a chur isteach ins an nGaolainn agus ins an nGaeltacht agus ins na pobail atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn.

Ar dtús ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí ar an talamh, na heagraíochtaí a bhíonn ag déanamh na hoibre tábhachtaí ar son na teanga agus chun í a chur chun cinn, go háirithe na dreamanna deonacha sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh den Ghaeltacht fosta, chomh maith leis na heagraíochtaí Stáit - Údarás na Gaeltachta, Muintearas agus Foras na Gaeilge, mar shampla. Tá dualgas mór agus freagracht mhór ar Fhoras na Gaeilge maidir le cúrsaí Thuaidh-Theas agus ba mhaith liom m'aitheantas a thabhairt do na daoine go léir atá ag obair in Údarás na Gaeltachta.

Bhí Teachta amháin ag tabhairt amach níos luaithe maidir le laghdú sa líon post sa Ghaeltacht ach bhí méadú ann sa bhliain a chuaigh thart. Fuair 500 duine poist i gceantair Ghaeltachta. Cruthaíodh 125 post breise i mo chontae féin cúpla seachtain ó shin, i nGaoth Dobhair - i gceantair iargúlta, i gceantair i dtuaisceart Éireann, i dTír Chonaill. Tá deáscéal ag leanúint ar aghaidh agus ba mhaith liom mo bhuíochas agus m'aitheantas a thabhairt do gach duine a bhíonn ag obair go dian dícheallach sna dreamanna éagsúla, macasamhail le hÚdarás na Gaeltachta agus le Muintearas fosta. Tá Muintearas ag obair go dian sna bunscoileanna i gceantair Ghaeltachta maidir le scéim na gcúntóirí teanga agus níor chuala mé aon rud fá dtaobh de na cúntóirí teanga inniu. Tá cuid mhór oibre déanta. Tá daoine nádúrtha atá ábalta Gaeilge a labhairt istigh sna scoileanna, gan chéim agus gan scileanna ón ollscoil, ach tá siad ábalta Gaeilge a labhairt agus comhrá a dhéanamh. Tá a gcroí san áit cheart.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na daoine sa dream Muintearas agus a macasamhail. Tá ról mór ag Conradh na Gaeilge, mar shampla. Is cinnte go mbíonn siad ag labhairt fá dtaobh de acmhainní. Bhí géarchéim i gceist sna blianta atá imithe thart. Cad chuige? Bhí géarchéim ann i ndiaidh an tréimhse ina raibh Fianna Fáil freagrach as an tír seo. Bhí an tír bocht agus de bharr sin, laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó níos mó na €20 milliún sa bhliain 2007 go dtí €6 mhilliún cúpla bliain ó shin. Is é sin an fáth. Níl sé i gceist agam bheith i mbun díospóireachta pholaitiúil maidir leis an teanga inniu. Tá sé de dhualgas orainn uilig an obair seo a dhéanamh. Ní hiad Fianna Fáil, Sinn Féin, na Neamhspleáigh, Fine Gael ná an Rialtas amháin atá freagrach as an teanga. Tá achan duine sa tír seo freagrach as an teanga. Tá na daoine gan Ghaeilge nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt freagrach as an teanga fosta. Tá cuid mhór oibre ag dul ar aghaidh. Tá fuinneamh mór i measc an phobail. Tá rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh sna ceantracha Gaeltachta, taobh amuigh den Ghaeltacht, sna Sé Chontae agus go hidirnáisiúnta. Tá cuid mhór daoine i mBostún, i Chicago, i Londain agus san Astráil ag amharc go dearfach ar an teanga.

Ba cheart dom aitheantas a thabhairt don Aire sinsearach, an Teachta Humphreys, mar gheall ar an gcomóradh atá a dhéanamh i mbliana. Tá cuid mhór oibre déanta sna bunscoileanna, ina measc na bunscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá obair ó chroí á déanamh maidir le stair agus oidhreacht na tíre seo agus an teanga fosta. Tá sé de dhualgas ar gach éinne sa Teach seo - Teachtaí gan Ghaeilge agus Teachtaí atá ábalta an Ghaeilge a labhairt - an obair seo a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo inniu. Níl sé ar intinn agam páirt a ghlacadh in aon díospóireacht pholaitiúil ar an gceist seo. Tá an teanga san áit ina bhfuil sí faoi láthair mar thoradh ar na díospóireachtaí den chineál sin a bhí againn le blianta fada.

Is mian liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag obair sna coláistí samhraidh, ina measc Coláiste na Mumhan i gceantar an Teachta Ó Muineacháin, Coláiste Lurgan i gContae na Gaillimhe agus Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i mo chontae féin. Is dea-scéal é go bhfuil daoine ón Phacastáin, ó Mheiriceá, ó Londain agus as Albain ag freastal ar Ghleann Cholm Cille chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Cén fáth nach bhfuil achan duine sa tír seo ag foghlaim nó ag athfhoghlaim na Gaeilge? Tá barraíocht dul chun cinn á dhéanamh. Tá mé dóchasach maidir leis na hacmhainní atá ar fáil agus leis an obair atá á dhéanamh ag dreamanna éagsúla, ar nós Gael-Linn agus Conradh na Gaeilge, chun cúrsaí a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá suim acu i bhfoghlaim nó athfhoghlaim na Gaeilge. Tá sé thar a bheith tábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag obair sa chomhthéacs seo. Tá cuid mhór oibre déanta i gColáiste na bhFiann i gContae na Mí, mar shampla.

Ba mhaith liom labhairt faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i gceantracha taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug mé cuairt ar Chluain Dolcáin, mar shampla, anuraidh. Bhí mé i gContae Luimnigh, i gContae an Chláir agus i gContae Loch Garman anuraidh fosta. Tá cuid mhór oibre ag dul ar aghaidh sna Gaelscoileanna agus na scoileanna nach bhfuil an stádas sin acu. Tá obair thábhachtach á déanamh sa mheánscoil i nGuaire, i gContae Loch Garman, mar shampla.

Ba chóir dom na daoine atá ag obair go dian sa Rialtas a lua chomh maith. Bhí caidreamh agus comhluadar mór agam le mo chuid oifigeach i Roinn na Gaeltachta nuair a bhí mé in oifig mar Aire Stáit na Gaeltachta. Ní gá aon cheist a chur i dtaobh tiomantas, díograis agus solúbthacht na ndaoine uilig sa Roinn maidir leis an teanga. Nuair a tháinig mé isteach sa Roinn bliain go leith ó shin, ní raibh mé ábalta an Ghaeilge a labhairt. Bhí na hoifigigh iontach solúbtha agus thug siad cabhair mhór dom. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil suim ag daoine gan Gaeilge sa tír seo agus sa Tuaisceart, san Astráil agus timpeall an domhain sa teanga.

Tá na coláistí samhraidh agus na mná tí iontach tábhachtach fosta maidir leis an teanga a chur chun tosaigh agus a choinneáil beo. Dá mbeadh airgead breise ann, bheadh sé tábhachtach tacaíocht a chur chuig na mná tí amach anseo. Tuigim go bhfuil airgead de dhíth ionas go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann post a chruthú. B'fhéidir go mbeidh €300 milliún breise ar fáil i gclár an Rialtais fá choinne Fiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta. Tá acmhainní breise ann. Tá sé sin tábhachtach fosta.

Ba mhaith liom labhairt faoi pholasaithe eile. Ag deireadh na bliana seo caite, thosaigh mé an t-athbhreithniú ar an straitéis 20 bliain. B'fhéidir go mbeidh tuarascáil déanta faoi sin laistigh d'am gairid. Bhí comhairliúchán cuimsitheach i mbunscoileanna na Gaeltachta maidir leis an tumoideachas sna ceantracha sin, agus go háirithe an tacaíocht gur chóir dúinn tabhairt do pháistí sa chéad dhá bhliain sna bunscoileanna sin.

Mar fhocal scoir, níl aon cheist faoin tiomantas sa tír seo maidir leis an teanga, an cultúr nó an oidhreacht. Níl an fhreagracht ar aon ghrúpa, dream, páirtí nó Rialtas amháin. Tá ról mór againn uilig agus tá dualgas mór orainn uilig sa tír seo maidir leis an teanga a chur chun cinn. Aontaím leis an bpointe a rinne Teachta amháin maidir leis an dualgas atá orainn. Tá daoine áirithe a bhíonn ag seasamh suas agus ag tabhairt amach go comhsheasmhach le linn díospóireachtaí sa Teach seo, ach ní hé sin an bealach is fearr. Is é an bealach is fearr ná an dualgas mór atá orainn an teanga a choinneáil beo a chomhlíonadh. Tá obair thábhachtach de dhíth sa tír seo agus sa Teach seo chun an ceangal fite fuaite idir an teanga, an stair, an cultúr agus an dúchas a chaomhnú.

Fáiltím roimh an deis seo cúrsaí Gaeilge a phlé sa Dáil inniu. Brathaim go bhfuil sé an-tráthúil, go háirithe anois nuair atá an Rialtas nua ag dul i mbun a chuid gnó. Brathaim go bhfuil atmaisféar an-bháúil ann do chúrsaí Gaeilge timpeall na tíre, ní hamháin i measc daoine sna scoileanna ach freisin lasmuigh den scoil. Tá an-éileamh i gcónaí i measc tuismitheoirí ar na Gaelscoileanna. Beidh breis is 100 duine ag dul isteach i naíonáin bheaga sa Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh i mo Dháilcheantar féin i mbliana. Tá spás diúltaithe don mhéid céanna arís toisc nach bhfuil dóthain spáis sa scoil. Léiríonn sé sin an t-éileamh láidir atá i mbruachbhailte chathair Chorcaí. Fillfidh mé ar Bhaile an Chollaigh i gceann nóiméad. Tá sé soiléir go bhfuil atmaisféar báúil ann i measc an phobail. Nuair a déanadh staidéar Millward Brown, tuairiscíodh go raibh dhá thrian de dhaoine den tuairim gur chóir go mbeadh seirbhísí do mhuintir na Gaeltachta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ní haon ionadh é.

Nuair a rinne Fianna Fáil iarracht Rialtas a chur chun tosaigh cúpla seachtain ó shin, bhí an Ghaeilge go mór chun tosaigh inár n-aigne. Tá áthas orm go bhfuil gealltanas ann sa chomhaontú le Fine Gael go mbeidh airgead breise ar fáil i gcomhair cúrsaí Gaeilge. Bhí an Ghaeilge i gcónaí lárnach i gcúrsaí Fhianna Fáil. Nuair a rabhamar sa Rialtas cheana, chuireamar an straitéis 20 bliain chun cinn agus táimid fós meáite chun é sin a chur i bhfeidhm. Ag an am sin, bhí conspóid ag baint leis an sprioc go n-ardófaí an líon daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge go laethúil ó 83,000 go dtí 250,000. Tá sé cinnte go bhfuil dúshlán ansin i gcónaí, ach caithfear spriocanna a leagadh síos agus tabhairt fúthu.

In 2003 thugamar isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur ar bhonn reachtaíochta den chéad uair ceart teanga atá sa Bhunreacht. Tá sé an-tábhachtach ról láidir an choimisinéara teanga a chothú chun go mbeadh sé ábalta cúrsaí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a chur i gcrích.

Braithim, mar sin féin, nach raibh an fuinneamh nó an dea-thoil chéanna ag an Rialtas deiridh. B'fhéidir neamhshuim nó drochmheas a bhí ann. Tá eisceachtaí agus tá suim, meas agus fuinneamh an Aire shóisearaigh soiléir. Is iontach é sin agus caithfí aitheantas a thabhairt dó, ach is amhlaidh go gcaithfí Aire sinsearach a bheith ag bord an Rialtais ag cur cúrsaí Gaoluinne chun cinn. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tAire sinsearach ann chun cúrsaí straitéis an 20 bliain a chur i bhfeidhm agus chun ceannaireacht a léiriú ag bord an Rialtais. Tá sé tábhachtach go mbeadh áit a bheadh comhfhreagras an Rialtais ar fad agus go mbeadh an Rialtas ábalta é a tharraingt le chéile ag bord an Rialtais agus infheistíocht agus maoiniú a tharraingt ó na hAirí eile agus é a chur ina luí orthu cé chomh tábhachtach is a bheadh sé cúrsaí Gaoluinne a bhrú trí agus a thabhairt chun cinn ina Rannóga féin.

Do bhí buairt i gcónaí leis an Rialtas deireanach. Mar shampla, bhí easpa suime ann agus rudaí diúltacha á ndéanamh acu cosúil leis an deireadh leis an deich bpunt agus na scoláireachtaí gur lean é. D'fhéadfaí é a úsáid beagnach mar phíosa slat tomhais sa Ghaeltacht cé chomh láidir a bhí nó nach raibh sé agus, gan dabht, níor aontaigh gach éinne go raibh an deich bpunt go maith mar shlat tomhais. Ach tá sé sin imithe anois agus níl aon rud ina áit.

Cuireadh deireadh le toghchán Údarás na Gaeltachta agus ba mhór an chailliúint é sin mar bhris sé an nasc idir phobal na Gaeltachta agus an údarás, agus is beag ar shábháladh in aon chor ansan ó thaobh airgid ann. Maidir leis an gcóras a cuireadh ina áit, tá contaetha níos lú ar nós an Mhí, Port Láirge agus Corcaigh le suíocháin ar bhord an údaráis agus iad á roinnt eatarthu. Agus duine ag féachaint ar sin, fágann sé go bhfuil contaetha gan aon duine ar bhord an údaráis ar feadh tréimhse ceithre bliana beagnach. Tá an baol ann agus tá gach cosúlacht go dtarlódh sé sin ó thaobh Corcaí agus amach anseo ó thaobh Phort Láirge agus na Mí.

Gan dabht, do laghdaíodh maoiniú an údaráis ag an am céanna go raibh dualgais bhreise á chur chun cinn ar an údarás ó thaobh pleanáil teanga agus ag am cúlú eacnmaíochta nuair a bheadh breis fostaíochta ag teastáil. Braithim go bhfuil sé an-tábhachtach dá fhéadfadh an Aire agus ionadaithe an údaráis suí síos le chéile agus go mbeadh deis ag an Aire an obair tréan atá an údaráis á déanamh a fheiceáil agus go mbeadh deis ag an údarás é a chur i bhfeidhm uirthi cé chomh tábhachtach is atá sé breis airgid a chur ar fáil chuig an údarás. Molaim don Aire bualadh le hionadaithe an údaráis más féidir in aon chor. Cabhródh sé go mór.

Cabhair mhaith a bheadh ann, más féidir é a chur i bhfeidhm le comhchoiste Dála, dá d'fhéadfaí cúrsaí Gaoluinne a chur chun cinn anseo sa Dáil nó san Oireachtas go forleathan agus i measc an Rialtais. Thaispéanfadh sé ceannaireacht. Tá deis iontach againn ansan.

Do luadh maoiniú arís agus arís eile anseo inniu agus tá an figiúr den €18 milliún breise luaite. Táim cinnte faoin tslí go cuirfeadh sé os cionn 1,000 post breise chun cinn agus chomh maith go dtabharfadh sé borradh eacnamaíocha ó thaobh cúrsaí Gaoluinne.

Ní theastaíonn uaim an iomad am a chaitheamh le hairgead. Teastaíonn uaim díriú ar an chéad rud eile agus is é sin cúrsaí oideachais. Tá ról an-lárnach ag an gcóras oideachais agus ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus iad ag obair le chéile leis an Aire Gaeltachta. Sna ceantair Ghaeltachta, má thógfaimid i dtosach na scoileanna beaga tuaithe go háirithe, áit a bheadh an daonra ag ísliú agus ag ardú agus go mbeadh baol i gcónaí ann go gcaillfí múinteoir, cuireadh sé sin brú ar aon bhunscoil timpeall na tíre. Ach, sna ceantair Ghaeltachta, tá freagracht nó pribhléid breise ag scoileanna Gaeltachta. Caithfidh an tAire suí síos agus féachaint ar an gcóimheas daltaí ó thaobh na scoileanna Gaeltachta. Más féidir le scoil a thaispeáint go bheidh an daonra ag teacht thar nais suas arís i gceann bliana nó dhó, ba chóir go mbeidís ábalta an múinteoir a choimeád. Cabhródh sé go mór le scoileanna beaga tuaithe Gaeltachta. Táim ag smaoineamh, mar shampla, ar scoil i mo cheantar féin i mBéal Átha an Ghaorthaidh lena gcabhródh sé go mór, agus tá go leor eile timpeall na tíre.

Do luadh cheana féin an Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh, áit a bhfuil 100 duine ag teacht isteach i rang na naíonáin bheaga agus, leis an éileamh ollmhór atá ann, a bhfuil an líon céanna daoine nach bhfuil spás ar fáil dóibh. Tá sé soiléir go bhfuil an-ghá le múinteoirí breise agus scoileanna breise chun cabhrú ó thaobh Gaelscolaíochta de. Tá scoil nua i ndán do Bhaile an Chollaigh in 2017. Tá sé soiléir go bhfuil éileamh ann. Tá na figiúirí ann. Mar sin, molaim don Aire chun dul i bplé leis an Aire Oideachais agus Scileanna agus, más féidir, Gaelscoil eile a chur ar fáil do mhuintir Bhaile an Chollaigh atá ag taispeáint go bhfuil an éileamh ann. Tá na figiúirí ann cheana féin.

Anuas ar sin chomh maith, tá ábhar práinneach ann do Ghaelscoil Bhaile an Chollaigh i gcomhair mí Mheán Fómhair. De réir an staffing schedule atá ann, tá an daonra acu i gcomhair múinteoir breise ach níl an tAire Oideachais agus Scileanna ag ceadú mhúinteoir breise don scoil. Sin in ainneoin go bhfuil an daonra acu de réir an staffing schedule. Molaim don Aire Oideachais agus Scileanna agus don Aire Gaeltachta suí síos le chéile agus an múinteoir breise a thabhairt agus a cheadú don Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh chun go mbeadh an scoil ábalta freastal ar na scoláirí agus ar an éileamh ollmhór atá ann, agus tá sé soiléir ós na figiúirí go bhfuil sé ann.

Mar fhocal scoir, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an t-atmaisféar báúil ní hamháin timpeall na tíre ach laistigh den Rialtas agus go gcuirfí na hacmhainní atá ag teastáil ar fáil do na húdaráis éagsúla chun dul i mbun a ngnó.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach aon Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo inniu.

While there were some positive proposals and constructive statements, it is disappointing that some Deputies did not use their time to be constructive, rather they spent their time giving out and offered little by way of solutions and fresh thinking on the promotion of the Irish language. Deputy Brendan Griffin offered a good suggestion that towns in Gaeltacht areas twin with towns outside them. That is certainly a good idea that is worth progressing.

Deputy Aindrias Moynihan had some interesting things to say about the school in Ballincollig. Perhaps he might pass on the details to me and I will be happy to pass them on to the Minister for Education and Skills, Deputy Richard Bruton.

I want to remind some Opposition Deputies of the reason funding for the Gaeltacht was cut. It was due to the economic crisis in which the last Fianna Fáil-led Government landed the country. Also, funding was not cut only in the Gaeltacht; it was cut across the budgets of all Departments.

I want to set the record straight. It was during the term of the previous Government that the derogation for the Irish language in the European Union was granted.

Níl mórán Gaeilge agam ach ba mhaith liom léargas a thabhairt ar chuid de na beartais a bheidh i gceist ag an Rialtas seo chun tacú le caomhnú na teanga.

Deputies will be aware that the programme for a partnership Government recognises that the Irish language is of crucial importance to our heritage and culture and includes a number of specific comments to preserve and support the language. By systematically implementing the 20-year strategy for the Irish language, the new Government will help increase the number of people using Irish in their daily lives and ensure Irish becomes a more visible language in today's society both as a spoken language and in areas such as signage and literature.

Much debate has centred around the lack of funding. Deputies will be pleased to know the programme for Government also contains a focus on job creation in the Gaeltacht through Údarás na Gaeltachta, which will share a €300 million jobs fund with Enterprise Ireland.

The Government also wants to encourage the attendance by children in Irish preschools, naíonraí, in Gaeltacht areas. We recognise the importance of the status of Irish as a full working language of the European Union institutions and work towards ending the derogation. The derogation has been lifted and a recruitment process will begin shortly. We plan to increase investment in the Irish language as the public finances allow.

Like other Deputies, I studied Irish and sat exams in school but, like so many people who learned Irish in school, my competency in the language has faded over the years because I did not have cause to use it. I have made efforts to improve my Irish during the past two years and I plan to redouble these efforts in the years ahead. I acknowledge the huge amount of work done by my colleague, Deputy Joe McHugh, his role as Minister of State with responsibility for the Gaeltacht. He had full delegated responsibility for the Gaeltacht and the Irish language during his term of office and he confounded his critics by throwing himself wholeheartedly into the language. He is a fantastic example of how it is possible to reconnect with the language. His experience will have encouraged others to be brave enough to speak the cúpla focal again. People who lecture others about not having fluent Irish and not being able to speak the language put people off speaking Irish and, sometimes, do more damage to the language. I acknowledge the passion for the language held by so many Members of the House.

Earlier, Deputy Catherine Murphy said there was much more interest in our culture in the United States then there was here. I refute this comment. There has been a major revival and interest in our culture, heritage and history, which was highlighted and reflected in the 2016 commemorations. A major revival in and hunger for our culture has been at the heart of the commemorations. We need only look at the schools flag programme, Proclamation day and how our young people reconnected their flag in their history. I acknowledge the co-operation of many organisations in the commemoration. I particularly thank the teachers of Ireland who helped our young people connect with our heritage and culture.

We must all work together in the best interests of the language and explore new ways to support and expand the use of Irish so it permeates through our lives and all parts of our daily activities. Even if we use only a few words of Irish, we should think about Irish, and we must encourage more of that. Gabhaim buíochas arís leis na Teachtaí uile a labhair ar an ábhar seo.