Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Feb 2024

Vol. 1049 No. 1

Lá Fhéile Bríde - Pause for Peace

Táimid ag bogadh anois go dtí Ceisteanna ó Cheannairí ach, roimhe sin, mar is eol don Teach, is é seo Lá Fhéile Bríde, tús an earraigh agus an athfháis sa saol a caitheadh. Ní mór dúinn ceist a chur orainn féin cé hí an bhean seo a bhfuil clú agus cáil uirthi, 1,5000 bliain tar éis a báis cothrom an ama seo. Ó mo thuairim féin, bean láidir neamhspleách ab ea í nach raibh scáth ná eagla uirthi labhairt amach ar son na fírinne, bandia agus naomh araon, agus taithí aici sa dá saol, an domhan Ceilteach agus domhan nua na Críostaíochta. Bean ildánach, ilchumasach agus iléirimiúil, bean na míorúiltí agus na leigheasanna, agus bean na síochána ab ea í. Ba bhean í a raibh meas as cuimse aici ar an dúlra agus a thuig a thábhachtaí is a bhí sé agus, ar ndóigh, is atá sé níos mó ná riamh inniu, agus obair as lámh a chéile leis an nádúr seachas seilbh a ghlacadh air. Bean a chaith a saol mar eadránaí athmhuintearais agus mar theachtaire na síochána. Ar chuile leibhéal, is eiseamláir agus treoraí dúinne í má tá sé de mhisneach againn mar thír neamhspleách glacadh leis an dúshlán a thug sí dúinn agus, go háirithe, le brúidiúlacht na cogaíochta ar ár dteilifís chuile lá. Is dócha go bhfuil sé aontaithe i measc na mBall go mbeidh nóiméad amháin againn in ár dtost.

Members rose.
Top
Share