Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Mar 2025

Vol. 1064 No. 7

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste

Aontaíodh ailt 1 agus 2.
ALT 3
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 3 mar chuid den Bhille."

Tá ceist agam maidir leis seo agus is é seo ceann de na rudaí atá gafa chomh maith le leasú atá agam níos sia ar aghaidh. Tá míniú á thabhairt anseo maidir le comhaltaí ceaptha. Táim den tuairim nár chóir go mbeadh comhaltaí ceaptha ach gur comhaltaí tofa a bheadh i gceist. Ar líne 11, ar leathanach 9 den Bhille luaitear i lúibíní: “ciallaíonn ‘comhalta ceaptha’ comhalta dá dtagraítear in alt 6(2)(a)”. Is é sin an ceann atá i gceist agam i leasú Uimh. 2. Is é sin an fáth go mbeadh sé i gceist agam leasú a chur síos ar Chéim na Tuarascála chun déileáil leis seo ag an staid sin seachas díreach ar an gCéim atá luaite i leasú Uimh 2.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
ALT 4
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 4 mar chuid den Bhille."

Maidir le halt 4, ní hé nach n-aontaím leis ach is é go bhfuilim ag lorg soiléiriú. Tá cumhachtaí cuibheasach as cuimse, de réir cosúlachta, á mbronnadh ag an Aire air féin anseo. Nuair a théitear ag líne 27, luaitear in alt 5A.(2)(b): “féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu nó ann is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán nó an ordaithe.” Níl a fhios agam an fáth go bhfuil an cheist seo chomh hoscailte is atá sé leagtha síos anseo. Má tá cumhachtaí breise agus má aithnímid ag an staid seo go bhfuil cumhachtaí breise de dhíth ar an Aire maidir le hÚdarás na Gaeltachta, ba chóir go mbeadh siad sainordaithe nó sonraithe ag léiriú cad go díreach atá i gceist leo mar níl a fhios agamsa cad iad an sórt forálacha atá i gceist anseo. Ní fheicim gur gnáthchleachtadh é a bheith chomh oscailte leis seo. Tuigim anois is arís go mbíonn gá le treoracha eile nó go mbíonn cead ag an Aire rialacháin a dhéanamh agus a chur faoi bhráid na Comh-aireachta agus níl aon rud anseo ag rá go bhfuil aon cheann de na cinntí seo a bheith gafa leis na cinntí a bheadh anseo, is é sin go mbeadh an tAire ag teacht os comhair na Dála nó coiste le haon fhoráil bhreise a bheadh i gceist. Tá an tAire ag bronnadh na gcumhachtaí seo air nó uirthi féin. An féidir leis an Aire míniú nó soiléiriú a thabhairt dúinn agus ansin go mbeimis in ann bogadh ar aghaidh ón alt seo mar go bhfuil sé tábhachtach?

Toisc go bhfuilimid ag déileáil chomh maith-----

Táimid ag déileáil le halt 4 agus an chuid a deir go leasaítear an príomh Acht leis an alt seo a chur isteach. Is alt 5A(2)(b) atá i gceist agam. Tá sé beagáinín níos casta ná an ghnáthfhoráil a bheadh ann ag an staid seo. Níl a fhios agam ach tuigim, uaireanta, go mbíonn nithe breise de dhíth ar an Aire nach bhfuil clúdaithe sna rialacháin ach tá sé seo ag dul chun tosaigh ar na rialacháin i mo thuairim féin agus níl aon oversight ag an gcoiste nó ag an Dáil ar na rialacháin atá anseo mar níl sé leagtha síos.

An bhfuil leasú ann nó-----

Tá mé ag lorg soiléiriú maidir leis an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte seo nó an bhfuil sampla ann ar céard atá i gceist sna cumhachtaí nó sna forálacha breise seo nó an bhféadfadh an tAire tabhairt faoi seo.

Sula mbogann an Teachta ar aghaidh, an bhfuil cóip de na leasuithe ar fáil? Is there a copy of the amendments available?

We will ask the Clerk to provide a copy.

Níl mé iarraidh cur isteach ar an obair, ach ma tá, bheadh sé go maith.

We will get an usher to provide a copy.

I can go to the Library to get them.

An usher has gone to get a set of amendments. He has them now and I thank him.

Caithfidh mé teacht ar ais go dtí an Teachta ach rachaimid ar aghaidh leis na leasuithe ach tiocfaidh mé ar ais chuige amárach chun na sonraí sin a sholáthar. Tá brón orm ach caithfimid dul ar aghaidh leis na leasuithe ach tiocfaidh mé ar ais ag an Teachta leis na sonraí sin. Tá brón orm faoi sin.

Níl leasú curtha síos agam mar nílim ag rá go bhfuil mé ina choinne. Nílim ach ag iarraidh ceist a chur ar an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte sin. B'fhéidir gur gnáthfhoráil é ach ní cuimhin liomsa é a bheith chomh hoscailte sin i reachtaíocht eile. Más é seo an gnáthchleachtas, bheinn ag cur leasú amach anseo ag rá má tá rialachán dá leithéid á dhéanamh gur chóir go mbeadh na rialacháin seo ag teacht os comhair an choiste agus an tAire ag teacht chun míniú a thabhairt ar an bhfáth go bhfuil siad ann mar go bhfuilimid ag bogadh sa treo nach bhfuil rialacháin díreacha á ndéanamh ag an Aire ar aon rud seachas mionrudaí ar gá dó nó di a dhéanamh. Má táimid ag déanamh rialacháin, ba chóir go mbeimid in ann déileáil leo istigh anseo nó sa choiste. Is é sin an tuairim atá agam, ní hamháin leis an reachtaíocht seo ach maidir leis an reachtaíocht i gcoitinne.

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tuigim an méid atá á iarraidh ag an Teachta agus go mb'fhéidir go mbeidh leasú eile curtha chun cinn ar an gcéad Chéim eile. Tiocfaidh mé ar ais leis na sonraí amárach nó b'fhéidir dé hAoine.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
ALT 5

Amendment No. 1 has been ruled out of order.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 1.

Tairgim leasú Uimh. 2:

Ar leathanach 11, líne 16 a scriosadh.

Ní thuigim i gceart an fáth go bhfuil leasú Uimh. 1 as ord. Tuigim ach bíonn an argóint seo agam de shíor. Bíonn sé an-deacair dúinn ar an taobh seo den Teach aon rud a chur chun cinn atá ag iarraidh cuidiú leis an bpobal, nó fiú cuidiú leis an Rialtas sa chás seo, má tá muirear ar ioncam i gceist. Déanann sé seo deacair dúinn. Sa chás seo táimid nó bhíomar ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go raibh ionadaithe ó thoghcháin i gceantair bhreise i gceist agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin arís. Is é sin leasú Uimh. 1 agus táimid ag déileáil leis an alt i gcoitinne.

Sa chás seo, táimid ag plé le leasú Uimh. 2 agus is é an rud atá i gceist anseo ná go scriosfaimid an méid atá ar leathanach 11, áit a deir sé go mbeadh sé chomhalta á gceapadh ag an Aire. Táim agus ár bpáirtí i gcoinne an sórt ceapacháin seo. Táimid in ainm is a bheith ag dul i dtreo an daonlathais maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus is é an tuairim atá agamsa ná gur chóir go mbeimid ag déanamh cinnte de go mbeadh gach uile baill do bhord Údarás na Gaeltachta tofa agus ansin go mbeimis ag rá gurb é seo an daonlathas sna ceantair sin mar go mbeadh siad ag déanamh an rogha agus ní mise agus ní an tAire. Níl a fhios agam an bhfuil an tAire ina chónaí sa Ghaeltacht; níl cónaí orm sa Ghaeltacht. Is an gnáthphobal a bheadh ag déanamh an rogha sin díreach mar atá á dhéanamh ag na comhairlí contae timpeall na tíre agus i dTithe an Oireachtais; an pobal a dhéanann an rogha.

Cuirfimid muinín sa phobal an rogha ceart a dhéanamh. Uaireanta, déanann siad an rogha mícheart. I dtuairim an Aire, b’fhéidir go ndéanann siad an rogha mícheart uaireanta eile ach sa deireadh thiar thall is é sin an daonlathas agus bíonn toghcháin i gceist. Má tá 16 i gceist, is slam mór é sin. Tá an chumhacht i gcónaí – cosúil leis an Seanad i slí amháin – ag an Aire. Ní tromlach atá acu ach is dream mór iad. Sa Seanad, tá 11 duine as 60 roghnaithe ag an Taoiseach. Tá sé seo beagnach ar an scála céanna le beagáinín níos mó. Bheadh breis is 35% dóibh siúd a bheadh ar an mbord seo roghnaithe ag an Aire. Is é sin an fáth sa leasú nach bhfuil glactha leis go raibh muidne ag rá gur chóir go mbeadh méadú. Bhíomar ag rá go mbeadh bord níos mó ná deichniúr ann agus go mbeadh daoine as gach uile carn den Ghaeltacht. Bhí sé leagtha síos cé mhéid comhalta as gach uile chuid den tír. Mar a dúirt mé tá an leasú as ord. Tiocfaidh mé ar ais chuige mar táimid ag déileáil leis i gcoitinne, ach bhí sé sin níos daonlathaí agus dírithe ar na pobail. Ní mise amháin atá á rá seo. Rinneamar déileáil leis seo i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mion. Bhí cruinnithe againn agus bhí a lán daoine os ár gcomhair ag tabhairt a gcuid tuairimí. Níor aontaigh gach duine lena chéile ach bhí moltaí ann gur chóir go mbeadh muid ag bogadh níos mó i dtreo comhaltaí a bheith tofa seachas a bheith roghnaithe ag Aire.

Ar an gcéad dul síos, tuigim go bhfuil leasuithe Uimh. 1 agus Uimh. 3 as ord. Ní aontaím leis an gcinneadh sin, ar ndóigh. Mar dhuine atá ag cur faoi i gceantar Gaeltachta agus mar dhuine, roimh dom bheith i mo Theachta Dála, a bhí i mo chomhairleoir ag déanamh ionadaíochta ar cheantar Ghaeltachta, tá a fhios agam go bhfuil an t-éileamh ann ón bpobal go mbeadh Údarás na Gaeltachta iomlán daonlathach. Tá sé sin againn sna comhairlí áitiúla - déanaim tagairt anseo do leasú Uimh. 2 - agus níl an tAire tithíochta ag iarraidh go mbeadh cead aige nó aici comhairleoirí a cheapadh ar na húdaráis áitiúla.

Ní fheictear dom go bhfuil aon mhaitheas, aon chúis nó argóint á dhéanamh ag aon duine, nó aon éileamh á dhéanamh ag aon duine, go mbeadh an tAire in ann comhaltaí boird a cheapadh ar an údarás nuair atá an t-éileamh a bhí á dhéanamh i gcónaí - ag daoine ó gach páirtí agus daoine neamhspleácha - go mbeadh toghchán tagtha thar n-ais agus go mbeadh iomlán na gcomhaltaí boird tofa ag muintir na Gaeltachta. Tá seanphrionsabal ann i dtaobh cúrsaí daonlathais go mbeadh na daoine atá ag déanamh na gcinntí tofa agus freagrach do na daoine atá á roghnú agus sílim go bhfuil orainn freastal ar an mbunphrionsabal sin agus muid ag déileáil leis seo. Cinnte, thar cheann Gaeltacht na nDéise, is é sin an t-éileamh atá againn i bPort Láirge. Ach ag caint le daoine i gceantracha Gaeltachta eile ar fud fad na tíre seo, an t-éileamh atá acu ná go mbeadh an struchtúr nua daonlathach seo iomlán daonlathach mar bhunphrionsabal. Is é sin an fáth go raibh leasú Uimh. 1 leagtha síos. Is é sin an fáth go rabhamar ag iarraidh i bhfad níos mó comhaltaí boird a bheith ainmnithe anseo le leasú Uimh. 1 atá as ord, ionas go mbeadh deis ag na ceantracha Gaeltachta a rogha daoine a thoghadh ar an mbord seo ionas gur féidir tuairimí níos leithne a fháil. Mar shampla, b'fhéidir go mbeadh beirt tofa ó Ghaeltacht na nDéise. Is ceantar beag ach ceantar an-tábhachtach é. Is cuid do chroílár Ghaeltacht na hÉireann é, an t-aon ceantar Gaeltachta ina bhfuil líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais tar éis fás thar tréimhse dhá dhaonáireamh, atá ag dul i gceart agus áit a bhfuil an-chuid gá le fostaíocht, le tithíocht agus le rudaí den tsaghas sin. Táimid ag moladh go mbeadh an deis acu beirt a toghadh agus ceantracha eile chomh maith. Táimid ag lorg an daonlathas is mó gur féidir linn a bhaint amach anseo agus an ionadaíocht. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú curtha síos againn.

Cuirim fáilte leis an mBille seo chun Údarás na Gaeltachta a bhuanú. Ba chóir go mbeadh plé ar gach cúram a bhaineann leis an nGaeltacht, go mórmhór i gCiarraí. Tá a fhios agam go mbíonn an t-údarás ag plé le cúrsaí cosúil le pleanáil teanga, tionscail agus forbairt pobail. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh an t-údarás in ann caint agus díospóireacht a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí pleanála, cúrsaí tithíochta, cúrsaí iascaireachta agus an t-ospidéal. Tá an-chuid fadhbanna againn faoi láthair mar gheall ar an easpa leapacha in iarthar Chiarraí ar an leithinis. D'eagraigh an Comhairleoir Robert Brosnan agóid ar an gcist sin sa Daingean an Satharn seo caite.

Maidir le bheith níos daonlathaí, níos féaráilte, níos sásúla agus níos freagraí do na daoine i gCiarraí, feicim sa Bhille seo nach mbeidh ach suíochán amháin i gCiarraí agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin féaráilte. Sin leath den uimhir suíocháin a bhí againn in 2005 agus sa Bhille seo ní bheidh aon ionadaí in Uíbh Ráthach. Ní bheidh aon ionadaíocht ag na daoine go léir atá ina gcónaí sa Ghaeltacht i gCiarraí theas - sa Dromaid, i mBaile na Sceilge agus na ceantair sin - agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin sásúil. I gcomparáid leis sin, mar chuid de mholadh Shinn Féin, bheadh dhá cheantar toghcháin i gCiarraí agus trí shuíochán. Sin 12% de na suíochán iomlán. Ba chóir go mbeadh ceann breise anuas ar an mhéid a bhí ann sa toghchán in 2005. Ba chóir go mbeadh dhá shuíochán i gCorca Dhuibhne agus ceann amháin eile i gCiarraí theas le bheith níos sásúil. Táimse ag áitiú go n-aistreoidh an tAire a aigne mar gheall ar na hionadaithe sin agus go ndéanfaidh sé athrú.

Tá sé go maith go bhfuil sé seo á phlé againn sa Dáil anocht. Mar is eol don Aire, táim cinnte, go minic mothaíonn muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeltachta nach bhfuil gá sách láidir acu agus nach n-éistear lena nguth. Ceann de na príomhrudaí atá á éileamh acu le fada an lá ná go mbeadh toghchán tagtha ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta. Is mór an trua é nach nglacfar le leasú Uimh. 1 áit a chur muid an méid chun tosaigh chun a chinntiú go raibh an ionadaíocht is láidre ag an údarás. Chomh maith leis sin, agus muid ag caint ar an ionadaíocht sin, is dócha gur b’shin ceann de na príomhrudaí. B’fhéidir go mothaíonn muintir na Gaeltachta go gcabhródh sé sin lena nguth a ardú agus go mbeadh cinntí déanta ar bhonn daonlathach sa nGaeltacht í féin. Tá sé go maith go bhfuil sé seo á phlé againn ach mothaím go láidir gur mhór an trua é nár glacadh le leasú Uimh. 1 mar chuid de seo.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo agus gabhaim buíochas leis an Aire as ucht teacht anseo agus ar ndóigh as an Bille a chur os comhair na Dála. Is léir go bhfuil rudaí maithe sa Bhille seo. Tugann sé na toghcháin do na réigiún agus na réigiúin Ghaeltachta agus is rud an-mhaith é sin agus cuirim fáilte roimhe. Tuigim go bhfuil an-obair curtha isteach ag an Roinn agus ag an Aire go dtí an pointe seo. An gcasfaidh an tAire le muintir Chonradh na Gaeilge agus le Tinteán faoin mBille agus faoi chuid de na ceisteanna atá acu go dtí seo? Cuirim fáilte roimh an mBille seo áfach. Tá an-obair curtha isteach ann ach tá ceisteanna beaga agus roinnt ceisteanna móra fós ann agus fáiltím rompu.

Fáiltím roimh an mBille seo agus go bhfuilimid faoi dheireadh na dála ag an bpointe go bhfuil muid ar Chéim an Choiste. Is maith an rud é sin. Mo bhuíochas leis an iarAire, Éamon Ó Cuív, a chur tús leis an bpróiseas seo. Tá sé tábhachtach é sin a aithint. Lean muidne ar aghaidh, agus seisean freisin. Ní raibh sé ina bhaill den choiste ach d’fhreastail sé go mion minic ar na cruinnithe. Ní mór dom é sin a rá go poiblí. Ach táimid anseo anois.

Is é an rud is dearfaí ná go mbeidh toghchán ar ais. Is é sin an rud atá ag teastáil go géar. Tá muid, agus an tAire, faoi bhrú chun an toghchán a thabhairt ar ais d’Údarás na Gaeltachta. Tá muid go léir d’aon guth ó thaobh an ábhair sin.

Agus mé ag taisteal timpeall na tíre leis an gcoiste, ag dul siar nuair a bhí mé i mo Chathaoirleach agus nuair a bhí an Teachta Ó Snodaigh ina Chathaoirleach ar an gcoiste deireanach, is iad na téamaí ceannann céanna a tháinig suas arís agus arís eile. Clúdaíonn na trí leasú ceann amháin de na téamaí sin. Bhí réimse téamaí i gceist, cúrsaí tithíochta nó easpa tithíochta go háirithe. Maidir le hionadaíocht, áfach, clúdaíonn na trí leasú sin ionadaíocht bealach amháin nó bealach eile. Faraor, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil intinn an Aire déanta suas aige agus beidh seisear agus deichniúr i gceist.

Ní thuigim an fáth a bhfuil leasuithe Uimh. 1 agus 3 as ord, agus tá leasuithe eile curtha agam, ach amháin ar chúrsaí airgid. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá sé thar a bheith deacair feidhmiú mar dhuine den Fhreasúra agus leasuithe a chur chun cinn. D’fhreastail mé ar gach cruinniú. Bhí mé anseo, cosúil leis na Teachtaí Dála eile. Déanann muid ár ndícheall a bheith páirteach sa phróiseas ionas go mbeadh Bille níos fearr againn ach, faraor, beidh an Bille seo ag dul tríd. Ar leibhéal amháin, beidh mé sásta de bharr na gcúiseanna a dúirt mé.

Maidir le hionadaíocht, áfach, thaisteal muid timpeall na tíre go gach Gaeltacht agus ba é an téama ba láidre, taobh amuigh de chúrsaí tithíochta, ná nach raibh aon rialtas ag éisteacht leo. Ní raibh carthanas ag teastáil uathu beag ná mór. Bhí guthanna láidre acu agus bhí siad ag cur in iúl na bhfadhbanna agus na réiteach. Is é ceann de na réitigh shimplí ná ionadaíocht níos fearr a bheith ar an údarás nua agus go mbeadh, ar a laghad, ionadaíocht ó gach Gaeltacht ar an mbord. Ní dóigh liom gur éileamh an-mhór é sin. Tá íomhá Uíbh Ráthaigh go láidir i m’aigne agus na deacrachtaí atá acu siúd de bharr chúrsaí tíreolaíochta agus an chaoi a bhfuil an Ghaeltacht leagtha amach. Is é an t-aon éileamh a bhí acu maidir le hionadaíocht ná go mbeadh duine ón Ghaeltacht sin ar an mbord nua. Níl tásc na tuairisc air sin. Ní hamháin sin ach tá dhá leasú as ord.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Is deas an rud é an Bille a fheiceáil. Bhí m’ainm ar Bhille cosúil leis seo roimhe seo freisin. Is iontach an rud é go mbeidh guth na Gaeltachta le cloisteáil arís istigh go daonlathach san údarás. Tá sé sin an-tábhachtach ar fad. Tá níos mó eolais ag muintir na Gaeltachta ná aon duine eile mar gheall ar na dúshláin atá os a gcomhair agus na deiseanna atá ann dóibh freisin. Tá sé dochreidte gur baineadh an guth sin uathu mar gheall ar an easpa daonlathais atá sa chóras anois.

Caithfidh muid a bheith ionraic freisin. Tá deacrachtaí ollmhóra ag na Gaeltachtaí. Dúirt mé cheana nach bhfuil ach 500 páiste sa Ghaeltacht idir a trí is ceithre bliana d’aois a labhraíonn an Ghaeilge lá i ndiaidh lae. Is líon an-bheag é sin. Taispeánann sé cé chomh deacair is atá todhchaí na Gaeltachta mar gheall ar phobal Gaeilge a labhraíonn í gach lá.

Tá deiseanna ann do gach aon Ghaeltacht. Tá deiseanna agus dúshláin difriúla i gceist dóibh. Ba cheart go mbeadh ionadaí ag gach ceann de na Gaeltachtaí sin istigh san údarás as seo amach. Dúirt mé leis an Aire cheana, agus sheol mé ríomhphost chuige ar an ábhar seo. Dúirt sé liom teacht ar ais chuige tar éis shaoire Lá Fhéile Pádraig agus sin atá mé á dhéanamh anois. Is Gaeltachtaí iad Ráth Chairn, An Rinn agus Baile Bhuirne atá in aice le bailte móra. Tá daoine sna bailte móra sin atá ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge agus tá talamh chun tithe a thógáil iontu le go mbeidh daoine in ann bogadh chucu agus a gcuid clann a thógáil go hiomlán i nGaeilge.

Bhí na heagraíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge os comhair na Dála inniu ag léiriú cé chomh deacair is atá rudaí dóibh anois mar gheall ar an easpa maoinithe atá ag teacht ó Fhoras na Gaeilge. Níl aon dul chun cinn tagtha ar an gceist sin ar chor ar bith le 20 bliain, b’fhéidir. Tá sé sin dochreidte. I mo thuairim, tá slite eile gur cheart don Rialtas a úsáid chun maoiniú a thabhairt do na heagraíochtaí sin. Caithfidh an maoiniú teacht go luath mar tá go leor dóibh i gcruachás. Caithfidh an Rialtas a bheith sásta an t-airgead a thabhairt do na heagraíochtaí sin chun go mbeidh siad in ann feidhmiú amach anseo romhainn.

Ba mhaith liom go mbeadh an tAire oscailte don chur chuige atá ag an Teachta Ó Snodaigh istigh anseo go mbeadh daoine ón Ghaeltacht tofa ar an mbord agus nach mbeidh an tAire ag ceapadh cúigear, seisear nó cibé uimhir atá ann as seo amach.

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an díospóireacht seo a bheith againn anseo anocht. Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Tá sé go maith go mbeidh cuid den bhord sin tofa arís, mar a bhí blianta ó shín. Caithfidh muid a bheith cúramach ó thaobh na n-uimhreacha ar an mbord, gan iad a bheith rómhór mar tá sé tábhachtach go mbeidh an bord in ann oibriú go maith le chéile agus straitéis an údaráis a chur chun cinn sna blianta atá romhainn.

Mar a dúirt mé níos luaithe, tá athraithe beaga sa Bhille ó thaobh tithíochta de agus ó thaobh na n-acmhainní agus an róil a bheidh ag an údarás i leith tithíochta agus talamh a dhíol nó a chur ar fáil do na approved housing bodies, AHBs. Sa chlár Rialtais, tá aidhm faoi leith ann go mbeidh ról níos lárnaí ag an údarás ó thaobh thithíocht, dídean, a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta agus seirbhísí pobail, a mbeadh baint acu leo sin, a chur ar fáil. Tá seans é sin a dhéanamh leis an údarás. Níl sé sin sa Bhille seo ach ba mhaith liom cloisteáil ón Aire faoi seo. B’fhéidir go mbeadh Bille eile ag teacht. Tá seans ag an Rialtas Bille eile a chur i bhfeidhm sna blianta atá romhainn ó thaobh na Dála seo de leis sin a dhéanamh. Ní bheidh sé éasca. Tá sé deacair oibriú amach go díreach cén cumhacht agus acmhainní ar cheart go mbeadh ag an údarás mar tá na comhairlí contae - Comhairle Chontae na Gaillimhe agus na comhairlí contae eile - in intinn chomh maith. Is fiú é a dhéanamh, áfach, agus an ról sin a thabhairt don Údarás.

Blianta ó shín, is é an job a bhí ag an údarás ná fostaíocht a chruthú. Bhí neart tithíochta ach ní raibh aon fhostaíocht ar fáil. Tá sé sin iompaithe bun os cionn anois. Tá jab maith déanta ag an údarás ó thaobh fostaíochta de ach tá géarchéim tithíochta anois i gConamara agus i nGaeltachtaí eile.

Fáiltím roimh an mBille seo ó thaobh an daonlathais de ach tá mé ag súil le Bille eile ag teacht.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Bhille seo ar ais sa Dáil. Tá súil agam go ndéanfar cinnte anois go mbeidh toghchán Údarás na Gaeltachta againn i mbliana, b’fhéidir ar an lá céanna is a bheidh toghchán fá choinne na hUachtaránachta.

Ar ndóigh, tá mé féin thart fada go leor agus tá cuimhne agam ar an chéad toghchán d’Údarás na Gaeltachta in 1979. Ba é an t-iarTheachta Dála as Maigh Eo, Donncha Ó Gallchóir, a bhí ina Aire ag an am sin, cosúil leis an Aire reatha arb as Maigh Eo dó fosta. Is cuimhin liom an lá nuair a bhí an toghchán sin againn. Bhí sé againn i rith an gheimhridh agus bhí sé ag cur báistí i rith an lae. Bíonn sé iontach deacair daoine a fháil amach i rith an gheimhridh agus an aimsir chomh olc sin. Tá súil agam go mbeidh an aimsir níos fearr agus go mbeidh sé ar an lá céanna mar beidh sé níos éasca daoine a mhealladh amach chun a vóta a chaitheamh ar an lá sin.

Chaith mé tréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta ó 1989 go dtí 1994. Bhí cúraimí na Gaeltachta orm nuair a bhí an t-iarThaoiseach, Cathal Ó hEochaidh, mar Aire Gaeltachta ag an am sin. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ábalta poist a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Gan Údarás na Gaeltachta, tá mé cinnte de nach mbeidh an oiread sin post sa Ghaeltacht.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh lántacaíocht an Aire, agus tá a fhios agam go mbeidh, don seans seo maoiniú ceart a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun jabanna a mhealladh go dtí na háiteanna ar imeall an domhain, cosúil le hiarthar Dhún na nGall, Contae Mhaigh Eo, Contae na Gaillimhe agus áiteanna eile. Ar ndóigh, beidh ceisteanna faoin leasú seo. Nuair a bheidh an toghchán thart agus an deichniúr tofa mar ionadaithe ar Údarás na Gaeltachta, agus ba mhaith liomsa go mbeadh níos mó ná beirt againn i nDún na nGall ach, mar a dúradh liom, tá an deichniúr bunaithe ar an daonra sna réigiúin éagsúla agus caithfear glacadh leis sin, beidh deis ag an Aire seisear a ainmniú ansin agus bí cinnte de go mbeidh siad ag dul thart ar na Gaeltachtaí go léir agus b’fhéidir ar na n-oileán. Ní bheadh a fhios agat. Tá súil agam go mbeidh sé ábalta teacht ar réiteach maidir leis sin.

Go ginearálta, cuirim fáilte roimh an méid seo agus cuirim fáilte roimh an Aire. Ní hé an chéad Aire Gaeltachta as Contae Mhaigh Eo. Smaoiním ar dhaoine cosúil le Paddy O'Toole, Donncha Ó Gallchóir agus Pádraig Ó Floinn. Tá go leor oibre le déanamh ag an Aire ach tá a fhios agam go bhfuil a chroí sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge. Molaim go mór é ós rud é gur seo ceann de na céad Billí a tháinig ar ais go dtí an Dáil. Bhí sé anseo roimhe. Gheobhaidh an tAire lántacaíocht na Teachtaí atá anseo ag déanamh ionadaíocht thar ceann na Gaeltachta. Tá an Ghaeltacht i bhfad níos mó ná an Ghaeltacht amháin; tá pobal na Gaeilge ann. Deirtear liom go bhfuil níos mó daoine i mBaile Átha Cliath ag labhairt Gaeilge nó mar atá sna Gaeltachtaí eile. Tá pobal na Gaeilge ann agus tá an Ghaeltacht ann. Beidh lántacaíocht le fáil ag an Aire uainn. Ádh mór air.

Mar a luaigh mo chomhghleacaí anseo, is é seo an chéad deis a bhí agamsa labhairt ar phíosa reachtaíochta sa Teach, cé go raibh cuid le rá agam ar ráitis agus ábhair eile. Seo an chéad phíosa reachtaíochta atá deis agam labhairt air, agus cuirim fáilte roimh an mBille. Mar atá ráite ag go leor daoine eile, guím gach rath ar an Aire agus é ag obair air. Gabhaim buíochas chomh maith leis an gcoiste Gaeilge a bhí againn sa Dáil dheireanach as an obair a rinne sé ar an ábhar seo. Aontaím go mór le mo chomhghleacaí trasna an t-urlár uaim agus molaim mo réamhtheachtaí, Éamon Ó Cuív. Rinne sé neart oibre ar an ábhar seo agus ar ábhar na Gaeilge le linn a thréimhse sa Teach. Tá a fhios againn ar fad go raibh ról mór, tábhachtach aige leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht. Aontaím chomh maith le mo chomhghleacaithe as Tír Chonaill os mo chomhair nuair a labhraíonn sé faoi phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Feicim difríocht mhór idir an dá rud. Táimse dóchasach faoi thodhchaí na teanga. B'fhéidir go bhfuil níos mó daoine ag labhairt Gaeilge anois ná mar a bhí riamh, ó bunaíodh an tír thart ar 100 bliain ó shin.

Tá imní orm faoi chúpla ceantar sa Ghaeltacht mar gheall go bhfuil an méid daoine ina gcónaí sna háiteanna sin ag laghdú. Feicim na huimhreacha sna bunscoileanna ann ag laghdú agus tá imní orm gan a dhóthain infheistíocht, tithíocht agus deiseanna oibre go dtiocfaidh laghdú níos mó ar an líon duine sna ceantair sin. Tá imní orthu do na ceantair sin. Mar atá luaite ag go leor eile, tá fadhb thithíochta sa Ghaeltacht. Tá fadhb thithíochta sa tír ach is fadhb ar leith é sa Ghaeltacht nuair atáimid ag iarraidh a chur chun cinn na ceantair sin in labhraítear Gaeilge faoi láthair chun cinntiú go mbeidh siad fós ann agus buan. Tá an imní sin orm agus teastaíonn tuilleadh infheistíochta.

Luaigh mé Éamon Ó Cuív. Nuair a bhí sé mar Aire sa Roinn seo, agus nílim ag cur brú ar an Aire reatha, bhí níos mó airgid aige le caitheamh ar na ceantair Ghaeltachta. Táimid ag tnúth go mór agus ag súil go mbeidh sé mar sin arís agus go mbeidh tuilleadh acmhainní againn sa Roinn seo le caitheamh ar cheantair Ghaeltachta.

Gabhaim buíochas le gach Teachta a bhí páirteach sa díospóireacht. Tá sé iontach, caithfidh mé a rá. Is cuimhin liom nuair a bhí an díospóireacht le haghaidh an tAcht Oifigiúil nach raibh ach triúr nó ceathrar ann le hé a spreagadh. Tá na guthanna go léir anseo anocht. Luaigh an Teachta Pat the Cope Gallagher, agus bhí mé ag cuimhneamh ar, an t-iarAire, Donncha Ó Gallchóir, agus an obair a rinne sé ó bunaíodh an t-údarás agus an chéad toghchán ag an am sin. Is laoch mór é domsa go pearsanta agus laoch mór don Ghaeilge. Cuimhnímid air anocht.

Maidir leis na leasuithe, tá scileanna áirithe riachtanacha mar a bhaineann sé le boird Stáit agus go deimhin le bord Údarás na Gaeltachta. Ní amháin gur bord toghcháin é nó bord áitiúil, is bord Stáit é freisin. Tá sé tábhachtach cuimhneamh air sin. Tugann meascán de bhaill tofa agus baill ceaptha deis chinntiú go bhfuil meascán ábhartha ar an mbord ó thaobh scileanna, taithí san eolas agus iomaíocht de. Tá daoine ag iarraidh go mbeidh daoine breise ar an mbord, ach leis an gcumhacht sin chun daoine a cheapadh, beimid in ann na fadhbanna sin a réiteach. Ós rud é gur bord Stáit atá ann, tá cúrsaí san eolas agus scileanna an-tábhachtach freisin.

An uair dheireanach a reáchtáladh comórtas le haghaidh bord an t-údarás, bhí scileanna áirithe san áireamh nár mhór d'iarrthóirí taithí a léiriú iontu. Is iad na scileanna a bhíonn san áireamh ná, gan dabht, cur chun cinn sa Ghaeilge agus pleanáil teanga, forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, forbairt pobail agus cur chun cinn na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Bhí cáilíochtaí i réimse bainistíochta le boird Stáit cosúil le gnó, bainistíocht, bainistíocht airgeadais nó cuntasaíochta, pleanáil teanga nó forbairt pobail san áireamh chomh maith mar scileanna inmhianaithe. Ní bealach gur féidir na scileanna sin a chinntiú is ea comhlachtaí a bheith ceaptha ag an Aire. Mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá na scileanna sin, ní féidir liom ghlacadh leis an leasú seo.

Tá cúpla rud le rá agam faoi na leasuithe atá curtha ar leataobh. Beidh deis ag éirí as gach ceantar Gaeltachta dul san iomaíocht maidir le toghchán agus comórtas poiblí mar a bhaineann sin le bord an údaráis. Aontaím go mór leis an Teachta Ó Muirí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh bord ann agus gur rud tábhachtach é go mbeadh toghchán ann. Go pearsanta, ní aontaím go gcaithfidh sé a bheith tabhartha ionas go mbeidh sé éifeachtach agus le cothromaíocht a fháil chun go mbeidh éifeachtacht ann agus go mbeidh guth ann, ní hamháin do gach ceantar, ach do na Gaeltachtaí ar fad.

D'fhéadfaí déileáil go cuí le saincheisteanna ionadaíochta ar son na n-oileáin trí na coistí réigiúnacha, mar go rachaidh na coistí seo i ngleic le míbhuntáistí tíreolaíochta a fheictear laistigh de chontaetha nach mbaineann le muintir na n-oileán a mhaolú. Bhí leasú Uimh. 3 ag díriú ach go háirithe ar chúrsaí na n-oileán. Leagann na coistí réigiúnacha tábhacht ar deis a thabhairt do mhuintir na n-oileán bheith ann. Tugann daoine ceaptha deis chomh maith do dhaoine as na n-oileán. Tá sé tábhachtach go mbeidh deis agam caint faoi cé chomh tábhachtach is a bheidh na réigiúin freisin. Beidh seans againn filleadh ar sin ar ball.

Maidir leis na scileanna, caithfimid cuimhneamh gur bord Stáit atá ann freisin. Tá obair le déanamh mar gheall gur bord Stáit atá ann. Tá gá go mbeidh scileanna áirithe ar an mbord chun an obair sin a dhéanamh. Freisin is gá Gaeilge a bheith ag iarrthóirí agus fonn don Ghaeilge freisin. Beimid ag teacht ar ais go dtí cúrsaí tithíochta. Tá sé tábhachtach cuimhneamh ar na scileanna agus go mbeidh deis ag an Aire ag an am, ní amháin mise ach cibé duine a bheidh mar Aire ag an am, daoine a phiocadh le tabhairt ní amháin go dtí an Ghaeltacht ach go dtí pobal na Gaeilge freisin.

Tá an oiread sin plé le déanamh anseo tá sé deacair díriú isteach ar cén cuid ba chóir dúinn plé a dhéanamh air.

Déileálfaidh mé le ceist amháin. Ghabh an Teachta Tóibín a bhuíochas liom as an leasú ach tá an leasú bunaithe ar an tuarascáil a dhein an comhchoiste. Bhí an tAire féin ar an gcomhchoiste sin ar feadh tréimhse. Dhein muid staidéar agus lorg muid aighneachtaí. Bhí orainn é sin a dhéanamh mar tháinig cinnteidil an Bhille seo os ár gcomhair le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach. Is tamall ó shin a tharla é seo, i mí Iúil 2023. Dhein muid faoi dheifir é. Mar a dúirt muid ag an am, ní raibh muid ag iarraidh moill a chur ar an reachtaíocht seo. Bhíomar ag tnúth go mbeadh sé rite ina iomláine agus go mbeadh an toghchán ceangailte leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Níor tharla sé sin. Is féidir linn ar fad caint faoi sin ach níl aon tairbhe le baint as ag an staid seo. Bhí cúpla moladh leagtha síos againn. Is fiú dúinn díriú isteach ar cheann amháin dóibh: "Molann an Comhchoiste go gcuirfear an tAire córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas córas ina dtoghfar roinnt ball agus ina n-ainmnítear roinnt ball eile" mar a bhí leagtha síos sa scéim. Ag an am, bhí deichniúr lena bheith tofa agus seisear lena bheith ainmnithe. Bhí an coiste tar éis díriú isteach air sin. Luafaidh mé ceann de na fáthanna leis seo. I gceantar an Aire féin, Maigh Eo, má ritear é seo, bheadh níos lú daoine tofa chuig bord Údarás na Gaeltachta amach anseo ná mar a bhí roimhe seo.

Ceann de na rudaí a dúirt an tAire maidir leis an mbord ná gur bord Stáit é agus go gcaithfimid cinnte a dhéanamh de go bhfuil saineolas ar leith ann. Tá loighic éigin leis sin ach, má fhéachtar ar na comhairlí contae nó bardais a bhí ann fadó, is comhlachtaí le boird iad anois. Is iad na comhairleoirí contae na boird sin. Tá an saineolas ann áfach. Tá CEOanna ann anois. Is é bainisteoir contae nó cathrach an teideal a bhíodh orthu. Ina dhiaidh sin, tá daoine eile ag leibhéil dhifriúla. Anuas air sin, fiú leis an saineolas sin sna comhairlí contae agus i mboird Stáit, nuair a aithnítear ganntanas nó bearna shaineolais, íoctar as. Is é sin an meon atá ann anois. Tugtar isteach daoine leis an saineolas agus cuidíonn siad. In aon bhord Stáit, ní gá go mbeadh cuntasóir ina suí ar an mbord. Íoctar as agus déanann cuntasóir cuntasaíocht. Ní féidir a dhéanamh cinnte de go mbeadh saineolas ar gach uile rud a tharlaíonn sa Ghaeltacht ag an mbord. In ainneoin an liosta ar thug an tAire dúinn, ní bheadh innealtóir ar bhord Údarás na Gaeltachta. Bhuel, ní gá go mbeadh. D'fhéadfadh an tAire innealtóir a roghnú. Tagann ceist inscne isteach sa cheist seo ar fad freisin. Níor dhéileáil muid leis sin. Níor tháinig an tAire suas le haon chinneadh maidir le conas is féidir déileáil leis an gcothromas a bhí i gceist agus gur iarradh ar an gcoiste díriú isteach air. Is féidir déileáil le heaspa saineolais sa bhealach inar dhéileáladh léi roimhe seo. Ní gá go mbeadh saineolas ar gach duine i gcónaí.

I slí amháin, is sórt masla é dóibh siúd atá ag dul in iomaíocht. Níl a fhios againn cé hiad go fóill. B'fhéidir gurb iad na daoine ceannann céanna a chuir a n-ainmneacha chun cinn don chóras roghnúcháin a bheidh san iomaíocht. Is féidir leis an Aire iad a ainmniú cé nár toghadh iad. Tá sé sin mídhaonlathach. Ba chóir go mbeadh gach uile dhuine tofa sa tslí a luaigh muid. Tá an ceart ag an Aire agus orthu siúd a deir gur bhord mór millteach a bheadh ann. Ní mór millteach a bheadh sé cé go mbeadh sé mór. Tá a leithéid ann ina lán ceantar eile timpeall an domhain. Táim ag caint faoi cheantair imeallacha agus ceantair ina labhraítear mionteangacha. Is áiteanna iad sin ina bhfuil gá le guth na bpobal, pobail atá scartha amach óna chéile go minic. Tá Ráth Chairn, An Rinn, iarthar Chiarraí agus Uíbh Ráthach ar fad scartha amach óna chéile. Tá an tAire ag rá go mbeadh saineolaí ag teacht isteach ag rá sé seo, siúd agus uile. Nuair a d'fhéach an Stát ar an gceist seo tar éis fáil réidh le toghcháin don údarás - rud seafóideach ina iomláine a choigil cúpla pingin shuarach ach a chuir as d'aon daonlathais a bhí i gceist go dtí sin - fuarthas na saineolaithe agus dhírigh BDO isteach air chun tuairim a thabhairt ar an bpróiseas roghnúcháin. Tá an tuairisc sin beagáinín tubaisteach. Níor tuigeadh an t-éileamh ar thoghcháin sna ceantair Ghaeltachta. Thar na blianta, maraon le comhairlí contae agus cathracha, bhí comhairlí baile ann. I dtíortha eile timpeall na hEorpa, tá i bhfad Éireann níos mó daonlathas áitiúil i gceist, síos go dtí na bailte beaga. Bíonn i bhfad Éireann níos mó daoine tofa agus i bhfad Éireann níos mó daonlathais i gceist i gcinntí a dhéantar a mbeadh tionchar acu ar na ceantair féin. Cé hiad na daoine is fearr chun eolas a bheith acu ar cad atá de dhíth sa Ghaeltacht seachas daoine a raibh cónaí ar a muintir i gceantair Ghaeltachta le glúnta agus iad ag streachailt leo bliain i ndiaidh bliana?

Ba chóir aitheantas a thabhairt don údarás as an obair atá déanta aige go dtí seo agus é srianta go minic de bharr easpa maoinithe. Nílim ag caitheamh anuas air nó ar an Aire. Measaim go dtuigeann an tAire go díreach cad atá i gceist le díriú isteach ar cheisteanna Gaeltachta níos mó ná roinnt de na hAirí eile. Ba léir é sin agus é féin ar an gcoiste Gaeilge agus Gaeltachta. Guím gach rath ar an obair atá roimhe ach tá an cás seo chomh dáiríre gur gá dó smaoineamh air an athuair. Níor chóir cleas a imirt ar phobal na Gaeltachta. Níor chóir a rá go bhfuilimid ag tabhairt ar ais an daonlathas ach go mbeidh smacht ag an Aire fós toisc go mbeidh breis agus 35% de chomhaltaí an bhoird roghnaithe aige. Beidh an smacht sin ag an Aire nó ag pé Aire atá ann amach anseo.

Bhí comhrá agus díospóireacht leathan againn ansin cé go rabhamar ag díriú isteach ar leasú áirithe. Bhí caint mar gheall ar phobal mór na Gaeilge agus lucht labhartha na Gaelainne fud fad na tíre seo. Is ceart an comhthéacs sin a bheith againn ach caithfimid a aithint go bhfuil an Ghaeltacht éagsúil. Is rud aonarach í Gaeltacht na hÉireann. Ní hamháin go bhfuil an Ghaelainn beo bríomhar mar theanga labhartha laethúil ag an bpobal ach tá sé ann leis na glúnta siar. Tá sé beo beathach ó bhí an Ghaelainn ann mar theanga den chéad uair. Ní raibh am riamh nach raibh an Ghaelainn á labhairt sna ceantair sin. Caithfidh an t-aitheantas sin a bheith againn. Tá sé iontach an comhrá mór seo agus an comhthéacs mar gheall ar an nGaelainn fud fad na tíre a bheith againn ach, sa díospóireacht seo, caithfimid díriú isteach ar an nGaeltacht agus iarrachtaí an Stáit thar na blianta an Ghaeltacht a chaomhnú agus daoine a choimeád inti. Mar a dúirt urlabhraí amháin, bhí fostaíocht de dhíth roimhe agus anois tá tithíocht agus infheistíocht i slite eile de dhíth. Maíodh an tAire go bhfuil gá le bord níos lú ionas go mbeidh sé éifeachtach. Ní fheadar an bhfuil aon staidéar déanta ag an Aire nó ag an Roinn mar gheall ar éifeacht an bhoird agus cé mhéad comhalta is fearr.

An bhfuil aon fhianaise mar bhunchloch leis an méid a dúirt an tAire gur ceart bord níos lú a bheith againn in ionad ceann níos mó ionas go mbeidh sé níos éifeachtaí? Mar a luaigh mé cheana féin, is iarchomhairleoir mé. Tá 32 comhairleoir ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus bhíomar in ann ár ngnó a dhéanamh, bhíomar in ann cur le straitéis agus bhí an-chuid taithí againn. Tá sé mar an gcéanna i ngach comhairle áitiúil, sa Teach seo agus sa Seanad. Tá gá orainn a bheith macánta mar gheall air seo. Ba cheart go mbeadh muinín againn sna pobail Ghaeltachta gur féidir leo a gcinntí féin a dhéanamh, go bhfuil ceart acu a gcinntí féin a dhéanamh agus go dtuigeann siad cad is fearr dóibh a dhéanamh mar phobal. Is é sin an daonlathas.

Ní gá dúinn ailtirí nó tógálaithe a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta chun tosaíocht a dhéanamh de thithíocht Gaeltachta. Tá gá ann daoine atá ag maireachtáil, a bhfuil taithí acu, ó gach ceantar Gaeltachta a bheith ar an mbord ionas go bhfuil sé sin mar thosaíocht. Ní gá dúinn tuismitheoirí agus múinteoirí a bheith againn ar bhord Údarás na Gaeltachta ionas go dtuigimid agus go dtuigeann siad go bhfuil an Gaeloideachas mar chuspóir agus rud an-tábhachtach. Is gá dúinn daoine atá ag maireachtáil agus taithí acu ar an nGaeltacht a bheith air. Chomh maith leis sin, tá gá le pobal iomlán na Gaeltachta a bheith in ann a chead cainte a bheith acu agus an cinneadh seo a dhéanamh, ní Aire - pé Aire a bheadh ann amach anseo - ag ceapadh seisear bunaithe ar pé saghas ruda gur mian leis nó léi amach anseo.

Maithfidh an tAire dom é, ach tá a fhreagra beagáinín lag agus é ag cur in iúl go mbeidh an bord i bhfad níos éifeachtaí más rud é go mbeadh deichniúr tofa agus seisear ceaptha i gceist. Ní aontaím leis sin. A mhalairt atá i gceist sa Teach seo. Tá méadú ollmhór tagtha, 174 Ball, agus ní raibh aon chaint faoi mhí-éifeacht. I nGaillimh tá 39 comhairleoir ar an gcomhairle contae. Is méadú mór é sin le cúpla bliain anuas. Ar an gcomhairle cathrach, tá 18 comhairleoir. Ní ghlacaim leis sin. Ceapaim go bhfuil sé lag.

Ó thaobh an choiste de, mar a dúirt an iarChathaoirleach ar an gcomhchoiste Gaeilge, rinneamar ár ndícheall gan mhoill a chur ar an mBille seo. D’oibríomar leis an Rialtas agus as lámha a chéile, in ainneoin nach rabhamar iomlán sásta leis an rud a bhí á dhéanamh. Ní rabhamar ag iarraidh aon leithscéal a thabhairt don Rialtas agus bhíomar ag iarraidh go mbeadh an Bille ann agus ag feidhmiú roimh an toghchán deireanach. Bhí tuarascáil thar a bheith praiticiúil againn ina raibh 22 moladh i gceist léi. Baineann an chéad mholadh go huile agus go hiomlán leis an leasú seo: "Molann an Comhchoiste go dtabharfaidh an tAire aird ar na bearnaí atá ann sa Scéim Ghinearálta" a bhí ann ag an am. Agus, an rud ba thábhachtaí: "Molann an Comhchoiste é seo lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó gach pobal Gaeltachta, rud atá an-tábhacht ag baint leis i meon na bpobal sin." Aontaím. Sin an meon a bhí os comhair an choiste. Tá saineolas agus easpa saineolais i gceist. Tá easpa saineolais anseo freisin, agus ghlacamar leis an digest ón leabharlann chun oideachas a chur orainn, le cibé saineolas atá ag teastáil uainn. Mar sin, ní leithscéal é sin ar féidir glacadh leis.

Táim ag smaoineamh ar an ospidéal nua a bhfuilimid ag fanacht leis le fada an lá: ospidéal na leanaí. Bhí sé de phribhléid agam a bheith ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí ar feadh ceithre bhliain. D’ardaigh na costais ansin as cuimse agus an cinneadh a rinne an Rialtas ná bord lán de shaineolaithe a chur ann chun an rud a stiúradh, ailtire, innealtóir gach saghas saineolaí ina measc, mar dúradh linn go raibh easpa saineolais i gceist. Chuir siad bord le chéile chun súil ghéar a choinneáil ar thógáil an ospidéil nua agus ar gach rud, agus cad a tharla? Tá a fhios againn agus an costas atá i gceist anois breis is €2 bhilliún. Ní ghlacaim le cur chuige an tsaineolais. Glacaim leis go mbeidh agus go mbeadh gá le saineolas, ach is féidir é sin a thabhairt isteach fad is atá an fhís againn agus an t-údarás tofa. Baineann sé seo leis na baill a bheith tofa agus ionadaíocht leathan a bheith i gceist.

Phléamar na rudaí seo go mion, mar shampla, ceist an inscne. Ní raibh muid in ann réiteach a fháil air sin. Tá a fhios ag an Aire faoi sin mar ní raibh sé fiú in ann. Ceann de na fadhbanna a bhí againn ná cé chomh beag is a bhí líon na mball ar an mbord. Ní raibh i gceist ach 16 duine agus bhí fadhbanna. Bhí fadhbanna eile mar bhí sé leagtha amach ag an Rialtas go mbeadh ach ball amháin ó gach Gaeltacht. Chruthaigh sin fadhbanna dúinn i measc fadhbanna eile.

Luaigh an Teachta Ó Gallchóir stair an údaráis agus é ag gabháil siar, ach is fiú béim a chur ar an údarás a bhí ann i dtús báire faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, nuair a bhí seisear ball i gceist agus ní raibh aon toghchán i gceist. Ag dul ar aghaidh go dtí 1999, bhí 20 ball i gceist, agus ní raibh aon cheist ag an am sin, de réir mo thuisceana, go raibh mí-éifeacht nó easpa éifeachta i gceist. Bhí 20 duine ar an mbord in 1999, 17 duine tofa agus triúr a bhí ainmnithe ag an Aire. Ansin praiseach a bhí ann in 2012 nuair a fuair siad réidh leis na toghcháin. Táimid ar ais anois. Is é sin an ciorcal. Má bhí an bord in ann feidhmiú le 20 duine, cén fáth a bhfuil 16 pioctha amach, agus seisear ainmnithe ag an Aire? Ní féidir glacadh leis sin.

Ní dúirt mé go bhfuil aon rud mór mí-éifeachtach. Chuir mé amach mar chuid den díospóireacht é. Luaigh an Teachta Connolly an Coiste um Chuntais Phoiblí. Is é ról an bhoird nua go mbeidh bainistíocht an údaráis freagrach dó maidir le cúrsaí cuntasacha agus cúrsaí dlí.

Luaigh an Teachta go mbeimid in ann é a thabhairt isteach agus íocaíochtaí a thabhairt isteach, ach nuair a íocfar é, ní bheidh sé neamhspleách. Tá sé tábhachtach go mbeimid in ann mix a fháil ar an mbord idir saineolaithe agus daoine arb as an nGaeltacht dóibh freisin. Nílim ag déanamh masla ar aon duine a bheidh ag dul os comhair an phobail, ach is bord Stáit é. Tá freagrachtaí ag baint le gach bord Stáit. Tá freagrachtaí maidir le cúrsaí airgid agus cáinaisnéis ag an údarás. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach, caithfimid bord a chur le chéile trí thoghchán agus trí cheapachán a mbeidh na saineolaithe ann ionas go mbeidh an bord sin in ann bainistíocht a dhéanamh ar an bhfoireann san údarás agus ar cháinaisnéis an údaráis mar gheall gur bord Stáit agus údarás é. Is bord Stáit agus údarás é, nó údarás agus bord Stáit. Tá mé freagrach go dtí an Teach agus go dtí an Coiste um Chuntais Phoiblí maidir le cáinaisnéis an údaráis, agus tá sé tábhachtach go mbeidh mé in ann breathnú ar gach scil ar an mbord faoi na cúrsaí sin. Beimid in ann é seo a phlé, ach tá tuiscint dhifriúil agam faoi bhord Stáit agus obair na mbord Stáit.

Dúirt an tAire nach mbeadh an bord neamhspleách dá gceannófaí saineolas isteach, ach ní bheadh an bord neamhspleách mar go mbeadh sé spleách ar an Aire mar eisean a bheadh tar éis seisear den 16 ball a roghnú. Ní fheicim cad atá i gceist ansin.

Ó thaobh na gcuntas de, is cuma cén bord Stáit atá ann - tá sé freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí agus don Aire. Bheadh an smacht ag an Aire gach uile bhliain, mar is eisean an duine atá i gceannas ar an airgead a dháileadh ar an údarás. Má fheictear go bhfuil an t-údarás ag caitheamh airgid amú, is féidir déileáil leis sin. Chomh maith leis sin, tá an t-údarás freagrach don choiste Gaeilge anseo. Tá a lán oversight ag tarlú cheana féin agus is féidir an bord a cheistiú ar na cuntais, an caiteachas agus gach rud eile. An oversight is fearr ná an pobal féin agus bheadh toghchán ann gach cúig bliana. Is é sin an oversight. Má tá an bord ag déanamh praiseach de na cuntais nó den chur chuige ar cóir go mbeadh ag an údarás i gceantar, beidh an gnáthphobal, mar glacaim leis go mbeadh na daoine seo ag teacht ón ngnáthphobal sna ceantair seo, an-tapaidh ag rá leo siúd atá tofa. Ní daoine móra le rá, scartha amach, thuas i mBaile Átha Cliath atá i gceist, is daoine áitiúla iad. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag rá gur cóir go mbeimid ag díriú isteach ar na ceantair Ghaeltachta ar fad.

Luaigh an Teachta Catherine Connolly Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais. D’iarramar ar an tseirbhís taighde a dhéanamh maidir leis na heagrais fhóram náisiúnta a dhéanann ionadaíocht thar ceann ceantar nó grúpaí mionlacha teangeolaíochta agus eitneacha. D’iarramar ar an tseirbhís cad é an sórt údaráis nó comhairle a bhíonn acu sna ceantair sin agus cad é an chomparáid. An bhfuil 16 ball i gceist? Mar shampla, i gComhairle Náisiúnta Navajo, tá 24 comhairleoir tofa ansin. Tá 35 feisire i bParlaimint na Tioróile Theas. Tá 39 feisire i bParlaimint Sámi na hIorua. Mar sin, déanann na feisirí ionadaíocht ar 40,000 duine, beagnach feisire amháin do gach 1,000 duine. Níl sin i gceist againn. Tá na figiúirí leagtha síos againn sa leasú nár glacadh leis. Tá 30 ball i bParlaimint na nOileán Åland don 30,000 duine atá ag cónaí ansin. Tá samplaí timpeall an domhain maidir leis sin. Luaigh an Teachta Catherine Connolly Comhairle Chontae na Gaillimhe. Measaim go bhfuil 56 comhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus ní bhíonn aon duine ag caitheamh anuas orthu ag rá nach bhfuil an saineolas ar gá dóibh chun an chathair seo a rith acu, mar tá foireann acu faoin mbainisteoir cathrach ansin a bhfuil an saineolas aige. Ní bhíonn gach uile shaineolas fiú ag an bhfoireann agus bíonn orthu an saineolas sin a lorg, bíodh sé ón Roinn nó áit éigin eile.

Luaigh an Teachta Connolly an 20 moladh a rinne an comhchoiste. Is doiciméad 30 leathanach a bhí i gceist agus tá liosta ann de na finnéithe ar fad. Nílim chun iad ar fad a léamh, ar eagla go bhfuil daoine ag ceapadh go bhfuil mé chun moill a chur ar an reachtaíocht seo. Tháinig na finnéithe ó gach cearn den tír. Tháinig siad chuig an gcomhchoiste nó chuir siad aighneachtaí isteach chugainn, agus tá siad ar fad ar fáil ar líne más gá. Is trua nach raibh an tAire dírithe ar na finnéithe mar dúirt an tromlach acu gurb é sin a bhí i gceist acu.

Luaigh an Teachta Connolly lucht Uíbh Ráthaigh. Rinne siad aighneacht cuíosach láidir ar dtús báire, agus de thairbhe na haighneachta sin agus aitheantas a thabhairt dóibh, thaisteal an coiste go ceantar Uíbh Ráthaigh chun go bhfeicimid díreach cad a bhí i gceist le ceantar Gaeltachta imeallach mar seo agus na deacrachtaí ar leith atá ann agus go gcloisfear a ghuth. Ba léir san aighneacht sin go díreach cad a bhí á rá acu. Ina dtuairim, ní thoghfar duine ó cheantar Uíbh Ráthaigh chuig an údarás riamh mar níl go leor daoine ag cónaí ann agus toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin i gcomparáid le ceantar Chiarraí ina iomláine, agus gurb as ceantar oirthear Chiarraí cosúil le Corca Dhuibhne a bheadh ball an údaráis ag teacht. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh na n-oileán de. Ní thoghfar duine ó Oileán Chléire nó ó na hOileáin Árann. Tá gá díriú isteach orthu siúd.

Tugtar aitheantas éigin sa Bhille go mbeidh coiste réigiúnach ann, ach is rud difriúil é sin. Ní thoghfar an duine sin, agus ní bheidh an chumhacht aige nó aici le suí ar an mbord agus ceisteanna a ardú go leanúnach don cheantar as a toghadh é nó í. Ní bheadh an t-aitheantas ar na deacrachtaí agus ar na rudaí praiticiúla atá i gceist. Tá sé go hiomlán difriúil, má thagann duine ó cheantar mór láidir Gaeltachta agus sé nó sí in ainm is tacaíocht a thabhairt don cheantar atá i bhfad níos lú agus go bhfuil deacrachtaí ar leith i gceist ann, agus go minic ní aithníonn na hionadaithe é sin. Is deacracht é sin a mbeidh ar an 16 ball déileáil leis. Bhuel, bheadh ar an deichniúr déileáil leis, agus pé seisear a roghnóidh an tAire amach anseo. Ba chóir dúinn glacadh le leasú Uimh. 2 agus roinnt leasuithe eile i ndiaidh sin chun déanamh cinnte de go mbeidh an bord seo tofa agus go bhfuil an t-aitheantas gur rud daonlathach é seo. Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh ualach a chur ar dhaoine. Níl a fhios agam cén tslí a gcaitheann daoine sa Ghaeltacht a vótaí, agus níl a fhios ag aon duine cén bealach a rachaidh an toghchán amach anseo, ach an príomhrud ná go mbeadh toghchán ann agus go mbeadh an deis ag an ngnáthphobal sa cheantar sin an vóta sin a chaitheamh ar an iarrthóir ar mian leo, agus nach ndéarfadh an tAire nach raibh sé sásta leis an toradh sin agus go ndéanfadh sé cinnte de go mbeadh seisear dá rogha féin ar an mbord mar níl aon chosc ar cé a roghnóidh an tAire. D’fhéadfadh an tAire, más as Maigh Eo dó, seisear ó Mhaigh Eo a chuir ar an mbord. Ní daonlathas é sin. Tá an daonlathas bunaithe ar chritéir atá leagtha síos, critéir atá ag tabhairt aitheantais do na ceantair bheaga sa chás seo, agus aitheantas don daonra áitiúil chomh maith.

Bheadh bord lán de mhuintir Mhaigh Eo iontach.

Tá tuairim dhifriúil agam faoi ról an údaráis. Tá cúpla ról ann. Is údarás áitiúil é agus is údarás don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é, ach is bord Stáit é freisin. Caithfear a bheith díreach faoi sin. Beidh freagrachtaí difriúla i gceist nach bhfuil ag comhairleoir áitiúil, Teachta Dála, Seanadóir nó feisire aon pharlaimint mar gheall gur bord Stáit é. Beidh freagrachtaí difriúla ar na daoine a bheidh ar an mbord. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh deis againn, b’fhéidir tar éis an toghcháin, saineolaithe a fháil chun é sin a dhéanamh. Ní bheidh aon Aire chomh daft nach gceapfadh sé nó sí daoine ón nGaeltacht agus pobal na Gaeilge chuig bord an údaráis.

Tá sé sin tábhachtach agus léiríonn an Teachta Ó Snodaigh leis sin go bhfuil sé tábhachtach i mo thuairim go mbeidh guth na Gaeltachta agus guth phobal na Gaeilge ar bhord an údaráis freisin. Tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh muid é seo: is bord Stáit é agus is údarás é freisin. Táimid ag féachaint ar chaiteachas de €32 milliún ar an údarás sa cháinaisnéis sa bhliain seo agus tá sé tábhachtach. Tá freagrachtaí difriúla ag baill bhord an údaráis mar gheall air sin ná mar atá ag comhairleoirí áitiúla, Teachtaí Dála, Seanadóirí nó Baill de Pharlaimint na hEorpa. Tá sé tábhachtach go gcuirfear isteach an teachtaireacht dhíreach go bhfuil an t-údarás difriúil. Is údarás é. Tá sé tábhachtach go mbeadh guth na Gaeltachta ann ach is bord Stáit é freisin. Mar gheall ar an mix sin, tá sé tábhachtach go mbeidh sé de chumhacht ag an Aire daoine a cheapadh.

Nílimid chun aontú air seo, seachas gur bord Stáit é. Is é sin an teideal atá air agus tagann an t-airgead ón Stát. Níl sé go hiomlán cosúil le comhairle contae in ainneoin go raibh roinnt daoine ag iarraidh go mbeadh sé go hiomlán ina chomhairle contae. Bhí feachtas ann ar feadh tréimhse, ach níor aontaigh mé gur cheart go mbeadh a leithéid ann. Tá dualgais bhreise le bheith tugtha don údarás le go mbeadh sé in ann díriú isteach níos mó ar cheisteanna tithíochta. Dúirt an tAire go bhfuil buiséad ar leith de €28 milliún i gceist.

Tá buiséad de €1.3 billiún i gceist le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus tá na daoine atá tofa freagrach as sin, sa deireadh thiar thall, agus tá an bhainistíocht freagrach as chomh maith. Más mian leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí an bhainistíocht sin a tharraingt isteach os comhair an choiste, is féidir leis é sin a dhéanamh. Tá an deis sin ann. In ainneoin go bhfuil an tAire ag rá gur bord Stáit é, ní bord Stáit é sa bhealach céanna ina bhfuil an Chomhairle Ealaíon nó aon cheann de na boird eile mar nach bhfuil siadsan tofa. Táimid ag breith toghchán isteach agus ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, ach tá an tAire ag rá nach féidir é sin a dhéanamh.

Ní raibh fadhb bhunúsach ann nuair a bhí an bord tofa ina iomláine. Bhí an bord ann agus fós, cosúil mar atá ag na comhairleoirí, tá reserved functions acu. Tá rudaí áirithe ar féidir leo a dhéanamh agus rudaí eile nach féidir leo a dhéanamh. Sa deireadh thiar thall, ar a lán bealaí, más comhairlí contae nó comhairlí cathrach atá ann, is ag an mbainistíocht atá an fhreagracht is mó maidir leis an mbuiséad chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an chuntasaíocht cheart i gceist agus nach féidir leis na comhairleoirí rudaí ar leith a dhéanamh. Is é sin an bealach ceart. Ní gá go mbeadh an tAire ag déanamh a mhacasamhail de sin. Beidh bord á toghadh a bheidh freagrach as polasaithe agus as treoracha a thabhairt ar nithe ar leith. Beidh sé freagrach lena dhéanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn agus fite fuaite i ngach uile ghné sna ceantair sin.

Taobh thiar de sin, fiú faoi láthair ar bhord Údarás na Gaeltachta agus roimhe seo, bhí an bhainistíocht - pé duine a bhí i gceannas ag aon am - freagrach don Aire, don Choiste um Chuntais Phoiblí agus, le tamall de bhlianta anuas, don choiste Gaeilge sa Teach seo. Tá trí saghas dreamanna os a chionn. Tá an bord seo freagrach chomh maith don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a bhíonn ag déanamh iniúchadh ar an gcaiteachas agus ar fiú é. Tá a lán rialacha ann nach féidir le daoine a mian féin a dhéanamh leo agus tá siad leagtha amach.

Níl mé chun leanúint ar an gceist seo mar measaim nach n-aontóimid air. Tocfaimid ar ais chuige. Táim den tuairim gur chóir dúinn a chinntiú go mbeidh an bord ina iomlán tofa. Is é an rud a bhí i gceist leis an leasú seo ná fáil réidh leis an bhforáil atá sa reachtaíocht atá os ár gcomhair go mbeadh an chumhacht ag an Aire, mar is é sin atá i gceist, a mian nó a mhian féin a dhéanamh leis an seisear a bheadh sé nó sí ag roghnú. In ainneoin an mhéid atá ráite ag an Aire, níl sé leagtha síos go mbeidh saineolas acu siúd a bheidh roghnaithe. Tá a fhios againn thar na blianta in áiteanna eile go raibh daoine roghnaithe agus curtha isteach ar bhoird Stáit nach raibh saineolas ar bith acu. Tá an saol athraithe le tamall de bhlianta anuas agus anois cuirtear isteach daoine le saineolas ar leith, nó ar a laghad spéis san ábhar, rud nach raibh ann sna seachtóidí, sna hochtóidí agus fiú amháin isteach sna nóchaidí. Ar a laghad anois, nuair atá daoine á gcur ar bhoird Stáit, caithfidh go bhfuil meas acu ar an ábhar nó spéis san ábhar. Is dóigh liom go gcaithfidh go bhfuil an spéis chéanna agus an fhís sin acu má tá siad ag dul san iomaíocht i dtoghchán os comhair an phobail. Aithneoidh an pobal é más rud é gur as a bpócaí féin atá siad ag iarraidh dul ar bhord an údaráis, nó ar mhaithe leis an gceantar. Tá na ceantair beag go leor agus tá aithne ag na pobail seo ar a chéile agus ar gach uile dhuine atá ann. Bheadh siad an-tapa caitheamh anuas ar dhuine, nó a rá leo go bhfuil siad as alt, dá mbeadh siad ag déanamh aon sórt caimiléireachta nó nach raibh siad ag déanamh leas nó fadhbanna a gceantair féin a chur chun cinn.

Tá leasuithe eile agam níos faide ar aghaidh a chinnteoidh go mbeidh na cruinnithe míosúla poiblí, nuair nach bhfuil siad ag déileáil le hairgeadas nó a leithéid, mar a bhíonn ag na comhairlí contae. Is é sin an tslí lena dhéantar cinnte de nach bhfuil caimiléireacht i gceist, nó nach bhfuil daoine ar an mbord nach bhfuil an déanamh na hoibre gur chóir dóibh go mbeadh á déanamh acu. Sa deireadh thiar thall, bheadh sé níos éasca don Aire dá mbeadh sé nó sí in ann gach duine a roghnú, agus off you go chun an rud a dhéanamh. Sa chás seo, táimid ag iarraidh go mbeadh na daoine tofa. Ansin bheadh ar an mbord obair leis an Aire le cinntiú go bhfuil an méid atá leagtha síos don bhord sin - polasaí an Stáit maidir leis na Gaeltachtaí agus na ceantair Ghaeltachta - á chur i bhfeidhm ag an mbord. Is é sin é. Níl mé chun tuilleadh a rá ar an leasú seo.

I thank the Deputy. Does Minister wish to respond?

Cuireadh leasú Uimh. 2.
Amendment put:
The Committee divided: Tá, 67; Níl, 88; Staon, 0.

  • Ahern, Ciarán.
  • Bacik, Ivana.
  • Bennett, Cathy.
  • Brady, John.
  • Buckley, Pat.
  • Byrne, Joanna.
  • Carthy, Matt.
  • Clarke, Sorca.
  • Collins, Michael.
  • Connolly, Catherine.
  • Conway-Walsh, Rose.
  • Coppinger, Ruth.
  • Cronin, Réada.
  • Crowe, Seán.
  • Cullinane, David.
  • Cummins, Jen.
  • Daly, Pa.
  • Devine, Máire.
  • Doherty, Pearse.
  • Donnelly, Paul.
  • Farrelly, Aidan.
  • Farrell, Mairéad.
  • Fitzmaurice, Michael.
  • Gannon, Gary.
  • Gibney, Sinéad.
  • Gogarty, Paul Nicholas.
  • Graves, Ann.
  • Guirke, Johnny.
  • Hayes, Eoin.
  • Healy, Seamus.
  • Hearne, Rory.
  • Kenny, Eoghan.
  • Kenny, Martin.
  • Kerrane, Claire.
  • Lawless, Paul.
  • Lawlor, George.
  • Mac Lochlainn, Pádraig.
  • McGettigan, Donna.
  • McGrath, Mattie.
  • McGuinness, Conor D.
  • Mitchell, Denise.
  • Mythen, Johnny.
  • Newsome Drennan, Natasha.
  • Ní Raghallaigh, Shónagh.
  • Nolan, Carol.
  • O'Callaghan, Cian.
  • O'Donoghue, Richard.
  • O'Donoghue, Robert.
  • O'Flynn, Ken.
  • O'Hara, Louis.
  • O'Reilly, Louise.
  • O'Rourke, Darren.
  • Ó Broin, Eoin.
  • Ó Laoghaire, Donnchadh.
  • Ó Murchú, Ruairí.
  • Ó Snodaigh, Aengus.
  • Ó Súilleabháin, Fionntán.
  • Quaide, Liam.
  • Quinlivan, Maurice.
  • Rice, Pádraig.
  • Sherlock, Marie.
  • Smith, Duncan.
  • Stanley, Brian.
  • Tóibín, Peadar.
  • Wall, Mark.
  • Ward, Charles.
  • Ward, Mark.

Níl

  • Aird, William.
  • Ardagh, Catherine.
  • Boland, Grace.
  • Brabazon, Tom.
  • Brennan, Brian.
  • Brennan, Shay.
  • Brophy, Colm.
  • Browne, James.
  • Burke, Colm.
  • Burke, Peter.
  • Butler, Mary.
  • Butterly, Paula.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Malcolm.
  • Byrne, Thomas.
  • Cahill, Michael.
  • Callaghan, Catherine.
  • Calleary, Dara.
  • Canney, Seán.
  • Carrigy, Micheál.
  • Carroll MacNeill, Jennifer.
  • Chambers, Jack.
  • Cleere, Peter 'Chap'.
  • Clendennen, John.
  • Collins, Niall.
  • Connolly, John.
  • Cooney, Joe.
  • Crowe, Cathal.
  • Cummins, John.
  • Currie, Emer.
  • Daly, Martin.
  • Dempsey, Aisling.
  • Devlin, Cormac.
  • Dillon, Alan.
  • Dolan, Albert.
  • Donohoe, Paschal.
  • Dooley, Timmy.
  • Feighan, Frankie.
  • Fleming, Seán.
  • Foley, Norma.
  • Gallagher, Pat the Cope.
  • Geoghegan, James.
  • Grealish, Noel.
  • Harkin, Marian.
  • Healy-Rae, Danny.
  • Healy-Rae, Michael.
  • Heydon, Martin.
  • Higgins, Emer.
  • Keogh, Keira.
  • Lahart, John.
  • Lawless, James.
  • Lowry, Michael.
  • Maxwell, David.
  • McAuliffe, Paul.
  • McCarthy, Noel.
  • McConalogue, Charlie.
  • McCormack, Tony.
  • McEntee, Helen.
  • McGrath, Séamus.
  • McGreehan, Erin.
  • Moynihan, Aindrias.
  • Moynihan, Michael.
  • Moynihan, Shane.
  • Murnane O'Connor, Jennifer.
  • Murphy, Michael.
  • Naughton, Hildegarde.
  • Neville, Joe.
  • O'Brien, Darragh.
  • O'Callaghan, Jim.
  • O'Connell, Maeve.
  • O'Connor, James.
  • O'Dea, Willie.
  • O'Donnell, Kieran.
  • O'Donovan, Patrick.
  • O'Meara, Ryan.
  • O'Shea, John Paul.
  • O'Sullivan, Christopher.
  • O'Sullivan, Pádraig.
  • Ó Cearúil, Naoise.
  • Ó Muirí, Naoise.
  • Richmond, Neale.
  • Scanlon, Eamon.
  • Smith, Brendan.
  • Smyth, Niamh.
  • Timmins, Edward.
  • Toole, Gillian.
  • Troy, Robert.
  • Ward, Barry.

Staon

Tellers: Tá, Deputies Aengus Ó Snodaigh and Conor D. McGuinness; Níl, Deputies Mary Butler and Emer Currie.
Amendment declared lost.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Amendment No. 3 is out of order.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 3.

Tairgim leasú Uimh. 4:

Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur isteach ina hionad:

“ “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.”,”.

Tá an leasú seo bunaithe arís ar na moltaí a bhí ag an gcomhchoiste. Seo moladh a seacht sa tsraith sin áit a molann an comhchoiste don Aire go mbeadh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta ós é gur limistéir fhairsing scoite thar seacht gcontae í an Ghaeltacht agus ós rud é go bhfuil sé an-dúshlánach ar dhuine amháin maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmeanna uile an bhoird thar an limistéir fairsing scoite sin gan chúnamh. Chomh maith leis sin, molann an comhchoiste faoi bhord Údarás na Gaeltachta go mbeadh an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach á thoghadh. Tá an leasú seo ag déanamh cinnte de go mbeadh an bord féin ag déanamh na cinntí maidir leis an gcathaoirleacht agus go mbeadh gá go mbeadh leas-chathaoirleach ainmnithe chun cuidiú a thabhairt don duine a bheadh i gceannas le go bheidís in ann bogadh timpeall.

Tá bord Údarás na Gaeltachta in ainm is a bheith ina chuid den phobal Gaeltachta agus bíonn ról lárnach anseo ag cathaoirleach an bhoird ag labhairt thar ceann an bhoird uilig. Níl muid ag tarraingt siar ó shin. Nuair atá na cathaoirligh ag déanamh sin, tá siad in ainm is a bheith ag labhairt chomh maith thar ceann phobal na Gaeltachta ina iomláine. Tá muidne den tuairim gur chóir go mbeadh an cathaoirleach neamhspleách ar an Aire má tá sé chun a bheith ceaptha meon phobal na Gaeltachta a chur chun cinn, fiú nuair nach réitíonn sé le meon Aire an lae. Ceanglaíonn sé seo isteach beagán leis an bplé deireanach a bhí againn maidir leis an gá go mbeadh na comhaltaí ar fad tofa, agus mar sin níl mé chun athdhearbhú a dhéanamh air sin.

An fáth a rabhamar ag rá sin ná chun go mbeadh an bord féin neamhspleách ón Aire. Sa chás atá leagtha síos ag an Aire sa reachtaíocht os ár gcomhair, tá sé i gceist go mbeadh seisear tofa ach go mbeadh an cathaoirleach ainmnithe ag an Aire féin. Arís, measaim gur ualach breise é nach cóir a mbeadh ann mar nach bhfuil an neamhspleáchas a ghlactar leis de ghnáth maidir le toghcháin agus an daonlathas ann. Tá sé amhail is nach féidir linn muinín nó trusta a bheith againn sa bhord féin an cinneadh sin a dhéanamh é féin agus an duine is fearr don jab a roghnú. Is ar son baill an bhoird sin, ar son na Gaeltachta ina iomláine agus ar son an údaráis, mar sa deireadh thiar thall is comhlacht atá i gceist agus bíonn freagrachtaí ar leith i gceist nuair atá duine ar bhord comhlachta, go mbeadh an cathaoirleach sin tofa, nó tá súil agam go bheidís tofa. Is fiú dúinn smaoineamh go bhféadfadh go mbeadh an tAire ag roghnú an seisear agus ag déanamh cinnte gur as an rogha den seisear sin a bheadh an cathaoirleach ag teacht agus nach mbeadh aon duine amach anseo riamh tofa ina chathaoirleach faoi mar atá an cinneadh leagtha síos anseo ag an Aire.

Caithfear a chinntiú chomh maith nach ag an gceantar is mó i gcónaí a bheadh an cathaoirleach freisin. Ní hé amháin nár chóir go mbeadh an tAire ag déanamh an rogha seo ach caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeadh an deis ag na ceantair Ghaeltachta beaga nó na ceantair Ghaeltachta is iargúlta a bheith sa chathaoir. B'fhéidir go dtabharfadh sé sin tacaíocht do na ceantair sin nó go mbeadh an t-údarás féin dírithe orthu ar feadh na tréimhse gairid nuair atá duine ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach agus go mbeadh an feidhmeannas agus an bord féin dírithe ar na fadhbanna sa cheantar sin.

Ba chóir go mbeadh rud éigin ann nach mbeadh an tAire ag cur a ladar isteach sa scéal seo. Mura bhfuil sé sásta bogadh ar an leasú seo, b’fhéidir gur fiú don tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí a bheith gafa leis seo. Caithfidh muid a dhéanamh cinnte go mbeadh na cáilíochtaí cuí acu siúd a bheidh san iomaíocht le go mbeidh siad inniúil ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde ó thaobh cainte agus tuisceana, ar a laghad. Tá sé sin luaite sa leasú. B’fhéidir go mbeadh gá dom leasuithe breise a chur ar Céim na Tuarascála mura bhfuil an tAire sásta féachaint air seo. B’fhéidir gur féidir leis é seo a ghlacadh nó teacht ar ais chugainn le hathraithe a mbeidh an sórt toraidh chéanna ag baint leo, leis an méid atá ráite agam.

Tá an leasú seo dírithe ar chathaoirleach agus leas-chathaoirleach a bheith ceaptha ar an mbord ionas go mbeadh an t-údarás acu labhairt ar son na Gaeltachta agus an t-aitheantas acu chun é sin a dhéanamh. Bheadh an dlisteanacht acu go mbeadh siad in ann é sin a dhéanamh agus bheadh éisteacht á fáil acu.

Ar ndóigh, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá gá leis an mbord iomlán a bheith neamhspleách. Is cinnte go gcaithfidh an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach a bheith neamhspleách ón Aire agus ón Rialtas. In an-chuid babhta, tá seans ann go mbeidh siad ag easaontú agus i mbun stocaireachta ag lorg acmhainní agus cumhachtaí breise agus ag iarraidh ceisteanna a ardú. Mar sin, caithfidh go mbeadh an t-údarás atá acu ina róil mar chathaoirleach agus leas-chathaoirleach ag teacht ón mandáit a bheadh acu ón bhord iomlán. Tá muid ag iarraidh go mbeadh siad tofa ag an mbord, go mbeadh siad neamhspleách ón Aire agus go mbeadh deis ag gach ceantar a bheith ina cathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ionas go mbeadh rotation i gceist agus nach i gcónaí go mbeadh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach lonnaithe sna ceantair mhóra. Bheadh deis agus an ceart ag gach ceantar a thréimhse a bheith aige.

Ní mór dom a rá go bhfuil sé beagáinín íorónta, cé go bhfuil neart cainteoirí ann agus nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil 174 Teachta Dála i gceist, go bhfuil cuid acu ar na meáin chumarsáide ag gearán nach bhfuil deis chainte acu ach níl siad anseo anois lena gcuid guthanna a chloisteáil. Ní mór dom é sin a rá.

Maidir leis an leasú seo, níl m’ainm ar an leasú ach aontaím leis agus tugaim tacaíocht dó. Tá sé thar a bheith réasúnta agus praiticiúil. Bhí mé chun fanacht le freagra an Aire mar b’fhéidir go bhfuil sé sásta géilleadh leis an leasú. Níl a fhios agam an bhfuil sé. Mar a dúirt mé, tá an leasú praiticiúil agus réasúnta go mbeadh beirt, an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach, tofa ó bhaill bhord an údaráis. Is dócha mura ngéilleann an tAire leis sin, díreoidh sé an solas ar an mbaol a bheidh ann nach mbeidh an t-údarás nua iomlán neamhspleách beag ná mór. Níor ghéill an tAire ó thaobh na mball uilig a bheith tofa. Níl an Rialtas ag géilleadh ó thaobh líon na mball a mhéadú. Tá súil agam go bhfuil an tAire sásta géilleadh don rud seo agus go mbeidh deis ag an údarás é féin an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach a phiocadh.

Le dul ar ais go sciobtha, ar eagla na míthuisceana, ní raibh mé ag rá, nuair a bhí mé ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, go raibh saineolaithe á dtabhairt isteach againn. Ní hé sin a bhí á rá agam. Dúradh linn, áfach, gur easpa saineolais a bhí taobh thiar den phraiseach a bhí déanta ó thaobh chúrsaí tógála maidir leis an ospidéal nua. Is é sin a dúradh linn agus sin an fáth gur dúradh linn go raibh bord i gceist le saineolas, mar a dúirt mé, ina raibh ailtirí, innealtóirí agus cuntasóirí, ach ní dhearna sé aon difríocht. Bhí rudaí níos measa. An pointe atá á dhéanamh agam, nuair a chuireann tú béim ar shaineolas, agus ní dhearna an tAire é seo, tá an baol ann gur drochmhaslú atá i gceist ó thaobh na cosmhuintire agus na ndaoine a bheidh tofa. Ba mhaith liom cothromaíocht a fheiceáil, ní níos mó béime a chur ar shaineolaithe gan aon aois acu agus gan a bheith tofa. Just ar eagla na míthuisceana.

Gan dul ar ais ar an díospóireacht dheireanach, níl mé ag cur aon mhaslú ar na daoine tofa. Mar gheall gur údarás agus bord de chuid an Stáit é, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh an mix sin againn. Bhí go leor díospóireachta againn air sin.

Maidir leis an leasú seo, go hiondúil, ní bhíonn leas-chathaoirleach i gceist ar bhord Rialtais nó ar chomhlachtaí Stáit ar nós an údaráis. Tá muid ag díriú isteach ar an gcathaoirleach mar sin. Tá foráil in Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 maidir le ról an chathaoirligh ina bhfuil sé luaite, mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an údaráis i láthair nó fad is a bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an údaráis a bheidh i láthair duine dá líon chun a bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Tá an socrú seo fós i bhfeidhm agus ní léir go bhfuil gá an cur chuige seo a leasú. Ní bheidh sé ag teacht le dea-chleachtas go mbeidh an bord ag ainmniú cathaoirligh óna mheasc féin. Tá sé i gceist go mbeidh cumhacht ag an Aire an cathaoirleach a ainmniú. Tá scileanna ar leith ag teastáil ón chathaoirleach a bheidh á lorg i rith an phróisis earcaíochta. Ní mór d’iarrthóirí do ról an chathaoirligh fianaise a bheith acu ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach lena n-airítear an cumas cathaoirleachta a dhéanamh ar bhord agus taithí chuí i réimse amháin ar a laghad dóibh seo a leanas: cur chun cinn sa Ghaeilge agus i bpleanáil teanga, forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Beidh sé ar chumas an chathaoirligh ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stocaireacht, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh a chothú le príomhfheidhmeannach na heagraíochta don Rialtas a éascú.

Leis an méid sin san áireamh, ní féidir liom a ghlacadh leis an leasú seo. Beidh mé sásta, áfach, breathnú ar an chéad chéim eile agus cáilíochtaí riachtanacha an chathaoirligh a leagan amach. Tá sé tábhachtach go mbeadh an cathaoirleach agus an t-údarás neamhspleách agus go mbeadh an neamhspleáchas sin ann. Níl aon fhaitíos agam nach mbeidh an neamhspleáchas ann. Ní bheidh aon Aire chun aon duine a chur ar an mbord nó cathaoirleach a phiocadh le haghaidh bord Stáit chun obair an Rialtais a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-údarás neamhspleách ón Rialtas agus go mbeadh sé in ann teacht amach le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht. Ag an bpointe seo, níl muid ag glacadh leis an leasú seo ach b’fhéidir go mbeidh muid in ann obair a dhéanamh chun cáilíochtaí do ról an chathaoirligh a leagan amach le go mbeidh cosaint ann do neamhspleáchas an chathaoirligh agus neamhspleáchas an údaráis.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá sé go maith a chloisteáil go bhfuil an tAire sásta díriú isteach air. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil neamhspleáchas éigin le léiriú, pé bealach a dhéanann muid é sin. Tá sé seo difriúil ó na boird Stáit eile, in ainneoin go bhfuil leas-chathaoirleach ar roinnt boird Stáit. Tá leas-chathaoirleach ar bhord Fhoras na Gaeilge, go bhfios dom. Tá a fhios agam gur foras tras-Teorann atá i gceist leis agus b’fhéidir go bhfuil rialacha difriúla aige. Leis na leasuithe seo, tá muid ag déanamh iarracht a dhéanamh cinnte nach ndéanfar dearmad ar cheantair ar leith. Sin an fáth a bhfuil níos mó ná díreach cathaoirleach agus leas-chathaoirleach leagtha síos sa leasú agus go mbeadh tréimhsí gairide go leor agus daoine difriúla i gceist. Má tá an tAire chun teacht ar ais chun an sórt aitheantais sin a thabhairt gur chóir go mbeadh siad neamhspleách, b’fhéidir go gcuideoidh sé sin leis an tuairim atá muid ag iarraidh cur trasna sa leasú seo.

Tá sé tábhachtach nach bhféachfar ar aon chathaoirleach ar bhord Stáit a thuilleadh mar dhuine i bpóca an Aire. Bhí an tréimhse sin ann sna seachtóidí agus na hochtóidí agus b'fhéidir fiú sna nóchaidí agus táimid ag bogadh ar aghaidh ó shin. Tá dualgas mór ar aon duine atá i gceannas ar bhord Stáit. Tá an ról atá acu difriúil ón ról atá ag an bpríomhoifigeach feidhmeannach atá ag an gcomhlacht, an t-údarás sa chás seo. Tá ról ar leith acu agus feicfimid cé chomh tábhachtach is atá sé nuair a fheicimid ar na róil a bhí ag cathaoirligh boird Stáit agus na róil a bhí ag na príomhfheidhmeannaigh. Ansin feicimid gur róil dhifriúla iad. Tá ceann amháin íoctha agus tá tuarastal acu. Bíonn siad ann go minic ar feadh 20 nó 30 bliain, b'fhéidir, agus tá sé tábhachtach go bhfuil an leanúnachas sin le feiceáil mar nuair atáthar ag caint faoi bhord tofa, nó fiú amháin i gcás bord ainmnithe, tagann agus imíonn siadsan ag brath ar an saol ach leanann an príomhfheidhmeannach go minic toisc go bhfuil tuarastal aige nó aici agus leanann an corporate memory, an fhoclaíocht a úsáidtear sa lá atá inniu ann. Is é sin an leanúnachas agus an tuiscint atá acu ar na feidhmeanna ar fad atá ann, an tuiscint atá acu ar an gcur chuige gur chóir a bheadh ann agus a bhí ann roimhe seo, nó an bealach a bhí ann. Tá sé go maith go bhfuil an tAire chun féachaint an féidir linn bogadh ar an gceist seo ionas nach bhfuil sé ceangailte leis an Aire atá ag déanamh an chinnidh; sé sin, ní hamháin go mbeadh na daoine ainmnithe aige nó aici, ach go mbeadh an cathaoirleach ainmnithe chomh maith.

Chun a bheith soiléir, táim fós ag rá go mbeidh an cathaoirleach ceaptha ag an Aire ach b'fhéidir go mbeimid in ann na cáilíochtaí, the qualifications, a bheidh ag an gcathaoirleach chun an jab a dhéanamh a shoiléiriú ionas go mbeidh cosaint ann maidir le haon neamhspleáchas. Le cuidiú liom, ar mhiste leis an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Ní Chonghaile freisin é sin a dhéanamh? Tugaim cuireadh d’aon Teachta eile atá ag éisteacht a dtuairimí faoi na cáilíochtaí a bheidh ag cathaoirleach an údaráis a thabhairt ar ais dom. Dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur poist dhifriúla iad. Is bord Stáit é ach is bord an údaráis é freisin agus iarraim ar an Teachta a mheas a thabhairt ar na cáilíochtaí, ina thuairim agus ina thaithí féin, gur chóir go mbeadh ag an gcathaoirleach. Níl mé ag rá nach mbeidh an chumhacht ag an Aire chun é nó í a cheapadh ach táim ag rá go mb'fhéidir go mbeimid in ann leagan amach an saghas cáilíochtaí a bheidh aige nó aici a phlé le go mbeimid soiléir faoi sin.

Tuigim cad atá á lorg ag an Aire. Ní bealach timpeall air é seo ach, mar shampla, rinneamar faoi dhó sa choiste Gaeilge ainmniúchán chuig an Aire, a dhéanann an t-ainmniúchán sa deireadh thiar thall, maidir le bord TG4. Ní i gcónaí a tharlaíonn sé seo. Is é nó í an tAire sa deireadh thiar thall a dhéanann bord a ainmniú ach mar shórt halfway house roimhe sin tá ról ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, nó ag duine éigin eile chun é sin a dhéanamh. Is é sin a bheadh i gceist, measaim, sna hainmniúcháin.

Tuigim cad atá i gceist ag an Aire agus is ceann de na príomhrudaí gur cuma, ar bhealach, gur ainmnithe nó tofa atá siad, ach go gcaithfidh ardchaighdeán Gaeilge a bheith acu. Glacann gach duine leis sin - níl fadhb ar bith leis. Ba chóir go mbeadh sé sin ann, agus beidh muid ag teacht go dtí leasú eile a bheidh ag déileáil leis sin. Ó thaobh an chathaoirligh de, áfach, caithfidh na cáilíochtaí sin a bheith acu. Ní féidir go mbeadh seans ar bith amach anseo nach mbeadh sé sin acu agus ní fheicim go mbeadh aon Aire ag déanamh cinnidh mar sin. Bheadh sé nó sí ag maslú an údaráis féin dá réir. Smaoineoidh mé ar cad iad na cáilíochtaí breise a bheidh i gceist anuas air sin agus an féidir iad a chur i bhfoclaíocht a chinnteoidh go mbeidh na cáilíochtaí sin ag pé duine a bheidh tofa.

Is í an cheist eile ná seo: cé chomh fada is a bheidh duine mar chathaoirleach? An téarma amháin atá i gceist, nó an féidir le duine a bheith ann ar feadh dhá théarma? Tá dhá théarma i gceist ag an Stát maidir le haon duine a bheidh tofa, is é sin deich mbliana san iomlán. Arís, is iad sin roinnt de na rudaí gur chóir go mbeadh anseo. Uaireanta, bíonn rudaí eile i gceist. Ní an CEO atá i gceist anseo ach an cathaoirleach - an féidir leo a bheith ann níos mó ná an dá théarma? B'fhéidir nach bhféadfaí toisc nach bhfuil ach dhá théarma i gceist ach is tréimhse fada í sin do dhuine amháin a bheith i gceannas ar an údarás, is é sin a bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcomhlacht sin.

Táim sásta an leasú a tharraingt siar ag an staid seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendments Nos. 5 and 6, in the names of Deputies Ó Snodaigh, McGuinness and Connolly, are related and will be discussed together.

Tairgim leasú Uimh. 5:

Ar leathanach 11, idir líne 24 agus líne 25, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(2D) Chun críocha fho-alt (2C), déanfaidh an tAire, ag féachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, leibhéal B2 a fhorordú mar an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine dá dtagraítear san fho-alt sin.

(2E) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge.”.

Ní mór a léiriú go mbeidh iarrthóirí do na toghcháin in ann feidhmiú trí mheán na Gaelainne agus iad ar bhord an údaráis agus ag déanamh ionadaíochta thar ceann phobal labhartha na Gaeilge agus na gceantar Gaeltachta. Mar sin, táimid ag tacú go hiomlán le moladh an Rialtais a bhí ann istigh i gceannteidil an Bhille go mbeadh coinníoll ar iarrthóirí leibhéal inniúlachta B2 a bheith acu sa Ghaeilge de réir an Chomhchreata Tagartha na hEorpa um Theangacha agus go mbeadh orthu é sin a léiriú sular féidir leo dul in iomaíocht le bheith tofa.

Bhí an coinníoll seo, B2, geallta sa scéim ghinearálta agus i gceannteidil an Bhille. Ba cheart go mbeadh an riachtanas seo ann ach ní fheictear é i mBille an Rialtais atá os ár gcomhair anois. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo curtha síos againn. Ar ndóigh, bheadh eisceacht i gceist do chainteoirí dúchais Gaeilge ón nGaeltacht nach gá dóibh, is dócha, é sin a thaispeáint nó an leibhéal B2 a bhaint amach ach caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil cumas na Gaelainne ag pé duine a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar na ceantair Ghaeltachta mar ní hé sin i gcónaí bhí i gceist nuair a bhí daoine ann a bhí ainmnithe ag na comhairlí áitiúla ar fud na tíre. Is rud scannalach é, i ndáiríre, go raibh daoine ar an mbord le blianta anuas nach raibh in ann freastal ar a ndualgais mar chomhaltaí boird trí mheán na Gaeilge, nach raibh tuiscint acu ar na díospóireachtaí a bhí ag dul ar aghaidh agus nach raibh in ann feidhmiú nó ionadaíocht a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge. Is iad sin na leasuithe atá againn, leasú Uimh. 5 agus leasú Uimh. 6, i dtaobh an B2. Chun tagairt a dhéanamh ar leasú Uimh. 6, táimid ag lorg leibhéal B2 nó níos airde sa leasú sin.

Tacaím leis an Teachta McGuinness. BhÍ sé scannalach go raibh daoine ar bhord Údarás na Gaeltachta ag tréimhsí difriúla nach raibh cumas Gaeilge maith go leor acu chun tuiscint a bheith acu ar céard a bhí ag tarlú ag an mbord nó na doiciméid a thuiscint. Luaigh an tAire saineolas ach ní raibh fiú amháin an bunleibhéal acu chun tuiscint cheart a bhaint as na doiciméid a bhí á seoladh ag an údarás. Níl mé ag rá gur chóir go mbeadh tuiscint ag gach duine ag leibhéal saineolais innealtóireachta nó a leithéid agus uaireanta bíonn sé sin deacair ar dhaoine é sin a dhéanamh, nó léarscáileanna nó doiciméid tógála a léamh, ach ba chóir go mbeadh siad in ann buntuarascálacha i nGaeilge a léamh. Tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh chuile dhuine a bheidh san iomaíocht sa toghchán nó a bheidh ainmnithe ag an Aire, mar tá an tAire ag iarraidh daoine a ainmniú anois, in ann é sin a dhéanamh.

Bhí aitheantas, mar a dúirt an Teachta McGuinness, tugtha don leibhéal B2 sa chéad dréacht a cuireadh os ár gcomhair, is é sin, an doiciméid a cuireadh os comhair an Chomh-aireachta chomh fada siar le mí Feabhra 2023. Cuireadh na Ceannteidil sin os comhair an Rialtais ag an am breis is dhá bhliain ó shín. Sa dréacht sin, bhí aitheantas tugtha go mbeidh sé "de cheangal ar iarrthóirí lena dtoghadh de réir alt 1 (a), sula n-áireofar iad ar an bpáipéar ballóide, a dheimhniú don Aire go bhfuil íoschaighdeán B2 sa Ghaeilge labhartha bainte amach acu ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha". Is é sin an t-aitheantas. Níl an chinnteacht sin i gceist sa Bhille mar atá sé faoi láthair.

Tá m’ainm ar an gcéad leasú. Arís, tá sé thar a bheith praiticiúil. Tá ciall ceannaithe againn anois agus ba chóir go mbeadh caighdeán anseo. Phléigh muid é arís go mion ar an gcoiste. Ní raibh muid ag iarraidh ualach mór a chur ar dhaoine ach amháin a chinntiú go mbeadh ar cibé duine atá ar an údarás a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, tuarascála a léamh agus mar sin de. Tá a fhios agam go bhfuil muid go léir ag foghlaim an t-am uilig agus níl sé éasca. Ag an am céanna, áfach, tá dualgas orainn a bheith in ann ár gcuid gnó a dhéanamh, tuarascála a léamh agus ar araile trí Ghaeilge.

Tá moladh 8 ón chomhchoiste Gaeilge praiticiúil. Molann sé go gcuirfidh an tAire córas nua i bhfeidhm a ligfidh d’iarrthóirí a léiriú - is córas a chur a bhfeidhm a ligfidh do dhaoine atá i gceist, in áit a rá gur rud riachtanach é, tá muid ag rá go n-éascófaí dóibh é - go bhfuil Gaeilge fheidhmiúil acu i labhairt, i léitheoireacht agus i scríobh na Gaeilge. Molann an comhchoiste go mbeidh rochtain láithreach ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach i bhfeidhm, agus ar fáil go héasca. Tá sé seo tábhachtach agus is dócha go n-aontódh an tAire liom go n-éascódh muid an córas do gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Sa chomhthéacs seo, áfach, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh an Fráma Tagartha Comónta Eorpach ar fáil go héasca ionas gur féidir le daoine ar mian leo a bheith ina n-iarrthóirí sa toghchán an deis sin a thapú - roimh aon rud agus roimh toghchán - agus é sin a dheimhniú láithreach go bhfuil an cumas sin acu. Molann an comhchoiste go mbeidh dóthain ama ag na daoine sin é sin a léiriú sula ndúnfar dátaí deiridh na n-iarratas. Molann an comhchoiste nach mbeidh cead ag daoine nach bhfuil an cumas sin léirithe acu roimh na dátaí deiridh sin seasamh in aon toghchán i gcomhair bhallraíocht bhord Údarás na Gaeilge. Cé gur alt sách fada é, léiríonn sé an méid machnaimh a rinneamar sular cuireadh isteach é. Is é sin atá i gceist anseo. Nuair a bhreathnaím ar an méid atá ag an Rialtas ina leith, tá sé róghinearálta. Tá gá le bheith níos sonraí ó thaobh cad atá ag teastáil. Is leibhéal B2, ar a laghad, atá i gceist.

Tá píosa i leasú Uimh. 5 a deir nach mbeidh “feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge”. Tháinig daoine os ár gcomhar ag rá nach raibh siad chun scrúdú a dhéanamh agus go raibh sé seo maslach do dhaoine le Gaeilge. Tá sé, i ndáiríre. Níl mise anseo chun a mhalairt a rá ach tá gá le caighdeán agus bealach le cur in iúl go bhfuil an caighdeán sin ag duine. Tá freagracht ar an gcóras é a éascú do dhaoine, nach bhfuil an caighdeán sin acu, an caighdeán sin a fháil neart ama roimh an toghchán nó roimh aon sprioc ama. Ceapaim go n-aontóidh an tAire liom leis an méid seo. Is é an t-aon difríocht a fheiceann muid ná go bhfuil rud faoi leith á chur isteach againn, is é sin, an leibhéal is bunúsaí i ndáiríre.

Mar chuid den Bhille nua, beidh cumhacht ag an Aire an leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge is gá a bheith ag comhalta a fhorordú faoin Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach. Beidh sé de chumhacht ag an Aire leibhéal B2 faoin Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach nó níos airde - agus i gcomhthéacs na dtuairimí atá ag an Teachta Ó Snodaigh faoin chathaoirleach, tá an chumhacht sin ann - a fhorordú más gá agus más cuí. Tugann an fhoclaíocht mar a sheasann sé roinnt spáis ar son na solúbthachta de maidir leis an leibhéal a bheidh ag teastáil. Is dóigh liom gur rud maith é an tsolúbthacht seo a sholáthar agus nach bhfuil gá díriú isteach ar leibhéal áirithe srianta sa reachtaíocht.

Maidir le heisceacht a chur ar fáil do chainteoirí dúchasacha, ní bheidh sé cuí leibhéal amháin a chur isteach sa Bhille nó leibhéal eile a chur isteach do dhaoine áirithe. Bheadh sé an-deacair sainmhíniú a leagan síos dá leithead chomh maith. Tugann an fhoclaíocht mar atá sé solúbthacht don Aire maidir leis an leibhéal a bheidh ag teastáil. Is dóigh liom gur rud maith é an tsolúbthacht agus nach bhfuil gá díriú isteach ar leibhéal áirithe srianta sa reachtaíocht.

Cé nach féidir liom glacadh leis an leasú, tuigim go mór agus aontaím leis an Teachta McGuinness gur rud an-tábhachtach é go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge ag baill an údaráis. Tá sé sin leagtha amach sa Bhille. Ní oibreodh an t-údarás go héifeachtach mura mbeadh an Ghaeilge agus ardchaighdeán Ghaeilge ann. Tuigim go mór, mar Aire, cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh leibhéal ann faoi chúrsaí Gaeilge.

Tá díomá orm a chloisteáil nach bhfuil an tAire chun glacadh leis na leasuithe seo. Is dócha go bhfuil sé seo chomh tábhachtach gur cheart é a bheith istigh sa bhunreachtaíocht in áit é a bheith ag teacht ón Aire i ndiaidh don reachtaíocht a bheith curtha i bhfeidhm. Ní hamháin go mbeidh sé tábhachtach go mbeadh comhaltaí boird in ann feidhmiú ag leibhéal an bhoird sna cruinnithe as Gaeilge agus tuarascála agus a leithéad a léamh, díospóireachtaí a bheith acu agus cinntí a dhéanamh, ach caithfidh siad a bheith in ann déileáil leis an bpobal agus leis na daoine ina gceantair féin trí mheán na Gaeilge. Caithfidh sé sin, i mo thuairimse, a bheith istigh sa bunreachtaíocht ionas go bhfuil an tuiscint sin ón tús mar bhunús agus mar bunchloch ón mbun aníos. Beidh orthu éisteacht agus a bheith in ann déileáil, labhairt agus ionadaíocht a dhéanamh ar chosmhuintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo a bheith ar an eolas mar gheall ar na rudaí atá titim amach ionas gur féidir leo a bpoist a dhéanamh, ní hamháin sna cruinnithe agus ag déileáil le hoifigigh an údaráis, ach ag déileáil leis an bpobal freisin.

Is é ceann de na fáthanna go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh sé sa bhunreachtaíocht ná go bhfuil muid ag lorg cinnteachta agus go mbeadh sé soiléir ó thús. Tugann sé sin an t-am dóibh siúd atá ag smaoineamh ar a bheith san iomaíocht mar iarrthóir do thoghchán amach anseo, agus thuigfeadh siad gur sin an caighdeán atá de dhíth.

Is é ceann de na fáthanna go bhfuil dhá leasú istigh, leasú Uimh. 5 i m’ainm agus ainmneacha na dTeachtaí McGuinness, Quaide agus Connolly agus leasú Uimh. 6 i m’ainm agus ainm an Teachta McGuinness amháin, ná go bhfuil beagáinín difríochta eatarthu ar eagla nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis an sórt caveat atá istigh i leasú Uimh. 5 a deir nach mbeidh “feidhm ag fo-alt (2D) maidir le cainteoirí dúchais Gaeilge.” Is é ceann de na rudaí a tháinig trasna nuair a bhí muid á phlé seo sa choiste ná gur shíl roinnt dóibh siúd a bhí ag teacht ó cheantair Gaeilge, gur cainteoirí dúchasacha iad, go mbeadh siad maslaithe dá mbeadh orthu dul agus test a dhéanamh chun aitheantas a fháil go raibh siad ag an leibhéal B2.

Tuigfinn dóibh. Is é sin an fáth go dtacaím leis sin. An fáth gur chuir muid leasú Uimh. 6 chun cinn ná go bhfuil muid cinnte de gur chóir go mbeadh, ar a laghad, B2 liostáilte nó go mbeadh tagairt ann dó ag an leibhéal seo. Mar a dúirt an tAire agus mar atá sé curtha faoi láthair, luaitear córas caighdeán bunaithe dár ndóigh ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha ach go mbeifí in ann féachaint ar an gcóras agus an leibhéal inniúlachta. Luaigh an tAire go bhféadfadh sé a bheith ag leibhéal B2 nó níos airde ach d’fhéadfadh sé nó sí amach anseo a bheith ag leibhéal níos ísle ná B2. Is é sin an dainséar agus an fáth go bhfuilimid ag iarraidh an chinnteacht sin a bheith ann ó thús.

Nuair a bhí muid á phlé seo sa choiste agus anseo ar an Dara Céim, bhí sórt fuadar orainn mar bhí muid ag iarraidh go mbeadh an toghchán ann. Bhí muid ag ceistiú, dá mbeadh an reachtaíocht rite, an mbeadh go leor ama ag daoine a bhí ag iarraidh a bheith san iomaíocht ainmniúchán a chur isteach agus gach rud eile. Tá a fhios againn anois nach bhfuil an reachtaíocht chun a bheith rite ró thapa. Tá súil agam go mbeidh sé ann am éigin roimh an samhradh tríd an Seanad agus go mbeidh toghchán ann am éigin laistigh de dhá bhliain nó mar sin. Tá síneadh nó athainmniúchán déanta ar na comhaltaí atá ann faoi láthair agus, mar sin, is féidir leis an mbord atá ann leanúint ar aghaidh ar feadh dhá bhliain eile. Tugann sé sin an deis do dhaoine. Má dheireann an tAire nuair atá an Bille seo rite go mbeidh an toghchán i mí Dheireadh Fómhair, nó má tá an toghchán le bheith ar siúl an bhliain seo chugainn, beidh go leor ama ag daoine díriú isteach ar an gcáilíocht seo a fháil. An fhadhb atá ann ná go rithfear an tAcht agus go minic bíonn moill ann idir cinntí nó rialacháin teacht ó Aire. Má tá sé sa reachtaíocht ó thús, níl aon ghá le rialachán chun déileáil leis. Tuigeann daoine ó thús gur seo mar atá sé má tá tú ag iarraidh a bheith cáilithe chun seasamh sa toghchán nó má tá tú chun d’ainm a chur chun tosaigh tríd an gcóras roghnaithe, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, gurb é seo, ar a minimum, an caighdeán. B’fhéidir go bhfuil cáilíochtaí breise atá ag teastáil, mar atá luaite ag an Aire, do dhuine a bhfuil spéis acu a bheith mar chathaoirleach. B’fhéidir go bhfuil cáilíochtaí faoi leith gur ghá dóibhsean a shroicheadh. Tá mise cinnte de gur chóir go nglacfar le, ar a laghad, leasú Uimh. 6, ach má tá an tAire ag iarraidh féachaint ar an difríocht idir leasuithe Uimh. 5 agus 6 agus míniú a thabhairt dúinn cén fáth nach bhfuil sé sásta glacadh le ceachtar acu, tá mé sásta éisteacht a thabhairt.

Níl aon easaontas eadrainn faoin gcaighdeán. Má tá aon duine ag éisteacht leis an díospóireacht seo a bhfuil suim acu a bheith mar iarrthóir don chéad bhord eile san údarás, is cóir dóibh é sin a chloisteáil. Níl aon easaontas ansin. Tá easaontas faoi cathain a fhoilseoimid an caighdeán. Breathnóidh mé air agus b’fhéidir go mbeimid in ann rud éigin a chur isteach faoi na rialacháin chun deadline cúpla mí a chur air sin. Deirim le gach duine atá ag éisteacht áfach, aon duine sa tír seo a bhfuil suim acu a bheith mar iarrthóir sa toghchán do bhord an údaráis, níl aon easaontas faoin B2.

Are you withdrawing amendments Nos. 5 and 6?

No. Níl mé á dtarraingt siar. Tá mé ag iarraidh go gcuirfear iad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 6:

Ar leathanach 11, líne 28, “, agus beidh an leibhéal sin ag leibhéal B2 faoin gCreat nó níos airde” a chur isteach i ndiaidh “a fhorordú”.

Cuireadh leasú Uimh. 6.
Amendment put:
The Committee divided: Tá, 67; Níl, 88; Staon, 0.

  • Ahern, Ciarán.
  • Bacik, Ivana.
  • Bennett, Cathy.
  • Brady, John.
  • Buckley, Pat.
  • Byrne, Joanna.
  • Carthy, Matt.
  • Clarke, Sorca.
  • Collins, Michael.
  • Connolly, Catherine.
  • Conway-Walsh, Rose.
  • Cronin, Réada.
  • Crowe, Seán.
  • Cullinane, David.
  • Cummins, Jen.
  • Daly, Pa.
  • Devine, Máire.
  • Doherty, Pearse.
  • Donnelly, Paul.
  • Farrelly, Aidan.
  • Farrell, Mairéad.
  • Fitzmaurice, Michael.
  • Gannon, Gary.
  • Gibney, Sinéad.
  • Gogarty, Paul Nicholas.
  • Graves, Ann.
  • Guirke, Johnny.
  • Hayes, Eoin.
  • Healy, Seamus.
  • Hearne, Rory.
  • Kenny, Eoghan.
  • Kenny, Martin.
  • Kerrane, Claire.
  • Lawless, Paul.
  • Lawlor, George.
  • Mac Lochlainn, Pádraig.
  • McGettigan, Donna.
  • McGrath, Mattie.
  • McGuinness, Conor D.
  • Mitchell, Denise.
  • Murphy, Paul.
  • Mythen, Johnny.
  • Newsome Drennan, Natasha.
  • Ní Raghallaigh, Shónagh.
  • Nolan, Carol.
  • O'Callaghan, Cian.
  • O'Donoghue, Richard.
  • O'Flynn, Ken.
  • O'Hara, Louis.
  • O'Reilly, Louise.
  • O'Rourke, Darren.
  • Ó Broin, Eoin.
  • Ó Laoghaire, Donnchadh.
  • Ó Murchú, Ruairí.
  • Ó Snodaigh, Aengus.
  • Ó Súilleabháin, Fionntán.
  • Quaide, Liam.
  • Quinlivan, Maurice.
  • Rice, Pádraig.
  • Sheehan, Conor.
  • Sherlock, Marie.
  • Smith, Duncan.
  • Stanley, Brian.
  • Tóibín, Peadar.
  • Wall, Mark.
  • Ward, Charles.
  • Ward, Mark.

Níl

  • Aird, William.
  • Ardagh, Catherine.
  • Boland, Grace.
  • Brabazon, Tom.
  • Brennan, Brian.
  • Brennan, Shay.
  • Brophy, Colm.
  • Browne, James.
  • Burke, Colm.
  • Burke, Peter.
  • Butler, Mary.
  • Butterly, Paula.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Malcolm.
  • Byrne, Thomas.
  • Cahill, Michael.
  • Callaghan, Catherine.
  • Calleary, Dara.
  • Canney, Seán.
  • Carrigy, Micheál.
  • Carroll MacNeill, Jennifer.
  • Chambers, Jack.
  • Cleere, Peter 'Chap'.
  • Clendennen, John.
  • Collins, Niall.
  • Connolly, John.
  • Cooney, Joe.
  • Crowe, Cathal.
  • Cummins, John.
  • Currie, Emer.
  • Daly, Martin.
  • Dempsey, Aisling.
  • Devlin, Cormac.
  • Dillon, Alan.
  • Dolan, Albert.
  • Donohoe, Paschal.
  • Dooley, Timmy.
  • Feighan, Frankie.
  • Fleming, Seán.
  • Foley, Norma.
  • Gallagher, Pat the Cope.
  • Geoghegan, James.
  • Grealish, Noel.
  • Harkin, Marian.
  • Healy-Rae, Danny.
  • Heydon, Martin.
  • Higgins, Emer.
  • Keogh, Keira.
  • Lahart, John.
  • Lawless, James.
  • Lowry, Michael.
  • Maxwell, David.
  • McAuliffe, Paul.
  • McCarthy, Noel.
  • McConalogue, Charlie.
  • McCormack, Tony.
  • McEntee, Helen.
  • McGrath, Séamus.
  • McGreehan, Erin.
  • Moran, Kevin Boxer.
  • Moynihan, Aindrias.
  • Moynihan, Michael.
  • Moynihan, Shane.
  • Murnane O'Connor, Jennifer.
  • Murphy, Michael.
  • Naughton, Hildegarde.
  • Neville, Joe.
  • O'Brien, Darragh.
  • O'Callaghan, Jim.
  • O'Connell, Maeve.
  • O'Connor, James.
  • O'Dea, Willie.
  • O'Donnell, Kieran.
  • O'Donovan, Patrick.
  • O'Meara, Ryan.
  • O'Shea, John Paul.
  • O'Sullivan, Christopher.
  • O'Sullivan, Pádraig.
  • Ó Cearúil, Naoise.
  • Ó Muirí, Naoise.
  • Richmond, Neale.
  • Scanlon, Eamon.
  • Smith, Brendan.
  • Smyth, Niamh.
  • Timmins, Edward.
  • Toole, Gillian.
  • Troy, Robert.
  • Ward, Barry.

Staon

Tellers: Tá, Deputies Aengus Ó Snodaigh and Conor D. McGuinness; Níl, Deputies Mary Butler and Emer Currie.
Amendment declared lost.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Tairgim leasú Uimh. 7:

Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34:

“(2G) Ní bheidh duine intofa má tá siad mar chomhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil. I gcás go dtoghfar an duine don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa, nó d’údarás áitiúil, fad is atá siad mar chomhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seachtain tar éis a thofa nó a tofa don eagras eile.”.”.

Is leasú é seo atá ag déileáil leis an dé-shainordú, agus muid ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh sé de chead ag duine atá cheana féin ina chomhairleoir contae a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás.

I ngach uile ghné eile de na toghcháin ar an oileán seo, níl cead ag duine ach post tofa amháin a bheith aige nó aici. Tráth dá raibh ann, bhí trí nó ceithre post tofa ag daoine. Is cuimhin liom nuair a bhí Ian Paisley ina chomhairleoir contae, ina bhall den Tionól, i Westminster agus san Eoraip ag an am céanna. Bhí daoine eile mar an gcéanna go dtí gur aithníodh nach féidir freastal ar an dá thrá, ní hamháin freastal ar an gceithre thrá.

Má táimid dáiríre go mbeadh daoine dírithe isteach ar an nGaeltacht, ba chóir go mbeidh siad dírithe isteach air seo mar gurb é seo an t-aon jab atá acu agus go mbeadh tuarastal acu agus liúntas cuí i gceist. Is é sin liúntas ar an scála do chomhairleoirí contae mar táimid tar éis a aithint cheana féin sa chomhrá go dtí seo gur rud an-tábhachtach é seo, go bhfuil dualgais bhreise acu agus go bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mbeadh scileanna ar leith ag daoine. D'aithníomar cheana féin gur chóir go mbeadh Gaeilge ag leibhéal áirithe. Tá coinníollacha breise aitheanta againn beagnach cheana féin nach bhfuil anuas orthu siúd atá san iomaíocht don chomhairle contae nó tofa don chomhairle contae nó, fiú amháin, nach bhfuil orainn atá tofa anseo nó ar Sheanadóirí, seachas coinníoll aoise a bhíonn i gceist.

Sa chás seo, táimid ag rá gur chóir go mbeadh cinneadh déanta nach mbeidh daoine in ann a bheith ar bhord gan an inniúlacht seo. Roimhe seo, bhí an tAire ag caint gur bord Stáit é seo agus go mbíonn daoine eile ar bhord Stáit ach tá sé seo go huile is go hiomlán difriúil ó aon bhord Stáit eile. Tá toghcháin i gceist. Rinneamar iarracht go mbeadh an toghchán do gach duine ach níl an tAire sásta glacadh leis sin ach, fiú amháin don deichniúr atá an tAire ag caint faoi, ba chóir go mbeadh siad dírithe air sin mar tá an jab chomh mór sin. Tá an Ghaeltacht chomh scartha amach sin nach féidir freastal ar an dá thrá. Ní féidir le duine a bheith mar chomhairleoir contae i Maigh Eo agus a bheith ag déanamh cinnte de go bhfuil aitheantas agus tuiscint ag an duine ar cheantar Rinn Ó gCuanach nó a leithéid. Is rud simplí é. Níl sé as alt leis an gnáthrud atá ag tarlú i ngach uile chomórtas toghchánaíochta eile. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta glacadh leis sin.

Ba mhaith liom cur leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh ó thaobh bhord Údarás na Gaeltachta. Fearaim fáilte fosta go bhfuilimid ar an Céim seo ó thaobh na reachtaíochta seo. Tá sé blianta ó shin ó d'fhoilsíomar i Sinn Féin an reachtaíocht seo le toghcháin a thabhairt ar ais go dtí bord Údarás na Gaeltachta. Cé nach bhfuil sé sin bainte amach go fóill, agus ar an drochuair táimid ag feiceáil go bhfuil cúlú a dhéanamh ar an méid ba chóir a bheith ag tarlú anseo, tá céim bheag chun tosaigh déanta ó thaobh cuid de na baill a bheidh ar an mbord sin.

Sílim gur ceist iontach tábhachtach atá anseo; sé sin ar chóir go mbeadh cead ag duine a bheith ar an gcomhairle contae agus ar bhord Údarás na Gaeltachta ag an am céanna. Nuair a théann an reachtaíocht seo trí na Tithe, cibé iad na rialacha atá ann, is iad sin na rialacha a bheidh daoine ag obair faoi. Má táthar ag iarraidh, ámh, tús maith a thabhairt do bhord Údarás na Gaeltachta, ba chóir dúinn an leasú seo a ghlacadh agus éisteacht leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. Tá ról faoi leith ag bord Údarás na Gaeltachta agus tá deis againn anseo bord a bheith againn do dhaoine nach bhfuil ar an gcomhairle contae, nach bhfuil ag déanamh jab lánaimseartha agus nach bhfuil ag smaoineamh lá amháin ar chúrsaí uisce nó ar phoill sa bhaile mór, nó ar strategic policy committees, SPCs, a chaithfidh siad a bheith orthu mar go bhfuil siad dírithe go huile is go hiomlán ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ar an drochuair, mura nglacann an tAire leis an leasú seo, i ndáiríre seachas go bhfuilimid ag caint faoi thoghchán, agus ceantair thoghcháin i gceantair Ghaeltachta scaipthe; sa mhórchuid de na toghcháin sin, is iad sin atá aithne acu ar an gceantar, go raibh siad ar chomhairle contae agus go raibh siad tofa cheana féin a bheidh ann agus beidh sé iontach deacair do dhuine nach raibh ansin i mbun toghchánaíochta, nó nach raibh ina chomhairleoir contae nó ina chomhairleoir contae, seasamh agus a bheith tofa go dtí bord Údarás na Gaeltachta.

Tá deis againn anseo a dhéanamh cinnte de go bhfuilimid ag díriú isteach ar dhaoine ar mhaith leo a bheith ar an mbord, daoine ba chóir dóibh a bheith ar an mbord agus ansin, fosta, daoine gurb é seo an phríomhaidhm agus an príomhobair atá idir lámha acu. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, ba chóir go mbeadh pá mar is ceart ag dul leis an bpost seo fosta. Sílim gur chóir glacadh leis an leasú seo agus ní shílim go bhfuil mórán comhairleoirí contae ar fud na tíre ar mire má ghlacann an tAire leis seo. Tá cuid acu, b'fhéidir, a bheidh ag iarraidh a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta agus tá sé sin ceart go leor ach tá go leor daoine ansin sa phobal ba chóir go mbeadh deis acu dul sa toghchán seo ach tá a fhios acu, b’fhéidir, go mbeadh siad ag dul in éadan duine a bhíodh ar an gcomhairle contae le 15 bliana nó 20 bliain agus níl an páirc imeartha cothrom dóibh. Is é seo deis mhaith agus muid ag tabhairt daonlathais ar ais isteach go dtí bord Údarás na Gaeltachta. Tá seans maith againn gurb iad na daoine cearta a bheidh sna baill sin a bheidh ceaptha ag an bpobal agus go mbeidh siad ábalta díriú isteach ar an obair sin go lánaimseartha má tá an tuarastal mar is ceart ansin dóibh.

Fanfaidh mé go dtí go gcloisfidh mé an freagra ón Aire.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus gabhaim buíochas leis na daoine agus leis na Teachtaí as an leasú seo. Ar dtús, ba mhaith liom a nótáil ag an bpointe seo go bhfuil leasú le déanamh ag alt 5(c)(2F) sa Bhille mar go bhfuil botún curtha i gcló le lúibíní ann agus beidh sé seo le leasú ar Chéim na Tuarascála.

Ní bheidh an fhoráil seo ag teastáil mar go bhfuil sé clúdaithe sa phríomh-Acht cheana féin ó thaobh Comhaltaí den Dáil, den Seanad agus de Pharlaimint na hEorpa.

Maidir le comhalta de chuid Údarás na Gaeltachta, i gcás go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, go dtoghfar é nó í mar Chomhalta de cheachtar Teach an Oireachtais, nó go n-aimneofar nó go dtoghfar é nó í le bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bPairlimint na hEorpa, scarfaidh sé nó sí de bheith ina comhalta den údarás. Maidir le comhaltaí de na húdaráis áitiúla, sílim gur cheart go mbeadh baill de na comhairlí contae san áireamh le haghaidh ballraíocht de bhord an údaráis. Tá siad san áireamh ar an mbord reatha mar a bhí roimhe seo. Chomh maith le sin, sílím nach mbeadh sé indéanta comhalta nua bheith roghnaithe lastigh de sheachtain. Ní dóigh liom go mbeadh a dhóthain ama i gceist ansin le comhalta nua incáilithe a roghnú. Teastaíonn solúbthacht áirithe le haghaidh rudaí mar seo. Ós rud é go bhfuil sé seo tógtha san áireamh agam, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

An rud atá i gceist go simplí ná nach bhfuilimid ach ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go caitear leis na toghcháin seo cosúil leis na toghcháin eile. Nuair a bhí díospóireacht ann chun fáil réidh leis an dé-sainordú i dTithe an Oireachtais, is cuimhin liom go raibh chuile dhuine ag gearán agus ag rá go dtitfeadh an tóin as an bpolaitíocht. Dúirt siad nár chóir go mbeadh cosc ar chomhairleoirí contae nó cathrach bheith ina Theachtaí Dála ag an am céanna nó mar an gcéanna leis sin, ina gcomhaltaí de Phairlimint na hEorpa. B'fhéidir gur thit an tóin as an bpolaitíocht i mbealach amháin nó bealach eile, ach ní raibh sé bainteach leis an deireadh a chuireadh leis an dé-sainordú.

Níl go leor airgid á thabhairt do na comhairleoirí. Níl an tuarastal maith go leor. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó aitheantas airgeadais tugtha do chomhairleoirí ó gach uile páirtí atá ag déanamh éacht timpeall na tíre seo. Níl mo pháirtí féin ag déanamh iarracht aitheantas a thabhairt do na dualgaisí breise atá orthu. Má smaoinímid ar na dualgaisí breise atá ar chomhairleoirí anois, tá siad i bhfad Éireann níos deacaire ná mar a bhí blianta ó shin. Tá ualach níos mó ó thaobh freagracht agus airgeadais de, agus ó thaobh gach uile cur chuige. Tá siad gafa le cruinnithe, srl. Roimh don dé-sainordú imeacht, ní raibh gá dóibh bheith ag gach uile cruinniú. Tharla athrú a chiallaíonn go bhfuil gá dóibh bheith ag cruinnithe den SPC. Caithfidh siad freastal, má tá an ceart agam, ar 80% de na cruinnithe chun an liúntas - níl ann ach liúntas - a fháil. Níl aon aitheantas sa liúntas sin ar cé mhéad ama atá ag teastáil. Tá aithne agam ar dhaoine ar a bhí orthu éirí as bheith ina gcomhairleoirí toisc go raibh an oiread sin ama á chaitheamh acu ar an ról agus nach raibh an liúntas mór go leor leis an morgáiste a íoc. Tá sé sin fíor go fóill. Sa chás seo, nuair a chuir muid ceist faoin liúntas a bheadh i gceist do dhuine tofa mar bhall d’Údarás na Gaeltachta, bhí sé suarach i gcomparáid leis an méid ualach a bheadh orthu agus ar chóir go mbeadh orthu. Nuair atá daoine tofa nó ainmnithe le bheith ar bhord Stáit, ba chóir go mbeadh ualach agus freagracht orthu. Ba chóir go mbeadh orthu freastal ar chruinnithe agus bheith ar an eolas faoi gach rud atá ag tarlúint. Ba chóir go mbeadh orthu freastal ar cheantair difriúla agus bualadh leis na ceantair atá siad tofa dóibh. Sin an freagracht agus an íosmhéid ar chóir dúinn a bheith ag lorg, sa chaoi chéanna a bhíonn íosmhéid á lorg uainne.

Mar pháirtí, nuair atáimid ag lorg iarrthóirí, ceann de na rudaí a bhímid ag lorg ná go mbíonn siad ar fáil don phobal, freagrach agus ag obair. Glacaim leis go ndéanann Fianna Fáil an rud céanna, agus méid áirithe á lorg aige. Is minic a bhíonn muid ag lorg níos mó ó dhaoine nach bhfuil ar thaobh na cothroime de, agus nach féidir leo a dhéanamh ó thaobh an tuarastal de. Caithfidh siad morgáiste a íoc agus íoc as carr. Sa chás seo, beidh an rud ceannann céanna i gceist. Ní féidir 40 uair a chloig a thógáil as 20 uair an chloig. Ní ann dó. Má tá tú ag caitheamh ama ag obair don údarás agus deireann daoine nach gá duit é sin a dhéanamh, mura bhfuil tú an déanamh an obair agus tú tofa d’Údarás na Gaeltachta, ní bheidh tú tofa arís. Sin an buntáiste. Ní bheidh tú ag suí ar na pinginí móra a cheapann daoine a thugtar do chomhairleoir nó do dhuine a bheidh tofa don údarás. Beidh tuarastal nó liúntas éigin acu. B'fhéidir go mbeidh roinnt daoine in ann obair pháirtaimseartha a dhéanamh ach má tá siad ag déanamh an obair i gceart, ní bheidh siad in ann bheith ag obair go lánaimseartha i bpost idir 9 a chlog is 5 a chlog gach uile seachtain. Má tá siad dáiríre faoin obair ar gá a dhéanamh agus faoi freastal ar na cruinnithe agus an t-ullmhúchán a dhéanamh i gceart, ní féidir jab lánaimseartha a dhéanamh freisin. Sin an fáth gur chóir go mbeadh liúntas cuí ar fáil ní hamháin dóibh sin a bheidh san iomaíocht don údarás, ach do na comhairleoirí i gcoitinne timpeall na tíre freisin. Níl aitheantas cuí a thabhairt ag an Stát dóibh sin ná don obair a dhéanann siad thar ceann na saoránaigh sa Stát.

Sa chás seo, tá mé ag rá nach féidir an dá thrá a fhreastal agus gur chóir dúinn bac a chur sa reachtaíocht chun cosc a chur ar dhaoine a bheith mar comhairleoirí contae agus comhaltaí den údarás ag an am céanna. Seo ceann de na fáthanna a bhí muid ag iarraidh go mbeadh an toghchán seo ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla. Sa chás sin, bheadh ar dhaoine cinneadh a dhéanamh roimh ré cén cineál toghchán ina raibh siad chun seasamh. Anois beidh siad as sync. Ní bheidh na toghcháin áitiúla ar siúl ag an am céanna le toghchán an údaráis. Mar sin, mura nglactar leis an leasú seo beidh daoine atá mar chomhairleoirí contae cheana féin ag rá leo féin gur bealach é seo le cúpla pingin breise a fháil agus go rachaidh siad san iomaíocht. Tá aithne orm cheana féin ar dhaoine, agus meas éigin orthu, a cheapann go dtoghfar iad agus nach mbeidh orthu mórán a dhéanamh.

Táimid ag iarraidh go mbeidh na daoine a bheidh ar bhord Údarás na Gaeltachta gafa leis. B'fhéidir go mbeidh iomarca oibre anuas orthu, le go mbeidh tairbhe á bhaint as na ceantair Ghaeltachta astu siúd atá ainmnithe nó tofa.

Níl m'ainm leis an leasú seo. Is dócha go bhfeicim an dá thaobh. Arís, tá sé mar mholadh ón gcoiste. Phléamar é seo, agus bhreathnaíomar ar an dá thaobh. Is dócha, i ndeireadh na dála, go bhfuil an leasú seo stuama, ach ní mór dom a admháil go raibh mé idir dhá chomhairle ar feadh tréimhse ag smaoineamh an raibh gá leis. Ceapaim i ndeireadh na dála go bhfuil an leasú stuama. Má táimid i ndáiríre faoi údarás nua le cumhacht, le fís agus le hacmhainní chun díriú isteach ar na fadhbanna atá ar an talamh sna Gaeltachtaí uilig, seacht gcinn acu, is dócha go bhfuil gá le daoine go bhfuil dírithe isteach ar an obair seachas a bheith ar an gcomhairle contae freisin.

Tá a fhios agam ó mo thaithí féin go bhfuil an dualgas atá ar chomhairleoirí ag éirí níos tromchúisí. Bíonn ualach ollmhór orthu agus iad ag iarraidh freastal ar gach saghas cruinnithe laistigh agus taobh amuigh den chomhairle cathrach agus den chomhairle chontae. Tá orthu freastal ar SPCs agus chuile rud gan trácht ar na tuarascálacha atá le léamh acu. Ní dóigh liom i ndáiríre gur féidir an dá thrá a fhreastal. Ar ndóigh, ní raibh mé cinnte faoi sin, ach sin é mo chinneadh i ndeireadh na dála. Dá bhrí sin, aontaím leis an leasú seo.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Snodaigh.

Muna bhfuil tú ag déanamh na hoibre mar ionadaí poiblí, beidh tú imithe as do phost. Tá sé tábhachtach go dtugaimid an seans an obair a dhéanamh. Tá díospóireacht eile le bheith ann, ní hamháin an gceann seo, faoin obair atá á cur ar chomhairleoirí chontae nó ar chomhairleoirí áitiúla ag an bpointe seo. Caithfimid seasamh leo chun cuidiú leo san obair sin. Ní cheapaim go bhfuil sé ceart mar gheall go bhfuil an iomarca oibre le déanamh, agus nach bhfuil an cuidiú ann, go bhfuilimid ag rá nach bhfuil ceart ag duine seasamh do bhord Údarás na Gaeltachta. Tá mé ag ceapadh freisin go bhfuil a lán comhairleoirí áitiúla le taithí agus le suim i gceantair Ghaeltachta agus táimid ag rá nach mbeidh siad in ann bheith tofa d’Údarás na Gaeltachta mar gur comhairleoirí contae iad. Ní hé sin an freagra le go mbeadh údarás don chéad scoth againn. Beidh daoine nua agus daoine nach bhfuil tofa roimhe seo á gcur féin chun tosaigh mar go bhfuil suim acu ann, mar a tharlaíonn i ngach toghchán. Seasann daoine nua. Is dócha gur tharla sé do gach éinne anseo. Seasann daoine nua i gcoinne na ndaoine atá ina shuí agus buann siad an suíochán de bharr an fheachtais nó mar gheall ar an obair atá déanta acu sa cheantar. Tá sé sin taobh amuigh den díospóireacht seo.

Caithfimid seasamh suas le haghaidh na gcomhairleoirí i ngach páirtí agus na comhairleoirí neamhspleácha. Caithfimid resources breise a thabhairt dóibh chun an post a dhéanamh. Ní freagra na faidhbe sin a rá nach bhfuil daoine in ann seasamh le haghaidh toghcháin an údaráis. Tá freagraí i bhfad níos tábhachtaí eile chun an fhadhb sin a réiteach. Tá mé ag ceapadh go ndéanfaimid dochar do na deiseanna atá againn leis an údarás agus le toghchán an údaráis má deirimid le comhairleoirí áitiúla nach bhfuil siad in ann cur isteach ar na toghcháin sin díreach toisc gur comhairleoirí áitiúla iad. Tuigim an méid a dúirt an Teachta Connolly faoin dá thaobh. Tá dhá thaobh ann ach tá an taobh atá le réiteach taobh amuigh den díospóireacht seo agus taobh amuigh den údaráis. Caithfimid, agus muid ag tabhairt na dtoghchán ar ais, an deis a thabhairt do gach duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge - agus a bhfuil Gaeilge acu, a bhfuil taithí saoil acu, agus b'fhéidir a bhfuil contacts acu - ionas go mbeidh an t-údarás is fearr againn. Nuair atá an deis ar fáil údarás nua a bheith againn, ba cheart go mbeadh muid ag iarraidh an t-údarás is fearr a bheith againn. Ní deirimid le comhairleoirí áitiúla nach bhfuil siad in ann dul go dtí an údarás sláinte le haghaidh na réigiúnacha. Tá siad ag tabhairt a gcuid taithí go dtí an údarás sláinte agus ní cheart go ndeirimid nach bhfuil siad in ann seasamh do thoghchán Údarás na Gaeltachta freisin.

Maidir leis an leasú seo, bhí mise i gcónaí i bhfabhar go mbeadh deis ag comhairleoirí contae seasamh i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta. Tá nasc idir obair an chomhairle contae agus obair an údaráis agus ceapaimse go mbeidh sé sin tábhachtach don duine a toghfar. B’fhéidir nach mbeidh suim ar bith acu ann ach ba cheart deis a thabhairt do na daoine sin. Is dóigh go mbeidh sé seo inchreidte ach bhí mise mar bhall den Teach seo, mar bhall den chomhairle contae agus mar Aire Stáit ag an am céanna, agus bhí mé ábalta freastal ar gach ceann acu. Bhí mise ag iarraidh dul ar ais ag obair sa chomhairle contae sa bhliain 1999 ach tugadh reachtaíocht isteach ag cur deireadh leis an dual mandate. Tá mise i bhfabhar é fhágáil mar atá sé agus gur cheart go mbeadh deis ag comhairleoirí contae. Sa lá atá inniu ann, tá comhairleoirí contae againn i nDún na nGall atá ag déanamh ionadaíochta thar ceann Dhún na nGall, oiread is na Gaeltachtaí eile, ina measc fear a bhfuil clú agus cáil air tríd an tír, an comhairleoir a thug chorn Sam ar ais go dtí Dún na nGall sa bhliain 1992, Anthony Molloy. Tá sé ag freastal ar bhord Údarás na Gaeltachta agus ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus é ag déanamh jab iontach. Níl mise i bhfabhar iad a fhágáil amach as.

Cé go mbíonn eisceachtaí ann i gcónaí - daoine a bhfuil fuinneamh den scoth acu - aithneoidh an Teachta go bhfuil an saol ag casadh beagán. In ainneoin go bhfuil rudaí in ainm is a bheith níos éasca, leis an bhfón, an Idirlíon agus rudaí mar sin, tá agus beidh ualach breise ar chomhairleoirí contae amach anseo. Tuigim an dá thaobh. Ní raibh mé i mo comhairleoir contae riamh. Bhí an t-ádh liom go raibh mé tofa díreach chun na Dála in 2002. Tuigim an sórt buntáiste a bheadh ann do chomhairleoirí dá mbeadh sé nó sí ar bhord an údaráis ó thaobh a bheith ceangailte isteach leis an údarás atá ag déileáil leis na mbóithre nó le ceisteanna pleanála, mar shampla. Ag an am céanna, áfach, ó thaobh na Gaeltachta de, tá muid ag iarraidh go mbeidh na daoine seo dírithe go huile is go hiomlán ar an nGaeltacht. Chomh maith leis sin, cuirfear srian orthu nach mbeidh ach dhá théarma acu, má ghlacann muid leis an méid atá curtha chun cinn ag an Aire. Tá muid ag déanamh rudaí difriúla. Is é sin ceann de na rudaí. Níl sé go hiomlán daonlathach nó go hiomlán cosúil le comhairleoir contae ar féidir leis nó léi a bheith tofa bliain i ndiaidh bliana nó téarma i ndiaidh téarma má tá an pobal sásta glacadh leis sin. Is é sin an daonlathas.

Má tá tú tofa don údarás, ní hé go bhfuil tú díreach freagrach don cheantar sin. Má tá tú tofa go comhairle contae, tá tú tofa don cheantar ina bhfuil tú ach tá tú tofa do Thír Chonaill ina iomlán chomh maith, i gcomhthéacs an cháis a bhí á phlé ansin. Ó thaobh an údaráis, áfach, tá tú tofa agus freagrach don Ghaeltacht ina iomlán. Fiú má tá tú i dTír Chonaill, tá dualgais agus freagrachtaí ort do Rinn Ó gCuanach, Oileán Chléire agus na hOileáin Árainn agus mar sin de. Tá ualach breise ort mar sin. Cuideoidh na gadgets linn; is féidir Microsoft Teams agus rudaí mar sin a úsáid. Ní dhéanfaidh sé an jab níos éasca. Tá gach rud ag éirí níos casta. In ainneoin go mbeidh feidhmeannas ann, is é sin, an príomhfheidhmeannach agus an fhoireann, tá agus beidh dualgais ar bhaill an bhoird. Cheana féin, tá an tAire tar éis a rá gur rud eisceachtúil é go gcaithfidh go mbeidh saineolas ag daoine ar an mbord agus go mbeidh tuiscint acu. Má tá tú á scaradh amach mar sin agus ag tabhairt dualgas agus coinníollacha breise dóibh, caithfidh aitheantas dul leis sin. Is ionann roinnt den aitheantas sin agus tuarascáil nó liúntas nó pé rud a ghlaoitear air atá ag tabhairt aitheantais don ról atá i gceist. Anuas air sin, tá an leasú seo ag cuidiú lena déanamh cinnte de nach bhfuil siad gafa nó tarraingthe i dtreonna difriúla agus go bhfuil siad dírithe ar na ceisteanna móra atá le réiteach. Is iad sin na ceisteanna mar, cheana féin, ó thaobh Údarás na Gaeltachta, roimhe seo nuair a bunaíodh é, bhí sé dírithe ar fhostaíocht. Le tamall de bhlianta anuas, tá dualgais bhreise tugtha don údarás, dualgais ó thaobh pleanáil teanga de agus dualgais anois atáimid ag díriú isteach orthu ó thaobh tithíochta agus tá daoine ag caint faoi dhualgais eile.

My apologies, a Theachta Ó Snodaigh, but we need to adjourn.

Déanfaidh mé-----

Ar mhaith leis an Teachta an leasú seo a bhrú?

An mbeimid in ann an leasú a chríochnú le cúpla nóiméad a bheith agam?

Bhí mé díreach críochnaithe ansin so tá mé sásta leis sin.

Mar fhreagra ar an leasú sin, mar gheall go bhfuil na baill sin páirteach agus tofa go dtí an údarás nó an chomhairle áitiúil, beidh taithí acu maidir leis na cúrsaí áitiúla le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tuigim go mór gur rud maith é go mbeidh deis acu agus níl barántas ann go dtoghfar iad mar gheall gur comhairleoirí iad. B'fhéidir gur míbhuntáiste é agus ag éisteacht leis an Teachta Gallagher, ní dhéantar daoine cosúil leis a thuilleadh - bhí sé ina Aire, ina chomhairleoir contae agus ina Theachta ag an am céanna - mar go bhfuil an lá sin imithe. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh deis ag comhairleoirí contae a bheith páirteach freisin.

Táim sásta an leasú seo a tharraingt siar agus go dtabharfaidh mé ar aghaidh go dtí Céim na Tuarascála é.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Is section 5 agreed?

Tiocfaidh mé ar ais chuige.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Top
Share