Tá nóta ag an gcoiste a mhíníonn mír ar mhír i ngnáth Gaeilge agus Béarla céard atá sna rialacháin. Chomh maith le sin, tá liosta de na moltaí gur leasuithe iad go bhfuil mé ag glacadh leo agus liosta de na moltaí nach bhfuilimid ag glacadh leo. Rinne mise ath-léamh orthu aréir agus níor thóg sé mórán le cois 20 nóiméad, ní hamháin iad sin a léamh ach dul tríd na rialacháin. Admhaím go rabhadar feicthe cheana agam. Tá súil agam agus sílim go bhfuil siad leagtha amach go soiléir ag na hoifigigh. Mar sin, mír ar mhír tá míniú tá na moltaí ar ghlacadh leo agus na moltaí nár glac muid leo agus cén fáth nár glac muid leo.
Chomh maith leis sin, tá na rialacháin mar atá muid á moladh anois agus na leasuithe atá déanta ón uair dheireanach curtha isteach i ndearg. Táthar in ann an-éasca má tá inneall priontála ag baill san oifig iad sin a phriontáil leis an ndath. Taispeánann sé sin ar bhealach an-éasca ar fad na leasuithe agus cén áit a bhfuil siad sna rialacháin. Ciallaíonn sé sin go mbeadh sé éasca ag daoine oibriú amach céard tá difriúil ón uair dheireanach a raibh muid anseo.
Chuir an Teachta Ó Sé ceist agus an freagra ná; d'iarr an tÚdarás um Shábháilteacht agus Shláinte orainn é seo a dhéanamh agus go dtuigtear dom sa chuid is mó gur comharthaí sábháilteachta seachas focail atá in úsáid anois toisc go bhfuil go leor daoine sa tír nach bhfuil Béarla ná Gaeilge acu. Bhraith mé mura ngéillfinn dhó go ndéarfadh daoine ó tharla gur iarr an t-údarás orm é a dhéanamh, go raibh mé ag cothú contúirte. Sin an fáth gur géill mé dhó. Is féidir liom machnamh ar sin anois agus teacht ar ais le tuairim an choiste ar sin an chéad lá eile, ach sin an réasúnaíocht a bhí leis.
Mar gheall ar na rudaí atá glactha leo, ardaíodh ceist faoin duine atá imithe as an oifig agus a fhágann teachtaireacht pearsanta ar an bhfón: "I'm out of the office; gone for coffee. I'll be back in an hour." Ní bheadh sé praiticiúil go gcaithfí é sin a dhéanamh i nGaeilge agus Béarla chuile uair, anneoin gur taifead atá ann seachas duine ag caint leat go beo. Táimid ag déanamh eisceacht soiléir dhó sin le nach mbeidh aon míthuiscint go mbeadh aon rud mídleathúil ag baint le teachtaireacht pearsanta a fhágáil ar do fón fhéin a athródh ó lá go lá nó ó seachtain go seachtain. Táimid ag clúdach, clúdach litreach mar stáiseanóireacht. Ceapaim go bhfuil ciall leis sin.
Maidir leis na rudaí nach bhfuil muid ag glacadh leo, bhí cuid des na comhlachtaí ag rá linn faoi na fógraí taifeadta béil nach bhfuil an bog earra ar fáil le teachtaireacht ar nós "Seo an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Níl aon duine anseo faoi láthair. Fág do theachtaireacht", nó "Le haghaidh seirbhís trí Gaeilge, brú a haon, agus seirbhís trí Bhéarla, brú a dó" a dheanamh. Ní gá teachtaireachtaí fada a fhágáil ar fóin. Tá an bog earra agus faoiseamh chun é seo a chur isteach le fáil leis na mblianta agus mar sin níor glac muid leis an moladh sin. Ba mhaith liom tuairim an choiste ar sin.
Mheas roinnt comhlachtaí nár chóir dóibh tús áite a thabhairt don Ghaeilge i bhfógraí béil éigeandála trí chórais fógraí poiblí, mar shampla, i gcás doiteáin. Ní fógra réamh-thaifeadta atá ann i gcás dóiteáin; is fógra beo é a dhéanfadh duine beo. Mar sin ní fhéachfaimid go n-éiríonn an cás sin.
Ó thaobh na stáiseanóireachta dhe bhí roinnt comhlachtaí ag iarraidh an leagan Béarla a chur roimh an Ghaeilge ach ní fhéachfaimid cúis ar bith leis sin ó tharla go bhfuil cead, an sean a stáiseanóireachta a úsáid. Má tá stoc trí bliana de stáiseanóireacht ag comhlachtaí poiblí, tá siad in ann é a úsáid go ritheann siad as. Uaidh sin amach, beidh ar na comhlachtaí poiblí an Ghaeilge a chur i dtosach agus an Béarla a chur ina dhiaidh sin. Ní fhéachfaimid an fhadhb leis. Dúirt cuid de na comhlachtaí faoi na comhaid agus fillteáin go bhfuiltear ag baint go hinmheánach agus go bhfuil rudaí réamh-chlóite acu. Ní fheicim cén fhadhb atá ann le hiad a bheith réamh-chlóite go dátheangach. Tá sé mar sin i go leor stuif sa Roinn seo againne agus ní chothaíonn sé aon fhadhb.
Maidir le céard is comhartha ann agus is cosúil gur tógadh ceist faoi sin, d'fhéadfaimis leabhar a scríobh ar an tsainmhíniú sin agus chothódh sin fadhbanna. Tá tuiscint ginearálta ar chéard is comhartha ann agus creidim gur fearr nach ndéanfar iarracht sainmhíniú a chur ar fáil mar gur mó fadhb a tharraingeodh sé ná a réiteodh sé. Bheadh comharthaí inmheánacha ag cuid de na heagraíochtaí, agus bheadh siad ag lorg iad a bheith curtha san áireamh. Céard is comhartha inmheánach agus céard is comhartha gan a bheith inmheánach má thagann cuairteoirí isteach sna foirgneamh seo? Is costas imeallach atá i gceist anseo agus ní fheicim an fhadhb. Maidir le dul i gcomhairle le daoine atá faoi mhíchumas, ní thuigtear dúinn cén caoi a bhféadfadh fógra dátheangach cur as do dhaoine faoi mhíchumas. Ár ndóigh, d'fhéadfadh comhartha aonteangach cur as do dhuine nach raibh compórdach sa Ghaeilge. Ní fheicim aon issue ansin. Nílim ach ag míniú céard a rinne mé. Táim ag ceapadh gurb é sin bun áit na bpointe sin.
Tá fhios ag an gcoiste cheana nuair a thug muid isteach an rud faoi na tuarascálacha bliantúla go raibh go leor gearáin ann faoi chostas agus impleachtaí do seo. Mhair sé tamaill agus ansin thuig chuile dhuine go bhféadfaí é a dhéanamh taobh istigh den bhuiséad a bhí acu agus gur iomaí bealach le hairgead a shábháil, mar shampla, tuarascálacha níos fearr agus níos giorra. Is dóigh liomsa gur crá croí an lae inniu iad tuarascálacha ró fhada agus rudaí a fhoilsiú ar an t-idirlíon.
Maidir le fógraíocht, dá gcuirfinn san áireamh iomlán na fógraíochta a dhéanann an Stát agus na comhlachtaí faoin a chúram, bheadh an-suim airgid ann. Má chaitheann an Stát cúpla céad milliúin ar fhógraíocht, n'fheadar céard a chaitheann sé idir na 600 comhlachtaí. Dá dtabharfaí isteach rial go gcaithfí chuile fhógra a chuirtear i mBéarla a chur i nGaeilge freisin, bheifí ag rá go rabhamar ag cur na hoiread seo céadta milliúin eile leis an gcostas agus bheadh field day ann.
Tá ceist go mór i mo chloigeann, ba mhaith liom teacht ar ais ag an gcoiste seo faoi, más mian leis. Má tá fógraíocht le déanamh i nGaeilge, an cheart é a dhéanamh sa gcaoi is gur mar a chéile é a chur san Irish Times, Irish Independent, Mirror, Star nó cibé páipéar Béarla agus é a chur sna páipéir Gaeilge, nó an cheart dúinn breathnú ar bhealach go bhfaigheadh na meáin Gaeilge cuid d’ioncam fógraíochta an Stáit thar mar a fhaigheann siad i láthair na huaire? Mar shampla, dá dtarraingeodh an Stát siar ó fhógraíocht a dhéanamh ar RTE agus na páipéir laethúla, is dóigh liomsa nach mairfidís i bhfad mar bheidís thíos go maith ó thaobh ioncam de. Go dtí seo go ginearálta, ní fhaigheann Foinse, Lá nó TG4 an sciar céanna de chaiteachas fhógraíochta an Stáit nó fiú céatadán suntasach de sin i nGaeilge agus atá ar fáil i mBéarla. Dá bhfaigheadh ár ndóigh, d’fhéadfadh na páipéir agus an stáisiún teilifíse sin a bheith i bhfad níos fearr.
Nílim á rá subsidy, ach tá fóirdheontas de chineál á thabhairt ag an Stát do na meáin Béarla. An cheist atá agamsa i mo chloigeann ná an cheart é sin a thógáil san áireamh agus na rialacháin a scríobh sa chaoi is go mbeadh roghanna ag daoine ionas go bhfeadfaidís an dlí a chomhlíonadh ar níos mó ná bealach amháin, go mbeadh bun rialacha ann déanta sa chaoi is go gcothromódh sé, beagánín an tseans a bheadh ag na meáin Gaeilge dul in iomáiochta leis na meáin Béarla ó thaobh fograíochta an Stáit de, is ceist é. Ba mhaith liom da mbeadh an coiste toillteanach teacht ar ais anseo agus b'fhéidir plé cáipéis a chur faoi mo mbráid leis an gceist seo a phlé, féachaint an bhfuil níos mó i gceist anseo ná díreach fógraí a chur in áit agus an bhfuil ceist níos leithne ann ó thaobh maoiniú a chur bealach na meáin atá ag foilsiú trí Ghaeilge, trí roghanna a thabhairt. Ní fhéadfainn treoir a thabhairt go gcaithfí an fógra a chur in x, y, z ár ndóigh, ach tá bealaí go bhféadfaí é a dhéanamh.
Maidir le comharthaí bóthair níl feidhm agam ann ó thaobh dlí dhe de bharr gur lámhleabhar a úsáidtear go ginearálta do chomharthaí bóthair ar fud na tíre. Dá mbeadh, ní bheadh cuid den gibiris le feiceáil ar fud na tíre nach Gaeilge ná Béarla é, ach sin scéal eile. Tá freagracht sa mhéid seo agam as comharthaí bóthair do logainmneacha Gaeltachta, mar is faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a tháinig an rud isteach go mbeadh comharthaí bóthair ar a bhfuil logainmneacha Gaeltachta i nGaeilge amháin, is cuma cén áit a bheidh siad. Creidim gurb é sin an scéal is mó a cuireadh as ruacht agus nár bhreathnaigh éinne go fuar-chúiseach air, nó fíor-bheagán go fuar-chúiseach air, le fada an lá. Creidim nár bhreathnaigh mórán de na daoine a rinne gearán faoin mír sin san Acht ar an status quo agus chomh seafóideach agus a bhí sé.
Molaim an Teachta Ring as ucht na ceiste seo a thógáil agus targaim leis go mór gurb é seo an fóram, an cheist seo a phlé go fuar-chúiseach, go hanailíseach agus go réasúnta. B'fhéidir teacht, ar an gcéad dul síos ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den cinneadh a rinneamar in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus déileáil leis an gceist atá ardaithe, sé sin, gur léir domsa anois nach raibh Acht nó nach raibh an t-ordú a rinneadh i 1970 curtha i bhfeidhm i nGaeltachtaí áirithe. Dá mba rud é go raibh sé, d'fheicfí go raibh an tsean-réimis mhíloighciúil. Fágfaimid é sin do lá eile, ach cinnte má iarrtar orm teacht agus an ghné sin a phlé, déanfaidh mé é sin go fonnmhar. Cuirfimid ár gcás agus na roghanna mar a chonaiceamar iad faoi bhráid an choiste agus beimid sásta éisteacht go cruinn lena bhfuil le rá ag an gcoiste seo, faoi cén bealach ina cheart dúinn dul.
Tá freagracht iontach glactha ag an Dáil agus an Seanad in achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Molaim na Teachtaí agus na Seanadóirí ar fad a ghlac páirt san obair. Tá gach iarracht déanta agam an t-am seo. Rinne mé an chéad uair é. Tá daoine ag rá go ndeachaigh mé thar fóir leis an t-am seo, le go mbeadh an dul i gcomhairle chomh forleathan agus is féidir le gach aon dream lena mbaineann sé seo leo, sula síneoinn na rialacháin. Tá mé ag cuireadh dhá bhliain anois ar an mbóthair leo seo agus tá sé i gceist agam na rialacháin a shíneáil sara dtógfaimid saoire an tsamhraidh tar éis an cruinniú ar 2 Iúil.
Scríobhamar ag níos mó ná 600 comhlacht agus eagraíocht Stáit go sonrach mar gur mhol an Seanadóir Ó Tuathail go ndeanfaí é sin agus chuir sé ceist an ndearnadh é. Ainneoin roimhe sin go raibh muid tar éis dul i gcomhairle le na máthar Ranna Stáit agus shílfeá go mba cheart dóibh siúd dul i gcomhairle lena gcuid eagraíochta fhéin nó labhairt ar a son, ghlac mé leis an rud ón tSeanadóir Ó Tuathail go mb'fhéidir go raibh seans ann nach raibh siad uilig tar éis é sin a dhéanamh, tar éis go mba cheart dóibh é sin a dhéanamh agus labhairt ar a son nuair a bhí é seo á phlé ag an Rialtas. Scríobhamar ag níos mó ná 600 comhlacht poiblí agus níor tháinig ar ais chugainn ach tuairim is scór. Glacaim leis, agus caithfimid tar éis dhá bhliain de seo, gurb é an fáth nár tháinig an tuairim is 580 ar ais chugainn ná nach raibh aon rud le rá faoi na rialacha.
Sílim ar mhaithe le seasamh an Oireachtais, má ghlacfaimid leis na rialacháin seo nuair a bheidh an plé thart agus má thagann eagraíochtaí Stáit nó dreamanna eile ag rá nach ndeachamar i gcomhairle, go bhfuil sé tábhachtach go seasfaimid ar fad le chéile á rá má pléadh riamh rialacháin a rinne Aire go mion is go fadáileach, gurb iad seo na rialacháin is faide agus is fadálaí a pléadh agus gurb é seo an córas is iomláine riamh a ndeachfar ann, ag tabhairt seans do chuile comhlacht poiblí a dtuairim a chur in iúl. Fágfaidh mé ag an gcoiste anois é.