Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

Beidh an ról nua mar chathaoirleach d'Údarás na Gaeltachta á plé againn leis an Uasal Anna Ní Ghallchair anseo inniu. Cuirim fáilte roimh Anna Ní Ghallchair, cathaoirleach ainmnithe Údarás na Gaeltachta agus stiúrthóir, Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Máigh Nuad. Gabhaim buíochas leí as teacht i láthair. Iarraim ar an gcléireach anois an gnáthfhógra a léamh a thugtar do ghach finné a thagann os comhair coistí Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar aird an fhinnéithe go bhfuil de bhua Alt 17(2)(l) den Acht Um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste di, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sí dá tabhairt, níl sí i dteideal dá éis sin ach pribhléide cáilithe, i leith na fianaise aici. Ordaítear di nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear di cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir, más féidir, daoine, ná eintiteas, a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom í a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir sí faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim anois ar an Uasal Uí Ghallchair labhairt os comhair an choiste.

Ms Anna Ní Ghallachair

Go raibh maith agat. Fáiltím roimh an deis seo léargas a thabhairt don choiste ar an bhfís atá agam d'Údarás na Gaeltachta sna blianta beaga amach romhainn.

I dtús báire, ba mhaith liom a rá gur mór an onóir agus an phribhléid í a bheith molta mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta, mar oileánach, mar bhean Ghaeltachta, mar bhean teanga agus mar oideachasóir. Tuigim go maith an obair thábhachtach, cheannródaíoch atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ó céadbhunaíodh é sa bhliain 1980, nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Ghaeltarra Éireann. Níl amhras ar bith ach gur imir Údarás na Gaeltachta ról lárnach i bhforbairt na Gaeltachta ar achan bhealach ó shin i leith agus tá curtha go láidir aige le saol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta dá bharr. Tugann an t-údarás faoi réimse leathan gníomhaíochtaí fiontraíochta agus forbartha chun a fheidhmeanna i dtaca le cruthú agus caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht a bhaint amach. Tá na fiontair a fhaigheann tacaíocht ag feidhmiú in earnálacha ar nós eolaíochtaí beatha, mar shampla bithleigheas agus cógaisíocht, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, déantúsaíocht nideoige, mar shampla earraí innealtóireachta agus tomhaltais, closamharc agus na meáin dhigiteacha, turasóireacht, fiontair mhara agus fiontair theangabhunaithe.

Le cúpla sampla sonrach a lua, is fiú smaoineamh ar nithe ar nós an ról ceannasach a bhí ag an údarás i mbunú TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí, ag tabhairt tacaíochta do chomhlachtaí teilifíse ar éirigh thar barr leo, cosúil le Telegael agus Nemeton, atá linn i dtólamh agus a bhfuil rath i gcónaí ar a gcuid oibre; an bonn láidir a chuir an t-údarás faoi thionscal an bhia, an smailcbhia ach go háirithe, le comhlachtaí cosúil le Largo Foods; an infheistíocht shubstaintiúil atá déanta thar na blianta i bhfiontair mhara; agus an fhorbairt atá tagtha ar thionscail thábhachtacha in earnáil an bhithleighis, cosúil le Bioniche/Mylan, a bhfuil infheistíocht an-mhór le déanamh ar a shuíomh in Indreabhán, Conamara.

Tá cúis mhaith mhórtais ag an údarás as an méid atá bainte amach aige in aimsir an rachmais agus in aimsir na lag trá eacnamaíochta araon. Is é an t-aistriúchán Sínise atá ar "ghéarchéim" ná "deis chontúirteach" agus b'fhéidir gur bealach maith é le hamharc ar staid na tíre agus go háirithe ar staid na Gaeltachta faoi láthair. Tá contúirtí móra ann ach tá deiseanna iontacha ann fosta, má tá muid sásta iad a thapú. Tá deis ann machnamh a dhéanamh ar na rudaí is tábhachtaí dúinn mar náisiún agus mar phobal agus a chinntiú go dtiocfaidh an chuid is fearr dínn féin slán as an gclabán seo.

Tá dhá bhunaidhm ag Údarás na Gaeltachta: buanú agus forbairt teanga, agus forbairt fiontraíochta. Is cinnte gur dúshlán ann féin atá ann an dá thrá sin a fhreastal.

Caidé a bheadh sa Ghaeltacht gan an Ghaeilge? Tá sé luaite sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chuir foireann as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar fáil dúinn go bhfuil saolré idir 15 agus 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge sa Ghaeltacht má leanann rudaí mar atá. Cuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, atá bunaithe ar an tsaineolas sochtheangeolaíochta is fearr ar domhan, ar fáil dúinn le cuidiú linn cosc a chur leis an mheath agus an teanga a chur ar bhealach a leasa. Rinneadh daingniú ar chuid de phríomh-mholtaí na straitéise nuair a tháinig Acht na Gaeltachta 2012 i bhfeidhm níos luaithe i mbliana. Tugann an tAcht seo feidhm lárnach d'Údarás na Gaeltachta, go háirithe i dtaca le próiseas pleanála teanga a chur chun cinn i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta. Beidh ról lárnach ag an Údarás ag cuidiú le heagraíochtaí pobalbhunaithe na Gaeltachta pleananna teanga cuimsitheacha a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair agus is iad na pleananna seo a bheidh mar dhúshraith chun an Ghaeilge a chaomhnú agus borradh nua a chur fúithi chun go dtabharfar ar aghaidh don chéad ghlúin eile í. Treiseoidh an cur chuige nua seo maidir leis an phleanáil teanga an obair luachmhar atá ar siúl ag an údarás i ndáil le forbairt na naíonraí, cúrsaí óige agus an fhorbairt phobail.

Creidimse fosta go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh comhoibriú den scoth idir an t-údarás agus Foras na Gaeilge leis an obair thábhachtach seo a dhéanamh ar bhonn chomhtháite agus an luach is fearr a fháil as na hacmhainní atá againn cheana féin.

Mar oideachasóir atá ag plé leis na teangacha le fada, tuigim go maith na deacrachtaí a bhaineann le buanú agus forbairt na mionteanga. Ach is féidir liom a rá, gan lá amhrais orm, go bhfuil an saineolas sa tír seo againn le tacaíocht den scoth a chur ar fáil do na pobail Ghaeltachta sin atá ag iarraidh an Ghaeilge a bhuanú agus a fhorbairt ina gceantair féin. Chuige sin, bunófar ár gcur chuige ar thrí chrann taca: proifísiúnú, oiliúint agus tacaíocht, agus beidh an taighde atá déanta i réimse na sochtheangeolaíochta agus na teangeolaíochta feidhmí mar bhunchloch ag an gcur chuige seo.

Ní bheadh Gaeltacht ar bith ann, ar ndóigh, gan a pobal agus is cinnte go dtéann buanú agus forbairt teanga lámh ar láimh le forbairt eacnamaíochta agus forbairt pobail. Is ábhar dóchais é mar sin go bhfuil bunfhostaíocht de 7,000 post sa Ghaeltacht a fuair tacaíocht ón údarás. Ar an lámh eile de, tá buiséad caipitil na heagraíochta gearrtha siar go dtí €6 mhilliún sa bhliain. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh Údarás na Gaeltachta bealaí eile a aimsiú le bheith éifeachtach agus éifeachtúil agus é ag díriú ar a bhunaidhmeanna. Mar sin de, tá sé riachtanach a chinntiú go mbeidh níos mó comhoibrithe i gceist leis an Údarás Forbartha Tionscail, le Fiontraíocht Éireann agus le Fáilte Éireann le fostaíocht a chruthú sna hearnálacha éagsúla. Beidh sé tábhachtach fosta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí éagsúla ar féidir foinsí nua maoinithe a aimsiú chomh maith, mar shampla tríd an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh.

Faoi láthair, ar fud na hEorpa, tá cuid mhór béime á leagan ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide, mar gur mó seans go mbeidh siad inmharthana, i measc cúiseanna eile. Is sa mhúnla seo atá agus a bheas na cuideachtaí teanga-bhunaithe agus teanga-lárnaithe. Is í an Ghaeilge an acmhainn is luachmhaire atá againn sa Ghaeltacht agus chítear dom gur féidir linn i bhfad níos mó a dhéanamh chun tairbhe iomlán a bhaint as na féidearthachtaí uilig a bhaineann léi: an turasóireacht chultúrtha, na healaíona, earnáil na faisnéise, teagmháil leis an diaspóra, gan ach ceithre shampla a lua. Léiríonn suirbhéanna ar an turasóireacht go hÉirinn go meallann éagsúlacht, chultúrtha agus éagsúlacht theanga an turasóir. I mo thuairimse, is féidir níos mó a dhéanamh leis an tsainchultúr a chur ar a súile do na turasóirí.

Mar oileánach mná, is cúis áthais dom gur dualgas tábhachtach de chuid an údaráis é tacú leis na hoileáin agus leis na comharchumainn a bhfuil ról ríthábhachtach acu ó thaobh na forbartha eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha de.

Tá fís iontach dearfach agamsa don Ghaeltacht sa todhchaí. Le tacaíocht chuí ón Stát. tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Údarás na Gaeltachta, ach go háirithe, creidim go bhfuil na pobail Ghaeltachta ag iarraidh go gcaomhnófar an Ghaeltacht mar fhoinse ár dteanga dhúchais don chéad ghlúin eile. Is mór an dúshlán atá roimh Údarás na Gaeltachta chun an sprioc seo a bhaint amach ach tá mé sásta go bhfuil na scileanna go léir a bheas de dhíobháil orainn le dul i ngleic leis ar an mbord úr: scileanna fíontraíochta, forbairt pobail, oideachas, pleanáil teanga agus cúrsaí rialachais.

Tá mé buíoch de na comhaltaí gur ghlac siad leis an chuireadh ón Aire Stáit agus leis an bhfreagracht úr a théann leis an gcuireadh sin. Ó mo thaobh féin de, thig leo a bheith cinnte go bhfaighidh siad éisteacht agus ceannasaíocht thuisceanach. Tá mé ag súil go mór fosta a bheith ag obair leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an bhfoireann, daoine a mbíonn teagmhálacha proifisiúnta agam leo le blianta beaga anuas agus ar mór mo mheas orthu. Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghabháil leis an Aire Stáit as an mhuinín a léirigh sé ionam; le Liam Ó Cuinneagáin, laoch de chuid na Gaeltachta, agus lena chomhghleacaithe ar an mbord dheireanach as an údarás a stiúradh fríd an stoirm mhór atá buailte linn le cúpla bliain anuas. Ar deireadh, mo bhuíochas leis an Chathaoirleach agus le comhaltaí an chomhchoiste as éisteacht a thabhairt dom anseo inniu.

Gabhaim buíochas don Uasal Anna Ní Ghallchair as an ráiteas cuimsitheach sin. Go n-éirí an t-ádh léi sa phost úr atá aici.

Cuirim fáilte roimh Anna Ní Ghallchair don chruinniú. Is pribhléid dom agus don choiste plé a dhéanamh leis an duine atá molta mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil post tábhachtach aici in Ollscoil Mhaigh Nuad agus anois post tábhachtach eile mar chathaoirleach ar an údarás.

Bord nua atá ann agus ní thoghfar na baill. Conas a oibreoidh an bord nua seo? Chuir mé féin ceisteanna ar an Aire Stáit maidir le dífhostaíocht sa Ghaeltacht agus ceisteanna faoi The Gathering an bhliain seo chugainn, le fáil amach an mbeidh ról ag an údarás sa rud sin. Níor mhaith liom go mbeadh ísliú céime don údarás, go háirithe ar a chuid cúraimí fiontraíochta. Tá neart obair mhaith déanta ag an údarás go dtí seo agus a lán post ar fáil sa Ghaeltacht agus ba mhaith liom go leanfadh sin ar aghaidh.

Luadh bealaí nua le bheith éifeachtach os rud é go bhfuil gearradh siar €6 mhilliún sa bhuiséad chaipitil. An féidir níos mó a rá faoi sin, go speisialta faoi na hearnálacha éagsúla? Cén chaoi is féidir sin a dhéanamh. Luadh cistí an Aontas Eorpaigh. Bheadh sé suimiúil dá mbeimis in ann níos mó a fháil ansin.

Tá rudaí maithe anseo don údarás, ar nós TG4. Tá plé sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge maidir leis an gcaoi is fearr chun an Ghaeilge a chaomhnú.

Tá a fhios agam ón méid atá ráite aici go bhfuil an-suim aici sa scéal sin. Is iad sin na ceisteanna atá agam. Is maith an rud é go bhfuil an-bhród ag Anna Ní Ghallchair sa phost nua atá aici agus go n-éirí léi.

Ms Anna Ní Ghallchair

Mar a dúirt mé sa ráiteas a rinne me ar ball beag, tá dhá sprioc nó bunaidhm ag Údarás na Gaeltachta - forbairt pobail agus forbairt teanga. Téann an dá rud lámh ar lámh. Nuair a bhíonn muid ag caint ar chúrsaí sochtheangeolaíochta agus ar chúrsaí na Gaeilge, ní bhíonn móran rudaí ró-shimplí i gceist. Tá rud amháin atá iontach simplí maidir le cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht - gan pobal sa Ghaeltacht, ní bheidh aon teanga ann; agus gan an teanga, ní bheidh an Ghaeltacht ann. Is í an bunaidhm nó raison d'être a bhí ag Údarás na Gaeltachta ariamh ná an pobal a choinneáil sa Ghaeltacht - iad a chur ag obair oiread agus is féidir agus an teanga a choinneáil beo ag an am céanna. Ní dóigh liom go mbeidh an lámh in uachtar ag ceachtar den dá rud, mar go dtéann siad lámh ar lámh lena chéile. Is é sin an chéad rud a déarfainn. Measaim go bhfuil na scileanna go léir againn ar an mbord le polasaithe agus straitéis ceart a chur le chéile agus díriú ar na haidhmeanna sin a bhaint amach.

Beidh cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012 mar ceann de phríomhaidhmeanna an bhoird nua. Beidh ról fíor-lárnach ag an údarás maidir leis na pleananna teanga san Acht sin. Déanann an Acht sin daingniú ar chuid de na príomhmholtaí a bhí sa straitéis 20 bliain. Iarradh orm freisin an bhfuil féidearthachtaí eile maoinithe atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. B'fhéidir gur ndearna muid dearmad beag ar cistí Eorpacha cosúil le Interreg - níor chuir muid an oiread sin suim iontu - in am an rachmais os rud é go mbíonn na hiarrataisí measartha fada agus measartha casta. Bíonn féidearthachtaí eile ann le airgead a thabhairt isteach do chúrsaí taighde agus fiú do rudaí praiticiúla ar leibhéal na Gaeltachta. Is féidir iad a chruthú.

Luaigh an Teachta Kitt The Gathering. Sa phost atá agam faoi láthair - tá mé mar stiúrthóir ar ionad na dteangacha i Má Nuad - tá scrúdaithe curtha le chéile againn don Ghaeilge. Tá ocht n-ionad againn ar fud na hÉireann. Tá ionad againn in ollscoil i bPrág na Seice. Tá ionad againn i Nua Eabhrac. Tá ionad in Ottawa. Tá ionad againn i dToronto. Bíonn muid ag plé le diaspóra na hÉireann ar bhonn rialta. Silim gur féidir cuid mhór a dhéanamh leis an gcaidreamh sin a chothú. B'fhéidir go gcuirfidh The Gathering tús le sin. B'fhéidir nach bhfuilimid ag déanamh go leor sa Ghaeltacht ar bhonn foirmiúil leis an gcaidreamh sin a chothú.

Mar shampla, tharla sé go raibh me i bPáras Dé hAoine seo caite ag bronnadh teastais ar 45 duine atá ag foghlaim na Gaeilge san ionad atá againn ansin. Is Francaigh thart ar 70% dóibh siúd atá ag tabhairt faoi na cúrsaí sin. Is Éireannaigh atá pósta sa Fhrainc, srl., an chuid eile acu. Síleann daoine i gcónaí nach bhfuil suim ach amháin sa Bhéarla ag na heachtrannaigh atá ag iarraidh teanga a fhoghlaim anseo, ach níl sé sin fíor. Tá suim ag daoine sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeilge. Teastaíonn uathu teacht go dtí áit ina bhfuil cultúr difriúil i gceist. Tá tíortha an domhain ag éirí níos cosúil lena chéile; dá bhrí sin, tá daoine ag iarraidh rudaí atá difriúil. Sílim gur féidir le Fáilte Éireann agus grúpaí mar sin obair ar an ghné sin.

I believe Ms Ní Ghallchair is the first female chairperson of Údarás na Gaeltachta. I would like to congratulate her and wish her well in her new role. Is she concerned that there are just two female representatives on the board? I understand her expertise is in linguistics. As chair, she will be neutral. How does she think she can bring her expertise to bear while remaining neutral?

Ms Anna Ní Ghallchair

I thank the Deputy for her questions and for her kind remarks. It is a great honour and privilege to be the first female chairperson of Údarás na Gaeltachta. There are three things to be said about representation. First, the board is very representative in terms of the skills it will need for the future of Údarás na Gaeltachta, for example when addressing the issues of strategy and policy that will arise. All of the skills we will need in areas like enterprise, governance, language ability and - I cannot think of the English phrase - forbairt pobail-----

Community development.

Ms Anna Ní Ghallchair

-----are present within the board. Second, I am pleased to say that the board is representative of every Gaeltacht in the country. That was not anticipated in the run-up to the appointment of the board. Third, it is a source of personal disappointment to me that the board falls short in terms of gender equity. I had absolutely nothing to do with the compilation of the board.

I am somewhat embarrassed to have to address Ms Ní Ghallchair in English, unfortunately. I wish her the best of luck with the massive task she faces. She mentioned the reports suggesting we might have just 15 years to deal with this issue. I believe that to be true. I do not come from a Gaeltacht area. I have massive difficulty learning a language if I am not immersed in it. I got a 'D' in pass Irish in my leaving certificate. I find it very difficult to learn a language by any means other than being immersed in it. Every person in my leaving certificate class found it equally difficult. That is why Ms Ní Ghallchair and other "seed savers" have such an important job. They have the seed and they need to help it to grow. I need to go to places like the Gaeltacht to learn Irish. The same thing applies to my children. That is why it is so essential that people like Ms Ní Ghallchair are successful. Some of the people in here, and many of the people I went to school with, would have learned Irish if they went to school drunk because they had that type of brain. That does not apply to most people who are like me. That is why it is so essential for Údarás na Gaeltachta and the other organisations to survive.

When I was growing up, brown bread was left for the poor people because it was unfashionable. The rich people ate white bread until the news came out that brown bread is better. Now the rich people are eating brown bread while many poor people are eating white bread. The same thing applies in the case of the Irish language. There was a time when it was spoken mainly by the poorer people. I am not trying to create a class divide here. This is my experience of the matter. When I was in school, however, all the rich children went to the Gaeltacht. Maybe they did not think they were rich, but they looked like they were rich to me, to my family and to my neighbours. Many of them probably had the ability to learn it anyway. They came back with a level of Irish that none of us could ever attain. I wonder what Ms Ní Ghallchair thinks can be done to make sure everyone can potentially go to the Gaeltacht. For many people, that is the only way the language can be learned.

I discovered this when I went to Spain. I had never spoken Spanish in my life, but after six months there, I could pick up the telephone, order a taxi and tell the driver where to meet me. I was able to go into every shop and order absolutely everything in Spanish. After 13 years of Irish classes, with no opportunity to engage in immersion, only two of the 30 students in my leaving certificate class understood what the words "ní thuigim" meant. That has to change and I wonder what Ms Ní Ghallchair can do to change it. I know she is genuine and was delighted that it was difficult for her to find the English word for something. It was refreshing to see this. What does she think can be done to help people like me whose intelligence does not match the way Irish is taught?

The Deputy is being very hard on himself today.

I am not. I am telling the truth. I got a "D" in pass Irish after studying it for 13 years. Should we go down the Linguaphone route to get kids to learn Irish? What are her suggestions, as I would hate to see the language disappear? The world is becoming more and more homogenised. I have said on numerous occasions at this forum and in the Dáil that homogenisation is for milk, not people. What can Ms Ní Ghallchair do to make sure everyone on the planet will not end up exactly the same? If some of us are able to speak Irish, we will be a little different.

Ms Anna Ní Ghallachair

I am conscious that I forgot to answer one of Deputy Sandra McLellan's questions. I will come back to it.

If I may say so, as a teacher, Deputy Luke 'Ming' Flanagan is being very hard on himself. I am not sure there is anybody who is incapable of learning a second language. There is nothing in any research to suggest that is the case. Research shows that motivation is key in learning. If one is determined to learn, really has to learn or wants to learn, one will do so. I have mentioned that the languages centre in Maynooth organises a suite of Irish language examinations. One of our best students this year was a Dutch lady living in England who had spent no more than a fortnight in Ireland but learned Irish to a very high level. There is no doubt, therefore, that motivation is key.

Deputy Flanagan asked about the role of Údarás na Gaeltachta in this regard. We are always aware that we have to give those who want to come back to Irish an opportunity to do so. I see this time and again in my job because we deal with many adult learners. We have to ensure the teaching of Irish is professionalised. That is a mantra I use when speaking about this issue. It is sometimes the case that those who teach Irish to adults are not qualified teachers. People need to be trained in that sector for this type of teaching and support must be provided for them. That is something we do at a relatively small level, for a number of reasons, in my current job. We offer a diploma in the teaching of Irish to adults, the only one of its kind in the country. There are 15 students scattered throughout the country taking the course which is sponsored by Foras na Gaeilge. The idea is that we will train them to train others. There are many excellent examples of good practice among teachers of adults. In some other cases, the teachers are very passionate about the language, but sometimes passion is not enough. One needs to be professional and receive proper training. I agree with the Deputy that many people have learned Irish badly or have had a very negative experience of learning the language. I assure him that many have returned to it and succeeded in learning it.

Deputy Sandra McLellan asked about my background in linguistics and sociolinguistics. Not too long ago somebody at work accused me of being an entrepreneur. When I took up my current job 18 and a half years ago, I inherited a very small department with three full-time and ten part-time staff. My department currently has seven full-time and over 30 part-time staff. The exact figures tend to fluctuate. Some 80% of my budget comes from outside the university. I saw that there was an opening for the examinations we have introduced at eight centres in Ireland. The Irish College in Paris had just opened as the Centre Culturel Irlandais and I noted that there was an opening for people to study Irish at the centre. Likewise, we made tests available when people were starting to study Irish at New York University. My philosophy has always been to do something about it when I see a gap in language provision. While I would not like to overstate it, I am a bit of an entrepreneur also. I am certainly used to looking for money.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Anna Ní Ghallchair. Gabhaim buíochas léi as ucht teacht isteach. Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil sí an-chumasach agus an-oilte. Tá mé lán-cinnte go ndéanfaidh sí sár-jab mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Dar ndóigh, beidh sí ag brath ar an-chuid daoine eile, ar bhaill an údaráis, ar mhuintir na Gaeltachta, ar na heagrais Gaeilge ar fud na tíre agus ar an Rialtas ó thaobh maoiniú, srl. Ní bheidh sí ina haonar. Tá súil agam go mbeidh sé ar a cumas aici an jab seo a dhéanamh. Tá mé cinnte go ndéanfaidh sí gach iarracht.

Má theipeann ar an nGaeltacht, is cinnte go mbeidh todhchaí na Gaeilge i bhfad níos laige. Glacann an-chuid daoine leis go mbeidh sé an-deacair go deo dóchas a thabhairt do dhaoine atá i bhfábhar na Gaeilge má theipeann ar an nGaeltacht. Níl mé ag caint faoi na heagrais amháin - tá mé ag caint faoi muintir na hÉireann go hiomlán agus an diaspóra chomh maith. Tá an ceart ag Anna Ní Ghallchair go mbraitheann a lán ar fhostaíocht sa Ghaeltacht. Muna fhanann na daoine óga, go mórmhór, sa Ghaeltacht, ní bheidh an Ghaeilge ann ag an deireadh agus ní bheidh an Ghaeltacht ann freisin.

Ar an mbonn sin, ba mhaith liom cúpla ceist a chur maidir le infheistíocht. Cad é an bua is mó a bhaineann leis an nGaeltacht ó thaobh infheistíocht a mhealladh isteach? B'fhéidir nach bhfuil an Ghaeltacht cosúil le gach réigiún eile. Cad é an rud is láidre gur féidir a dhéanamh chun infheistíocht a mhealladh isteach?

Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an stádas agus an tábhacht a bhaineann le turasóireacht chultúrtha. Bhí mé ag smaoineamh le déanaí ar neart na Gaeilge ar fud na cruinne. Tá craobh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann i Moscó. Yuri is ainm don rúnaí atá ar an gcraobh. Tá Béarla an-bhriste aige ach tá an Ghaeilge ar a thoil aige. Tháinig sé go dtí an tír seo trí nó ceithre bliana ó shin. Bheadh éinne an-mhórálach as, i ndáiríre, mar go bhfuil a chuid Gaeilge chomh maith sin. Bhí an-díomá air mar bhí sé ag súil go mbeadh an Ghaeilge ag gach éinne nuair a tháinig sé go dtí an tír seo. Tá fear i gCeanada, Aralt Mac Giolla Chainnigh, a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige, ag iarraidh Gaeltacht a bhunú sa tír sin. Tá an-spiorad aige chomh maith.

Taispeánann na samplaí sin go bhfuil an-suim go deo sa Ghaeilge i go leor tíortha. Tá baint nó ceangailt idir an suim sin agus turasóireacht cultúrtha. Is léir ó na staitisticí i gcóir cultural tourism don tír ar fad go dtagann na mílte daoine anseo gach bliain. Nuair a bhí oifigigh ón Roinn istigh linn trí nó ceithre seachtain ó shin, chuir sé ionadh ar an-chuid daoine a fhoghlaim go bhfuil na mílte daoine fostaithe san earnáil seo. Tagann na milliúin euro ón dturasóireacht cultúrtha. An dóigh le Anna Ní Ghallchair go bhfuil aon áit níos tábhachtaí sa tír ná an Ghaeltacht ó thaobh turasóireacht cultúrtha de? Ní hamháin go bhfuil an teanga féin i gceist, ach tá saol faoi leith agus saibhreas oidhreachta, srl., i gceist. Cad is féidir le Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chun e sin a fhorbairt? An bhfuil na háiseanna ann chun freastal ar na sluaite atá ag teacht cheana féin?

Má thagann na sluaite, an bhfuil sí sásta go bhfuil an infreastruchtúr ann chun sin a láimhseáil, nó an bhfuil géarghá le plean cuimsitheach chun é sin a fhorbairt? Chun plean mar sin a chur i gcrích, is cinnte go mbeidh airgead ag teastáil. Muna féidir leis an údarás é sin a dhéanamh, beidh cailliúint an-mhór ann leis an seans atá ann é sin a fhorbairt.

Maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an údarás anois ó thaobh na Gaeltachta de, bhí díospóireacht bhreá againn ar sin. Is minic freisin a bhí díospóireacht againn maidir leis an straitéis 20 bliain anseo agus táimid ag brath go mór ar an straitéis chun torthaí áirithe atá leagtha síos sa straitéis a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil an Ghaeltacht lárnach sa straitéis, mar ní bheidh ar ár gcumas na mílte daoine breise ó thaobh labhairt na Gaeilge a fháil muna bhfuil an Ghaeltacht ann. Aontaím go mór leis an Teachta Flanagan maidir le cuairteannal go dtí an Ghaeltacht. Níl aon slí níos fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Má bhuaileann duine le scoláirí a théann go dtí an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh, is beag duine díobh nach dtagann abhaile agus áthas croí air nó uirthi toisc gur bhain siad taitneamh as an saoire. Is cinnte freisin gur bhain siad tairbhe as an turas, mar go minic, ní easpa Gaeilge atá i gceist maidir le labhairt na Gaeilge ach easpa muiníne an Ghaeilge a úsáid. B'fhéidir nach raibh seans iomlán ag Iníon Uí Ghallchóir fós scrúdú a dhéanamh ar an straitéis, ach ceapaim go bhfuil an t-údarás lárnach sa straitéis. An dóigh léi go mbeidh ar chumas an údaráis pleananna a chur le chéile a bheidh indéanta chun na spriocanna atá leagtha síos sa straitéis a bhaint amach?

An rud deireannach ná na meáin cumarsáide, níl aon amhras faoi ach go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 ag déanamh sár jab. Ceapaim gur é TG4 an stáisiún is fearr teilifíse atá againn. An bhfuil ar chumas Údarás na Gaeltachta na meáin cumarsáide eile a bhreith leo ar shlí éigin? Más féidir sin a dhéanamh, beidh tionchar an-mhór ag na meáin cumarsáide ar mheon na ndaoine. Ón méid atá ráite ag Iníon Uí Ghallchóir, tá sé soiléir go bhfuil rud den tsaghas sin i gceist aici. Nílim ag caitheamh anuas ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta, a mhalairt ar fad, tá siad ar fheabhas, ach déarfainn go n-aontódh sí liom faoi más féidir na meáin cumarsáide lárnach eile a bhreith leí, go gcabhródh sé sin go mór leis na rudaí eile a luaigh mé, turasóireacht chultúrtha, infheistíocht agus mar sin de.

Tá a lán ceisteanna ansin.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá súil agam go gcuimhneoidh mé orthu go léir. Maidir leis an gceist dheireannach ar dtús, nílim ag labhairt ar son Raidió na Gaeltachta, ach mar a tharlaíonn sé, táim i mo chathaoirleach ar Raidió na Gaeltachta faoi láthair. Beidh mo thréimhse mar chathaoirleach ag críochnú i mí Eanáir. Níl a fhios agam an bhfuil an coiste ar an eolas faoi seo, ach tá RTE i ndiaidh dréacht-straitéis a chur le chéile don Ghaeilge agus tá sí sin thuas ar shuíomh RTE faoi láthair. Beidh an-tóir ar na meáin Ghaeilge chomh maith leis na meáin Bhéarla ar sin. Tá RTE ag scrúdú an pholasaí Gaeilge atá aige faoi láthair agus is cinnte go mbeidh deis ansin. Is dóigh go bhfeicfidh daoine é sin mar dheacracht sa mhéid go bhfanann saol na Gaeilge taobh istigh do na meáin Ghaeilge barraíocht. B'fhéidir go bhfuil sin ann, ach is cinnte go mb'fhéidir gur chóir go mbeadh níos mó faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht ar na stáisiúin eile. Ach sin ceist do RTE, ach tá cúrsaí Gaeilge á scrúdú ansin faoi láthair.

Maidir leis an straitéis 20 bliain, tá sé léite agus athléite agam, mar atá Acht na Gaeltachta. An rud atá i gceist le Acht na Gaeltachta ná go gcuirfidh na pobail Gaeltachta pleananna teanga le chéile agus go mbeidh ról fíor lárnach ag Údarás na Gaeltachta sa phróiseas sin. An rud atá tábhachtach domsa mar bhean Gaeltachta maidir leis na pleananna teanga ná go dtugann siad freagracht do mhuintir na Gaeltachta fhéin as an nGaeilge agus as cinntiú go mairfidh an Ghaeilge. Go dtí seo, an tuairim a bhí ag cuid de mhuintir na Gaeltachta ná go raibh straitéisí agus polasaithe Gaeilge agus araile ag teacht i gcónaí ón taobh amuigh.

Anois, tá deis acu féin a bpleananna féin a chur le chéile, le tacaíocht agus le cuidiú, an oiread agus atá siad ag iarraidh, ón údarás. Ach is uathu féin a thiocfaidh siad. Is iad féin a socróidh caidé mar a bheidh an Ghaeilge sa phobal acu amach anseo, caidé an seasamh a bheidh ag an Ghaeilge agus caidé atá le déanamh leis na spriocanna atá leagtha síos sa straitéis 20 bliain a bhaint amach. Céim mhór chun tosaigh atá ansin mar go dtugann sé úinéireacht dóibh ar an phróiseas. Ní rialacha nó orduithe iad atá ag teacht as Baile Átha Cliath, nó fiú as Gaillimh, ach go mbeidh siad féin i gcroílár an phróisis sin agus na bpleananna sin. Is iad féin a socróidh iad agus tá sin iontach tábhachtach.

Maidir leis an turasóireacht chultúrtha agus leis an méid a dúirt an Seanadóir faoi Comhaltas Ceoltóirí Éireann , go minic i mo chuid oibre féín castar daoine orm as an Rúis, agus as na tíortha sin uilig a bhfuil togha na Gaeilge acu. Sílim nach bhfuil muid ag teacht i dtír go hiomlán ar na féidireachtaí atá ann maidir leis an turasóireacht chultúrtha nó maidir leis an turasóireacht ghlas. Tá sé tábhachtach go mbeadh struchtúr leis an turasóireacht sin ach ag an am céanna, nach maith le daoine go mbeadh barraíocht struchtúir ann ach oiread. Is fearr le daoine rud beag fiáin den taobh Gaelach a choinneáil. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé thar lear agus casadh duine orm as an Danmhairg an lá faoi dheireadh. Dúirt sé liom gur ceann de na saoire ab fhearr a chaith sé ina shaol ariamh ná saoire a chaith sé féin agus a bhean ag rothaíocht thart ar chósta Dhún na nGall. Dúirt sé nár chuala sé caint ariamh ar Dhún na nGall go dtí sin. Bhí a hiníon ag freastal ar bhainis anseo i nDún na nGall agus tháinig siad léi.

Tá féidearthachtaí sa turasóireacht agus sin an fáth gur luaigh mé Fáilte Éireann níos luaithe maidir le teacht chuig an Ghaeltacht. Tá a fhios agam go raibh dreamanna ag obair sa Ghaeltacht go dtí seo, ach b'fhéidir nach bhfuil siad chomh gníomhach agus a bhíodh siad leis an Ghaeltacht a dhíol mar cheantar ina bhfuil turasóireacht de chineál eile le fáil inti.

Cuirim céad fáilte roimh Iníon Uí Ghallchóir agus tréaslaím leí. Cé go raibh mé cáinteach go leor ar an bpróiseas cheapacháin a bhain le bord Údarás na Gaeltachta agus an athrú ar an bpróiseas toghchánaíochta, níl locht ar bith uirthi faoi sin agus ba mhaith comhghairdeas ó chroí a ghabháil léi agus ar chuile duine eile atá anois ar bhord nua Údarás na Gaeltachta. Geallaim di go mbeidh chuile thacaíocht aici ón taobh seo den Teach maidir leis an obair atá an t-údarás ag iarraidh a chur i gcrích. Aithníonn muid an tábhacht mhór atá ag baint le obair Údarás na Gaeltachta agus an obair iontach atá déanta ag an údarás i rith na blianta.

Tá roinnt ceisteanna agam agus táim cinnte go mbeidh neart ceisteanna crua le cur as seo go ceann roinnt blianta. Is rud suntasach é gur bean í atá ceaptha mar chathaoirleach agus is fiú sin a nótáil. Is maith sin, ach is ábhar díomá dom go bhfuil an céatadán mná atá ainmnithe íseal go leor. Tá súil agam go n-athróidh sé sin de réir imeacht ama. Ó thaobh shaineolais eile de, tá trí gné atá fíor thábhachtach ó thaobh bhoird an údaráis. Is iad sin go mbeadh taithí ann ó thaobh cúrsaí forbartha pobail, cúrsaí gnó agus cúrsaí pleanáil teanga de. An bhfuil a dóthain saineolais ag an gcathaoirleach in éineacht léi ar an mbord don trí réimse sin?

O thaobh comhdhéanamh tíreolaíochta de, tá go leor daoine i nGaillimh curtha amach mar go mbraitheann siad nach bhfuil an comhdhéanamh tíreolaíochta ar an mbord ionadaíoch go leor. Bhíodh ochtar as Gaillimh ar an mbord nuair a bhí sé mór agus tá beirt anois ann, in ainneoin go bhfuil an Ghaeltacht is mó i nGaillimh agus go bhfuil sí beagnach faoi dhó chomh mór ó thaobh daonra de leis na Gaeltachtaí eile. Tá, mar shampla, ceathrar as Tír Chonaill, nó de bhunadh Thír Chonaill, ar an mbord. Mar sin, tá daoine i nGaillimh ag rá nach é go bhfuil siad ag lorg aon rud breise, ach nach leor an ionadaíocht atá acu.

Fáiltím roimh an ionadaíocht ó na Gaeltachtaí bheaga.

Tá sé sin fíor-thábhachtach ach sílim go bhfuil deacracht ansin don údarás mar gheall go bhfuil ionadaíocht ó Chontae na Mí le n-athrú gach ré bliain leis na Gaeltachtaí beaga eile, mar gheall ar an chaoi a bhfuil an tAcht scríofa. Níl a fhios agam cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an údarás dul i ngleic leis sin nuair a bhéas an tréimhse déanta ag an gcomhalta as Contae na Mí. Bhí sé in ainm is gur duine as Múscraí nó ón Rinn a bheadh ag teacht i gcomharbacht air sin. Céard a tharlódh sa chás sin? An mbeidh Contae na Mí fágtha gan ionadaíocht sa chás sin?

Bhí an tAire agus an tAire Stáit ag cruinniú de cheann de na coistí seachtain ó shin agus thug siad le fios dúinn go bhfuil buiséad reatha ag an údarás de €9.8 milliún in aghaidh na bliana, agus go bhfuil €4.3 mhilliún de sin ag dul amach ar phinsin. Tá tuairimíochtaí ann go forleathan go gcaitear i bhfad an iomarca airgid leis an údarás ach léiríonn sé sin go bhfuil an t-airgead beag go leor i gcomhthéacs an méid oibre atá le déanamh.

Chomh maith leis sin, bhéadh Iníon Ní Ghallchair eolach ar thuarascáil a rinne Indecon cúpla bliain ó shin ar chruthú fostaíochta san nGaeltacht. Dúradh sa tuarascáil go raibh gá le €12 mhilliún in aghaidh na bliana díreach leis an 7,000 post atá sa Ghaeltacht faoi láthair a choinneáil ag an leibhéal sin. Le sé nó seacht mbliana anuas d'ísligh an buiséad caipitil ó €25 milliún síos go dtí €6 mhilliún agus tá sé ag an leibhéal sin le cúpla bliain. Cén chaoi is féidir an líon postanna sin a choinneáil, fiú ag 7,000, muna bhfuil a dhóthain airgid caipitil againn, agus b'fhéidir contúirt ann go mbeidh ciorraithe breise le teacht san mbuiséad?

Ó thaobh an sprioc atá ag an údarás, tá mé cinnte gur ceann de na clocha is mó ar phaidrín Iníon Ní Ghallchair ná buanú na Gaeilge mar theanga phobail, mar is tuismitheoir Gaeltachta mé féin atá ag déanamh mó mhíle díchill le mo chlann féin agus an pobal timpeall orm. Céard é an rud is mó gur féidir leis an údarás a dhéanamh maidir le buanú na Gaeilge sna pobail Gaeltachta? Mar tá a fhios againn go bhfuil sí ag meath.

Tá athrú mór, de bharr Acht na Gaeltachta, ar struchtúir bhord Údarás na Gaeltachta. Ní bheidh na coistí réigiúnacha níos mó ann, agus mar sin de. Dá bhrí sin, beidh an modus operandi agus an gcur chuige a bhéas ag Iníon Ní Ghallchair an-difriúil ón gcathaoirleach deireannach. Cad iad na hathraithe atá beartaithe aici maidir leis an cur chuige ó thaobh na cruinnithe boird, na glórtha réigiúnacha agus mar sin de?

Ceann de na laigí is mó a fheiceann cuid mhaith daoine, ó thaobh an chomhdhéanamh nua ar an mbord, ná go bhfuil go leor daoine ag teacht ón gcúlra polaitiúil céanna, ó pháirtithe an Rialtais go bunúsach, agus nach bhfuil an oiread glórtha easaontach ar an mbord agus a bhí nuair a bhí daoine tofa go díreach ag an bpobal. An bhfuil contúirt ann go mbeidh an bord i ndáiríre mar yes-men agus yes-women ag an Aire Stáit agus nach mbeidh siad ag labhairt amach muna bhfuil siad sásta, má bhíonn ciorraithe buiséid ann nó má tá brú ag teacht orthu ón Rialtas? An mbeidh siad neamhspleách go leor le labhairt amach agus dúshlán an Aire Stáit a thabhairt ar mhaithe le muintir na Gaeltachta más gá sin a dhéanamh?

Sin iad na ceisteanna. Tá mé cinnte go bhfuil neart tuairimí ag Iníon Ní Ghallchair féin faoi sin. Arís, guím gach uile ádh uirthi, agus sin ó mo chroí amach. Tá mé cinnte go bhfuil an-chumas innti agus go ndéanfaidh sí a míle díchill. Go n-éirí léi san obair.

Ms Anna Ní Ghallachair

Sin naoi gceist, tá mé ag déanamh.

Maidir leis an tsaineolas, tá an chosúlacht air, ar pháipéar, go bhfuil na daoine atá molta agus ainmnithe ag an Aire go maith agus go bhfuil an réimse saineolais atá de dhíth orainn againn. Níl aithne phearsanta agam ar na daoine sin. Casadh duine amháin acu orm uair amháin, nó b'fhéidir dhá uair, agus diomaite de sin níl aithne ar bith agam orthu. Ach tá mé sásta go maith go bhfuil an saineolas acu a bhéas de dhíth orainn.

Maidir le comhdhéanamh tíreolaíochta an bhoird, ní raibh baint dá laghad agam leis sin.

Níl a fhios agam go díreach cad atá socraithe faoi cheist na Rinne nó faoi cheist Ráth Chairn go fóill. Tá a fhios agam go bhfuil duine ag teacht ón Rinn ar an mbord cheana féin, mar atá Fiachra Ó Céilleachair. Níl a fhios agam cad é atá ag dul a tharla ansin. Tuigeadh domsa go mb'fhéidir go mbeidh an duine ag fanacht níos mó ná bliain amháin. Níl mé cinnte faoi sin ach sin an tuigbheáil a bhí agam air.

Is cinnte go bhfuil gearradh siar déanta maidir le cúrsaí fostaíochta ach tuigim nach gcuirfear leis an ngearradh siar sin a thuilleadh. Ba chóir go bhfanfaidh rudaí mar atá siad. Luaigh an Seanadóir píosa taighde a rinne Indecon ar fhostaíocht. Tá cailleadh postanna le cúpla bliain anuas ach tá sé moillithe síos cuid mhór. Bheimís ag súil le bheith ábalta na postanna atá againn a choinneáil ag dul mar atá faoi láthair.

Maidir le buanú na Gaeilge, thiocfainn ar ais ag an bhfreagra chéanna a bhí agam ar ball. Ceist do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta a bhéas anseo. Ní féidir teanga a bhrú ar dhream ar bith nach bhfuil ag iarraidh í a labhairt nó í a choinneáil. Má chuireann na pobail Gaeltachta pleananna teanga le chéile beidh orthu coinneáil leis na pleananna teanga sin. Tá sé leagtha síos in Acht na Gaeltachta muna gcloíann pobail leis na spriocanna atá acu beidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin dá stádas mar Ghaeltacht.

Chuir an Seanadóir ceist faoi na hathruithe a dhéanfaidh muid i gcomparáid leis an mbord deireannach. Ní raibh mise ar an mbord deireannach. Ar ndóigh, tá na tuarascáil agus a leithéid léite agam. B'fhéidir go bhfuil an saineolas rud beag difriúil agus, mar sin de, go mbeidh an cur chuige rud beag difriúil. Ar ndóigh, tá Acht na Gaeltachta ann, nach raibh ann ach ag deireadh shaol an bhoird dheireanaigh. Mar sin de, tá spriocanna rud beag difriúla, agus spriocanna cinnte, leagtha síos, áit nach mbíodh roimhe seo, b'fhéidir.

Maidir le yes-man agus yes-women, is oth liom a rá nach duine mar sin mise. Ní duine mé nach bhfuil sásta labhairt amach. Má tá rud ag cur orm beidh a fhios ag daoine fá dtaobh de.

I return to something Ms Ní Ghallchair said. She may have taken me up wrongly. I am proud of the way I learn, but I learn in a particular way, as many do. Evidence of this is the fact that after 13 years, 99% of the pupils in my class did not know how to have a conversation in Irish. It was not that we collectively decided to be stubborn and that we would not try. We tried just as hard as pupils in the other class, which was classified, apparently, as the smarter one. I would not believe this because many in the not-so-smart class did better than those in the smarter class when they got out into the real world where practice was more important than books.

Will the Deputy please ask a question? Mr. McGuinness has been waiting for a considerable length of time and we want to move on.

I am also missing stuff by being here. This has to be taken up as a serious issue. The impediment is that the vast majority of those who teach learn easily from books without immersion. This needs to be taken into account if Ms Ní Ghallchair wants the Irish language to survive. Otherwise we will put a massive amount of resources for 13 years into teaching pupils, including my kids. At the age of ten years, my oldest daughter, in spite of the fact that I try to be positive about learning Irish, hates the language because of the way it is taught to her, and she is not in a house in which people are negative about learning Irish. If Ms Ní Ghallchair is serious about ensuring the future of the language, I ask her to take this into account. We do not all learn from books. Many - I suggest the majority - learn everything in life from practice, not from a book. If the Irish language is to survive, Údarás na Gaeltachta must succeed in what it is doing and keep alive the place where people like me can go and learn the language. Otherwise it is finished.

I think the Deputy has made his point.

I care about the Irish language.

Ms Anna Ní Ghallachair

There was no offence intended.

Ms Anna Ní Ghallachair

The Deputy may realise the Irish curriculum has changed considerably since 2012. The emphasis is now on communication rather than literature which was the case in former times.

I agree with the Deputy in his point about the Gaeltacht. I am not saying that without it there would be no point in learning Irish, but it functions as a resource for those who want to return to Irish spoken in a natural context. That is also happening outside the Gaeltacht, but if there was no Gaeltacht, we would have to rethink everything. I agree totally that immersion is a very important aspect of this issue.

I am a person who has only rarely been to the Gaeltacht and represents a part of the country that certainly does not have a Gaeltacht area, although it is an area in which many people speak excellent Irish. Le sin, cuirfimid deireadh leis an gcéim seo den bhreithniú ar an gceist seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uasal Uí Ghallchair as cabhrú linn inniu agus tá súil agam go n-éireoidh go geal léi ina post. Guím rath Dé uirthi.

Sitting suspended at 5.31 p.m. and resumed at 5.32 p.m.