Skip to main content
Normal View

Joint Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht debate -
Tuesday, 5 Mar 2013

Seachtain na Gaeilge: Díospóireacht le Daoine Óga

Ba mhaith liom fáilte a fhearadh do chách anseo inniu. Is céad le Seachtain na Gaeilge an cruinniú seo agus tá sé mar onóir orm bheith i mo Chathaoirleach air. Cuirim buíochas leis na trí scoil atá anseo ann inniu: Coláiste Cois Life, Leamhcán, Baile Átha Cliath; Coláiste Cholmcille as Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus mo scoil áitiúil Coláiste Mhuire Gan Smál i nDún Mánmhaí i gContae Chorcaí. Go raibh maith agaibh as teacht i láthair. Tá trí ábhar ar an gclár inniu agus is féidir libh labhairt ar aon cheann dóibh, is libhse an rogha féin. Táim cinnte go mbeidh díospóireacht suimiúil spreagúil againn libhse agus táim ag tnúth le bhur rúin a chloisteáil, barúlacha shaoránaigh óga na hÉireann, barúlacha na glúine atá ag teacht chun cinn. Tógaimid duine ó gach scoil ar dtús agus leanfaimid ar aghaidh mar sin. Ina dhiaidh sin beidh díospóireacht againn idir na daltaí agus na comhaltaí anseo. Tosóimid le Coláiste Cholmcille. Iarraim ar an gcléireach anois chun an gnáthfhógra a léamh a thugtar do gach finné a thagann os chomhair coistí Oireachtais.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom sibh a chur ar bhúr n-aird go bhfuil de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste daoibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann sibh dá tabhairt níl sibh i dteideal dá éis sin ach pribhléide cáilithe i leith na fianaise agaibh. Ordaítear daoibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus iarrtar oraibh cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir más féidir daoine ná eintiteas a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm nó ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chur sibh faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar slí a bhfeadfaí iad a aithint.

Go raibh maith agat. Iarraim anois ar an chéad dalta labhairt os comhair an choiste, Coláiste Cholmcille anois.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

A bhfuil roimh Éirinn san Aontas Eorpach. In 1973 d’aontaigh formhór de mhuintir na hÉireann glacadh le ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar an dtuiscint go mbeadh feabhas suntasach ar gheilleagar na tíre dá bharr, agus go deimhin bhí. Le cabhair airgead ón gComhphobal rinneadh forbairt ar infreastruchtúr na tíre, tháinig laghdú ar an méid daoine a bhíodh ag dul ar imirce. Bhí rochtain ag comhlachtaí Éireannacha ar mhargaí nua, rud a d’fhág nach raibh siad ag brath chomh mór ar an mBreatain. Is dóigh gur féidir a rá gur léim Éire ón 19ú aois go dtí an 20ú aois taobh istigh de thréimhse deich mbliana tar éis dul isteach sa Chomhphobal. Tá ár mbuíochas dlite don Aontas Eorpach mar gheall ar seo.

Tar éis an dara cogadh domhanda bhí tíortha na hEorpa bánaithe. I 1948 cuireadh an Marshall Plan ar bun chun cabhrú leis an Eoraip teacht chuige féin arís. I 1949 bunaíodh NATO chun seasamh in aghaidh scaipeadh an chumannachais. Cé go raibh Éire sásta glacadh le haon chabhair a bheadh le fáil ón Marshall Plan ní raibh De Velara ag iarraidh polasaí neodrach na hÉireann a thréigeadh. Bhí gluaiseacht san Eoraip san am sin, a bhí i bhfabhar cónascadh polaitiúil i measc tíortha na hEorpa a thabhairt chun críche ach ní raibh Éire sásta a bheith páirteach anseo. Ní dóigh liom féin go mbeadh fonn ar mhuintir na hÉireann ag an am iad féin a cheangail le réimeas nua polaitiúil tar éis an sracadh a rinneamar lenár neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach agus seasamh ar ár gcosa féin.

Ach céard faoi Éireannaigh an lae inniu. Feicim go bhfuil an tAontas Eorpach ag druidim i dtreo aontas polaitiúil beagán ar bheagán agus deirim go bhfuil sé seo ag tarlú i ngan fhios do fhormhór mhuintir na tíre seo.

Thosaigh an tAontas Eorpach mar chomhphobal eacnamaíoch ina mbeadh deis trádála gan constaicí idir na baill. Tá go leor athraithe déanta ó shin ar chonradh na Róimhe faoin a ghlac Éire le ballraíocht. Mar shampla, tógadh an focal eacnamaíoch as an teideal i gConradh Maastricht in 1993. Tá go leor cainte faoi láthair i dtaobh cúrsaí cánach agus cúrsaí baincéireachta a chur faoi smacht an Aontais Eorpaigh. Séard a fheicim-se ag tarlú sna blianta amach romhainn ná go méadófar an brú i dtreo an fheidearálachais agus go laghdófar go mór ar neamhspleáchas na mballstát. I mo thuairim-se beidh sé deacair ag polaiteoirí i roinnt de thíortha an Aontais, Éire san áireamh, a chur ina luí ar dhaoine gur rud fiúntach é seo. Tá níos mó agus níos mó seineafóibe le tabhairt faoi deara san Aontas Eorpach le blianta beaga anuas. Is dócha go bhfuil baint aige seo leis an gcúlú eacnamaíochta agus an ganntanas poist ach tá an tuiscint i measc daoine go bhfuil an iomarca cumhachta á thabhairt suas do pharlaimint na hEorpa. Ciallaíonn sé seo, dar le daoine, nach bhfuil aon smacht ag an Rialtas ar inimirce mar shampla, agus dá bharr seo go bhfuil eachtrannaithe ag goid poist ó dhúchasaigh na tíre. Is de bharr tuairimí mar seo atá tacaíocht á fháil ag páirtithe polaitiúla ag a bhfuil claonadh faisisteach.

Tá sé beartaithe ag Rialtas na Breataine reifreann a reáchtáil a thabharfaidh rogha do mhuintir na tíre sin fánacht san Aontas Eorpach nó é a fhágáil. Tá an baol ann go leanfaidh tíortha eile an sampla seo, go mór mhór má leanann an géarchéim eacnamaíochta i bhfad eile. Níl sé i bhfad ó chuala mé fear ag rá nach raibh sé ceart ná cóir go mbeadh liúntas leanaí á íoc le páistí thar lear, mar gheall ar dhuine dá dtuismitheoirí a bheith ag obair anseo. Chuala mé duine eile ag rá nár cheart go mbeadh cead ag aon eachtrannach glacadh le post in Éirinn go dtí go mbeadh chuile Éireannach a bhí ag iarraidh poist fostaithe i dtosach.

Is léir mar sin, go bhfuil géar ghá le eolas agus tuiscint a thabhairt don phobal ar chúrsaí geilleagair, gnó agus polaitíocht agus an cheangail atá eatarthu. Beidh sé riachtanach ag ár bpolaiteoirí a bheidh macánta cneasta leis an bpobal, buntáistí agus míbhuntáiste chuile ghné den Aontas Eorpach a chur os a gcomhair go mór mhór chomh fada is a bhaineann sé le aontas polaitiúil. Is ceart freisin, i mo thuairim-se, go mbeadh reifreann éiginnteach i ngach mballstát sula nglactar le haon leasú conartha nó le haon chonradh nua ballraíochta. Má mhothaíonn daoine go bhfuil Rialtas ag gníomhú gan a gcead, tá an chontúirt ann go neartóidh an náisiúnachas agus an faisisteachas agus go bhféadfadh sé seo an tAontas a scrios.

Tá sé práinneach dá bhrí sin, go mbeadh fís ag ár gceannairí i leith todhchaí an Aontais Eorpaigh agus go dtosaídís láithreach le daoine a oiliúint le go mbeidh ar a gcumas cinneadh ciallmhar a dhéanamh. Go raibh maith agat.

Go raibh maith agat, a Caoimhín Cóilén anois.

Mr. Cóilín Ó Coileáin

Baill ó Dhia oraibh, a chairde Gaeil. An tionchar atá ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn inniu. Anois, sí an cheist, céard iad na meáin shóisialta? Na bealaí cumarsáide sóisialta a bhfuil fáil orthu ag an bpobal trí mheán an idirlín áirím leis seo Facebook, Twitter, LinkedIn, YouTube agus ask.fm. Cén tionchar atá acu siúd ar an saol atá ann in Éirinn.

Ciallaíonn tionchar an éifeacht atá ag na meáin shóisialta ar shaol na tíre, nuair a thagann a muintir faoina n-anáil creidim go bhfuil tionchar thar na bearta ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn inniu. Ní ag bothántaíocht ar theallach na gcomharsana a chaithimid an oíche anois ag seanchaíocht faoi thaibhsí agus na Fianna ach inár n-aonar ar ár ríomhairí ag postáil tweets agus tuairimí ag blagáil agus Dia atá fhios céard eile. In Éirinn i Mí na Nollag 2010, d’úsáid 84.2% d’úsáideoirí an Idirlín na meáin shóisialta, suas 8.1% ó Nollaig 2009. Caitheann an gnáth Éireannach 18 uair agus seacht nóiméad ar líne agus ceirthe uair agus deich nóiméad ar Facebook amháin gach mí. Tá fás 4% sa lá ar phrófíle Éireannacha ar Facebook. Tá Éireannaigh nua ag dul ar líne is mé ag caint. Úsáideann 64% de dhaoine óga an t-Idirlíon le dul ar na meáin shóisialta. Tá Twitter tar éis beagnach dúbailt a dhéanamh ar na phróifíle Éireannacha agus 30% acu á n-úsáid go laethúil. Tá LinkedIn ag fás níos scioptha ná Facebook, tá 1.3 Éireannach ag úsáid YouTube agus buailtear an cnaipe le breathnú ar fhíseáin 400 milliún sa mhí. Nach é sin an chaoi a thuill na Rubberbandits clú agus cáil lena n-amhrán Horse Outside agus níor bhreathnaigh siad siar ó shin.

Le húsáid mar seo, caithfidh go bhfuil éifeacht mór ag na meáin shóisialta ar shaol na tíre. Tóg Facebook, céard é féin ach dialann leictreonach. Fadó choinneodh daoine dialann rúnda, ach anois tá daoine ag roinnt a gcuid smaointe, mothúcháin agus griangrafanna leis an saol mór. Is athrú ollmhór é seo, tá an sochaí ag éirí cúng, tá go leor aithne curtha ar dhaoine de bharr eolais atá ar fáil ar na meáin sóisialta fúthu. Is féidir leis an bhfostóir fáil amach céard a mbíonn a chuid fostaithe ag déanamh ina n-am saor. An mbíonn sé tinn i ndáiríre nuair a dhéanann sé an glaoch sin maidin Dé Luain? Bhí píosa scríofa ar an ábhar seo san Irish Examiner os cionn seachtain ó shin. Seiceálann na fostóirí na meáin shóisialta. Tá Twitter agus Facebook ag briseadh na dteorainneacha idir an baile agus an obair. Is féidir a bheith ag tweetáil ar an bhfón smartáilte tar éis an gasúr a chur a choladh, cuntas cliaint a thabhairt suas chun dáta idir coinnithe oibre. Tugann Twitter cead do dhaoine a dtuairimí a nochtadh faoi céard atá ag tarlú thart orthu, bíodh sé sin i saol réaltaí móra nó sa Dáil féin. Ní ag am toghcháin amháin a chloiseann polaiteoirí tuairimí a ndaoine fúthu agus meas tú an gcuireann sé sin isteach orthu nuair atá siad ag tógáil cinntí?

Tá tionchar acu freisin ar fhostaíocht a fháil. Is minic go bhfuil daoine ag fáil poist de bharr a bheith ar suíomh cosúil le LinkedIn agus tá an dara céatadán is mó de úsáideoirí an tsuímh sin in Éirinn. Cuireann na meáin shóisialta tú i lár an aonaigh maidir le margaíocht. Is iomaí comhlacht beag nua atá ag socrú suas agus ag déanamh a gcuid fógraíochta ar leathanach Facebook. Is féidir branda áirithe a chur os comhair an tsaoil ar bheagán airgid agus é a fhorbairt dá bharr. Tá ostáin agus comhlachtaí turasóireachta in ann daoine a mhealladh chucu. Tá níos mó creidiúna ag baint le fógraíocht ar na meáin seo mar gur féidir le daoine a d’úsáid pé táirge a gcuid taithí a roinnt leo. Tá lucht leanúna i bhfad níos leithne ag comhlachtaí a bhíonn ag fógraíocht ar na meáin, mar go scaipeann, dúirt bean liom go ndúirt bean léi, an-cháil go deo. Tugann sé seans eile do lucht gnó freisin, is féidir déileáil le ceist láithreach, cúpla focal is tá nasc déanta. Níl tú ag fanacht a thuilleadh ar an seilide de litir lámh scríofa a sheoladh ar aghaidh.

Tá imirce ar leac an dorais againn ach le Skype agus Facebook níl ár n-imircí imithe gan tásc ná tuairisc orthu, d’fhéadfá a rá go bhfuil siad ar leac an dorais againn. Scaipeann na meáin shóisialta céanna, nascann siad daoine uaigneacha ach tá tionchar eile ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn inniu. De bharr na hanaithnide éiríonn daoine gránna, scríobhann siad rudaí nach ndéarfá riamh go brách.

Goilleann siad seo ar dhaoine goilliúnacha uaireanta go pointe báis. Smaoinígí air, gléas chomh cumhachtach sin, go gcuireann daoine, go háirithe ach ní hamháin déagóirí, lámh ina mbás féin de bharr rudaí gránna gangaideacha atá scríofa fúthu ar Facebook nó ask.fm. Is féidir feachtais a thosú ar na gréasáin seo agus tacaíocht a fháil ó chian is ó chóngar. Caithfear dlí a reáchtáil ionas go mbeidh daoine slán sábháilte agus compordach agus iad ag brú cnaipe, ag lorg cead isteach sa domhan seo atá tar éis athrú as éadan a dhéanamh ar an saol inniu anseo in Éirinn. Go raibh maith agat.

Mr. Caomhán Ó Foighil

A dhaoine uaisle, is mise Caomhán agus tá mé féin anseo inniu faoin tábhacht a bhaineann le pobal áitiúil a fhorbairt. Teastaíonn pobal láidir ó aon bhaile chun a bheith in ann seasaimh amach agus forbairt a dhéanamh ar an áit dúchais. Is sna háiteanna a rugadh muid a chaitheann formhór againn ár n-óige agus bíonn rudaí ar leith a sheasann amach dúinn uilig a airímid féin atá speisialta, nach bhfuil ar fáil ar an gcaoi céanna is a bheadh ag cuairteoir mar a déarfá. B’fhéidir gurb é an sástacht atá ag baint le bheith buailte ar thrá álainn, ina bhfuil tonnta móra, foirfe le haghaidh beagáinín surfála nó an bród a bhíonn ar phobal a thagann le chéile le haghaidh a mbaile a ullmhú le haghaidh comórtas na mbailte slachtmhaire a bheadh i gceist. B’fhéidir gur fiú go gceapadh duine éigin gurb é go raibh sé ina chónaí ar neamh, mar gheall go bhfuil trí theach tábhairne difriúil timpeall an choirnéil uaidh. Braitheann an pobal ar a chuid daoine agus na suimeanna a roinneann siad eatarthu féin.

Cónaím-se ar an taobh eile den tír in Indreabhán Contae na Gaillimhe go cinnte dar liomsa an píosa talún is deise ar domhan. Tá beagnach gach rud ann idir radharcanna áille, daoine cairdiúla, páirc peile chomh maith le páirc spraoi le haghaidh na páistí beaga agus scaití do na páistí móra chomh maith. Táimid inár gcónaí cois farraige agus leanann an fharraige muid siar agus soir. Ach an rud is spéisiúla dar liom féin ná go bhfuil an Ghaeilge fíor láidir inár bpobal agus tá chuile dhuine bródúil as. Ní minic a fheicim é sin áfach, ach seasann an áit amach dá bharr agus ní fhéadfainn cuimhneamh ar áit ar bith eile go mb’fhearr liom cónaí ann.

Tá an borradh seo i dtaobh na teanga ag tarlú de bharr dhíogreas phobal na Gaeltachta. Tá siad thar barr. Is mar gheall orthu san ag obair ar feadh na mblianta ag tabhairt ár gcultúr agus traidisiúin ar aghaidh ó ghlúin go glúin atá sé amhlaidh. Tá ár mbaile beag tar éis athrú go mór ón chaoi a bhí sé 40 bliain ó shin. Fiú ag breathnú siar 20 bliain d’fheicfeá an difríocht. Tá feabhas tagtha ar an gcumann GAA áitiúil agus tá áiseanna breise ann chun freastal ar liathróid láimhe agus sacar. Tá an fhorbairt seo tagtha de bharr go bhfuil an phobail áitiúil sásta dul i mbun ghnímh agus áiseanna a chur ar fáil leis an aos óg, beatha ceantar ar bith a mhealladh. Aithním-se go bhfuil tábhacht agus gur páirt mór i mo shaol-sa casadh le mo chairde taobh amuigh den scoil chun forbairt go pearsanta agus go sóisialta. D’aithin an pobal forbartha an rud céanna. Níl dochar ar bith dul in iomaíocht agus in adharca a chéile is cuid de den phobal áitiúil ag díospóireacht agus ag tuairimíocht ar mhaithe leas na háite is iad ag comhoibriú lena chéile mar a bhí siad leis na céadta bliain.

Bhí traidisiúin i gcónaí ag pobail áitiúla comhoibriú lena chéile, brath ar a chéile, agus forbairt os comhair na gcomharsan; ní cumainn nó eagraíocht a bhí anseo riamh ach tuiscint. I mo phobal féin le cúpla bliain anuas tá caint ar infreastruchtúr nua a deir an pobal áitiúil nach bhfuil feiliúnach don taobh seo tíre. In ionad a bheith buíoch go bhfuil a leithéid de fhorbairt nó áis faoi chaibidil tá sé ina chogadh idir daoine. D’airigh mé féin an fuinneamh agus an t-olc, ach freisin, an teacht le chéile agus an tacaíocht agus an bá. Ba ghearr le sochraid gan brón ná briseadh le neart díospóireachta agus saca a bhí ann. Tá an díospóireacht tábhachtach agus b’fhéidir an cogadh féin, taispeánann sé dúthracht an phobail i leith a n-áit dúchais. Cinntíonn sé go bhfuil suim ag daoine, tugann sé spreagadh do dhaoine óga cosúil liom féin a bheith páirteach, ní neart go chur le chéile. Titeann an tóin as go leor áiteanna muna bhfuil an pobal féin sásta fís a bheith acu agus oibriú as láimh a chéile chun ceantar beo bríomhar taitneamhach a chur ar fáil dóibh féin agus do na glúin atá le teacht.

Is le deireanaí atá mise ceart den saol, ní hé go raibh mé i mo choladh ar feadh sé bhliain déag, ach tá mo radharc ar an saol níos soiléire anois ná mar a bhí riamh cheana. Dúisím le sceitimíní agus díograis, go mór mhór ar an deireadh seachtaine. Tá fhios agam i mo chroí istigh go bhfuil mé ag iarraidh a bheith páirteach agus ní ar an imeall sa phobal beo bríomhar seo. Is muid an todhchaí chuile duine againn agus béarfaimid greim air, greim daingin air gan fuacht gan faitíos. Go raibh maith agaibh.

Go raibh maith agat, a Chaomháin. Tógfaimid an chéad duine as Áth Cliath anois.

Mr. Félim Ó Maolmhána

A Chathaoirligh, a chomhscoláirí agus a dhaoine uaisle, Félim Ó Maolmhána is ainm dom agus is scoláire mé ó Choláiste Cois Life i Leamhcán. Ba mhaith liom a rá i dtús báire nach bhfuil baint agam le haon pháirtí polaitiúil faoi leith agus seo iad mo chuid tuairimí pearsanta féin. Táim chun an ráiteas ‘A bhfuil roimh Éirinn san Aontas Eorpach’ a phlé.

I ndáiríre ní féidir liom ach a bheith diúltach faoi thodhchaí na tíre seo san Aontas Eorpach agus i mo thuairim tá sé deacair a thuiscint, cén fáth nach bhfuilimid tar éis an tAontas a fhágáil cheana féin, i ndiaidh an phraiseach atá déanta acu ar an tír seo. Cheap móramh muintir na tíre gur smaoineamh maith a bhí san AE sa bhliain 1973 agus caithfidh go bhfuilimid tar éis ceacht éigin a fhoghlaim óna gcuid botún. Is tír difriúil í Éire anois, tá an tír seo in umar na haimléise agus ceapaim nach gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar 2008 agus ar aghaidh le todhchaí na tíre seo san AE a fheiceáil. Níl in ann dúinn ach tuilleadh ciorraithe agus déine, sin é todhchaí na tíre seo. Ba chóir do na scoláirí anseo dul i dtaithí ar na coinníollacha seo mar muidne a bheas ag íoc as. Ag an bpointe seo déarfainn go bhfuil cúpla duine den tuairim gur óráid í seo atá cosúil le han-chuid óráidí eile lán le diúltachais, beidh mé macánta, tá sí.

Níl aon dea-thaithí agamsa ar an AE. Nach raibh rudaí iontacha geallta dúinn i ndiaidh an reifrinn ar an ESNM? Ní fheicim aon tairbhe uaidh seo, géarchéim idirnáisiúnta baincéireachta a bhí againn in 2008 agus bhí sealbhóirí báiní ar fud na hEorpa bainteach le bainc lofa na hÉireann. Ní raibh cead againn iad a dhó mar nach bhfuaireamar cead ón AE. Tá na saoránaigh ag íoc go daor as seo anois agus níl aon dabht go mbeimid ag íoc as an bpleidhcíocht seo i measc sealbhóirí i mblianta le teacht nuair a tharlaíonn an rud ceannann céanna arís. Tá cuimhne agam ar Chonradh Liospóin, tá cuimhne agam ar na mbáiní. Tá postanna ag gabháil le Liospóin, ach cá bhfuil na postanna seo? Cá bhfuil an tairbhe? Diúltaíodh le Liospóin sa chéad reifreann agus diúltaíodh ansin le freagra muintir na hÉireann. Bhí orainn triail a bhaint as arís. Níl ach focal amháin ar seo, scannalach. Cuireann sé seo ceist tábhachtach os ár gcomhair amach, an bhfuil ballraíocht na tíre seo san AE chun flaithis na tíre a laghdú sa todhchaí? An bhfuil an Eoraip chun aontú agus a bheith mar thír amháin faoi cheannas Bheirlín le thart ar 480 milliún saoránaigh?

Tá an t-airgeadra lofa céanna á úsáid agam, cén fáth nár chóir don AE Roinn Airgeadais na mballstát ar fad a smachtú? Ar bhain Éire neamhspleáchas amach sa bhliain 1922 le go mbeimid in ann dul faoi bhráid impireachta ollmhór eile? Tá íomhá i mo cheann den AE i gcúpla bliain agus í cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá, beidh Éire mar stát feidearálach laistigh de thír ollmhór agus faoin am sin ní bheimid in ann stop a chur leis.

Caithfimid a bheith macánta linn féin, is beag cumhachta atá ag Éirinn san AE. Tá dul amú ar éinne a cheapann go bhfuil lucht rialaithe an AE pioc buartha faoi Rialtas na hÉireann. Níl aon tionchar againn sa chomhphobal seo. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar líon na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa atá mar ionadaí do Éirinn agus gheobhaimid tuiscint ar an saghas cumhachta atá againn. Tá beirt Fheisire déag ann do phoblacht na hÉireann i gcomparáid le 99 don Ghearmáin agus 69 don Ríocht Aontaithe gan Tuaisceart Éireann san áireamh. Tá fhios agam gur ar bhonn daonra atá na suíocháin seo dálta ach níl dabht ar bith faoi gur tábhacht a bhaineann le tuairimí lucht na tíre seo nuair nach bhfuil ach 0.83% den pharlaimint inár seilbh ach tá thart ar 21% ag an nGearmáin. Tá post coimisinéara ar fáil dúinn ach i ndáiríre níl smacht ag Máire Geoghan Quinn ar a leithéid de iascaireacht ná de fheirmeoireacht. Ní raibh aon saghas cumhachta aici i gcás don ordú a tugadh don Rialtas in 2009 na bainc a thógáil slán.

Sílim féin gurb í an euro an botún is mó a rinne an tír seo. Deirtear gur thóg sé chomh fada orainn ballraíocht san AE a bhaint amach mar go rabhamar ar ár bpáirtnéirí tráchtála ba thábhachtaí an Bhreatain. Cén fáth nár leanamar a sampla mar sin? Cén fáth nár fhanamar glan ar an euro? Buntáiste atá ag an mBreatain agus ag an Danmhairg ná má tá siad cráite ag géarchéim eacnamaíochta is féidir leo díluacháil a dhéanamh ar an airgeadra. Níl an rogha sin againn in Éirinn, gabhann ardú sna leibhéil easpórtálacha le díluacháil an euro agus mar is eol dúinn is tír sinn atá ag brath ar easpórtálacha. Cén éifeacht atá aige seo ar an todhchaí? Nuair a tharlóidh géarchéim eile cosúil seo, agus tarlóidh, beidh luach an euro dochreidte íseal agus tosóidh an fhulaingt atáimid ag dul i dtaithí uirthi arís eile.

Tá orm tagairt a dhéanamh freisin don mhargadh seo atá déanta ag an Rialtas ar son mhuintir na tíre. Sna meáin chumarsáide rinne an-cheiliúradh ar seo, cheapfá nach raibh pingin rua le híoc ar ais againn leis an ECB, ní hé ach go bhfuil tréimhse na n-íocaíochtaí tar éis leathnú. Tá sé cosúil le leathnú ollmhór a fháil ar thréimhse morgáiste, ach go deimhin morgáiste nach leat é i ndáiríre. Beidh na híocaíochtaí míchothroma seo fós á íoc ag ár ngarr-pháistí agus níl dabht faoi ach go bhfuil siad míchothrom. D’fhéadfainn óráid iomlán eile a thabhairt ar an topaic sin.

Sa todhchaí beidh tuilleadh cáine maoine le híocadh agus tuilleadh táillí ollscoile. Má cheapaimid go bhfuil rudaí costasach anois samhlaigh 20 bliain amach anseo agus muid fós ag freastal ar chruinnithe leis an dream céanna a chabhraigh an tír seo a scriosadh, ní haon bhréag atá ansin. Conas nach bhfuil an chomhphobal scartha cheana féin?

Ar an bpointe sin, níl dabht agam go mbrisfidh an tAE suas, ceann de na haidhmeanna atá ann ná trádáil níos éasca a chothú i measc na mballstát agus iomaíocht a laghdú. Tá sé foghlamtha agam sa rang eacnamaíochta ar scoil gurbh í seo an aidhm céanna a bhíonn i gceist le claon-pháirteachas i measc gnólachtaí agus rud suntasach faoi claon-pháirteachas ná go mbíonn gnólacht amháin ann i gcónaí atá níos láidre ná na gnólachtaí eile agus leagann siad na coinníollacha síos. Níl bealach ar bith gurbh í Éire an ballstát is láidre a leagan coinníollacha síos. Rud eile faoi chlaon-pháirteachas ná nach maireann siad go deo mar go mbíonn ball amháin i gcónaí ag lorg sciar níos mó den mhargadh agus titeann claon-páirteachas as a chéile.

Ceapaim go bhfuil sé seo in ann don AE agus tá críoch ag teacht le ballraíocht na tíre seo sa ghrúpa gan dabht. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi seo ar fad. Ní hiad an Rialtas tofa atá ag déanamh cinntí sa tír seo is ar éigin go bhfuil smacht ar bith acu ar chúrsaí. Deireann an tAE céard le déanamh ó thaobh polasaí fisiceach srl. agus nílimid riamh chun rud a dhéanamh nach dtaitníonn leis an tUasal Barroso agus a chomhghleacaithe. Níl tuiscint acu ar chúrsaí na tíre seo. Tá an easpa tuisceana sin ag déanamh dochair ach sin atá romhainn mar bhall den AE, beidh tuilleadh cánach míchothrom á bhrú ar ghnáth mhuintir na hÉireann. Níor cheap mé gur euro sceipteach a bhí ionam riamh ach is léir go raibh mé mícheart.

I ndiaidh taighde a dhéanamh thar na mbliana ar an ábhar seo feicim gur euro sceipteach amach is amach mé. Ceapaim go bhfuil sé rí-shoiléir anseo inniu nach bhfuil mórán cúise a bheith dearfach faoi pé rud a bhfuil in ann do Éirinn mar bhall den AE. Sílim go bhfuil na héachtaí atá tar éis tarlú agus muid mar bhaill an-tábhachtach agus muid ag iarraidh déanamh amach céard atá in ann dúinn.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as ucht cluas na héisteachta a thabhairt dom inniu. Déarfainn nach n-athróidh faic go luath ach tá súil agam go dtarlóidh rud éigin sul atá sé ró-dhéanach don tír seo agus dá saoránaigh. Go raibh maith agaibh.

Mr. Caomhán Ó hÓgáin

A Chathaoirligh, a chomhscoláirí agus a dhaoine uaisle, Caomhán is ainm dom táim mar dhalta idirbhliana i gColáiste Cois Life Leamhcán agus táim i mo shuí os bhur gcomhair ag plé inniu an riachtanais agus an ghéar gá atá ann le pobail áitiúla na tíre seo a fhorbairt.

Tosóidh mé le seanfhocal gur cinnte go bhfuil aithne uile agaibh air, is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Tá droch-iarmhairtí tar éis gach duine, gach clann agus gach ceantar sa tír seo a bhuaileadh, níl aon dabht faoi. Mar thoradh ar ghnólachtaí bige ag dúnadh síos ar fud na háite agus ar chorparáidí idirnáisiúnta ar nós DELL tar éis an tír seo a thréigeadh is liosta le háireamh iad na daoine fágtha gan phost sna pobail áitiúla, iad ag brath ar íocaíochtaí ón Rialtas. Tríd scéimeanna forbartha pobail áitiúla is féidir linn na daoine seo a chur ag obair arís. Is minic a gcloisimid faoin easpa postanna sna tionscail tógála is ceardaíochta agus an líon d’oibreoirí poitéinsiúla ar an dole nó ag dul ar imirce dá bharr. Bhuel, i mo cheantar dúchais féin is ró-mhinic go bhfeicim ballaí ag titim as a chéile ar féidir atógáil, poill nó potholes sna bóithre ar féidir a líonadh, bruscar sna páirceanna ar féidir a ghlanadh, sceacha fiáine ar thaobh cosáin ar féidir a ghearradh agus luascán briste in ionad súgartha ar féidir a shocrú. Ba chóir dúinn na daoine seo, atá mar bhall de phobail áitiúla a chur ag obair ar son a bpobail áitiúla. Is féidir breis íocaíochtaí dole a thabhairt dóibh chun iad a mhealladh, ach táim lán cinnte go mbeadh daoine ann lán sásta an obair a dhéanamh go deonach. Trí na scéimeanna forbartha pobail áitiúla úd, bheadh níos mó sna pobail ag obair ar mhaithe an phobail ag feabhsú an tsaol sa phobal céanna. Tá aiféala orm ach níl aon fhocal Gaeilge agam don téarma sa nua-Bhéarla win win. Fáth eile gur chóir dúinn pobail áitiúla na tíre seo a fhorbairt agus tá an ceann seo ceangailte liomsa go pearsanta, bheimis in ann i bhfad níos mó seirbhísí is caitheamh aimsire a chur ar fáil do dhaoine óga. Sa ghnáth phobal áitiúil is iad na clubanna CLG nó sacar nó rugbaí a sholáthraíonn seirbhísí is caitheamh aimsire do dhaoine óga. Tá sé seo go breá do dhaoine mar mé féin a bhaineann an-taitneamh as an bpeil is as an iomáint. Ach cur i gcás mo dheartháir atá ceithre bliana déag d’aois i mbliana nach bhfuil chomh tógtha leis an bpeil nó leis an iomáint liomsa, céard atá ar fáil dó?

An scéal a bhíodh ann i mo cheantar dúchais ná go ndeachaigh tú i mbun an spóirt nó i mbun an óil agus dá bharr bhíos an-imníoch mar gheall ar mo dheartháir óg. Ach le déanaí, tá ionad bord scátála tar éis oscailt sa bhaile agus is deacair é a choinneáil amach as an áit anois, ní bhím chomh imníoch faoi níos mó. Ach is léir dom anois é gur chóir dúinn i bhfad níos mó seirbhísí is áiseanna a chur ar fáil sna pobail áitiúla chun an raon leathan atá ag an ógánach sa lá atá inniu ann a shásamh. Tríd na seirbhísí úd a fhorbairt tiocfaidh laghdú ar rátaí óil, drugaíocht is coireachta, geallaim díbh.

Le cois sin, samhlaígí, le níos mó áiseanna agus seirbhísí ar fáil do dhaoine óga seans maith go mbeidh sé níos deacra dóibh a bpobail áitiúla a fhágáint ó thaobh na himirce de. Fiú na seirbhísí céanna agus an ghlaineacht a luaigh mé i mo chéad phointe seans go meallfadh sé níos mó daoine go dtí na ceantair sna pobail áitiúla seo. Seans maith go mbeadh níos mó tithe á gceannach sna ceantair seo dá bharr. Bheadh níos mó airgid ag teacht isteach sna ceantair a fhorbraímid agus éireodh níos fearr le na gnólachtaí bige iontu. Ní bheadh faic ach feabhas ag teacht ar an saol sna pobail áitiúla seo. Nílim ag gealladh réiteach mór do fhadhbanna na tíre seo. Séard atá i gceist le pobail áitiúla na tíre seo a fhorbairt ná neart céimeanna bige chun an saol sa tír seo a fheabhsú.

Tá tairbheacht mór amháin eile bainteach le pobail áitiúla na tíre seo a fhorbairt le plé agam. Mo phointí go dtí seo tá fhios agam gurb iad airgead agus saibhreas na príomh théamaí bainteach leo, ach freisin a chairde, nach mbeadh muintir na tíre seo i bhfad níos sásta is iad ag cur fúthu i bpobail áitiúla forbartha. Mé féin, bheinn an-sásta bheith i mo chónaí i gceantar lán le daoine ag obair go cairdiúil lena chéile, dá chéile ag maireachtáil ar scáth a chéile. Le déanaí tá an tír seo tar éis dearmad a dhéanamh ar an difríocht idir an saibhreas agus an áthas ní an rud céanna iad i gcónaí agus tá an t-áthas i bhfad níos tábhachtaí. Tríd pobail áitiúla na tíre seo a fhorbairt, creidim gur féidir linn áthas a chur ar an tír seo arís. Go raibh míle maith agaibh.

Mr. Eoin Ó Breacáin

A Chathaoirligh, a chomhscoláirí agus a dhaoine uaisle, Eoin Ó Breacáin is ainm dom, dalta ardteistiméireachta i gColáiste Cois Life i Leamhcán agus tá mé lán sásta a bheith anseo libh chun tionchar na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn a phlé libh. Is éard is iad ná láithreáin ghréasáin agus feidhm cláir a úsáidtear le haghaidh líonraithe sóisialta. San áireamh anseo tá irisí fóraim Idirlín, suíomhanna ar nós Facebook agus Twitter, podcraoltaí, pictiúir, grianghraf agus físeáin. Go bunúsach, aon rud atá ar fáil ar an Idirlíon is foirm éigin de na meáin shóisialta iad. Is iad na meáin shóisialta ceann de na buntáistí is mó sa lá atá inniu ann agus réabhlóid na meáin chumarsáide iad. Timpeall deich nó 15 bliain ó shin nuair a labhraíodh daoine faoi na meáin bhí a fhios agat go raibh siad ag caint faoin raidió nó an teilifís nó fiú an páipéar nuachtáin ach sa lá atá inniu ann d’fhéadfaidís bheith ag caint faoi beagnach aon ghné den Idirlíon nó na meáin chumarsáide agus tá tionchar ollmhór ag na meáin shóisialta ar shaol an ghnáth duine in Éirinn sa lá atá inniu ann agus is é sin an fáth go bhfuilim anseo inniu. Deirtear go minic, go bhfuil an tionchar seo dainséarach agus aontaím leis seo go pointe. Tá sé tábhachtach nach mbaineann duine mí-úsáid as na meáin-shóisialta mar is é sin nuair a chruthaítear na fadhbanna. Má bhaineann duine mí-úsáid as na meáin bíonn iarmhairtí ollmhóra ann. Sampla maith ná cailín darbh ainm Georgina Hobday go raibh cóisir tí aici dá 16ú breith lá. Thug tuistí Georgina cead di cuireadh a thabhairt do 100 duine teacht chuig a breith lá ach ansin rinne Georgina botún ollmhór, chuir sí an t-eolas go léir faoin chóisir suas go poiblí ar Facebook an toradh tháinig 400 duine chuig an teach bhí ceathrar fostaithe ag an doras chun stop a chur le aon iompar mí-oiriúnach ach ní raibh sé de chumhacht acu stop a chur le 500 duine óg a bhí faoi thionchar an óil. Thosaigh na daoine óga ag dreapadh na mballaí ag briseadh fuinneoga agus sa deireadh bhí an teach go raibh luach milliún euro air go hiomlán scriosta agus bhí buidéil agus cannaí folmha caite thart timpeall na háite. Is é scéal Georgina ceann de na mílte scéalta uafásacha atá ag Facebook ach droch-scéalta iad go léir. Tá taobh dearfach ag na meáin chomh maith agus is é seo an chaoi go bhfuil gach duine thart timpeall an domhain nasctha le chéile. Is féidir a sheoladh ó thaobh amháin den domhan chuig an taobh eile le brú cnaipe amháin. Tá sé deacair do dhéagóirí a thuiscint cé chomh húsáideach go mbíonn na seirbhísí seo.

Is oileán fíor-beag muid, ach táimid ceangailte leis an chuid eile den domhan leis na meáin shóisialta. Má tá cairde agat thar lear ní dhéanann sé difríocht cén áit ina bhfuil siad is féidir leat dul i dteagmháil leo láithreach. Má tá gaolta agat atá tar éis dul ar imirce thar lear le brú cnaipe amháin, tá tú in ann dul i dteagmháil leo arís de bharr na meáin shóisialta tá ceithre milliún duine ar an oileán seo ceangailte le seacht mbilliún duine ar fud an domhain. Buntáiste eile do na meáin shóisialta na go bhfaigheann roinnt daoine óga tacaíocht ó phobal ar líne, seo fíor go háirithe go bhfuil spéis uathúil acu nó go mbíonn siad scoite amach ó na daoine eile atá ag an aois chéanna ach de bharr na meáin shóisialta is féidir leo teacht ar dhaoine a bhíonn an spéis cheanna acu féin.

Is bealach nua-aimseartha iad na meáin shóisialta chun cairde nua a dhéanamh agus de bharr earraí ar nós an PlayStation agus an X Box fiú, ní gá do na cairde nua seo a bheith ina gcónaí in aice leat chun dul ag spraoi leo. Is féidir caidreamh láidir a dhéanamh le daoine ó aon áit ar domhan ar líne. Agus de bharr na cairde nua seo atá déanta ag na daoine óga a mbíonn scoite amach de ghnáth feabhsaíonn a gcuid scileanna shóisialta ón gcairdeas. Mothaíonn na daoine óga níos sábháilte anois mar tá siad i suíomhanna nua ar nós dul chuig an choláiste nó ag dul chun a bheith ina mball de chlub ar leith. Is é mo thuairim ná go bhfuil na buntáistí níos tábhachtaí ná na míbhuntáistí maidir leis na meáin shóisialta. Cinnte tá cúpla scéal uafáis ann faoi na meáin shóisialta ach ar an taobh eile den scéal tá buntáistí iontacha ann don oileán beag seo atáimid inár gcónaí air. Go raibh maith agaibh.

Go raibh maith agat, Eoin. Tógfaimid an chéad duine as Dún Mánmhaí anois.

Ms Hazel Ní Dhonnabháin

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a mhúinteoirí agus a lucht éisteachta, Dia bhur mbeathas. Is mise Hazel Ní Dhonnabháin agus inniu pléifidh mé an t-ábhar na meáin shóisialta agus an tionchar atá ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Tráth dá raibh, fuair daoine an t-eolas a bhí uathu faoin domhan mór thimpeall orthu, ó nuachtáin, ón teilifís, ón raidió, ó leabhair agus ó irisí. Ach anois, sa lá atá inniu ann áfach, tá glúin úr daoine óga tagtha ar an saol nach mbacann leis na meáin thraidisiúnta, a bheag nó a mhór. Dá bhrí sín, tháinig athrú ar an slí a dhéanaimid cumarsáid le chéile mar anois caitheann muintir na hÉireann a gcuid ama ar an Idirlíon chun teacht ar an eolas atá uathu nó díreach chun teagmháil agus cumarsáid a bheith acu lena chéile agus nach bhfuil sé sín go hiontach? É sín ráite, ná bímis dall ar an seanfhocal "Ní lia duine ná tuairim" agus bíonn an cheist seo pléite agus athphléite ag polaiteoirí, ag iriseoirí gach uile lá. Ach inniu ba mhaith liom mo smaointe a chur in iúl daoibh agus cén sórt tionchar atá i gceist: dearfach nó diúltach.

Ciallaíonn na meáin shóisialta gach rud ar an Idirlíon go ndéanann an domhan níos lú. Agus tá sé i mbéal an phobail le fada an lá go bhfuil na meáin chumarsáide agus ré na nua-theicneolaíochta fite fuaite le chéile. Dá bhrí sín, tá níos mó daoine ábalta cultúr difriúil a bhlaiseadh gach uile lá, taobh thiar de scáileán ríomhaire. Fiú mura mbíonn smaointe ag aon duine faoi aon ábhar, is slí easca í Twitter chun scéalta fút féin nó tuairim atá agat a nochtadh don domhan. Tá Twitter ag fáil an lámh in uachtar ar na meáin thraidisiúnta mar faigheann daoine nuacht nó an eolas, trí bheith ag caint lena chéile ar an Idirlíon. Is borradh é ré an Idirlín agus anois ní bóithrín príobháideach é an t-Idirlíon a thuilleadh ach mótarbhealach leathan lán-oscailte. Tionchar dearfach is ea é.

Tógaimis sracfhéachaint ar ghnéithe eile den ábhar seo, YouTube. Ní nach ionadh, go bhfuil an t-Idirlíon ábalta saol na ndaoine a athrú chomh maith. Tá go leor filí, scríbhneoirí, ealaíontóirí agus amhránaithe a bhaineann úsáid as blaganna YouTube agus as fóraim eile ar an Idirlíon chun a gcuid saothar a chur os comhair an phobail. Tá sé an-saor agus cinntítear lucht mór éisteachta, léite agus féachana dóibh agus tá sé sin thar mholadh beirte agus taispeánann sin dúinn nach bhfuil aon teorainn leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an Idirlíon. Bíodh sin mar atá, ach feictear na mílte is na mílte fógraí gach uile lá ar an YouTube agus más mian le do ghnó dul chun cinn a dhéanamh ba chóir duit páirt a ghlacadh i ré na meáin shóisialta ach bheadh sé amaideach a rá nach mbíonn tionchar ag na fógraí seo orainn agus dá bhrí sin uaireanta bíonn daoine faoi bhois an chait ag fógraíocht atá ag dul ó smacht. De thairbhe sin, cén sórt tionchar atá i gceist anseo?

Dhealródh an scéal, gurb é an meán sóisialta atá chun tosaigh ar na meáin eile ná Facebook. Is ábhar an-chasta é Facebook mar tá dhá insint ar gach scéal, ach inniu ba mhaith liom an fhírinne lom a insint daoibh. Labhraím amach go neamhbhalbh i gcoinne na bulaíochta a tharlaíonn do dhéagóirí nó do dhaoine óga ar Facebook. Ba chóir dúinn aire a thabhairt don bhfadhb seo. Tá an fhadhb seo ar leac ár ndorais féin agus nach é aos óg na tíre an mhaoin is luachmhaire atá ag an tír seo? Ardaíonn an fhadhb sin, ceist mhór. Cén fáth nach ndéanann muintir na hÉireann faic, cé go bhfuil sé i mbéal an phobail go bhfuil daoine óga in umar na haimléise, a bhuíochas leis an gcos ar bolg a dhéantar ar dhaoine ar an Facebook. Tá faillí déanta againn ar dhaoine óga, cé go mbraitheann todhchaí na tíre ar an óige. Is iadsan polaiteoirí, ceannairí agus stiúrthóirí an lae amáraigh. Uaireanta déanaimid dearmad ar an bhfíric sin. Agus um an dtaca seo, tá an fhadhb ag dul in olcas, mar sin caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb seo, dá luaithe is ea is fearr é.

Pointe eile faoin ábhar seo ná má chuirtear rud ar bith fút féin, ar an Idirlíon beidh sé ann go deo. Má bhíonn grianghraf amaideach agat ar an Facebook tá sé cosúil le tatú doscriosta ar chraiceann do shaol. Cé go ndéanann a lán daoine botúin nuair a bhíonn siad óg, sa lá atá inniu ann d’fhéadfadh na botúin sin a bheith ar fáil do gach duine go deo, fostóirí san áireamh. Tionchar diúltach amach is amach is ea é, mar níl aon duine ábalta éalú óna stair.

Faoi dheireadh, ní haon áibhéil a rá gur athraigh na meáin shóisialta an saol thart timpeall orainn agus tá go leor rudaí maithe deasa ag baint leis na meáin shóisialta. Ar ndóigh tá fadhbanna ann freisin ach is duine réadúil mé agus tuigim le tamall de bhlianta anuas go bhfuil an-chuid daoine ag eirí buartha faoin méid eolais atá ar fáil ar an Idirlíon agus faoin tionchar a bhaineann leis. Ach tá na fadhbanna sin i ngach tír a bheag nó mhór agus ar scála idirnáisiúnta chomh maith. Ach ar ais nó ar éigin, má fhanaimid le chéile sáróimid na deacrachtaí, sula mbeidh sé ró-dhéanach. Ach dá olcas é an gréasán sóisialta, déanann sé pobal beag den domhan mór agus cosúil le gach rud tá baol ag baint leis. Ar an iomlán, is mó i bhfad na buntáistí a bhaineann leis na meáin shóisialta agus sílim féin gur chóir dúinn é a cheiliúradh.

Tá súil agam gur bhain tú sult as a raibh le rá agam agus mar fhocal deiridh, is mór idir inné agus inniu. Go raibh míle maith agaibh as éisteacht liom.

Ms Lisa Ní Laoghaire

A Chathaoirligh, a Theachtaí dála, a Sheanadóirí agus a dhaoine uaisle ar fad. Bail ó Dhia oraibh, is mise Lisa Ní Laoghaire agus tá mé sa chúigiú bliain i gColáiste Phobail Mhuire Gan Smál i nDún Mánmhaí Co. Chorcaí. Tá sé de phribhléid agam caint libh inniu agus mo chuid tuairimí a nochtadh faoin ábhar seo.

Sna blianta beaga anuas, tá tionchar mór ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn. Ní gá a rá ná go bhfuil sé níos éasca ná riamh é a úsáid. Deirtear go gcaitheann daoine in Éirinn timpeall deich n-uair an chloig ar an Idirlíon gach seachtain. Lá i ndiaidh lae, cloistear na scéalta céanna faoi na rudaí diúltacha a bhaineann leis, agus sé mo thuairim má oibrímid le chéile go bhfuil sé ar ár gcumas deireadh a chur le roinnt de na rudaí sin. Mar a deir an seanfhocal, “ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”.

Ar an gcéad dul síos, bheadh sé amaideach a rá nach mbíonn tionchar maith ag na meáin shóisialta orainn. Sa lá atá inniu ann, mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta, tá níos mó daoine ag dul ar imirce. Níl sé chomh deacair is a bhí sé fanacht i dteagmháil leo. An tionchar atá ag na meáin shóisialta ar dhaoine sna tíortha eile ná go bhfuil siad ábalta caint lena muintir agus lena gcairde ar bhonn rialta. Fadó, ní raibh siad ábalta aon rud a dhéanamh ach glaoch a chur abhaile nó litir a sheoladh ach anois bíonn daoine ábalta dul ar Skype agus a muintir a fheiceáil. Sna blianta seo, tá ríomhaire i mbeagnach gach teaghlach agus mar sin tá an t-Idirlíon ar fáil do gach duine. Is buntáiste mór é Skype.

Deir daoine áirithe go bhfuil sé níos áisiúla a gchuid siopadóireachta a dhéanamh ar an Idirlíon. Caithfear an cheist a chur, má dhéanaimid gach rud ar an Idirlíon, conas a bhuaileann tú le daoine? Cén tionchar a bheadh ag na meáin shóisialta orainn ansin? Droch-thionchar a bheadh aige ar shaol daoine, bheadh gach duine sáite istigh sa teach ó mhaidin go hoíche. Sna blianta beaga anuas, níl gnó ann nach bhfuil ar Facebook. Ar lámh amháin bíonn tionchar maith aige sin ar shaol in Éirinn mar cuireann duine fógraí ann. Ach, ar an lámh eile, cad faoi na daoine nach bhfuil ar Facebook? Ní bheadh fhios acu cad a tá ar siúl. Cad faoi na seandaoine? Is annamh a bhuaileann tú le seanduine atá ar Facebook dáiríre, agus mar sin ceapaim go mbíonn droch-thionchar ag na meáin shóisialta ar na seandaoine uaireanta.

An gcreidfeá go bhfuil timpeall 1.75 milliún Éireannaigh ar Facebook agus isteach is amach le 100,000 duine ar Twitter? Is annamh a bhuaileann tú le déagóir nach bhfuil ar Facebook ná Twitter, táim cinnte dearfa de. Is suíomhanna Idirlín iontacha iad má úsáidtear i gceart iad. Úsáidtear iad chun fanacht í dteagmháil le cairde agus le muintir agus bíonn tú ábalta pictiúir a sheoladh. Tá daoine ábalta "follow" daoine cáiliúla ar Twitter agus a gcuid smaointe a fheiceáil. Cuireann daoine a gcuid smaointe féin ar Twitter freisin agus b’fhéidir gur rud maith é sin. Is seans é don duine ord agus eagar a chur ar a gcuid smaointe ach ar lámh eile, is cur amú ama é dáiríre.

Tuigim go raibh bulaíocht ann roimh na meáin shóisialta ach, is oth liom a rá gurb é seo an tionchar is uafásaí atá ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn, go háirithe ar shaol na ndaoine óga. Níl insint béil ar an mbrón a bhíonn orm nuair a fheicim rudaí goilliúnacha. Tá na meáin shóisialta millte ag an mbulaíocht. Suíomh Idirlín atá i mbéal an phobail anois ná ask.fm, ní aontaím leis an suíomh Idirlín sin in aon chor. Níl ach léiriú uafásach gan ainm le feiceáil ann. Sin rud atá ag dó na geirbe orm. An bhfuil fuascailt na faidhbe le fáil? Is dócha go bhfuil.

Is dócha go bhfuil, caithfear deireadh a chur leis an suíomh seo gan dabht. An mó eile tragóid a tharlóidh sula gcuirfear deireadh le ask.fm? Buaileann spadhar mé nuair a smaoiním ar a leithéid, is léir do chách an baol atá ann.

Ar an Idirlíon, Facebook go háirithe, cuireann daoine pictiúir ann. De ghnáth, bíonn pictiúir deasa gan fadhb i gceist ach uaireanta, bíonn said goilliúnach do dhaoine eile. Níl sé sin cothrom ná cóir agus ní bhíonn tionchar maith aige ar shaol daoine. Leis an fhírinne a rá, má chuireann tú pictiúir ar an Idirlíon, beidh siad ann go deo. Fadó, nuair a chuaigh tú abhaile ón scoil, ní raibh tú i dteagacháil le daoine go dtí an lá dár gcionn. Ach anois, a bhuíochas leis an Idirlíon agus leis an bhfón póca, ní bhíonn sos ag daoine ón mbulaíocht. Bheadh tionchar an-diúltach aige sin ar na daoine óga sa lá atá inniu ann. Deirtear gur i dtús na haicíde is fusa í a leigheas agus caithfear a rá gur fíor sin sa chás seo.

Uaireanta, ceapaim go bhfuil tionchar dainséarach ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn. Déarfainn go gcuireann roinnt daoine an iomarca eolais fúthu féin ar an Idirlíon. Bíonn aon duine ar domhan ábalta dul ar do Facebook agus féachaint ar gach rud ba mhaith leis, fiú mura bhfuil aithne agat air. Bíonn fhios aige cá bhfuil tú i do chónaí nó cá bhfuil tú ag dúl ar scoil. Ní bhíonn dóthain eolais ag daoine faoi na meáin shóisialta.

Rud eile a bhaineann leis na meáin shóisialta, ná cluichí ríomhaire. Téann daoine ar líne chun na cluichí sin a imirt le daoine eile. Uaireanta éiríonn duine, go háirithe buachaillí, tugtha dóibh. Is trua liom a rá go gceapaim gur rud an-diúltach é sin. Ní bhíonn ach foréigean agus troid le feiceáil ar roinnt díobh. Is é mo thuairim go gcuireann na cluichí sin smaointe diúltacha in intinn daoine óga. Ar an ndroch-uair, uaireanta bíonn tionchar diúltach ag na cluichí seo ar dhaoine agus ar a gcuid gníomhartha.

Mar fhocal scoir, is léir go bhfuil tionchar dearfach agus tionchar diúltach ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn. Má chuirtear deireadh le ask.fm, ní bheidh roinnt den bhulaíocht atá ar siúl ar an Idirlíon ann agus is é mo thuairim, má fhaigheann daoine níos mó eolais faoin Idirlíon agus conas é a úsáid i gceart, gurb áit dearfach a bheidh sna meáin shóisialta, go huile is go hiomláin. Go raibh maith agaibh.

Ms Cláir Ní Dhéin

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a mhúinteoirí agus a dhaoine uaisle, is mise Cláir Ní Dhéin as Coláiste Phobal Mhuire Gan Smál i nDún Mánmhaí. Is mór an onóir dom bheith anseo os bhur gcomhair ag caint faoin ábhar an pobal áitiúil. Gan amhras ar bith, ábhar is ea an pobal áitiúil a bhfuil an-spéis agam ann. Ní gá go n-aontóidh sibh liom, ach ar aghaidh linn ar aon nós.

I mo thuairim, is é an pobal áitiúil ceann de na rudaí is tábhachtaí i saol beagnach gach duine ar domhan sa lá atá inniu ann. Ní thaitneodh sé le aon duine a fheiceáil go bhfuil a gcuid ceantar ag dul in olcas toisc go bhfuil sé chomh tábhachtach sin dóibh, agus is é sin an fáth a bhfuil sé fíor-thábhachtach iad go léir a fhorbairt.

Creidim gurb iad na háiseanna agus na clubanna croílár an phobail áitiúil agus is rudaí móra, tábhachtacha iad i saol an duine, go háirithe na daoine óga. Is iad na rudaí seo lena bhfásann daoine suas, na háiteanna ina bhfoghlaimíonn tú na ceachtanna tábhachtacha faoin saol agus den chuid is mó, na háiteanna ina mbuaileann tú le do chairde. Chomh maith leis sin, a bhuíochas leis na háiseanna agus leis na clubanna i do cheantar, bíonn tuiscint níos fearr ag daoine orthu féin mar dhuine agus ar an bpearsantacht atá acu. Cur ceist ort féin, cá mbeifeá mura mbeadh na háiseanna agus na clubanna agat i d’áit dhúchais féin, agus tú ag fás aníos? Mé féin, bheinn caillte. Is rud mór tábhachtach é mo phobal áitiúil dom, go háirithe mo chlub Cumann Lúthchleas Gael. Is é an club seo inar fhoghlaim mé ceachtanna faoin saol cosúil leis an tábhacht a bhaineann le bheith cairdiúil le daoine agus a bheith ag cabhrú leo. Mhúscail sé ionam gur duine spórtúil mé freisin agus mhúscail sé an muinín atá agam ionam. D’fhoghlaim mé a lán rudaí ó mo phobal áitiúil agus ag deireadh an lae, beidh sé i gcónaí tábhachtach dom. Mar sin, tá orainn na háiseanna agus na clubanna seo a fhorbairt ionas go mbeidh siad ann sa todhchaí, mar ba mhaith linn go mbeadh an taithí céanna ag na daoine a bheidh ina gcónaí in Éirinn amach anseo. Sin an chúis, ceapaim, go bhfuil sé an-tábhachtach na pobail áitiúla a fhorbairt in Éirinn.

Cuireann sé múisiam orm é a rá, ach tá íomhá na bpobal áitiúla ag dul in olcas sa lá atá inniu ann, de dheasca fadhbanna sóisialta, agus is mór an trua é sin. Níl mórán le déanamh ag déagóirí ina n-áit chónaithe agus tá siad leamh. Mar sin, glacann siad páirt i ngníomhartha frithshóisialta cosúil le bheith ag ól faoi aois, ag baint trial as drugaí, ag scriosadh rudaí timpeall an cheantair agus ag scríobh graifítí ar na ballaí. Scriosann na fadhbanna seo an ceantar áitiúil agus ní hamháin sin, ach teaghlaigh na ndaoine seo. Bíonn na teaghlaigh ag troid agus ag argóint faoi na hábhair seo. Cruthaíonn na fadhbanna seo íomhá diúltach den phobal. Sin rud atá ag dó na geirbe orm. Déanann sé olcas don cheantar agus do na teaghlaigh nuair nach bhfuil siad ábalta déileáil leis na fadhbanna seo. Mar sin, tá gá ann na pobail áitiúla a fhorbairt ionas go mbeidís ábalta stop a chur leis na fadhbanna seo, a chruthaíonn íomhá uafásach de na ceantair. Tá orainn níos mó áiseanna suimiúla a chur ar fáil do dhaoine óga in Éirinn agus mar sin, stopfaidís ag baint triail as na rudaí diúltacha seo agus ansin, dhéanfadh sé sin maitheas do na pobail áitiúla timpeall na tíre. Mol an óige agus tiocfaidh sí, mar a deir an seanfhocal.

Chomh maith leis sin, is fadhb mhór í an mó duine atá ag dul ar imirce agus ag fágáil a n-áit dhúchais. Scriosann an fhadhb seo ceantracha mar muna bhfuil suim ag daoine fanacht sa tír seo ag lorg postanna, fágfaidh siad an áit. Den chuid is mó, is iad na daoine óga, na daoine a bhíonn ag dul ar imirce ag an am seo, agus mar sin ní bheidh ach na seandaoine agus na daoine an-óg fágtha sna pobail áitiúla agus goilleann sé go mór orm a leithéid a fheiceáil. Má fhágann na daoine óga go léir an áit, ní bheidh aon duine ann chun na folúntais oibre a líonadh nuair a éiríonn na daoine atá ag obair anois ró-shean. Chomh maith leis sin, ní bheidh céimithe nua-cháilithe ar fáil amach anseo a bheidh ábalta dul i ngleic le forbairt nua-theicneolaíochta sa todhchaí, agus mar sin beidh Éire thíos leis. Mar sin, tá orainn na pobail áitiúla a fhorbairt chun stop a chur leis sin ag tarlú. Conas is féidir é a réiteach? Bhuel, ní féidir an scéal a leigheas gan athrú intinne i measc na bpobal áitiúla agus rún daingean dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá orainn níos mó a chur ar fáil do na céimithe is déanaí, i gcomhair iad a spreagadh fanacht anseo. Níl sé sin ag tarlú ag an am seo, áfach, agus tá na pobail áitiúla ag fulaingt dá dheasca sin. Tá tábhacht mór, mar sin, le pobail áitiúla a fhorbairt mar mura n-athraítear an fhadhb seo go tapaidh, beidh gach duine óg imithe ón áit gan fhios dúinn agus ní theastaíonn sin ó éinne.

Tá orainn na pobail áitiúla a fhorbairt, ach nílimid ábalta é sin a dhéanamh gan maoiniú agus gan infheistiú. Tá a fhios agam nach bhfuil mórán airgid ann ag an am seo, de dheasca an chúlú eacnamaíochta, ach tá an t-ábhar seo tábhachtach. Tá orainn bród agus spiorad an phobail a chothú. Tá orainn níos mó áiseanna a chur ar fáil do na daoine óga agus tá orainn postanna a chruthú do na céimithe is déanaí. Tá orainn an daonra a spreagadh chun gnóthaí nua a chur ar bun ina bpobail áitiúla. Tá orainn na pobail áitiúla a fhorbairt ach ní féidir linn aon rud a dhéanamh gan airgead nó gan tacaíocht ón Rialtas. Dá mbeimis ábalta na rudaí seo a fháil, b’iomaí rud gurbh fhéidir linn a dhéanamh.

Ar an iomlán, is léir go bhfuil tábhacht mór ann le pobail áitiúla a fhorbairt. Is rud tábhachtach é an pobal áitiúil i saol an duine i gcomhair ceachtanna an tsaoil a fhoghlaim agus pearsantacht a chothú sa duine. Ar an lámh eile áfach, muna bhfuil na pobail áitiúla forbartha, beidh a lán fadhbanna ann, cosúil le fadhbanna sóisialta agus fadhb easpa daoine óga, ach tá réiteach ar na fadbhanna seo. Is féidir linn na fadhbanna seo a réiteach thar am má oibríonn gach duine le chéile ach ag an am céanna, beidh ar gach duine cabhrú. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, mar a deir an seanfhocal.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl daoibh as éisteacht le mo chuid tuairimí.

Ms Cáit Ní Dhomhnall

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a dhaoine uaisle ar fad, is mise Cáit Ní Dhomhnall agus tá áthas an domhain orm deis a fháil labhairt libh inniu faoin ábhar fíor-thábhachtach seo.

Gan aon agó tá tionchar nach beag ag na meáin shóisialta ar an saol in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, bíonn gach duine ag úsáid na meáin shóisialta agus táim ag tuar, go mbeidh níos mó ríomhairí glúine agus rudaí cosúil leis sin ag na hÉireannaigh amach anseo. Is ionadh liom na rudaí a bhfuil daoine ábalta a dhéanamh leis an teicneolaíocht. Ar an gcéad dul síos, mar a deir an seanfhocal bíonn dhá thaobh ar an mbileog, tá maitheas agus olc ag baint leo. Tá na meáin shóisialta cuideachtúil agus faisnéiseach ach tá said contúirteach freisin. Pléifidh mé an dá thaobh le linn m’óráide.

I dtús báire, caithfidh mé a admháil go dtaitníonn na meáin shóisialta go mór liom. Úsáidim na meáin shóisialta gach uile lá. Cuid dosheachanta den saol nua-aimseartha in Éirinn is ea iad. Deirtear go bhfuil níos mo d’fhóin phóca sa tír seo anois ná daoine, creid é nó na creid. Bliain eile, iPhone úr. Tá go leor buntáistí ag an bhfón póca, ar ndóigh. Bíonn an fón póca an-úsáideach i gcomhthéacs sóisialta. Is féidir scimeáil ar an Idirlíon, ríomhphoist a chur, pictiúr a ghlacadh, gach rud. Ach ceanglaítear an fón póca le timpistí bóthair, le hailse agus le cos ar bolg.

Baineann an teilifís go mór leis na meáin shóisialta. Bíonn daoine ag caint faoi ar Twitter i gcónaí. Bíonn suim an-mhór ag na daoine sa tír seo sna cláracha teilifíse. Bíonn said i mbéal an phobail. Chonaiceamar an tionchar ollmhór a bhí ag Twitter le linn clár teilifíse sa toghcháin uachtaránachta deireanach. D’fheadfadh toradh difriúil a bheith ann muna seoladh an tweet cáiliúil sin.

Chomh maith leis sin, caitheann na meáin shóisialta solas ar na rudaí atá tábhachtach ach faraor suíonn daoine go marbhánta os comhair an ríomhaire, mé féin san áireamh. Go minic cur amú ama is ea é. Feiceann tú fógra de gach saghas ar Facebook agus YouTube. Cuireann na fógraí atá dírithe ar phaistí an iomarca brú ar thuismitheoirí agus níl sé sin ceart ná cóir. Ag an am céanna ní bhíonn na seandaoine ábalta na tairiscintí a fheiceáil ar Facebook agus Twitter agus níl sé cothrom dóibh.

Suíomh Idirlíon an-chumhachtach is ea Twitter. Modh mór cumarsáide dúinn in Éirinn is ea é. Úsáideann mórán daoine cáiliúla Twitter mar tugann sé an deis dóibh a dtuairimí a chur os comhair an phobail go tapaidh. I measc na suíomhanna Idirlín eile atá an-chumhachtach is ea Facebook. Is ball mé de Facebook. Cosúil le formhór na ndéagóirí Éireannacha sa lá atá inniu ann, fanaim i dteagmháil le mo chairde nach bhfeicim go minic. Faighim an nuacht is déanaí freisin. Is áis iontach é Facebook, ach is mór an trua é go mbaineann daoine mí-úsáid as. Scaipeann daoine ráflaí mailíseacha faoi dhaoine eile agus fulaingíonn mórán daoine de dheasca cibir-bhulaíochta. Is féidir le lucht úsáidte do dhea-ainm a scriosadh gan stró ar bith agus bréaga a scaipeadh fút. Buaileann spadhar mé nuair a smaoiním ar a leithéid.

Suíomh Idirlín míle uair níos measa is ea ask.fm, scannal saolta is ea é. Cuireann daoine anaithnid ceist ar dhaoine eile, ach i ndáiríre píre, ní hé sin a tharlaíonn in aon chur. Is féidir le cladhaire dul faoi cheilt agus a bheith anaithnid ar an suíomh seo. Is féidir leo daoine a cháineadh go poiblí agus an trácht a chur ar an Idirlíon i dtreo is go bhfeicfeadh gach duine é. Fágann daoine maslaí agus teachtaireachtaí gránna ar leathanaigh daoine eile. Gréasán fíor-dhainséarach is ea é. Ní thuigim é, leis an fhírinne a rá.

An bhfuil fuascailt na faidhbe le fáil? Ar ndóigh, ba cheart go gcuirfimis cosc air. Fadhb sho-réitithe is ea í. Chuala gach duine faoi na déagóirí bochta a bhí air, agus iad ina n-íospairtigh ag cibirbhulaíocht. Deirtear gurb i dtús na haicíde is fusa í a leigheas. Tá a fhios agam go bhfuil sé ró-dhéanach do na daoine bochta siúd a shábháil. Tá uair na cinniúna chugainn anois. Ba chóir deireadh a chur leis an tionchar diúltach seo.

Chomh maith leis sin, is ionadh liom gur féidir le do chara, atá ar an dtaobh eile den domhan tú a fheiceáil ar Skype. Déanann sé an domhan níos lú. Bíonn daoine ábalta fanacht i dteagmháil i bhfad níos éasca agus níos tapúla agus is buntáiste mór é sin do na daoine atá i gcéin san Astráil agus i Meiriceá, mar shampla.

Rud iontach eile is ea siopadóireacht ar líne. Tá sé tarraingteach mar tá réimse an–leathan suíomhanna ar fáil in Éirinn. Is féidir earraí a ordú i gcompord do thí féin. Ní gá ach tic a chur in aice na n-earraí atá ag teastáil uait, an cnaipe a bhrú agus tá siopadóireacht na seachtaine déanta agat. Ach caithimid smaoineamh air, an rud maith no rud olc é? Ní théann daoine chuig a siopa áitiúil agus mar sin ní bhíonn siad ag caint lena gcairde ná lena gcomharsana.

D’fheadfainn dul ar aghaidh mar sin ach níl an t-am agam. Cinnte go bhfuil go leor buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis na meáin shóisialta. In ainneoin na bhfadhbanna atá acu, tá cúrsaí cumarsáide ag fás go tapaidh. Anois tá cumarsáid láithreach ar fáil do gach duine, idir óg agus aosta. Is iontach an dul chun cinn é seo. I ndeireadh an lae, fad is a bhíonn staid na tíre go holc, in am an ghátair, fostaíonn na meáin shóisialta na mílte daoine ar fud na tíre, cuir i gcás na mílte atá fostaithe i Google, Facebook agus PayPal.

Mar fhocal scoir, is fíor go ndéanann na meáin shóisialta sráidbhaile domhanda den saol. Ar an iomlán, áfach, is forbairt iontach iad na meáin nua-aimseartha seo.

Tá ceann scríbe bainte amach agam agus tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as a raibh le rá agam. Go raibh míle maith agaibh as éisteacht liom.

Go raibh maith agat, a Cháit agus go raibh maith agaibh go léir. Tógfaimid ceisteanna ó na comhaltaí.

Go raibh maith agat a Cathaoirligh agus tá céad míle fáilte romhaibh. Caithfidh mé a rá gur ócáid stairiúil í seo, mar tá an t-aos óg ag comhchoiste an Oireachtais ag labhairt libh, sin rud an-tábhachtach agus rud náisiúnta freisin. Dúirt sibh dála an scéil, gur onóir díbhse bheith anseo inniu ach is onóir agus pribhléid dúinn san Oireachtas bhur dtuairimí a chlois anseo, do dhein sibh é sin go proifisiúnta agus do dhein sibh le díograis é agus do dhein sibh é go misniúil, agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Dá mbeadh mé i mo iarrthóir in aon dáilcheantar ina mbeadh aon duine agaibhse ag dul ar aghaidh sa toghchán, caithfidh mé a rá go mbeadh saghas faitíos orm mar do dhein sibh é sin agus go mór mhór é seo á dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Mar sin molaim sibh go mór, mar gheall ar sin.

Tá cúpla ceist le cur anois agus níl mé ró-chinnte b’fhéidir gur mhaith le aon duine agaibh ceann de na ceisteanna sin a thógáil. Na meáin shóisialta i dtosach, an bhfuil aon tslí gur féidir libhse mar dhaoine óga smacht a choimeád i dtreo is nach mbeadh aon mhí-úsáid á bhaint as na meáin shóisialta? Sé sin le rá, tuigim gur féidir le rialacha a bheith ann agus dlí, ach an bhfuil aon tslí a chinntiú nach mbeidh mí-úsáid á bhaint astu. Ceist eile, an bhfuil úsáid iomarcach á bhaint as na meáin shóisialta agus an bhfuil seans anois nach bhfuilimid ag labhairt lena chéile go pearsanta, i slí éigin tá an caidreamh pearsanta ag imeacht. An dóigh libhse go bhfuil sin fíor? An maith an rud é sin? B’fhéidir go bhfuil tuairimí agaibh, maidir leis sin.

Maidir le hAontas na hEorpa, cad é an neart agus cad é an laigeacht is mó a bhaineann le Aontas na hEorpa? Cad é an neart agus an ligeacht is mó? An dóigh libh go bhfuilimid ag déanamh go leor chun neamhspleáchas an náisiúin féin a chosaint nó an bhfuil smacht ag Aontas na hEorpa ar na rudaí inmheánacha atá ag tarlú sa tír seo? An raibh sé go maith don Ghaeilge go bhfuilimid san Aontas Eorpach nó a mhalairt, sé sin an bhfuil ár dteanga náisiúnta níos láidre nó níos laige toisc go bhfuilimid san Aontas? Tá fhios agam go bhfuil an dá thuairim ann maidir leis sin.

Bhí suim agam ins na rudaí a dúirt sibh maidir leis na pobail áitiúla agus ceist ba bhreá liom a chur oraibh, an bhfuilimid ag brath ró-mhór ar an Stát chun rudaí a dhéanamh go háitiúil nó an bhfuil seans go bhféadfaimis a dhéanamh dúinn féin? An bhfuil seirbhís deonach ag laghdú an volunteerism, an bhfuil sé sin ag laghdú nó a mhalairt i láthair na huaire? Agus an dóigh libh go bhfuil an lámh in uachtar ag na bailte móra agus ag na cathracha in ionad cothromaíocht a bheith ann don tír ar fad?

An cheist deireanach, seans go bhfuil fhios agaibh go bhfuil sé i gceist deireadh a chur leis na comhairlí baile. Sé sin le rá, tar éis an chéad toghchán áitiúil eile, ní bheidh aon chomhairle baile ann. An gcuirfidh sé sin isteach ar na pobail áitiúla, go bhfuil an daonlathas sin le himeacht nó an dóigh libh go gcabhróidh sé?

An cheist deireanach ansin, beidh na toghcháin áitiúla ann an bhliain seo chugainn. An mbeadh suim ag aon duine agaibh dul ar aghaidh ins na toghcháin áitiúla nó olltoghchán ins na blianta amach romhainn? Go raibh míle maith agaibh.

Mr. Eoin Ó Breacáin

An chéad cheist ansin a bhí agat, an féidir leat aon rud a stopadh ag daoine ag déanamh ionsaithe ort. Ní thuigim conas gur féidir le daoine, go ndéantar cibirbhulaíocht orthu cosúil le ask.fm. Níl aon duine ag cur brú ort logáil isteach, sínigh suas liom, níl aon duine ag cur brú ort an suíomh Idirlín a chur isteach sa ríomhaire agus dul ar an suíomh. Is féidir leat an ríomhaire a dhúnadh síos agus dul ar aghaidh le do shaol. Fiú ar Facebook, bíonn bealach difriúil chun stop a chur le daoine. Is féidir leat iad a bhlocáil agus ní fhaigheann aon teachtaireacht uathu riamh arís, ní thagann siad suas ar do Newsfeed nó pé rudaí.

Mr. Caomhán Ó hÓgáin

Ó thaobh an chéad cheist a bhí tú ag labhairt faoi, conas is féidir linn mar dhaoine óga, cad is féidir linn a dhéanamh. Ceapaim oideachas b’fhéidir an rud is fearr. I measc na ndaoine óga, mé féin mar shampla, úsáidim ríomhairí gach lá ach níl clú dá laghad agam céard is html nó aon saghas rud mar sin. Ceapaim dá mbeadh níos mó oideachais againn, níos mó cur amach againn faoi an stuif seo a úsáidimid gach lá, mar na daoine go mbíonn maistín a dhéanamh acu sílim gurb iad sin na daoine go bhfuil an tuiscint is fearr acu ach b’fhéidir má thugaimid tuiscint do na daoine óga eile b’fhéidir go mbeimis in ann cosaint.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Maidir leis an Aontas Eorpach, ceapaim go bhfuil láidreachtaí ag baint leis an Aontas i gcás trádála agus i gcás CAP. Ceapaim gur bhuntáiste ollmhór é sin don tír. Ach sílim go bhfuil an tír ag déanamh an-dul chun cinn agus nílimid ag brath ar talmhaíocht chomh mór is a bhí agus caithfimid díriú ar a leithéid de theicneolaíocht. Ach i gcás neamhspleáchas na tíre, ceapaim go bhfuil an tAontas Eorpach ag cur isteach go mór ar sin agus tá an-bhuairt orm faoi sin. Níl fhios agam céard atá chun tarlú as seo amach, mar ón méid atá feicthe agam ar an teilifís, léite agam sna nuachtáin ceapaim go bhfuil an iomarca. Ach i gcás neamhspleáchas na tíre, ceapaim go bhfuil an tAontas Eorpach ag cur isteach go mór ar sin agus tá an-bhuairt orm faoi sin. Níl fhios agam céard atál chun tarlú as seo amach. Mar ón méid atá feicthe agam ar an teilifís, léite agam sna nuachtáin ceapaim go bhfuil an iomarca tionchar ag an Aontas Eorpach ar céard atá á rá ag an Rialtas seo. Uaireanta mothaím go bhfuil saghas eagla ar an Rialtas roimh céard a dhéarfadh an tAontas Eorpach. I gcás na gcomhairlí baile, sílim gur droch-ghníomhaíocht atá ann iad a bhaint ó na pobail áitiúla, mar tá sé deacair dul i dteagmháil le Teachta Dála nuair atá an méid sin daoine ins an dáilcheantar agus níl ach b’fhéidir ceathrar Teachta Dála agat. Sílim go bhfuil sé i bhfad ró-dheacair do thuairimí pearsanta a chur chun cinn gan comhairleoirí áitiúla agus bheadh an-suim agamsa dul le haghaidh na comhairlí seo ceapaim gur post an-mhaith atá ann ar fad.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Ó thaobh an Aontais Eorpach de, ceapaim gur fearr i bhfad an rud nuair a bhí muid sa Chomhphobail mar ní raibh parlaimint na hEorpa ag rialú ár gcuid cinntí agus na rudaí a rinne muid sa tír seo. Ceapaim ó thaobh trádála de gur fearr i bhfad go mbeadh muid san Chomhphobal eacnamaíoch inar thosaigh muid ann in áit a bheith istigh san Aontas Eorpach. Mar daoine atá sa Bhruiséil agus sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, ní gá go mbeadh fios acu faoi céard is fearr don tír seo agus ceapaim féin gurbh fhearr an cumhacht a rialaíonn an tír seo a fhágáil san tír seo.

Ms Hazel Ní Dhonnabháin

Faoi cheist a haon ar an gcéad dul síos, dá mbeadh níos mó cumhachta agam, dhúnfainn an suíomh ask.fm mar ní sin le rá gur géarchéim é anois agus sílim féin gur réiteach éasca é sin chun dúnadh ar an suíomh ask.fm.

Go raibh maith agat, fáilte romhaibh. Bhí an díospóireacht sin agus bhur dtuairimí iontach ar fad, an-bhríomhar agus d’fhoghlaim mé neart. Tá mise ag dul go coiste eile amárach agus beimid ag plé cúrsaí meán, na meáin chumarsáide agus na meáin shóisialta mar sin táim ag lorg comhairle. De réir mar a thuigim agus luaigh Coilín é, luaigh Cáit é agus luaigh Hazel é. An í an fhadhb ná, ask.fm nó an é Facebook? Feicim féin go bhfuil rialacha áirithe ag baint le Facebook agus go bhfuil saghas teorainn ag baint leis agus mar a dúirt tú féinig ní chaitheann tú dul ar is féidir leat daoine a chosc nó blocáil. Mar sin, chuala sibh agus léigh sibh agus ba mhaith liom tuairimí a fháil ón trí scoil, mar is as trí cheantar éagsúla den tír sibh agus tá an-chuid Teachtaí agus Seanadóirí nach n-úsáideann na meáin shóisialta nach bhfuil taithí acu nó nach bhfuil taithí rialta acu ar Twitter nó Youtube nó cibé rud eile. Mar sin an chomhairle atá uaim ná, tharla cibirbhulaíocht, tarlaíonn bulaíocht is maistíneacht i bhur scoileanna agus i bhur gceantair agus an é ask.fm mar a déarfá an fhadhb nó an bhfuil fadhb eile? Ba bhreá liom do thuairim le go bhféadfainn-se an tuairim sin a chur faoi bhráid mo chomhghleacaithe ag an chruinniú amárach. Mar sin duine éigin ón trí scoil ba mhaith liom bhur dtuairimí.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Ceapaim gurb é an aineolas an fhadhb a bhíonn ann in áit na suíomhanna iad féin, mar gheall nach mbíonn tú in ann fáil amach cé bhíonn ag scríobh fút. Ceapann tú go mb’fhéidir go mbeadh chuile dhuine á smaoineamh nó go mbeadh grúpa mór á smaoineamh ach b’fhéidir gurb é duine amháin taobh thiar de ríomhaire.

Anonymous nó aineolas?

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Anonymous.

Tá fhios agam, right.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Tá deis agat ar ask.fm rudaí a scríobh gan do chuid details a thabhairt agus mar gheall ar sin b’fhéidir go mbeadh daoine ag ceapadh go mbeadh chuile dhuine ag smaoineamh an rud sin fúthu. Nuair b’fhéidir go mbeadh duine amháin nach dtaitníonn leo ag scríobh. Mar sin ceapaim mura mbeadh an aineolas ann, ní bheadh an fadhb chomh mór.

Ms Lisa Ní Laoghaire

Ceapaim go bhfuil cibirbhulaíocht ar siúl ar Facebook freisin. Mar is fíor go bhfuil ar ask.fm níl do ainm ann agus ní bhíonn fhios ag duine cé atá ag cur isteach air ach ar Facebook cuireann daoine pictiúir ann agus ní bhíonn siad go leor féaráilte agus uaireanta cuireann siad comments ar Facebook do dhaoine eile agus muna bhfuil aithne agat air ní bhíonn fhios agat cé hiad atá ag déanamh é.

Conas is féidir é sin a stopadh?

Ms Lisa Ní Laoghaire

Tá sé éasca: cuir deireadh le ask.fm agus ní bheidh roinnt den bhulaíocht atá ar siúl ann.

Mr. Cóilín Ó Coileáin

Sé an fhadhb is mó, agus dúirt Caoimhín é, ná an chaoi a bhfuil chuile shórt anonymous air agus uaireanta tá fhios agam féin go raibh daoine díreach ag magadh agus scríobhfaidís rud éigin beag agus an chaoi atá sé scríofa ní chloiseann tú ó dhaoine é níl fhios agat cén chaoi a bhfuil sé ráite nó aon cheo mar sin. So, tá daoine in ann rudaí a phiocadh suas mícheart nó rudaí ar an saghas sin agus cuireann sé isteach orthu go mór.

Mr. Eoin Ó Breacáin

Ní bhíonn fhios agat cén saghas bealach a bhíonn siad ag rá é ach ceapaim féin go mba chóir duit gach rud a thógáil i ndea-humour ar an Idirlíon mar, mar a dúirt Caoimhín bíonn sé anonymous. Ar a laghad ar Facebook bíonn fhios agat cé atá á sheoladh nó fiú ar Twitter bíonn fhios agat cé atá á sheoladh. Ach an fáth sin de bharr go bhfuil sé anonymus ar ask.fm caithfear é a thógáil le dea-humour agus gan é a thógáil chomh dáiríre sin.

Agus tá ceist amháin eile, a Chathaoirligh. Tá deichniúir anseo agaibh ar fad. An bhfuil sibh ar fad páirteach in ask.fm?

Mr. Eoin Ó Breacáin

Níl agus tá.

Níl, tá duine amháin as deichniúr agus an bhfuil sibh ar fad páirteach i Facebook nó Straoisleabhar mar a dúirt duine éigin? Cé méid duine nach bhfuil páirteach i Facebook?

Mr. Eoin Ó Breacáin

Ag gáire.

Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh agus bhur gcéad fáilte is iontach an onóir sibhse a bheith anseo, caithfidh mé a rá. Mar ní sách minic a fhaighimid go leor den aos óg sna Tithe seo ach is breá an rud an t-aos óg a bheith anseo agus Gaeilge chomh paiteanta agaibh agus sibh in ann sibh féin a chur in iúl. Is dóigh liom go léiríonn an méid atá ráite agaibh rud amháin eile domsa nár gur chóir an aois vótála a thabhairt síos go dtí 16, chomh luath agus is féidir. Mar duine a bith a déarfadh nár cheart sin a dhéanamh ní fheiceann siad chomh aibí agus chomh láidir is atá tuairimí agaibh-se agus tá bhur gcuid tuairimí tábhachtach. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag aontú le cuid mhaith de a tuairimí a chuir sibh trasna, tá múide sa bhfreasúra agus tá muid ag rá cuid mhaith de na rudaí céanna is atá sibhse ag rá, leis an Rialtas agus fair play daoibh as iad a rá amach díreach mar treisíonn sé leis na hargóintí a bheas muid ag cur. Tá mé ag dul cineáil ag imeacht ón pointe mar rúine beag bídeach mar tá dhá cheist sílim atá tábhachtach dúinne a chloisteáil.

Bíonn go leor cainte anseo faoi thodhchaí an aosa óig gur sibhse todhchaí na tíre agus mar sin de. An cheist a bheadh agam oraibh ná, an bhfeiceann sibhse go bhfuil bhur dtodhchaí anseo in Éirinn? Nuair a fhágann sibh an scoil, nuair atá na scrúduithe déanta agaibh, an bhfeiceann sibh go mbeidh jabanna agaibh anseo, go mbeidh sibh in ann fanacht anseo nó cá bhfeiceann sibh bhur dtodhchaí?

Ceann eile ná, is iontach an rud díospóireacht mar seo a bheith ar siúl i nGaeilge. Déanfaimid an-iarracht an oiread Gaeilge a úsáid agus is féidir agus is breá an rud Seachtain na Gaeilge a bheith ann. Ach an dóigh libhse go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis? An bhfuil deireadh leis an nGaeilge? Bíonn go leor daoine an-éadóchasach faoin nGaeilge, táimid ag feiceáil tuairiscí a deireann go mbeidh an Ghaeilge básaithe faoi cheann 20 bliain agus go háirithe bítear ag caint faoin ngrúpa atá ag na meánscoileanna faoi láthair nach bhfuil dóthain agaibh ag labhairt Gaeilge agus mar sin de. Mar sin an bhfeiceann sibhse go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis?

Bhí cuid mhaith cainte faoi na pobail áitiúla agus cuid mhaith den cheart agaibh dár liom. Ach dá mbeadh airgead ar fáil ar maidin amárach, cé na háiseanna breise gur mhaith libh a fheiceáil go háirithe don aos óg. In bhur bpobal féin, céard go díreach atá ag teastáil? Cá gcaithfeadh sibhse an t-airgead? Dá mbeadh ar fáil maidin amárach ó thaobh áiseanna don aos óg i bhur bpobail féin céard iad na rudaí a dhéanfadh sibh leis an airgead sin? Go raibh maith agaibh arís bhí sé iontach éisteacht libh agus táim ag súil go mór leis an bhfreagraí.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Is dóigh ó thaobh an todhchaí in Éirinn mura dtagann athrú ar an chaoi a bhfuil an gheilleagar agus an smacht atá ar an Aontas Eorpach, ní cheapfainn go mbeadh mórán dóchais agam do mo thodhchaí in Éirinn.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Díreach le rá faoin todhchaí in Éirinn freisin. Tá an-tírghrá i measc mo theaghlach go pearsanta ach ceapaim is comhartha uafásach atá ann nuair atá m’athair is mo mháthair ag rá liomsa, freastal ar an ollscoil agus ansin fáil amach ón tír seo gan teacht ar ais mar tá sé i bpraiseach agus tá cúrsaí scriosta sa tír seo. Mar sin ní fheicim mo thodhchaí féin anseo in Éirinn le bheith macánta, ní fheicim é. Agus i gcás na Gaeilge agus rinne mé dearmad ceist an Seanadóir Ó Murchú a fhreagairt, tar éis dul isteach san Aontas Eorpach agus tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge sílim go raibh sé sin fíor-thábhachtach, céim an-tábhachtach chun tosaigh don Ghaeilge agus ní cheapaim go bhfuil sí chun bás a fháil. Táim dóchasach faoin nGaeilge mar tá an t-uafás daoine óga ag cur an-suim sa Ghaeilge go háirithe ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta. Ceapaim go bhfuil sí fós beo ansin. Sin fíor-thábhachtach, céim an-tábhachtach chun tosaigh don Ghaeilge agus ní cheapaim go bhfuil sí chun bás a fháil.

Táim dóchasach faoin nGaeilge mar tá an t-uafás daoine óga atá ag cur an-suim sa Ghaeilge go háirithe ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta, ceapaim go bhfuil sí fós beo ansin agus ceapaim go bhfanfaidh sí beo. B’fhéidir go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh le cinntiú go bhfanfaidh sí láidir agus b’fhéidir go n-éireoidh sí níos láidre ach ní cheapaim go bhfuil sí chun bás a fháil ar chor ar bith.

Mr. Caomhán Ó Foighil

Díreach ag trácht ar an bhfadhb sin. Ní cheapaim féin go bhfuil sí ar tí bás a fháil fós, ach ceapaim taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta, ceapaim b’fhéidir go gceapann na daoine óga nach bhfuil sí acu ón aois óg b’fhéidir go gceapann siad gur just subject eile atá ann. Tá siad just ag iarraidh fáil réidh leis b’fhéidir, má tá bealach níos immersive chun í a fhoghlaim níos hands on de bheagán, go mbeadh níos mó suime curtha isteach acu. B’fhéidir rud nó dhó a fhoghlaim as, b’fhéidir campaí samhraidh nó stuif mar sin bíonn daoine cineáil, is breá leo, mar a dúirt mé cineáil níos immersive leis agus b’fhéidir rudaí difriúla a chur ar fáil

Gníomhaíocht níos mó.

Mr. Caomhán Ó Foighil

Gníomhaíocht go díreach.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Cheapfainn féin ar ábhar na Gaeilge, tábhacht na Gaeilge ag fáil bháis níl an Ghaeilge ag fáil bháis, mar tá muid isteach san Aontas Eorpach tá muid ag fáil ordaithe ó Aingeal agus chuile shórt mar sin go bhfuil chuile dhuine ag díriú chuig an Ghearmáin nó Sínis nó an Iodáilis nó Spáinnis nó pé ar bith rud. Ceapann daoine nach bhfuil mórán tábhachta ag baint leis an nGaeilge. Ach an tábhacht is mó anois faoin nGaeilge i mo thuairim-se anois ná stair na tíre agus croí na tíre mar a deirtear, tír gan teanga tír gan anam. Cheapfainn féin í a choinneáil bheo le haghaidh croí na tíre a choinneáil bheo, mar caithfidh mé féin admháil go bhfuil tábhacht na Gaeilge ag fáil bháis, go háirithe sa taobh seo den tír mar níl Gaeilge ag mórán tíre ar chor ar bith agus níos mó atá muid ag dul isteach san Aontas Eorpach tá tábhacht na Gaeilge ag fáil bháis.

Ms Cláir Ní Dhéin

Dá mbeadh airgead againn sna pobail áitiúla amárach ba mhaith liom níos mó áiseanna a chur ar fáil do dhéagóirí i mo cheantar féin, pé scéal é. Mar ag an am seo téann daoine óga ag ól faoi aois ag an deireadh seachtaine agus bíonn siad ag scriosadh rudaí timpeall an cheantair cosúil leis an pháirc phobail agus mar sin tá sé ag déanamh olcas do na páistí óga mar níl siad ábalta dul go dtí an pháirc an lá dár gcionn mar tá gach rud scriosta agus tá graifítí ar gach rud agus mar sin ba mhaith liom na páirceanna a fhorbairt leis an airgead agus níos mó áiseanna cosúil le pictiúrlann nó páirc imeartha nua a chur ar fáil do na daoine óga i mo cheantar.

Ms Hazel Ní Dhonnabháin

Creidim féin go mbeidh jabanna ann nuair a chríochnóidh mé an ollscoil agus aontaím amach is amach leis an seanfhocal a deireann, is olc an ghaoth nach séideann maith do dhaoine éigin. Sin é mo thuairim, go raibh maith agat.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Bhí Coilín ag rá ansin mar gheall ar an tábhacht. Ceapaim go bhfuil an tábhacht ag laghdú agus airím féin, b’fhéidir taispeáint do na daoine óga gur, seo páirt den tír, tá sé really go maith don turasóireacht chomh maith is breá le daoine bheith ag éisteacht le daoine ceapaim. Taispeáint go bhfuil na daoine seo ag maireachtáil le Gaeilge. Tógadh mé féin le Gaeilge ach d’fhoghlaim mé Béarla chomh maith ag aois an-óg, mar sin b’fhéidir taispeáint do thuismitheoirí gan a bheith buartha, b’fhéidir go gceapfadh siad má fhoghlaíonn muid Gaeilge roimh Bhéarla go mbeimid cineáil, go mbeadh laigeacht éigin againn. Ach gach duine againn - mé féin, Caoimhín agus Coilín - tógadh muid le Gaeilge agus tá an triúr againn líofa anois ó aois an-óg, mar sin táimid ag iarraidh a thaispeáint gan a bheith chomh buartha faoi is atá daoine. Beidh an Béarla i gcónaí ann ach tá muid in ann rud éigin a dhéanamh faoi agus b’fhéidir go mbeadh an dá theanga ag co-existáil go deas lena chéile.

Ms Cáit Ní Dhomhnall

Maidir leis na háiseanna sé mo thuairim go bhfuil easpa áiseanna ar fáil do chailíní. Bíonn mórán áiseanna ar fáil do bhuachaillí i mo bhaile agus níl ann ach peil le haghaidh cailíní. Tá linn snámha thar barr againn agus níl club ann agus bíonn a lán rudaí ar fáil ach nílimid ábalta é a úsáid.

Mr. Caomhán Ó hÓgáin

An Ghaeilge tá mé ag labhairt ó thaobh an oirthir de is as Cluain Dolcáin dom i mBaile Átha Cliath, Is ceantar maith go leor é don Ghaeilge ach fiú le déanaí nílim ró-dhóchasach, tá sé ag meath beagáinín. Tá ceantar Áras Crónáin agus mo chlann tá siad mar bhall agus tá siad ag tabhairt amach faoin slí gur Béarla amháin a chloiseann siad sa lá atá inniu ann agus ceapaim an fáth mar i mBaile Átha Cliath táimid díreach in aice le Sasana agus tá an cultúr an X-Factor nó pé cacamas eile a mbíonn ar an teilifís ag teacht isteach, tá sé ag cur an-droch iarmhairt ar an teanga againn. Ach ceapaim an freagra atá air ná caithfimid béim, níl fhios agam an ceart b’fhéidir riachtanais, ach béim mhór do na daltaí scoile san oirthear chun dul go dtí an iarthar go dtí an cósta, an áit atá mar bhaile don Ghaeilge agus dul i mbun na cúrsaí Gaeltachta mar sin an slí is fearr a bheadh againn chun an Ghaeilge a thabhairt. Mar tá an Ghaeilge ar fad ar an taobh sin den tír agus ceapaim go gcaithfimid í a thabhairt thall anseo. Mar sin béim mhór, mar na daoine ar chomhaois liom a bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge is iad na daoine atá tar éis trí seachtaine a chaitheamh i gConamara, mar sin caithfimid béim mhór a chur ar dhaoine a sheoladh siar.

Mr. Eoin Ó Breacáin

Ceapaim go bhfuil suim ag teacht chuig an Gaeilge. Mar gach bliain, tá 50 dalta chun an ardteistiméireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in ár scoil an bhliain seo. Ach i mbliain a haon an bhliain seo tá timpeall 120 dalta tar éis teacht isteach agus ar dhá thaobh den mheánscoil tá bunscoileanna lán-Ghaeilge agus tá na mílte daltaí. Ar dheis tá Gaelscoil Naomh Pádraic agus ar chlé tá Eiscir Riada agus tá foirgneamh ollmhór dhá stór ag Eiscir Riada agus tá an Ghaeilge ag feabhsú.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh agus tá fáilte romhaibh go léir anseo go dtí an Chomhchoiste Comhshaoil, Chultúir agus Gaeltachta agus tá fáilte roimh na páistí agus daoine óga ó Bhaile Átha Cliath, Corcaigh agus go mór mhór ó Choláiste Cholmcille Indreabhán i mo dháilcheantar féin i nGaillimh thiar agus roimh na múinteoirí atá i bhur láthair. Go mór mhór Georgina Carter as mo bhaile féin i Maigh Chuilinn i nGaillimh freisin.

Bhí an méid a bhí le rá agaibh go han-suimiúil agus tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil sibh in ann na rudaí seo a phlé amach i nGaeilge agus i mBéarla agus go bhfuil gach páiste agus gach scoil in ann é sin a dhéanamh.

Tá na rudaí seo ceangailte leis an tír, an pobal agus saol na ndaoine, tá cúpla ceist agam. An gceapann sibh nach bhfuil an mhuinín chéanna ag daoine san Eoraip mar gheall ar an trioblóid eacnamaíochta atá trasna na hEorpa? Uimhir a haon agus uimhir a dó céard a cheapann sibh faoi shaoil daoine óga sa tír seo sna hochtóidí? Am nach raibh fón póca ag daoine nó Idirlíon, an gceapann sibh go raibh rudaí níos measa do na páistí sin nó níos simplí agus níos éasca? Agus uimhir a trí, céard iad na rudaí atá ag coinneáil an phobail le cheile faoin tuath nó sna cathracha móra, mar shampla an clann, spórt rudaí mar sin? Go raibh maith agat.

Go raibh maith agat. Cé thógfaidh an cheist sin? Caoimhín Ó Ceallaigh.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

An cheist faoin saol sna hochtóidí. Cheapfainn gurb é an cineáil saoil atá ag teacht ó scannán agus ó chláir theilifíse agus cláir na soapanna go bhfuíll siad sin ag taispeáint saoil. Deirtear go mbíonn siad sin ag déanamh aithrise ar an ghnáth shaol ach cheapfainn gurb é an bealach eile timpeall é go bhfuil an gnáth shaol agus na déagóirí ag iarraidh a bheith ag déanamh aithrise ar na rudaí a fheiceann siad ar na cláir seo agus ar na scannáin seo agus gurb é sin an fhadhb mhór atá ann go bhfuil aithris á dhéanamh ar na rudaí a fheiceann siad go bhfuil siad ag iarraidh a bheith cosúil leis na daoine a fheiceann siad ar an teilifís agus ar na scannáin agus i ndáiríre ní fhéadfadh siad a bheith mar sin.

Mr. Cóilín Ó Coileáin

Cheapfainn féin faoi an Aontas Eorpach agus daoine ag cailliúint muiníne san Eoraip. Tá ar dhá thaobh san Eoraip cheapfainn féin nach maith leis an Eoraip Éire mar tá muid ansin ag tógáil airgid uathu agus anseo in Éirinn nach bhfuil aon mhaith leis an Eoraip mar go bhfuil siad ag gearradh chuile shórt agus ag tabhairt orduithe dúinn is chuile shórt.

Dá bhreathnódh daoine ar na rudaí maithe faoin Eoraip agus dá bhreathnódh an Eoraip faoi na rudaí maithe in Éirinn bheadh muinín ag daoine i bhfad níos mó ins an Eoraip agus ar nasc Éire agus an Eoraip freisin.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Freisin i gcás an Aontais Eorpaigh sílim go bhfuil muinín gnáth mhuintir na tíre imithe i gcás an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta seo. Mise mé féin, táim ocht mbliana d’aois anois agus chuir mé suim sa pholaitíocht nuair a bhí mé an-óg agus ó mo chuid taithí ar an Aontas Eorpach ní féidir liom a bheith dearfach faoi agus mise a bheas ag vótáil in aon reifreann eile atá chun teacht suas agus ag an bpointe seo agus tá go leor daoine, tá fhios agam ar an aois céanna liom a aontaíonn liom, dá mba rud é go ndeireann an Eoraip liom gur rud maith atá ann don tír tá mé chun vótáil ina choinne. Mar níl rudaí ag oibriú amach don tír seo sa staid ina bhfuil muid faoi láthair. I mo thuairim níl aon dóchas ann do Éire san Aontas Eorpach.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh agus tá fíor-fháilte romhaibh anseo inniu. I dtús báire ba mhaith liom a rá le Coilín mar gheall ar thábhacht na Gaeilge cara, liom tá sé ag obair sa Lucsamburg agus bhí sé i scoil lán-Ghaelach i mBaile Átha Cliath sul a ndeachaigh sé ansin. An rud a dúirt sé liom ná go raibh sé an-úsáideach dó go raibh Gaeilge aige chomh maith le Béarla agus má fhéachann sibh ar na tíortha beaga san Eoraip tá na daoine ansin go hiontach ag na teangacha agus is é mo thuairim-se nuair atá dhá theanga ag duine is féidir leis an duine sin níos mó teangacha a fhoghlaim níos éasca ná má tá díreach teanga amháin agat. Dar ndóigh is rud an-tábhachtach í an Ghaeilge a choimeád agus chomh maith leis sin tá a lán traidisiúin agus mar sin de bainteach leis an teanga chomh maith agus is dócha go bhfeiceann sibh go léir é sin.

Maidir leis an Aontas Eorpach agus feicim chomh tréan is a bhfuil tusa ina choinne a Fhélim. An féidir linn seasamh inár n-aonar? An bhfuil níos mó cumhachta againn anois ná mar a bhí sular chuamar isteach san Aontas Eorpach? Cuirim na ceisteanna sin cé go bhfuil sé an-soiléir go ndearna an tAontas Eorpach agus muid a lán botún i rith na mblianta. Tá súil agam go n-éireoimid as an trioblóid ina bhfuil muid anois.

Ceist amháin eile mar gheall ar na meáin chumarsáide. Ba mhaith liom éisteacht libh mar gheall ar an dochar atá ag baint leis agus cad is féidir linn a dhéanamh chun an dochar sin a stopadh agus táim ag rá sin cé go dtuigim go bhfuil a lán buntáistí ag baint leis chomh maith.

Maidir le cúrsaí áitiúla, an measann sibh go bhfuil a lán buntáistí againn ó thaobh cúrsaí áitiúla ó thaobh eagraíochtaí cosúil leis an GAA a bhfuil an-thréan agus a dhéanann a lán do na háiteanna áitiúla?

Mr. Félim Ó Maolmhána

I gcás an Aontais Eorpaigh, sílim bheadh muid in ann maireachtáil linn féin mar má smaoinímid siar ar bhlianta Lemass le linn na caogaidí bhí ag éirí go maith leis an tír seo agus ní rabhamar mar bhall den Aontas Eorpach ag an am sin. Tá fhios agam gur tamall an-fhada ó shin atá ann ach ceapa----

Ní aontaím mise leis sin agus bhí mise óg ag an am sin.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Bhuel de réir na téacs leabhar a fuair mise ón stát bhí cúrsaí go maith mar sin glacfaimid leis sin. Ach ceapaimid go mbeimis in ann seasaimh linn féin i gcás an fhuinnimh ghlas agus pé rud go mbeadh muid in ann stuif mar sin a easpórtáil. Sílim muna mbaineann tú triail as rud éigin ní bheidh fhios agat agus i ndáiríre níl fhios agam an féidir le rudaí a bheith níos measa ná mar atá siad faoi láthair, tá cúrsaí uafásach. I gcás cumhacht na hÉireann san Eoraip, ní cheapaim go bhfuil aon chumhacht níos mó againn ná mar a bhí agus ag pointe amháin cheap mé go raibh cumhacht éigin againn agus gan aon duine a mhaslú Labour's way or Frankfurt's way, cheap mise go deimhin, is léir Frankfurt's way atá ann.

Nár tháinig athrú ar sin coicís ó shin?

Mr. Félim Ó Maolmhána

Ní cheapaim é, ní fhaca mise aon athrú ar chor ar bith ag teacht ar sin. Ón áit as a bhfuil mise ag teacht ó tá cáin maoine ag teacht isteach, tá táillí uisce ag teacht isteach, mar sin ní cheapaim-se féin go bhfuil aon rud chun athrú, agus nach bhfuil mórán cumhachta ag Éirinn san Aontas Eorpach ar chor ar bith.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Ceapaim nach mb’fhéidir go mbeadh gá dúinn seasamh linn féin mar sa Bhreatain faoi láthair tá siad ag smaoineamh ar reifreann le haghaidh cead a thabhairt dóibh imeacht as an Aontas Eorpach. Mar sin dá mbeadh siad san ag fágáil bheadh muid in ann imeacht leo. Mar sin ní dóigh liom go mbeadh gá againn seasamh ar ár gcosa féin, nach mbeadh muid fágtha linn féin dá bhfágfaimis an tAontas Eorpach.

Go raibh maith agat. I am going to spoil the party and use the language of the invader. Unfortunately my knowledge of the Irish language is fairly limited. In order not to insult the delegation completely I have managed to put together a few words. Ta áthas mór orm nuair a chuala mé tuairimí Fhélim, Chaoimhín Ó Ceallaigh agus na paistí eile faoi rialtais na hEorpach. I do not need to listen to the translation.

It is very refreshing to hear so much scepticism about our participation in the European Union because one does not hear too much about that in this environment. On a number of occasions in the Dáil I called on Members to leave the euro currency. If I had let off a stink bomb I would not have got a better reaction because the chairs around me seemed to empty. I hope the people listening today to the opinions expressed by the delegation will actually take stock of the fact that cynicism and scepticism toward the Europe Union project is building massively. l can see that it is buried deeply in the psyche of people who are now at school. I congratulate the delegation on that and I ask them to keep it going. Whatever about Ireland disengaging from the European Union at least if one is proposing alternative ideas, one is challenging them at least to make it a better Europe so that the Commission can come back and suggest we stay in Europe. The Commission might engage in a charm offensive so that it will not bully us as much in the future. The attitude of the delegates is a great help. They do not think that we would all be living in caves, if it were not for Europe. This generation are confident enough to stand up for our nation and are smart enough to spot that they have a right to be confident, living in a nation that can afford to feed ten times its own population. Why worry about the bond markets when one has a commodity in abundance that everybody on the planet want to buy? They are right to be confident.

The Internet is brilliant. It is one of the best innovations the human race has ever made. Let us remember when the telephone was invented, people were sceptical and were afraid. The mothers and fathers of the bourgeoisie and the rich feared they could not control their sons and daughters any more. They could not control the time or place in which their daughters met with men. It changed the world. It presented difficulties that even I, if I were a parent at that time and knew what my daughter was doing at all times, to a situation, where she could be on the telephone to a bloke, would be worried. Obviously that was a cause of worry but one would have to look at the mass of advantages as well. There are worries and they need to be dealt with but ultimately the problem of bullying lies with the individual. Whether it be the Internet or a telephone made with a piece of string and two bean cans, if somebody is abusing you down the bean can, it is just as hurtful as if it happening over the Internet.

I agree that technology needs to be tweaked. I have never been on ask.fm. From the account given by the delegates it sounds an awful website and I will take their word on it.

However the Internet offers significant advantages. I am not ancient but I am not that young anymore, when I was the same age of the delegates, we did not have a telephone in our house, although telephones had been invented. In my day you never knew if a girl liked you or not, because you always had to ring her. You had to do the chasing.

Young people have certain advantages, one being they have a telephone. I think they live in a glorious time. The debate on social media is driven by the media organisations whose biggest fear is not bullying but the threat to their big salaries and whether they will be the only people who will be able to form opinion in society, as they have from the time of Eamon de Valera who owned the Irish Press. They are the driving force in creating fear in people about the Internet. If the Internet keeps going the way it is, the major newspaper, such as The Irish Times and the Irish Independent will not be as popular in the future. The opinion of the ordinary person will be more important.

The delegates raised the issue of change in the country, the way the country will change is that unfiltered opinions will be public on the Internet. Senator Labhrás Ó Murchú asked the delegates if they would think of going into politics in the future. Let me say that they must go into politics. Do not rely on this generation to change things as our record has been diabolical so far. Do it for yourselves. Do the delegates think we should bury ourselves deeper in Europe or should we kick into a reverse gear?

I thank the delegates for their excellent presentation.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Ceapaim gur cheart dúinn i ndáiríre an tAontas a fhágáil. Tháinig rudaí maithe ón Aontas nuair a chuamar isteach ann nuair a bhí sé ina chomhphobal ach nuair a thosaigh sé ag brú i dtreo an fheidearálachais cheapfainn gurb é sin an t-am chun é a fhágáil agus imeacht ar ais mar a bhí rudaí.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Díreach mar an gcéanna i gcás mar a dúirt tú reverse gear. I would say reverse as quickly as possible, faigh amach as an áit sin roimh a dhéantar níos mó dochair. Mar i ndáiríre ní thuigim conas go mbeidh éinne in ann a bheith dóchasach faoi Eoraip agus gur féidir linn smaoineamh faoi dul níos doimhne isteach san Eoraip tar éis céard atá tar éis tarlú. Tá súil agam go bhfuil muid chun foghlaim ó na ceachtanna seo atá againn mar nílim ag iarraidh go mbeidh mo pháistí nó mo gharr-pháistí sa todhchaí ag gearáin faoin rud céanna san Eoraip nuair a bhí fhios againn le fada gur droch-rud a bhí ann.

I dtús báire caithfidh mé a rá gur chuala duine an-ábalta anseo inniu. Fuair mé amach go raibh sé an-suimiúil ar fad ag éisteacht libhse. Cheap mé gur daoine le cumas níos mó ná a cheapann sibhse. Amárach beidh mé féin agus duine eile ag plé sa Choiste Iompair agus Meáin Chumarsáide, na meáin shóisialta agus an cumarsáid go hiomlán agus an lá ina dhiaidh freisin. Bhí muid ag plé an ábhair seo i gceann cúpla mí anois sa choiste agus amárach bheadh sé níos suimiúla mar beidh duine de gach saghas ann agus beidh muid ag cur ceisteanna orthu. Mar sin tá cúpla ceist agam, aontaím leis an chuid is mó de na daoine anseo, tá a lán sceptics, euro sceptics anseo, sílim. Níl fhios agam cé mhéid ach tá euro sceptics anseo ar aon chor.

Sna meáin shóisialta tá rudaí a chuireann isteach ar dhuine, uaireanta bíonn ar an mheán sin rudaí cosúil le féin mharú agus cur isteach ar dhuine agus bulaíocht duine freisin. Cad a cheapann sibhse faoin an rud sin? An bhfuil aithne agat ar dhuine? An bhfuil tú ag tabhairt comhairle dóibh nó rudaí mar sin? An gceapann sibh go bhfuil rudaí an-tábhachtach agus rudaí i bhfad níos mó ná a cheapann daoine? Freisin, drugaí, an gcuireann siad isteach ar bhur gcuid saoil? An bhfuil aithne agat ar dhuine atá ceangailte le drugaí agus iad ag dul ar fáin mar gheall ar an rud sin? An rud is mó sa tír is jabanna, an gceapann sibhse gurb é an rud is mó sa tír seo?

Bhí duine ag caint faoi rudaí áitiúla agus rudaí mar sin gan jabanna tá muid i dtrioblóid agus gan infheistíocht tá muid i dtrioblóid. B’fhéidir ba mhaith liom cúpla rud a chloisteáil mar gheall ar an rud sin.

Bhí a lán daoine sceipteach faoi an todhchaí, i mo thuairim caithfimid féachaint go dtí an todhchaí agus caithfimid obair mar gheall ar na daoine agus mar gheall ar gach duine, déagóirí, seandaoine gach duine chun an todhchaí a atógáil le haghaidh an ghnáth duine. Mar sin, chuir sé isteach orm bheith ag éisteach le duine ag rá ‘táim ag fágáil na tíre, nuair a bheidh mé críochnaithe leis an scoil’ agus rudaí mar sin. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé isteach orm rudaí mar sin a chloisteáil. Ba mhaith liom duine a chloisteáil ag rá, go mbeidh mé ag obair nó go mbeidh mé ag déanamh mo sheacht ndícheall an tír seo a thógáil sin an rud ba mhaith liom a chloisteáil. Tá cúpla rud ann agus freisin, mar gheall ar an teilifís agus na meáin chumarsáide agus go háirithe Facebook, cén saghas tionchar atá ar rudaí mar sin? Chuala mé duine ag rá go bhfuil a lán tionchar ann. Ceapaim féin go bhfuil a lán tionchair ag cur isteach ar mheon an duine. Ní hamháin nuair atá toghchán ag teacht ach de gnáth tá siad ag cruthú duine agus ag cruthú meon an duine. An gceapann tú go bhfuil an ceart ar an rud sin? Go raibh maith agat.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Ceapaim ó thaobh na meán shóisialta agus an bulaíocht de go raibh bulaíocht i gcónaí ann sa sochaí ach ní raibh sé ar scála chomh mór. I gcónaí bheadh daoine ag caint faoin duine a bhí difriúil nó an duine nach raibh mar in gcéanna nó an duine nach mbeadh an taithí céanna aige. Ach anois mar gheall go bhfuil na meáin shóisialta ann tá sé seo ag tarlú anois ag leibhéal domhanda agus tá grúpaí níos mó agus níos láidre in aghaidh na ndaoine a bheadh difriúil b’fhéidir. B’fhéidir gurb é suimeanna difriúla a bheadh agat nó rudaí difriúla a dhéanamh ach coinnítear na daoine anois leo féin mar gheall ar na meáin shóisialta agus déantar é ag leibhéal i bhfad níos mó ná mar a bhídís á dhéanamh cheana.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Nílim ag iarraidh go mbeadh aon saghas míthuisceana ann faoi fágáil na tíre seo. Níor mhaith liom an tír seo a fhágáil ar chor ar bith. Ba bhreá liom dá mba rud é go raibh cúrsaí chun athrú. Ach táim ag rá ag fágáil na tíre ní cheapaim gur rogha atá ann don chuid is mó. Bheadh sé i bhfad níos éasca a bheith dóchasach faoin todhchaí dá mba rud é go raibh athrú ag tarlú go tapa ach tá an t-athrú i bhfad ró-mhall. Tá rialtas nua againn anois, bhí cúrsaí le hathrú agus tá muid fós ag fanacht mar sin caithfidh luas éigin teacht faoi chúrsaí le go bhfanfaidh daoine sa tír seo.

Ms Lisa Ní Laoghaire

Maidir leis na drugaí, níl áit ar domhan nach bhfuil drugaí ann agus tá an fhadhb ag dul in olcas. Tá drugaí ar fáil do gach duine inniu agus lá i ndiaidh lae cloistear scéalta faoi dhaoine óga ag tógáil drugaí. Caithfear deireadh a chur leis an bhfadhb sin mar déanann sé dochar do shláinte na ndaoine óga mar go mbíonn siad ag tógáil drugaí gach lá dá saol agus déanann siad dochar son sláinte.

Mr. Eoin Ó Breacáin

Mar a dúirt mé, tá bulaíocht ar scála níos mó le Facebook mar a dúirt Caoimhín. Ach fós is féidir leat dul ar fóram Idirlín éigin agus faigh daoine a bhfuil na suimeanna céanna agatsa leo. Tá roinnt cairde faighte agamsa ar fóraim Idirlín agus mé ag imirt ar an Xbox leo nach bhfuil riamh feicthe agam agus is cairde maith muid agus just, ní féidir liom thuigint conas gur féidir le duine éigin a isolate sa chaoi sin leis na seirbhísí atá ar fáil ón Idirlíon.

Ms Hazel Ní Dhonnabháin

Faoin cheist bhulaíochta ar an droch-uair tá aithne ar dhuine ar ask.fm agus cuireann sé fonn múisce orm. Mar uaireanta nuair a buailim leis an duine sin, táim ábalta a fheiceáil go bhfuil sé in umar na haimléise a bhuíochas leis an bhulaíocht a tharla dóibh ar an ask.fm agus cuireann sé isteach orm. Mar a dúirt mé cheana, tá réiteach simplí a bhaineann leis an bhfadhb sin agus níl aon duine ag déanamh faic faoi.

Ba mhaith liomsa fáilte a chur roimh na daoine óga as na trí mheánscoil. Bhí trácht ar fostaíocht ag na daoine óga agus an cheist atá agamsa ná ceist faoi fostaíocht sa Ghaeltacht fhéin agus go háirithe os rud é go bhfuil údarás nua i bhfeidhm ag iarraidh postanna a chur ar fáil agus ar ndóigh a lán dúshlán ann. Aontaím leis an ráiteas mar gheall ar an Ghaeilge mar pháirt den turasóireacht, tá sé sin cinnte. Céard a déarfadh sibh, go háirithe daoine sa Ghaeltacht, céard a déarfadh sibh le daoine óga sa Ghaeltacht agus go háirithe daoine óga ar na hoileáin sa Ghaeltacht, mar gheall ar fostaíocht nó saol a chaitheamh sa Ghaeltacht sna blianta os á gcomhair amach? Sin an cheist amháin atá agam agus fáilte arís agus fáilte roimh na múinteoirí freisin.

Mr. Caoimhín Ó Ceallaigh

Bhuel is dóigh, ba cheart i dtaobh na Gaeilge de, níos mó eolais a chur amach ar an teilifís. Níl againn i dtaobh na Gaeilge de, ach TG4 an t-aon rud mór, an rud is mó ar an teilifís atá ann. Feicfidh tú ar RTÉ ó am go ham rud beag nó dhó, ach b’fhéidir béim níos mó a chur air. Mar sin an áit atá go leor daoine óga, sin an áit, uaidh sin atá siad ag fáil go leor nósanna. Arís ag tús meánscoile sé sin go mór mar bíonn tú ag iarraidh bheith in ann fiteáil isteach agus cairde a dhéanamh agus is dóigh feiceann tú bíonn daoine óga ag breathnú ar an teilifís agus as sin tá rudaí ag teacht. Freisin, go minic an chéad teanga a labhraíonn tú le duine nua fanfaidh sé sin leis agus tagann sé seo ar ais arís leis an teilifís, is as an teilifís atá daoine óga ag foghlaim nósanna, sé sin ag teacht ar aghaidh go dtí tús meánscoile tá siad ag casadh le daoine nua agus uaidh sin tá siad ag iarraidh impression maith a chur agus tá siad ag labhairt Béarla b’fhéidir. Mar sin, b’fhéidir béim níos mó a chur, béim a chur go bhfuil an Ghaeilge ansin.

Mr. Cóilín Ó Coileáin

Cheapfainn fhéin go mbíonn daoine ag breathnú ar an mBéarla mar droch-rud i gcomparáid leis an nGaeilge agus nach bhfuil daoine in ann cairde a bheith acu a mbíonn ag labhairt Béarla amanta agus Gaeilge amanta eile. Sa bhaile, tá mo Dhaid as Baile Átha Cliath agus d’fhoghlaim sé Gaeilge nuair a tháinig sé go dtí an Ghaeltacht agus sa bhaile bím ag labhairt Gaeilge amanta agus Béarla amanta eile agus ní bhreathnaímid air nuair a bhíonn duine éigin ag labhairt Béarla, caithfidh tusa Gaeilge a labhairt nó nuair a bhíonn daoine ag labhairt Gaeilge caithfidh tusa Béarla a labhairt. Is rogha é agus má bhreathnaíonn tú ar mar rogha in áit rud a chaithfidh tú a dhéanamh nó rud nach gcaithfidh tú a dhéanamh, tá sé i bhfad níos éasca. Mar tá fhios agam féin nuair a bhíonn tú i dteach duine éigin agus bíonn tú ag labhairt Béarla nuair a bhíonn siad ag labhairt Gaeilge bíonn daoine ag breathnú síos ort ag rá, ní cheart duit é sin a dhéanamh agus ansin breathnaíonn an chuid is mó den aos óg ar an nGaeilge nó an Béarla mar droch-rud mar gur dhúirt duine éigin gur droch-rud é. Ach sa saol mór, ní chuireann tuairimí duine éigin amháin isteach rud an saol mór agus cheapfainn mar bhreathnaítear ar an dá theanga nach droch-rud é ceann in aghaidh an chinn eile go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos láidre sa todhchaí.

Mr. Félim Ó Maolmhána

Freastalaím ar ghael choláiste gach samhradh amuigh ar na hoileáin Árann agus tá an-chuid cairde agam amuigh ar na hoileáin sin agus ó bheith ag caint leo níl aon smaointe acu a bheith ag fanacht ar na hoileáin i gcás fostaíochta. Mar sílim go bhfuil an iomarca béime ansin ar na tionscail traidisiúnta cosúil leis an bhfeirmeoireacht agus leis an iascaireacht agus má tá tú chun daoine a mhealladh le fanacht ansin caithfear infheistiú éigin a dhéanamh sna tionscail nua aimseartha. Freisin, b’fhéidir iarracht a dhéanamh an daonra ar na hoileáin sin a mhéadú, mar níl aon suim ag an aos óg fanacht ansin. Bíonn siad ag súil leis an mbád sall go cathair na Gaillimhe nó pé rud é mar tá siad ag iarraidh a bheith ansin seachas ar an oileán.

Cuirtear deireadh leis an díospóireacht seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na trí scoil, na daltaí agus na múinteoirí uilig as cabhrú linn leis na bpléití a bhí againn anseo inniu agus ba mhaith liom an Ghaeilge bhreá líofa a chualamar inniu a aithint agus a mholadh agus taobh amuigh den Ghaeilge féin bhí na smaointe a chualamar tairbheach agus suimiúil.

The joint committee adjourned at 4.20 p.m. until Tuesday, 12 March 2013.
Top
Share