Skip to main content
Normal View

JOINT COMMITTEE ON THE ENVIRONMENT, TRANSPORT, CULTURE AND THE GAELTACHT debate -
Wednesday, 7 Mar 2012

Oideachas agus Fostaíocht; Cultúr na hÉireann, Gaelach agus Eile: Díospóireacht le Daltaí Scoile

Tá fáilte roimh Pól Craobhach Uasal, Robyn de Brún Uasal, Caitríona De Búrca Uasal, Eveline Hall Uasal, Gabrielle Leleu Uasal, Shahrukh Nawaz Uasal, Séamus Ó Ceanainn Uasal, Caoimhín Ó Tuama Uasal agus Natalie Stafford Johnson Uasal.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don gcoiste seo. Má ordaíonn an coiste duit, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, agus má leanann tú á tabhairt, níl tú i dteideal dá éis sin ach pribhléide cháilithe i leith na fianaise agat. Ordaítear duit nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díot cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe ná le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Ms Caitríona De Burca

Is mise Caitríona De Búrca, ón idirbhliain i gColáiste Alexandra. Tá mé 15 bliana d'aois. Dá mbeinn i mo aire oideachais agus fostaíochta in Éirinn d'athróinn rudaí beaga a cheapfainn a dhéanfadh difríocht mhór i saol na hÉireann.

Ar dtús, gheobhainn réidh le táillí na mac léinn ollscoile agus d'ísleoinn cáin ar chéimí. Bheadh sé seo i bhfad níos fearr le haghaidh na mac léinn mar, nuair a thosnóidís san ollscoil ní bhéadh siad buartha faoi na táillí, chomh maith leis an timpeallacht nua, daoine nua agus an obair ar fad a thagann leis an chéad bhliain.

Ms Gabrielle Leleu

Tosóidh mé le roinnt athruithe dearfacha. Tá a fhios agam gur am deacair é seo, leis an gcúlú eacnamaíochta, ach ní chiallaíonn sé sin go stopann cearta foghlamta na bpáistí. Is iad ár bpáistí, aos óg na tíre, ár dtodhchaí. Sin an fáth go gcaithfimid iad a ullmhú dó. Is é an t-oideachas ár seans chun iad a ullmhú. Nil aon rún faoi. Caithfimid an infheistíocht a dhéanamh.

Ar dtús, ní chuirfinn deireadh le teangacha Eorpacha i mbunscoileanna. Is í Éire an t-aon tír nach bhfuil sé éigeantach inti teangacha Eorpacha a fhoghlaim. Ciallaíonn sé sin go mbeidh míbhuntáiste ag ár bpáistí i gcomparáid le páistí ó thíortha ar an mhór roinn. Smaoinímís air seo. Cuireann beirt iarratas isteach do phost éigin. Tá Gaeilge agus Béarla ag duine acu agus tá Gaeilge, Béarla agus Fraincis ag an duine eile. Cé tá chun an post a fháil?

Bíonn sé níos éasca teanga a fhoghlaim nuair a bhíonn duine níos óige. Mar shampla, an raibh a fhios ag an gcoiste go bhfuil cúpla fuaim nach féidir le duine a chloisteáil tar éis 12 bhliain d'aois? Cosnaíonn sé €2 mhilliún chun teanga Eorpacha a chur ar fáil ins na bunscoileanna. Tá an tAire, an Teachta Ruairí Quinn, ag iarraidh an €2 mhilliún sin a chur i litríocht. Nach bhfuil a fhios aige go gcabhraíonn teangacha le litríocht? Dá mbeinn i m'Aire oideachais ní hamháin go leanfainn le caiteachas ar theangacha Eorpacha i mbunscoileanna, chaithfinn níos mó orthu. B'fhéidir go mbeadh sé beagán costasach, ach ní chomh costasach le daoine a bheith dí-fhostaithe amach anseo.

Tá a fhios ag an gcoiste gurb í Gaeilge ár dteanga féin. Dá mbeinn i m'Aire oideachais thabharfainn níos mó airgid, níos mó ama agus níos mó fuinnimh do ghaelscoileanna, toisc go bhfuil an ceart um oideachas ag gach duine, go háirithe na daoine atá ag déanamh a gcuid oideachais trínár dteanga féin. Cá bhfuil plean an Rialtais d'fhobairt gaelscoileanna? In áit a bheith ag cur brú agus stop le heagraíochtaí agus le pobail bheaga atá ag cuartú gaeloideachais, ba cheart go mbeadh an tAire Oideachais ina thacaí dóibh. Dá mbeinn i m'Aire b'shin mar a bheadh an scéal.

Na daltaí bochta ar nós muid féin anseo inniu, tá scoileanna lán-Ghaeilge againn ach níl ár gcearta mar shaoránaigh againn. Rudaí an-tábhachtacha is iad leabhair. Má scríobhann duine leabhar tíreolais tré Bhéarla beidh sé saibhir, le pócaí lán le hairgead, mar tá margadh mór ann do leabhair Bhéarla. An duine a chuireann leagan Gaeilge de leabhar ar fáil, níl sé chun brabús a fháil. Cé bheadh sásta é sin a dhéanamh? Feicimid na torthaí inár scoileanna gach uile lá. Gan leabhair Ghaeilge, gan ár gcearta. Dá mbeinn i m'Aire oideachais chaithfinn airgead ar chearta na ndaltaí i ngaelscoileanna a chinntiú.

Agus na páistí le riachtanais speisialta, nach bhfuil an ceart céanna um oideachas acu? Ach an bhfuil dóthain múinteoirí cúnta acu? Níl. Dá mbeinn i m'Aire oideachais d'athróinn é sin. Tá múinteoirí gan poist faoi láthair agus tá daoine oilte ag cuardach oibre. Má tá daoine dí-fhostaithe agus airgead ag teastáil chun sochar dóibh nach bhféadfeadh an Rialtas cur leis an airgead. Ní bheadh gach rud foirfe ach bheadh luach breise á fháil ag a lán daoine dí-fhostaithe. Bheadh a gcearta ag na daoine, nár chruthaigh na fadhbanna eacnamaíochta, agus ní bheadh costas ró-mhór ar an Rialtas.

Sin cúpla athrú gur mhaith liom a dhéanamh. Má tá an tAire ag iarraidh mo chuid smaointí a úsáid nó mé a fhostú, bheinn lánsásta cuidiú leis, agus ní bheinn leath chomh costasach le cuid des na daoine atá ag obair dó faoi láthair.

Mr. Shahrukh Nawaz

A pholaiteoirí, a mhúinteoirí agus a chomh-scoláirí, is mór an onóir domsa a bheith anseo inniu in bhur dteannta. Ba mhaith liom labhairt libh faoi chúrsaí oideachais agus fostaíochta in Éirinn faoi láthair.

Thánig mé go dtí an tír seo sa bhliain 2000. Ag an am sin bhí an saol thar a bheith éasca, bhí airgead ollmhór sna bainc agus bhí a lán fostaíochta ann. Bhí córas oideachais den chéad scoth sa tír. B'shin blianta an tíogair Cheiltigh. Ba ré órdha é i stair eacnamaíochta na hÉireann ach is oth liom a rá go bhfuil ré an airgid mhóir thart. Sa bhliain 2007, thar oíche, bhí an ráta dífhostaíochta ag ardú agus chuaigh an tír álainn seo ó bhorradh go cliseadh. Cad a tharla? Cár imigh an tíogar? Thug na bainc iasachtaí agus morgáistí ollmhóra amach. Níor tháinig an t-airgead sin ar ais chucu. Ciallaíonn sé sin go bhfuil poll mór as chuimse ina gcuntais. Ta sé fíor-dheacair iasachtaí a fháil. Thosaigh an cúlú eacnamaíochta ag an am sin. Tá costais ag ardú. Tá easpa airgid á chur isteach sna gnóthaí agus sna scoileanna. Tá easpa poist ann freisin. Tá damáiste ollmhór á dhéanamh ag an gcúlú eacnamaíochta. Tá easpa airgid sna bainc. Tá costais ag ardú. Ní fhaigheann na gnóthaí iasachtaí ó na bainc agus níl aon airgead ag dul isteach iontu. Níl tuarastail á híoc ag na gnóthaí. Tá a lán daoine dífhostaithe. Ní fhaigheann na daoine sin airgead. Tá na costais ag ardú. Téann na daoine sin ar imirce, nó tógann siad airgead ón Stát. Tá airgead á chailliúnt ag an Stát.

Tá an cúlú eacnamaíochta ag déanamh damáiste don oideachas freisin. Níl a lán airgid ag dul isteach sna scoileanna. Tá buiséad na scoileanna Stáit thar a bheith beag. Ní féidir leo rudaí nua a cheannach. Úsáideann siad an t-airgead atá acu le haghaidh deisiúcháin agus trealamh. Faigheann scoileanna príobháideacha airgead ón Stát, ó thuismitheoirí agus ó dhaltaí. Níl sé sin ceart. Ba cheart don Rialtas an t-airgead sin a úsáid chun áiseanna a thógáil do scoileanna Stáit.

Ní raibh brú ollmhór ar dhaoine óga roimh an cúlú eacnamaíochta. Rinne siad an ardteist, bhain siad céim ollscoile amach agus bhí poist iontachta ar fáil dóibh. Tá an scéal difriúl anois, áfach. Tá brú ollmhór ar pháistí faoi láthair. Má oibríonn daltaí go crua, gheobhaidh siad pointí maithe agus rachfaidh siad go dtí an ollscoil. Tá na táillí ag ardú, áfach, agus tá easpa airgid ag scoláirí. Ní bhfaigheann gach éinne céim. Tá an ráta dífhostaíochta ag ardú.

Tá fadhb eile ag daoine a bhaineann céim ollscoile amach. Níl a lán airgid ag dul isteach sna gnóthaí. Ní féidir leo na poist sin a dhéanamh. Tá easpa post anois. Tá daoine ag dul thar lear. Chun an fhírinne a rá, tá a lán tallann sa tír seo. Má chuireann an Stát airgead isteach sna gnóthaí beaga, déanfaidh siad a lán post. Mar sin, ní rachfaidh daoine ar imirce. Ní chailleoidh an tír na daoine sin. Beidh na daoine sin ag obair i ngnóthaí, monarchana, ospidéil agus sa Rialtas.

I mo thuairim, tá an córas oideachais mar réiteach ar an bhfadhb seo. Tá córas iontach againn sa tír seo. Tá sé ríthábhachtach do dhaltaí scileanna a phiocadh suas ar scoil. Níl aon mhaitheas bheith ag lorg oibre gan na scileanna cuí. Tá dlúthcheangal idir an oideachas a fhaigheann muid ar scoil agus an post a fhaigheann muid níos déanaí. Má oibríonn dalta go crua, gheobhaidh sé nó sí pointí maithe agus leanfaidh fostaíocht as sin. Ba mhaith liom go sábhálfadh an Rialtas an todhchaí, go gcuirfeadh sé airgead isteach i ngnóthaí agus i scoileanna agus go stopfadh sé daoine óga ó dhul thar lear.

Mar fhocal scoir, tá Rialtas nua again anois. Tá mé dóchasach go mbeidh post ann dom nuair a bhfágfaidh mé an scoil. Tá polasaithe nua ag an Rialtas nua. Tá an Rialtas ag obair ar theastas sóisearach nua. Tabharfaidh sé seo deiseanna iontacha dos na daltaí atá ag teacht. Tá scoileanna nua á thógáil ag an Rialtas chomh maith. Tá súil agam go mbeidh deireadh leis na scoileanna atá fuar agus ag titim as a chéile. An méid sin réitithe againn, ba mhaith liom dóchas a chur sa Rialtas nua agus dea-mhéin a ghuí air.

Ms Caitríona De Burca

Tabharfaidh na cánacha seo misneach do dhaltaí meánscoile leanúint ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal. Ní bheadh orthu íoc as an oideachas sin go dtí go bhfuil poist acu. De bharr seo, beidh fórsa oibre an-láidir agus iontach ag an tír seo. Bheadh suim an-mhór ag comhlachtaí móra as tíortha eile sa tír seo. Bheadh poist ar fáil d'Éireannaigh.

Chuirfinn stop ar scoileanna difriúla filleadh óna laethanta saoire roimh 1 Meán Fómhair gach bliain. Sa tír seo, is Lúnasa an mí is fearr sa samhradh. Bíonn an aimsir is fearr againn i mí Lúnasa. Ba cheart dúinn taitneamh a bhaint as an aimsir bhreá nuair a bhíonn sí againn sa tír seo. Ní cheart go mbeadh páistí nach raibh ach trí bliana d'aois cúpla mí roimhe sin ina suí i seomra te, lán agus glórach ar na laethanta is fearr sa bhliain.

D'athróinn an córas freisin ionas go bhfillfeadh na scoileanna ar fad ar an seachtain céanna. Tá sé uafásach do thuismitheoirí a chaithfidh an samhradh a chríochnú dá gcuid páistí go léir go luath, toisc go bhfuil an scoil ar a bhfreastalaíonn páistí amháin as tosú go luath. Mar shampla, tosaíonn na mbunscoileanna níos déanaí ná na meánscoileanna. Mar sin, tá seachtain nó dhó gearrtha ó samhradh na bpáistí beaga.

Ba cheart dúinn córas creidmheasa a bhunú sna scoileanna le haghaidh na tuismitheoirí ar fad, mar atá acu i Meiriceá. Míneoidh mé an chaoi ina n-oibreodh sé. Tabharfar creidmheas cánach do thuismitheoirí a dhéanann obair dheonach sna scoileanna. Bheadh siad in ann páirt tábhachtach a ghlacadh sa scoil. Bheadh an Rialtas in ann go leor airgid a shábháil. Ní bheadh ar an Rialtas íoc as ceathrar nó cúigear breise sa scoil.

Chuirfinn teangacha an Eoraip i láthair ag leibhéal bunscoile ionas go mbeadh sé níos éasca do pháistí na teangacha seo a fhoghlaim, go mbeadh seans níos fearr acu pointí arda a fháil san ardteist, go mbeadh suim níos mó acu sna teangacha seo agus go mbeadh sé níos éasca dóibh iad a labhairt.

Dhéanfainn iarracht airgead a fháil chun scoileanna a dheisiú agus insliú agus fuinneoga cearta a chur isteach sna scoileanna. Mar thoradh ar sin, ní bheadh na téitheoirí ar siúl i gcónaí, rud a dhéanfadh an-difríocht do na billí teasa atá acu agus a chruthódh poist do dhaoine sa cheantar.

Chuirfinn níos mó ábhair phraiticiúla ar fáil le haghaidh na ardteistimérieachta. Córas i bhfad níos fearr a bheadh i gceist. Faoi láthair, tá daltaí na tíre seo ag foghlaim leathanach i ndiaidh leathanaigh de ghlan mheabhair. Déanann siad dearmad ar an eolas sin chomh luath agus a bhíonn na scrúduithe thart. Tá feabhas ag teacht sa teastas sóisearach, mar shampla. Faigheann daltaí 40% le haghaidh na béaltrialach. Níl sé sin éigeantach go fóill, áfach. Ba cheart go mbeadh sé. Is iontach an rud é go bhfuil sé éigeantach san ardteist.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht deis a thabhairt dom mo smaointí a chaitheamh amach os comhair an choiste inniu.

Ms Eveline Hall

Is dalta idirbhliana mé ó Choláiste Alexandra i mBaile Átha Cliath. Tá áthas orm labhairt faoi ealaíon agus chultúr na hÉireann ó dhearcadh an duine óig. Is é mo thuaraim gurb ionann cultúr agus aitheantas a thabhairt do tír. Déantar amhlaidh tríd ár gceol, ár scríbhneoireacht, ár n-ealaín, ár ndrámaíocht, ár scannánaíocht agus ár dteanga - i bhfocail eile, Éireannachas. Tá an t-ádh linn go bhfuil an tír seo saibhir sna healaíona. Tá sé de dhualgas ar an Rialtas an saibhreas seo a chur ar fáil don ghnáthduine - idir óg agus aosta, idir bocht agus saibhir.

Tá sé in am don Rialtas fáil réidh leis an ghalántacht sheafóideach a bhaineann le cultúr na hÉireann inniu. Is í mo bhrionglóid go mbeidh ainmneacha ar nós Francis Bacon, Samuel Beckett, W.B. Yeats, Seán O'Casey agus Paul Henry ar bheola gach Éireannach agus iad ag labhairt faoinad tír dúchais. Ba cheart do gach Éireannach bheith ar an eolas faoinár n-ealaíontóirí. Le déanaí, chuir an tionscadal "Ballymun Lullaby" ceol ar fáil i gceantar faoi mhíbhuntáiste. Ba bhreá liom go mbeadh níos mó ceardlanna ceoil, ealaíne, drámaíochta agus scannánaíochta ar fáil do gach éinne sa tír.

Dá mbeinn i m'Aire, mholfainn níos mó deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga, cultúr na tíre a bhlaiseadh tríd na healaíona; mar shampla, cuairteanna a thabhairt ar mhúsaeim, ar dhánlanna agus ar amharclanna. Is cuimhin liom go maith gur fhaca mé "Romeo and Juliet" san amharclann nuair a bhí mé sa tríú bhliain. Bhí mé ag déanamh staidéir ar dhrámaíocht don teastas sóisearach. Thug sé saol nua don dráma dom - níos mó ná focail ar leathanach a bhí i gceist. Tá sé fíor-thábhachtach don Rialtas níos mó airgid a chaitheamh ar chomhlachtaí drámaíochta ar nós Fibín Teo. Nuair a chonaiceamar léiriú ar an dráma "An Triail", bhí sé de chaighdeán ard. Bheadh sé scanallach muna mbeadh comhlachtaí beaga den tsórt sin in ann leanúint ar aghaidh. Tugann siad tacaíocht iontach do dhaltaí ardteistiméireachta. Ba cheart do Bhord Scannán na hÉireann níos mó tionscnaimh a chur amach do scoileanna ina bhfuil daltaí ag foghlaim faoi scannáin agus obair inár dteanga dúchais.

Dá mbéinn i m'Aire cultúir agus ealaíona, dhéanfainn an ealaín bainteach níos móle na páistí. Nuair atá páistí óg, tá sé tábhachtach go bhfuil an cultúr ag fás iontu. Ba cheart níos mó músaeim agus ionaid chultúrtha idirghníomhacha a chruthú, mar spreagann siad páistí chun taitneamh a bhaint as turas go dtí dánlann nó áit mar sin. Anois, an Ghaeilge. Deir a lán daoine gur teanga marbh í an Ghaeilge. Ceapaim gurb amhlaidh sin mar nach bhfaigheann daoine óga seans dul go dti an Ghaeltacht, áit a bhfuil Gaeilge agus cultúr na nGael an-bheomhar. Tá a fhios agam go bhfuil sé costasach dul, go háirithe le linn an chúlú eacnamaíochta, nuair nach bhfuil an t-airgead ag daoine chun íoc as. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach deontais a thabhairt dos na scoileanna chun a gcuid daltaí a thógáil ar thurais go dtí an Ghaeltacht. Tá a fhios agam féin gur sa Ghaeltacht a fuair mé an grá don teanga atá agam fós. Is taithí í a fhanann leat go deo agus tá sé tábhachtach an grá sin a thabhairt do dhaoine óga na hÉireann.

Is onóir ollmhór í a bheith ag caint anseo inniu agus ba bhreá liom go mbeadh an seans seo ag níos mó déagóirí amach anseo.

Mr. Séamus Ó Ceannainn

Is mise Séamus Ó Ceanainn agus tá mé anseo inniu chun a insint don gcoiste na rudaí a dhéanfainn dá mbéinn i m'Aire ealaíon, cultúir agus gaeltachta, na haidhmeanna a bheadh agam agus na spriocanna a bheinn ag iarraidh a bhaint amach agus mé i mo Aire.

Roimh dom tosú, ba maith liom labhairt faoin lá inniu. Inniu, tá gach duine sa seomra seo ag ceiliúradh na Gaeilge, an cultúr agus saol polaitiúl na hÉireann. Smaoinímís air sin.

Bhí suim ollmhór agam i dteacht inniu chun labhairt leis an gcoiste mar Aire ealaíon, cultúir agus gaeltachta. Seo trí ábhar atá mar chuid lárnach de mo shaol, chun a bheith ionraic. Tá cúlra agam sa cheol nua-aoiseach agus sa cheol traidisiúnta. Tagann clann m'athar ó cheantar Gaeltachta agus, mar ghael óg, tá suim ollmhór agam sa Ghaeilge agus i stair agus in oidhreacht na hÉireann. Tá cultúr na hÉireann thar a bheith tábhachtach dom.

Táim chun labhairt leis an gcoiste faoi ealaíon, faoi chultúir agus faoi na ceantair ghaeltachta mar phointí dirfriúla. Mar chuid de gach pointe leagfaidh mé amach céard iad a bheadh mar spriocanna gearr-théarmach, meán-téarmach agus fad-téarmach agam dá mbéinn i m'Aire.

Ar dtús, labhróidh mé faoi ealaín. De ghnáth, bíonn daoine ag smaoineamh ar phictiúir a phéinteáil Leonarda da Vinci nó a leithéid nuair a smaoiníonn siad faoin ealaín. Tá brí iomlán difriúil ag an bhfocal sin domsa. Nuair a luaitear an focal ealaín smaoiním faoin gceol, faoin ailtireacht agus faoin dealbhóireacht chomh maith. Ba mhaith liom a rá, mar cheoltóir óg Éireannach, go bhfuil go leor tallainn in Éirinn. Tá an-suim ag daoine ar chomh-aois liomsa bheith i mbannaí ceoil ach níl na háiseanna ar fáil dúinn. Beagnach gach ceolchoirm a bhíonn ar siúl eagraíonn scoileanna nó na bannaí ceoil féin é. Ba chóir an ceol in Éirinn a fhorbairt. San ailtireacht agus sa dealbhóireacht, níl go leor saothair ar thaispeáint. Tá saothar nua dealbhóireachta in aice le hionad gnó Iarthar Chathrach ar an M7, atá ar fheabhas dar liomsa. In ionad siopadóireachta Kildare Village, tá dealbh de chúnna Fhionn Mac Cumhail, saothar eile a thaitníonn liom. Bá chóir níos mó dá leithéid seo a bheith ar thaispeáint.

Mar sprioc ghearr-théarmach, bheinn ag iarraidh go mbeadh níos mó saothar ealaíne ar thaispeáint ar na bóithre móra in aice le cathracha móra na hÉireann. Feicfeadh go leor daoine iad agus chuirfeadh sé le dea-dhearcadh ar an ealaín in Éirinn, go bhfuil an ealaín go láidir in Éirinn agus go bhfuil ealaíontóiri sár-oilte sa tír seo. Mar sprioc mheán-téarmach, bheinn ag iarraidh féile na gceoltóirí óga a bhunú. Tá rud éigin dá leithéid ag teastáil go géar ón tír seo chun ceoltóirí óga a spreagadh ionas gur féidir leo aitheantas a bhaint amach. Is slí í chun daoine a mhealladh go dti cibé áit a mbeadh an féile ar siúl inti. Mar sprioc fhad-téarmach, bheinn ag iarraidh dealbh, nó saothair éigin, atá bainteach le stair áitiúil na háite a bheith ar thaispeáint i ngach baile in Éirinn. Chuirfeadh sé go mór leis an gceantar áitiúil agus mheallfadh sé turasóirí a chuirfeadh le caipitil sa cheantair.

Ó thaobh an chultúir de, mar sprioc ghearr-théarmach bheinn ag iarraidh plean a chur le chéile, chun an ceol agus an rince traidisiúnta agus an Ghaeilge a chur ar ais i mbéil na ndaoine óga. Tá grúpaí ann, ar nós Ógras, Spleodar agus Feachtas, a bhfuil sé mar aidhm acu é seo a bhaint amach. Ba chóir cabhrú leis na grúpaí seo forbairt a dhéanamh chun go mbeadh Éire lán de ghaeil óga bródúla. Mar sprioc a bheadh méan-téarmach agus fad-téarmach, bheinn ag iarraidh níos mó caidrimh trasteorann a bheith againn le Tuaisceart Éireann. Tá cultúr na hÉireann díreach chomh láidir i gceantair áirithe i dTuaisceart Éireann agus atá sé in aon áit eile in Éirinn agus ba chóir don dá thír comhoibriú chun an cultúr sin a chur chun cinn.

Ó thaobh na gceantar gaeltachta de, tá obair ollmhór le déanamh ar an dearcadh atá ag daoine orthu. Feictear iad mar áiteanna iargúlta lán de shean fhir i mbuataisí wellington ag siúl amach ar shléibhte i ndiaidh na gcaorach. Sin atá i dtromlach na gceantar gaeltachta, dar liom. Ba chóir iad a fhorbairt mar cheantair seachas ceantair ghaeltachta. Níl aon rud thar a beith mealltach ag baint leo mar gheall ar an méid gaelscoileanna agus gael choláistí atá ann, taobh amuigh des na gaeltachtaí. Nil aon bhuntáiste ag baint le cónaí sa Ghaeltacht i sochaí an lae inniu. Bheadh sé mar sprioc ghearr-théarmach agam iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh chun na Gaeltachta agus na ceantair sin a fhorbairt. Táim ag smaoineamh ar rudaí chomh simplí le scoileanna, eastáit tithíochta agus siopaí, ag brath ar an áit. Mar sprioc mheán-téarmach agam, bheinn ag iarraidh gaeltachtaí nua a bhunú, i gCúige Laighean ach go háirithe agus in áiteanna nach bhfuil iargúlta. Tá suim mhór sa Ghaeilge i gCill Dara ach níl aon Ghaeltacht againn. Táim ag caint faoi rud chomh simplí le heastát tithíochta in aice le campus Gaelach, is é sin le rá go mbeadh eastát tithiochta lán Ghaeilge díreach in aice le gaelscoil agus gael cholaiste.

Mar sprioc thar a bheith fad-téarmach agus thar a bheith conspóideach, bheinn ag iarraidh nach mbeadh aon tábhacht ag baint le Gaeltachtaí. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge láidir go leor ag tromlach mhuintir na hÉireann agus go mbeadh an Ghaeilge láidir mar theanga sa tír, gan aon ghá le Gaeltachtaí mar gheall go mbeadh an Ghaeilge chomh láidir sin. Tá go leor cairde agam i mo scoil féin, i ngael choláistí eile, i ngaelscoileanna agus i ghnáth scoileanna, nach mbím ag labhairt ach Gaeilge leo. Tá leithéidí Facebook ar fáil tré Ghaeilge agus tá an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Tá súil agam go dtiocfaidh an lá nuair a bheidh Gaeilge líofa ag níos mó ná 90% de mhuintir na tíre agus í in úsáid le tromlach na ndaoine ó lá go lá.

Go raibh maith ag an gcoiste as ucht éisteacht liom. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le lucht Chonradh na Gaeilge, le lucht an Oireachtais agus le haon duine eile a chabhraigh chun an lá seo a eagrú. Tá mé thar a bheith buíoch daoibh gur thug sibh an deis dom teacht agus labhairt leis an gcoiste.

Mr. Pól Craobhach

Agus scéalta béaloidis á n-insint le leanaí, uaireanta tosaíonn siad le "fadó, fadó". Mar sin de, cruthaítear leathanach glan nua bán in intinn na bpáistí. Níl eolas ar bith acu faoin choincheap "fadó, fadó". Tá siad ag súil le híomhánna iontacha galánta ar ndóigh. Mar sin, nuair a léirítear scéalta, trí scannáin nó leabhair, go minic cuirtear ar ais thú go dtí na scéalta fadó fadó chun draíocht a chur leis an eispéireas. Déantar taighde agus athnuachan ar gach sibhialtacht anallód am éigin. Thóg comhlucht Disney Hercules, an laoch ón Ghréig, agus rinneadh ina chartún é. Bhí Thor ag Marvel Comics agus cuireadh ina ghreanán féin é. Mar is eol dúinn bhí Mel Gibson mar William Wallace i "Braveheart".

Suimiúil go leor, ach cuirim ceist ar bhaill an choiste. Cá bhfuil Brian Bóroimhe i Hollywood? Nach bhfuil sé cróga go leor i súile dhéantóirí na scannán seo? Nach bhfuil na scéalta faoi Dagda, Lú agus Cú Chulainn chomh spéisiúil le scéalta Zeus agus Thor? Níl amhras ach go bhfuil, i mo thuairimse. Níl suim dá laghad ag Hollywood ins na scannáin seo, ar ndóigh. Ba mhaith liom go mbeadh na scannáin seo déanta in Éirinn. Cad a tharlódh dá mbeadh seans ag Bord Scannán na hÉireann iad a chur le chéile? Ár gcultúr, ár scannáin, déanta anseo inár dtír. Níl mé i m'aonar. Deirim leis an gcoiste go bhfuil ár gcultúr gach pioc chomh maith le haon chultúr eile agus feicfidh Hollywood na féidireachtaí atá ag baint leis am éigin.

Chruthaigh scríbhneoir cáiliúil, Anthony Horowitz, é seo dom. Le déanaí, rinne an t-uasal Horowitz taighde ar sheanchultúir an domhain agus roghnaigh sé an 30 scéal ab fhearr leis. Chríochnaigh sé a leabhar le liosta den deich n-uirlis troda is láidre ó na scéalta go léir a chuala sé. Dar leis, tá dhá uirlis Éireannach imeasc an liosta seo. Is iad an caladbolg, an claíomh is cumhachtaí ar domhan agus an gáe bolga, an sleá is cumhachtaí ar domhan. É sin ráite, roghnaigh Disney Excalibur thar an caladbolg.

Feictear dom go bhfuil deis againn anseo. Tá na huirlisí is cumhachtaí againn le húsáid.

Níl aon chúis nach féidir linn athnuachan a dhéanamh ar ár gcultúr agus ar ár n-oidhreacht. Ba chóir dúinn léiriú go bhfuil cultúr againn atá chomh saibhir leis an nGréig, an Róimh nó le haon tír eile. Dá ndéanfaimís é seo, tarraingeofaí turasóirí don tír agus níos tábhachtaí ná sin fós, chruthódh sin spéis sa ghlúin nua.

Dá gcuirfimis ár gcultúr chun cinn, is féidir linn cur i gcuimhne do dhaoine an luach a bhaineann le bheith mar shaoránach na hÉireann. Sa tSín agus i Meiriceá, sna geilleagair is láidre ar domhan, tá neart tírghrá. Má chothaímid suim inár gcultúr féin, tarraingeoimid rudaí a bheidh ar leas an phobail agus na tíre áille seo atá againn.

Tá a fhios agam go bhfuil praghas mór ag baint le scannán, go háirithe má tá foireann an scannáin ag iarraidh bheith i gcomórtas le scannán Hollywood, ach sin an tslí is fearr chun smaointe a nochtadh le daoine, agus cosúil le fógraíocht ar bith, má dhéantar jab maith, bheadh na buntáistí i bhfad níos mó ná na costais. Fós, mura n-aontaíonn an coiste liom, tá ceist agam - cén phraghas a chuirfí ar ár gcultúr agus ár n-oidhreacht?

Mr. Páidí Dhaibhís

A chomhscoláirí, a mhúinteoirí agus gach duine eile sa seomra, cuirim fáilte romhaibh inniu. Tá roinnt óráidí cloiste ag an gcoiste cheana féin ach tabhair cúpla nóiméad dom agus cloisfidh baill an óráid is fearr.

Táim anseo chun labhairt faoi spórt. Tá spórt mar chuid lárnach de mo shaol. Imrím rugbaí do chlub an Droichid Nua, agus táim ar fhoirne sacair agus peile na scoile. Mar sin, dar liom, is mise an duine foirfe chun caint faoi chúrsaí spóirt.

Dá mbeinn i m'Aire spóirt, is iad seo na rudaí a dhéanfainn. Laistigh den chéad bhliain, bheadh sé mar sprioc agam na cluichí CLG a chur chun cinn, go háirithe cluichí corr agus liathróid láimhe. Níl cuid mhaith de mhuintir na hÉireann fiú ar an eolas go bhfuil na cluichí seo ann sa CLG. Mar sprioc meán-téarmach, bheinn ag iarraidh spóirt eile - rugbaí, sacar, leadóg agus galf - a chur chun cinn. Mar sprioc fad-téarmach, ba mhaith liom cur le laochra spóirt na tíre. Is Éireannach é Rory McIlroy agus anois is é an galfaire is fearr ar domhan é. Tá foireann rugbaí na hÉireann thar a bheith láidir faoi láthair agus tá an tionscal rásaíochta capall na hÉireann níos fearr ná aon tír eile ar domhan, le marcaigh ar nós Ruby Walsh agus capaill ar nós Sea the Stars. Freisin, tá dornálaithe mar Kenny Egan agus John Joe Joyce agus, cá bhfios, b'fhéidir gurbh as Éirinn an chéad Demba Ba eile. Ag smaoineamh faoi Chuck Norris agus Jackie Chan, b'fhéidir go mbeadh daoine difriúla ann as Éirinn, daoine le hainm mar Pheadar Ó Súilleabháin nó ainm éigean mar sin sna ealaíona comhraic.

Gabhaim buíochas don gcoiste as éisteacht liom.

Ms Natalie Stafford Johnson

Dia daoibh. Is mise Natalie Stafford Johnson agus táim san idirbhliain i gColáiste Alexandra, Baile Átha Cliath. Beidh mé ag caint faoi spórt inniu.

Ar ndóigh, post tábhachtach é post an Aire spóirt agus tá go leor dualgais ag baint leis ach tá rudaí áirithe níos práinní ann faoi láthair. Cad a dhéanfainn dá mbeinn i m'Aire spóirt? Ar an gcéad dul síos, dhéanann corpoideachas éigeantach don ardteistiméireacht le pointí breise ag baint leis, cosúil le matamaitic inniu. Bheinn thar a bheith sásta dá dtarlódh a leithéid toisc gurbh ionann sláinte agus saibhreas agus tosaíonn an tsláinte le spórt. Inár dtír, tá fadhb mhór an mhurtaill ag ardú, go háirithe i measc na n-óg. Slí éasca chun an fhadhb seo a stopadh ná corpoideachas nó spóirt eile a chur ar bhonn éigeantach sa scoil. Dá mbeadh spórt éigeantach, bheadh daoine óga i bhfad níos sláintiúla, mar ní bheadh an dara rogha eile acu. Ansin, bheadh daoine go ginearálta níos sláintiúla, agus ní bheadh an brú céanna ar na hospidéil trasna na tíre agus ar na seirbhísí sláinte i gcoitinne.

An chéad rud eile a dhéanfainn ná brú a chur ar dhaoine spórt a dhéanamh. Ar ndóigh, chuirfinn fógraí trasna na tíre agus dhéanfainn ballraíocht ionaid spóirt inasbhainte roimh cháin. Bheinn cúramach faoi sin - bheadh ar dhaoine cruthú go bhfuil siad ag freastal ar an ionad spóirt go rialta.

Chomh maith leis sin, chuirfinn stop le fadhb na ndrugaí sa spórt. Tá an fhadhb seo chomh holc agus a bhí riamh, b'fhéidir níos measa fiú. I mo thuairim tá an fhadhb seo ag éirí tromchúiseach sna scoileanna, go háirithe scoileanna rugbaí. Bíonn bainisteoirí agus tuismitheoirí fiú ag cur brú ar imreoirí spóirt sna scoileanna. Bíonn buachaillí ag ceannach drugaí ar an Idirlíon agus ní thuigeann siad an baol a bhaineann leis sin. Thosóinn scrúdaithe drugaí sna scoileanna agus bheadh ar na scoileanna na scrúduithe cearta a fháil chun na drugaí go léir a aimsiú.

Gabhaim buíochas don gcoiste as an deis labhartha seo a thabhairt dom.

Mr. Caoimhín Ó Tuama

A dhaoine uaisle agus a choiste Oireachtais, a mhúinteoirí agus a chomhscoláirí, Caoimhín Ó Tuama is ainm dom, as Scoil Phobail na Dúghlaise i gCorcaigh. Is mór an onóir dom bheith anseo inniu chun labhairt leis an gcoiste ar ábhar atá ríthábhachtach i measc na sochaí ar na saolta seo: an spórt.

Is fearr an tsláinte ná na táinte. Tá grá againn don saibhreas ach ní haon mhaith é an saibhreas mura bhfuil sláinte choirp. Is mór an cabhair é an spórt don tsláinte choirp agus ar ndóigh, don tsláinte aigne. Baineann an téarma spórt le caithimh aimsire, le cluichí, le lúthchleasaíocht agus le sult. Bím ag staidéar Domhnach agus Dálach na laethanta seo de bharr na scrúdaithe atá ar leac an dhorais anois. Go háirithe agus sinne i mbun ardteistiméireachta i mbliana, is riachtanach an t-éalú iad caithimh aimsire chun faoiseamh a fháil ó dheacrachtaí an tsaoil. Is bealach iontach é an spórt chun sláinte fhisiceach agus mheabhrach a chinntiú. Ambaiste, ní féidir le héinne a shéanadh gur luachmhara na rudaí iad caithimh aimsire agus spórt. Tá an t-uafás buntáistí ceangailte leo agus déarfainn go mbeadh duine ag cuardach ar feadh i bhfad go dtí go dtiocfadh sé ar locht. Is oideachas iontu féin iad caithimh aimsire agus spóirt. Cé go bhfreastalaíonn an córas oideachais ar riachtanais acadúla an scoláire, éiríonn le spórt gach cuid eile den oideachas a fhorbairt, go háirithe an gné sóisialta. Múineann an spórt scileanna idirchaidrimh do dhaoine agus tugann sé deis dóibh bualadh le daoine ag a bhfuil an suim chéanna. Foghlaimíonn páistí faoin gcomhoibriú agus iad ag imirt cluichí foirne, disciplín agus leas na hoibre crua, traenála agus pleanála. Is scileanna iad seo atá de dhíth ar gach duine óg agus iad chun aghaidh a thabhairt ar an saol mór.

Rud iontach eile faoin spórt ná an tslí a dtarraingaíonn sé daoine le chéile. Bhí na mílte ina suí ag amharc ar an chluiche rugbaí Dé Domhnaigh seo caite nó i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhuaigh foireann Bhaile Átha Cliath nó Chill Chainnigh sna cluichí ceannais an bhliain seo caite? Cad chuige go gcuirtear faoi gheasa sinn agus sinn ag faire ar chluichí mar iad?

As na cluichí go léir a imrítear ar fud an domhain, is iad peil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus rugbaí is mó a tharraingíonn aird an phobail abhus. Cothaíonn Cumann Lúthchleas Gael meas agus bród i ndaoine ag leibhéal áitiúil. Cruthaíonn an cumann spiorad paróiste agus contae. Féach mar a tharraingíonn cluiche mór sacair nó rugbaí an tír ar fad le chéile. Déanaimid dearmad ar ár gcuid fadhbanna go ceann tamaill agus seasaimid uile le chéile mar phobal amháin - is beag rud eile sa saol seo a éiríonn leis a leithéid a dhéanamh agus ní neart go cur le chéile. Tá na cluichí Oilimpeacha mar cheann de na mór-ócáidí spóirt a eagraítear gach ceithre bliana chun deis a thabhairt do na réaltaí spóirt as gach tír ar domhan a bheith páirteach iontu. Beidh móruaisle na spórt ag tarraingt ar Londain an samhradh seo chugainn chun páirt a ghlacadh sna cluichí is cáiliúla ar domhan. Ócáid mhór thábhachtach a bheidh ann agus beidh buntáiste eacnamaíochta don tír seo. Cheana féin tá foirne ann atá i ndiaidh deimhniú, go dtiocfaidh siad go hÉirinn chun leas a bhaint as ionaid traenála anseo roimh na cluichí.

Cé go mbaineann costas fíor-ard le gach rud a bheith in ord agus in eagar do na cluichí, creideann an Rialtas nach bhfuil sa chostas seo ach an sop in áit na scuaibe i gcomparáid leis na buntáistí a eascraíonn an tír as na cluichí. Chun na fírinne a insint, is fearr go deo na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, mar tá fíor spórt le feiceáil iontu. Níl an bhéim ar an bhua ná ar chúrsaí airgid agus tá an lúthchleas ann ar mhaithe leis an spórt, an gcairdeas agus an rannpháirtíocht. Níl dearmad déanta acu ar an spórt agus ar an spraoi. Sa ghnáth Cluichí Oilimpeacha, téann daoine áirithe thar fóir leis an iomaíocht agus salaítear cáil an spóirt. Má spreagann na réaltaí spóirt daoine óga chun an maide gailf, an liathróid peile nó an raicéad leadóige a thógáil suas agus dul amach ag imirt, is tionchar maith é sin. Ní háibhéil ná bréag é a rá nach bhfuil duine ar bith beo nach bhfuil scil nó tallann éigin aige nó aici. Níl teorann le liosta na dtallann a bhronn Dia ar an gcine daonna. Tá tobar na bhfocal caite agus an t-am buailte linn. Tá sé rí-shoiléir - ní mór dúinn iniúchadh a dhéanamh ar thábhacht an spóirt. Mo mhíle buíochas as an éisteacht bhéasach a thug sibh dom.

Go raibh maith agaibh go léir. Anois, beidh seans ag Seanadóirí agus Teachtaí labhairt.

Níl aon amhras faoi ach gur ócáid stairiúil í seo. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na hoifigigh, Conradh na Gaeilge agus le gach éinne a raibh baint acu leis an smaoineamh seo. Tugann na finnéithe dóchas dúinn. Tá an ócáid seo stairiúil, ní hamháin toisc go bhfuil sé ag tarlú ach go bhfuil sé ag tarlú trí Ghaeilge. Ní dóigh liom go raibh finnéithe chomh hóg agus chomh cumasach riamh linn cheana. Gabhaim buíochas leo, leis na múinteoirí agus leis na scoileanna atá ag saothrú na Gaeilge agus ag saothrú an chultúir Ghaelach freisin. Bhí mé ag éisteacht le Gabrielle Leleu agus bhí sí ag caint mar Aire beagnach, agus bhí na daoine eile mar an gcéanna. Ceapaim go gcaithfidh an tAire Jimmy Deenihan a bheith an-chúramach amach anseo mar tá ábhar Aire nó dhó againn anseo inniu.

Más rud é go mbeidh muintir na hÉireann ag féachaint ar aon chuid den ócáid seo ar an teilifís - tá súil agam go mbeidh - tuigfidh siad go bhfuil an Ghaeilge beo agus go bhfuil daoine óga anois chun tosaigh agus dóchasach, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de. Mar a dúirt duine amháin, caithfear na fadhbanna a chur ar leataobh agus a bheith muiníneach asainn féín. Más rud é go dtagann teachtaireacht amháin as an ócáid seo do mhuintir na hÉireann, sin an teachtaireacht a thug na finnéithe dúinn inniu. Bail ó Dhia orthu. Tá mise i bhfad níos dóchasaí anois faoi thodhchaí an náisiúin ná mar a bhí mé ar maidin. Go raibh míle maith agaibh.

An bhfuil ceist ag éinne?

Ms Gabrielle Leleu

Níl aon cheist agam.

Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. Bhí cuid acu ag rá gur mór an onóir é dóibh a bheith anseo inniu, ach is mó fós an onóir dúinne iadsan a bheith in ár láthair. D'éist mé le cuid mhaith díospóireachtaí sna Tithe seo ó ainmníodh mar Sheanadóir mé, ach seo an ceann is suimiúla agus is fearr a chuala mé go dtí seo. Táimid an-bhuíoch dár gcuairteoirí. Nílim ag rá sin ar mhaithe le bheith ag plámás, ach sílim go bhfuil siad ag féachaint ar an tír mar atá sé i ndáiríre. Tá go leor céille sa mhéid a bhí le rá agus táim, mar dhuine Gaeltachta, ag súil go mór le comhrá a bheith agam le Séamus Ó Ceanainn ar ball faoi chúrsaí Gaeltachta. Níl chuile duine ag imeacht thart sna wellingtons sna Gaeltachtaí. Tá saol beo, bríomhar againn ansin. Ach aontaím le cuid mhaith de na pointí a rinne sé, go háirithe an rud a dúirt sé faoi cheol. Chonaic mé sa Bhreatain Bheag roinnt blianta ó shin go raibh "Rock Scoil" acu trí mheán na Breatnaise agus sílim go mbeadh rud mar sin iontach sa tír seo.

Bhí go leor rudaí suimiúla le rá ag na finnéithe maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ach an bun rud atá ag teacht tríd na pointí ná go bhfuil gá leis an airgead a chur ar fáil leis na himeachtaí seo a chur ar siúl. Faoi láthair, tá cinntí á dhéanamh faoin chaoi a bhfuil airgead á chaitheamh sa tír seo. Ag deireadh na míosa seo, mar shampla, beidh €3.1 billiún á íoc ar nóta gealltanais, mura dtagann muid ar réiteach roimhe sin.

Go díreach, nóta gealltanais. Gabh mo leithscéal a ardmháistir. Sin Gaeilge na Gaeltachta daoibh. Táimid ag caitheamh airgid ar an ghéarchéim eacnamaíochta, ar na bainc, ar fhorbairt agus mar sin de. Táim cinnte go bhfuil tuairimí láidre ag na finnéithe faoi sin agus ba mhaith liom a dtuairim a fháil faoi ar chóir go mbeadh muid ag íoc an airgid seo ar ais leis na bainc Eorpacha agus le forbróirí agus ar chóir na fiacha seo a íoc. Ar chóir dúinn sin a dhéanamh nó ar chóir dúinn an t-airgead a chaitheamh ar chúrsaí sláinte, ar chúrsaí Gaeilge, ar chúrsaí spóirt agus ar chúrsaí oidhreachta? Ba bhreá liom a dtuairim a fháil amach faoi sin.

Pointe beag amháin eile, má tá cás ar bith le déanamh maidir le vótaí do dhaoine óga, tá sé déanta ag na finnéithe anseo inniu. Tá coinbhinsiún bunreachtúil ag teacht aníos agus tá tuairimí á lorg maidir le hathruithe ó thaobh an bhunreachta de. Tá Sinn Féin i bhfábhar vóta a thabhairt do dhaoine ag aois 16 agus ní fheiceann muid aon chúis nach ndéanfaí sin. Tá na finnéithe in ann a gcás a chur i láthair agus léamh a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta sa tír seo. Mar sin, ba chóir dóibh aighneachtaí agus r-phoist a chur isteach ag rá gur ceart vóta a thabhairt do dhaoine ag aois 16.

Go raibh maith agat.

Mr. Páidí Dhaibhís

Maidir leis an airgead, cabhraíonn sé muna gcaitear níos mó ná mar atá sa bhanc. Má chaitear níos lú, beidh an t-airgead ann le haghaidh cúrsaí spóirt agus Gaeltachta agus mar sin de.

Táimíd i séisiúin poiblí.

Aontaíonn tú mar sin nar chóir na notaí gealltanais agus na rudaí eile seo a aisíoc?

Mr. Páidí Dhaibhís

Sea, mar tá an locht ar na bainc mar thug siad amach morgáistí agus iasachtaí nach féidir a aisíoc. Ba chóir go mbeadh níos mó smachta ar na bainc.

Ms Gabrielle Leleu

Ní cheapaim gur cóir iad a íoc anois, ach b'fhéidir gur ceart iad a íoc níos déanaí. Agus muid ag caint ar an oideachas, táimid ag caint faoi pháistí na hÉireann. Mura bhfuil airgead á chaitheamh ar an oideachas, ní bheidh aon seans ag aon duine. B'fhéidir go mbeidh an t-airgead ar fad aisíoctha, ach caillfear amach anseo má íoctar an t-airgead agus ní dhéanann an Rialtas aon rud ar son na bpáistí. Ansin beidh níos mó daoine dífhostaithe agus beidh níos mó airgid le n-íoc

Aontaím go hiomlán nach bhfuil sé ceart go mbeadh muid ag aisíoc fiacha príobháideacha nó bainc phríobháideacha. Faoi láthair, deirtear linn más rud é gur thóg muid amach morgáiste gur shínigh muid go príobháideach ar son an mhorgáiste agus go bhfuil an milleán orainne. Dar liomsa gur shínigh na bainc an beart maidir leis na fiacha seo agus go mba chóir an milleán a chur ar ais orthu. Ba chóir freisin nach mbeadh na deontais do mhic léinn tríú leibhéal á ghearradh agus nach mbeadh an t-airgead á thógáil as na seirbhísí eile ar fad, cúrsaí ceoil, oidhreachta agus eile.

Mr. Páidí Dhaibhís

Ba chóir an rud céanna a dhéanamh anseo agus a rinneadh san Airgintín, ligean don bhanc dul go dtí an balla agus an t-airgead a thógáil agus a chur ar ais sa tír ionas gur féidir é a dhíriú ar an oideachas agus an spórt.

Ní dóigh liom gur cóir dúinn bóthar na hAirgintíne a leanúint go díreach, ach sílim go bhfuil an ceart ag Páidí gur cóir go mbeadh muid ag lorg gearrtha siar ar an mhéid fiacha atá le h-íoc ar ais agus an t-airgead sin a úsáid ar mhaithe le aos óg na tíre.

Go raibh maith agat.

Tá brón orm ach caithfidh mé imeacht i gceann cúpla nóiméad mar tá cruinniú eile agam. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe uilig as bheith anseo inniu. Bhí Gabrielle Leleu ag caint faoi theangacha Eorpacha agus an gearradh siar a tharla leo sin. Aontaím leí faoi sin, ach níl an tseirbhís sin ar fáil ach i 20% de na bunscoileanna. An rud atá muid ag iarraidh a dhéanamh ná díriú isteach ar dhaoine nach bhfuil cumas léitheoireachta ar chor ar bith acu. An fhadhb atá againn anseo ná go bfhuil lear mór páistí, go háirithe in áiteanna atá faoi mhíbhuntáiste, sna scoileanna DEIS, nach bhfuil cumas léitheoireachta acu ar chor ar bith. Chaith mise níos mó ná deich mbliana i scoil mar sin. Táimid ag iarraidh an airgid ar fad a shábháil muid mar gheall ar an ghearradh siar sin a dhíriú isteach orthu siúd nach bhfuil cumas léitheoireachta acu in aon teanga agus sin an cinneadh a bhí déanta.

Is maith an rud é gur cuireadh an méid sin béime ar chúrsaí ealaíne agus spóirt mar uaireanta nuair a dhéantar plé ar chúrsaí oideachais, déantar an nasc idir oideachas agus an geilleagar an t-am ar fad ach téann daoine ar scoil ní hamháin chun bheith in ann post a fháil ach chun rudaí a fhoghlaim ar mhaithe leo féin.

Maidir leis an hathruithe atá le teacht isteach ar an teastas sóisearach, táimid ag rá gur chóir 60% de na marcanna a chur ar scrúduithe agus 40% a chur ar obair leanúnach, cén tuairim atá ag na daoine óga air sin? Ar chóir rudaí a choimeád mar atá siad, leis na marcanna ar fad bunaithe ar na scrúduithe nó an bhfuil an iomarca brú ar dhaltaí mar thoradh air sin nó ar chóir dúinn sin a roinnt mar a luaigh mé. Tá múinteoirí ag rá go gcuireann sin iomarca struis ar na múinteoirí agus go bhfuil sé cothrom, marcanna a thabhairt do na páipéir scrúdaithe atá os a gcomhair. Cad é tuairim na ndaltaí faoi sin? Freisin, ní bheidh ach ocht n-ábhar ar a mbeidh scoláirí ag déanamh staidéir. Cad faoi sin?

Gabhaim buíochas leis na daoine óga uile as bheith anseo inniu agus tá súil agam go mbeidh siad ar ais anseo mar Theachtaí Dála agus Sheanadóirí iad féin i gceann deich mbliana, seachas i mo dháilcheantar féin, mar táimse breá-sásta fanacht san áit ina bhfuil mé.

Mr. Séamus Ó Ceannainn

Maidir leis an teastas sóisearach agus na hábhair a ba cheart a bheith ann, leis an ardteistiméireacht, déantar níos lú ábhar ach déantar dian-staidéar orthu. Sin an tslí gur chóir dó a bheith. Sa teastas sóisearach déantar níos mó ábhar agus faightear blas de gach uile ábhar agus seans go spreagtar suim ag duine in ábhar éigin nach raibh spéis aige ann go dtí sin. Beidh na marcanna leanúnaigh i bhfad níos cothroime do na daltaí. Tá daltaí ann atá go hiontach sna scrúduithe ach tá daltaí a chuireann neart oibre isteach ó lá go lá ach bíonn siad thar a bheith neirbhíseach sna scrúduithe agus beidh níos lú struis orthu má tá roinnt marcanna tuilte acu cheana féin.

Ms Gabrielle Leleu

Maidir leis an teastas sóisearach, má tá duine sa chéad bhliain, conas a bheidh a fhios aige cén ábhar atá sé ag iarraidh a dhéanamh. I mo scoil féin sa chéad bhliain, déantar gach ábhar agus ansin pioctar na hábhair is fearr. Má tá níos lú ábhar sa teastas sóisearach agus ní dhéanann duine eolaíocht mar ní chaithfidh sé é a dhéanamh, cad a tharlóidh don duine sin nuair a thiocfaidh sé go dtí bliain a cúig agus ba mhaith leis bheith ina bhanaltra? Beidh na blianta go léir sin caillte mar sin ba chóir go mbeadh níos mó ábhar sa teastas sóisearach.

Glacaim leis an méid a dúradh faoi chorpoideachas. Bhí cruinniú agam i scoil i mo cheantar féin le déanaí agus fuair mé amach go bhfuil siad ag déanamh a lán ábhar ach níl corpoideachas mar rogha ag daltaí sa chúigiú agus sa séú bhliain. Tá sin aisteach agus ba cheart go mbeadh ar pháistí spóirt a dhéanamh agus iad ar scoil. Aontaím leis sin.

I must address the committee in English but the translators are doing a great job so I am happy to hear the witnesses in Irish. I am a product of the Irish education system who went through primary and secondary school, and even went to the Gaeltacht, and I am addressing the committee in English but my children went to a gaelscoil. It is interesting that 20 years ago if there had been three schools in to speak to us as Gaeilge, they would have come from a Gaeltacht area. Now, however, the language revival comes from an urban perspective because of the gaelscoil movement. The first gaelscoil in Kildare was in Leixlip, which is where my children attended. That was developed in the bad times of the 1980s so economics does not always have a negative effect on getting things done.

I thought it was useful to send my children to a gaelscoil because a person who is bilingual finds it easier to become multilingual and languages are increasingly becoming important as we communicate with different parts of the world. One of the students mentioned foreign languages at primary level. Did any of them have the benefit of that and did they feel it was an advantage at secondary school?

A lot of students go through all-Irish primary school but drop out at secondary school, often because their friends are going elsewhere. Why did our guests today decide to continue in Irish medium education and did they make the decision or did parents have an input?

Mr. Séamus Ó Ceannainn

Tá aithne agam ar dhaoine a rinne a mhalairt; d'fhreastail siad i ngnáth-bhunscoil agus tháinig siad chuig an Ghaelcholáiste linn. Tháinig roinnt cailíní isteach i mo bhliain i mbliana don idirbhliain agus tá gach duine acu líofa anois. Táim ar thaithí oibre faoi láthair le Conradh na Gaeilge agus bhuail mé le cailín a raibh mé sa Ghaelscoil léi agus a chuaigh ar aghaidh go dtí gnáth-mheánscoil agus tá an Ghaeilge fós líofa aici. Is buntáiste mhór fós é agus tá suim an-mhór aici sa Ghaeilge agus i gcúrsaí Gaeilge go fóill. Chuaigh sí lena cairde, mar a dúirt an Teachta.

Mr. Pól Craobhach

I completely agree that people who have learned Irish have an advantage when becoming multilingual. I know so many young people who are multilingual because they had another language from a young age. I know a girl who was sent to Germany when she was very young. She learned German from her cousins and she now speaks seven languages, three of which are Asian. She can read and write in Korean, Chinese and Japanese and she is currently studying in London before she moves to study in the Tokyo College of Languages next year. She is the best example I know of but certainly not the only example. She helped me correct my speech for today and she has fantastic Irish. I was astounded by her level of Irish when we went through my speech and that was because she started in a gaelscoil. When she moved to Coláiste an Phiarsaigh, she was encouraged to take up more languages. She is taking almost her entire leaving certificate with language subjects. She is not counting any other subjects.

Tá sé de dhualgas orm dul go dtí an cruinniú céanna leis an Teachta Ó Ríordáin. Caithfidh mé imeacht i gceann nóiméid. Is dóigh liom gur rinne na scoláirí jab iontach inniu. Tá mé lán-dáiríre faoi sin. Tá mé an-bhuíoch dóibh as ucht teacht isteach anseo agus moltaí a thabhairt. Bhí siad iontach líofa. Bhí an-chuid smaointí acu. Is ócáid stairiúil faoi leith í seo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach uile duine, go háirithe na mic léinn, atá páirteach sa lá seo. Aontaím le gach rud atá ráite inniu. Bhain mé sult as. Bhí gach éinne spéisiúil.

Ba mhaith liom rud amháin a rá faoin mhéid a bhí le rá ag Pól Craobhach mar gheall ar scannáin a chur ar siúl maidir le scéalaíocht, oidhreacht agus stair na tíre seo, go háirithe scéalta faoi Fionn agus a leithéid. Tá rud éigin ansin. Tá mé cinnte go bhfuil an ceart aige gur chóir a leithéid a dhéanamh. Ba cheart níos mó forbartha agus scrúduithe a dhéanamh ar an gceist sin. Déanfaidh mé iarracht an phointe sin a ardú ag cruinniú de mo pháirtí parlaiminteach agus le mo chomhghleacaithe anseo. Is pointe iontach tábhachtach é.

Ba cheart dúinn smaoineamh ar an méid a rinneadh cúpla bliain ó shin le Teilifís na Gaeilge. Nuair a thosaigh an tseirbhís sin, cheap daoine nach mbeadh sí ábalta leanúint ar aghaidh go héifeachtach. Tá TG4, mar atá sé faoi láthair, thar a bheith éifeachtach. Tá cuid mhaith de mhuintir na tíre ag baint an-sult as anois. Breathnaímid go léir ar TG4 go rialta. Dá bhrí sin, aontaím le Pól Craobhach gur fiú níos mó scrúduithe a dhéanamh ar an smaoineamh seo. Tógfaidh mé an moladh a rinne sé as an lá seo.

Is fiú iad na pointí eile go léir a rinne na daltaí maidir le teangacha Eorpacha, stádas na Gaeilge agus an oideachas. Tá suim faoi leith agam sa phointe a rinne Pól Craobhach. B'fhiú don Rialtas grinnstaidéar a dhéanamh air. Molfaidh mé é do mo chomhghleacaithe.

Cuirim fáilte roimh na scoláirí. Tá áthas orm bheith i láthair ar an lá stairiúil seo. Cuirim fáilte roimh na daltaí uilig as na scoileanna éagsúla. Mar a dúirt Teachta amháin, tá Gaeilge go flúirseach acu cé gurb as an nGalltacht, seachas an Ghaeltacht, iad. Tá léiriú dóchais ag an teanga ina láimhe. Ba mhaith liom an moladh cuí a thabhairt dos na múinteoirí atá ag obair leis na scoláirí gach lá chun an teanga a chur chun cinn.

Tá brón orm nach raibh mé i láthair nuair a thosaigh na finnéithe ag labhairt. Bhí mé sa Seanad ag déanamh iarracht a moladh atá déanta ag na heagrais éagsúla a chur ar chlár an Tí chun rud a dhéanamh faoi. Tá na grúpaí tar éis teacht le chéile mar Aontas Phobal na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an t-ádh leis na daltaí go bhfuil neart Gaeilge acu. Déanaim comhghairdeas leo.

Tá ceist agam faoin Ghaeilge éigeantach. Ba mhaith liom go labhródh duine éigin faoi sin. B'fhéidir go raibh díospóireacht faoi nuair nach raibh mé i láthair. Níor chuala mé faoi nuair a bhí mé ag éisteacht.

Molaim an méid a bhí le rá ag scoláire amháin faoi féile na gceoltóirí óga. Tógfaidh an coiste na moltaí éagsúla atá déanta ar bord agus cuirfidh muid cosa fúthu. Tá ceist agam faoi cheoltóirí óga agus faoin Feis Ceoil. Tá an Seanadóir Ó Murchú in aice linn. B'fhéidir go bhfuil obair le déanamh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa chomhtéacs seo. Déanfaidh mé obair ar sin.

Tá a lán ráite faoi scannáin. Tá go leor oibre le déanamh. Is é seo an tír chun é a dhéanamh. Mar a dúirt duine éigin, tá na buntáistí a bhaineann leis na scannáin i bhfad níos mó ná na costais. Tógfaimid é sin ar bord.

Tá go leor ráite faoin tábhacht a bhaineann leis an spórt chun daoine a thabhairt le chéile. Tá mé ag ceapadh go bhfuil na Teachtaí Dála ag imirt peile anocht. Tá Teachtaí ó gach páirtí ag teacht le chéile chun peil a imirt. Caithfimid rud éigin a dhéanamh maidir leis na mná. Níl aon bhean ar an bhfoireann.

I am like Roy Keane - I do the competitive games but I do not do the friendly games any more.

Tá cúl báire á lorg againn.

Tá mé ábalta é sin a dhéanamh. Mar a dúirt Caoimhín Ó Tuama, "ní haon mhaith é an saibhreas mura bhfuil sláinte choirp" i gceist freisin. Ta sé fíor go mbaineann an spórt le ceist an mhurtaill. Tá ár ndícheall á dhéanamh againn na moltaí iontacha a léirigh na finnéithe a chur chun cinn. Gabhaim buíochas leo as ucht iad a roinnt linn inniu.

Mr. Séamus Ó Ceannainn

Go ginearálta, dúirt nach mór gach éinne a labhair mar fhreagra orainn go raibh pointí an-suimiúla againn. Tá na tuairimí céanna ag an gcuid is mó de na scoláirí. B'fhéidir go bhfuil níos mó tuairimí ag scoláirí ó ghaelcholáistí, srl. faoin Ghaeilge agus faoi theangacha éagsúla. Molaim do bhaill an choiste dul isteach sna gaelcholáistí áitiúla. Cloisfidh siad na tuairimí céanna - nó níos fearr, b'fhéidir - os na daltaí sin.

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil leis na daltaí atá bailithe le chéile anseo inniu. Bhí mé sa Dáil sular tháinig mé anseo. Aontaím leis an chuid is mó don mhéid atá ráite ag na Seanadóirí agus na Teachtaí éagsúla. Tá cúpla ceist agam.

D'oibrigh mé mar mhúinteoir bunscoile sular toghadh mé mar Theachta Dála. Chuaigh mé ar ais go Coláiste Mhuire Gan Smál nuair a bhí mé i mo tríochaidí. Bhí sé an-deacair an Ghaeilge a fhoglaim arís. Bhí an teanga beagnach caillte agam. Bhí mé ag obair mar innealtóir sular chuaigh mé ar ais ag staidéar. Cosúil leis an Teachta Ní Mhurchú, bhí mo chuid Gaeilge beagnach caillte agam tar éis mo chuid ama sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Nuair a thosaigh mé ag múineadh sa bunscoil, bhí sé deacair na daltaí óga, go háirithe, a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt, nó fiú chun suim a thaispeáint sa teanga. B'fhéidir go bhfuil suim ag roinnt de na daltaí atá bailithe anseo bheith ina múinteoirí. Da mbeidís sa ghairm sin, cad iad na rudaí a bhainfeadh siad úsáid as chun an Ghaeilge a spreagadh i measc an aos a óig?

Cad a cheapann na scoláirí faoin méid a dúirt an Teachta Ó Ríordáin maidir leis an corpoideachas mar ábhar sa teastas sóisearach? An mbeadh sé oiriúnach mar ábhar éigeantach dóibh siúd atá ag staidéar le haghaidh an scrúdú sin?

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo siúd atá anseo inniu. B'fhéidir nach bhfuil go leor deiseanna ag Teachtaí Dála an Ghaeilge a úsáid. Tá imní orm go gcailleoidh mé an méid a d'fhoglaim mé ar scoil, sa Ghaeltacht, sa choláiste agus nuair a bhí mé ag múineadh. B'fhéidir go mbeidh deis ag mo chomh-ghleacaithe, Seanadóirí agus Teachtaí Dála, í a úsáid, mar i rith na seachtaine seo déanfaidh muid ár ndícheall éisteacht le Gaeilge agus í a úsáid, ach cad faoi an tseachtain seo chugainn agus an tseachtain ina dhiaidh sin? Tá jab mór le déanamh againn. Táim buíoch as an méid atá ráite ach b'fhéidir go mbeidh seans anois mo cheisteanna a fhreagairt.

Mr. Páidí Dhaibhís

Maidir le conas Gaeilge a spreagadh i ndaltaí, ní chóir go leanfaí an leabhar amháin agus ní chóir an-bhéim a chur ar an fhoghlaim. Is féidir í a spreagadh trí slí eile, abair tóraíocht taisce nó rud éigin mar sin trí Ghaeilge. Maidir le Seachtain na Gailge, ba chóir úsáid a bhaint as an Ghaeilge, fiú nuair nach Seachtain na Gaeilge atá ann. Is é an fáth go bhfoghlaimíonn duine Gaeilge ná chun í a labhairt. Sin an fáth go bhfoghlaimíonn duine aon teanga. Maidir le corpoideachas a bheith éigeantach, ní chóir go mbeadh sé éigeantach mar b'fhéidir nach bhfuil daoine áirithe compórdach leis.

Cad a cheapann na finnéithe faoi scrúdú chorpoideachais gan a bheith ann don teastas sóisearach?

Mr. Páidí Dhaibhís

Ní chuirfeadh sé isteach orainn. Bheadh muid sásta leis muna mbeadh sé éigeantach, ach ní dóigh linn go mbeadh sé go maith dá mbeadh sé éigeantach mar chuirfeadh sé daoine faoi bhrú, go háirithe daoine nach ndearna aon chorpoideachas riamh suas chomh fada leis an triú bliain. Cad a bheadh sa scrúdú sa chéad áit? Bheadh an scrúdú thar a bheith fada freisin de bharr an méid ranna éagsúla a bhaineann le corpoideachas.

Thabharfadh an scrúdú seans do dhaoine a bhfuil an-suim acu i gcorpoideachas pointí a fháil le áit a fháil i gcolaíste nuair atá siad ag iarraidh dul le múinteoireacht nó rud éigin mar sin. Sin an pointe a bhí á dhéanamh agam, ach tuigim an argóint atá déanta agaibh.

Mr. Pól Craobhach

Aontaím le Páidí faoi conas an teanga a spreagadh. Mar a deireann mo mhúinteoir, labhair í agus mairfidh sí. Muna labhraíonn daltaí an teanga, ní fhoghlaimeoidh siad. Cén fáth nach bhfuil níos mó gaelcholáistí sa tír agus cén fáth nach bhfuil scoileanna na tíre san iomlán ag feidhmiú trí Ghaeilge? Cén fáth go bhfuil scoileanna Béarla againn ar chor ar bith?

Sin ceist dheacair anois.

Ní dóigh liom go mbeidh éinne in ann an cheist sin a fhreagairt.

Tá athrú ag teacht mar tá a lán tuismitheoirí ag cur ceisteanna ar an Rialtas faoi sin. Tá rudaí ag athrú.

Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte -----

An bhfuil aon cheist ag an Teachta? Ceist a haon led thoil. I will bring the Deputy in, but as we were saying before Deputy Ó Cuív arrived, we are just taking one question per member.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe anseo agus ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil go raibh mé deireannach, ach bhí mé sa Dáil ag labhairt faoin Ghaeilge. Nuair a rinne muid staidéar ar an Ghaeilge, go mórmhór i mBaile Átha Cliath agus ar an gcósta thoir, fuair muid amach go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ag daoine ná mar a úsáideann siad. Tá sí ar eolas acu, ach ní úsáidtear í mar ní bhíonn an deis acu an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil. An rud a bhí, atá agus a bheidh mise ag moladh ná go mbeadh i bhfad níos mó clubanna óige agus foirne peile taobh amuigh den scoil le gur féidir le daoine Gaeilge a labhairt go nádúrtha, ní mar ábhar ranga scoile ach mar ábhar le haghaidh cumarsáide ag imeachtaí, caitheamh aimsire agus spóirt. Bhíodh mise ag múineadh ranganna snámha anseo sa chathair fadó.

Tá club peile Gaelach bunaithe i mBaile Átha Cliath, na Gaeil Óga, agus ní dhéanann siad tada ach peil a imirt sna sraitheanna i mBaile Átha Cliath. An t-aon difríocht idir iad siúd agus aon chlub eile sa chathair ná go labhraíonn na daoine ata bainteach leis Gaeilge. Céard a cheapadh na finnéithe dá mba rud é go raibh, mar shampla, foirne sacair, rugbaí, peil Ghaelach, clubanna snámha agus nach mbeadh de dhifríocht idir iad agus an ghnáth club ach go labharfadh na baill Gaeilge eatarthu féin agus go n-imreoidís na comórtais agus gach rud trí Ghaeilge? An dtabharfadh sin seans daoibh an Ghaeilge a chleactadh taobh amuigh den scoil agus seans í a choinneáil ag imeacht, nuair a fhágann sibh an scoil? An ndéanfadh sé an Ghaeilge níos taitneamhaí do dhaoine?

Mr. Séamus Ó Ceannainn

Chuaigh mé ar thuras go Béal Feirste roinnt seachtaine ó shin agus bhí mé ag labhairt leis an Ard-Mhéara, fear le Gaeilge, i Halla na Cathrach. Fear óg agus fear thar a bheith deas atá ann. Dúirt sé liom go mbíonn siadsan ag labhairt Gaeilge sna cruinnithe agus go mbíonn daoine ag screadaíl agus ag cur isteach orthu gach uair a labhraíonn siad as Gaeilge, ach leanann siad ar aghaidh ag labhairt Gaeilge. Ní raibh aon eolas agam faoi sin, ach ba mhaith liom an cheist a chur ar na Teachtaí agus na Seanadóirí anseo. An labhraíonn siadsan Gaeilge an t-am go léir sna Tithe? Tá an Ghaeilge acu, agus tá siad ag labhairt faoi í a bheith in úsáid lasmuigh de na scoileanna, ach ba chóir dóibh agus do dhaoine fásta í a úsáid chomh minic agus is féidir chomh maith. Ní gá go mbeadh daoine go hiomlán líofa sa Ghaeilge ná go mbeadh gramadach iontach acu ná ar fheabhas acu. Is breá liom daoine a chloisteáil ag úsáid na Gaeilge, cibé cé mhéid focal atá acu. Ba chóir go mbeadh an iarracht á spreagadh i ngach post, ní hamháín i measc daoine óga ach i measc daoine fásta freisin. Bheadh níos mó grá ann don Ghaeilge ansin.

Mar rud beag deiridh, seo scéilín beag grinn. Bhí na mic léinn ag caint ar theangacha. Trí bliana ó shin, d'fhógair muid post le haghaidh iar-chéimí le staidéar PhD a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann. Leis an bpost seo a fháil chaithfí a bheith iontach ar fad ag an nGaeilge. Bhí comórtas ann agus bhí scoláireacht ceithre bliana i gceist. Cailín as an Rúis, gan aon cheangal aici le hÉirinn ar chor ar bith, a ghnothaigh an duais, agus Gaeilge iontach ar fad aici.

Ar an gcéad dul síos, gabhaim leithscéal as a bheith déanach. Déanaim mo dhícheall an Ghaeilge a labhairt sa Dáil. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gcoiste, leis na daoine óga agus leis na scoileanna go léir as an obair stairiúil a rinne siad ar maidin agus iad ag glacadh páirte i gcruinniú an choiste seo. Comhghairdeas leo go léir.

Go raibh maith agaibh arís, a Chaitríona, a Ghabrielle, a Shahrukh, a Eveline, a Shéamuis, a Phóil, a Pháidí, a Natalie agus a Chaoimhín. This is the first time the committee has done anything like this. I particularly commend Eugene Ó Cruadhlaoich, clerk to the committee, who was behind this morning's initiative. It has cheered the committee and, as other members of the committee have said, it is something we would like to see happening on an annual basis. I hope we will hold this event during Seachtain na Gaeilge every year. This morning has been a huge success. Well done to all of you. Should you wish to make any concluding comments I would be happy to hear them.

Thank you again. I particularly thank Gabrielle. Ceapaim go bhfuil ban Taoiseach an todhchaí againn inti. Whatever about Deputy Aodhán Ó Ríordáin's fears of a Labour Deputy being elected, I think we may have seen a future female Taoiseach here this morning.

I thank all of you. Tá an cruinniú críochnaithe. Go raibh maith agaibh go léir.

The joint committee adjourned at 1 p.m. until 2.15 p.m. on Tuesday, 13 March 2012.
Top
Share