Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 1 Jul 1942

Vol. 26 No. 19

Death of Senator.

Is méala mór liom a fhógairt go bhfuair Cú Uladh bás obann i mBaile Atha Cliath indiu.

It is with the deepest regret I have to announce to the House the death, suddenly in Dublin to-day, of Seanadóir Cú Uladh.

During his period of membership of the Seanad the late Senator had impressed his fellow members with his sincerity, earnestness and close attention to the business of the House. Of strong opinions and convictions, to which he gave forcible expression in debate, he, nevertheless, displayed to his fellow members a kindliness of disposition which made him the friend of all. His work for the national language will be his greatest memorial and to that aspect of his public life others will pay tribute. His death will prove a blow to the national activities in which he had taken so prominent a part over a long period of years.

With the assent of the House I shall convey to the family and relatives of the deceased Senator the expression of our deep sympathy.

Go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam.

Ba mhaith liom-sa a Chathaoirligh roinnt bheag do chur leis an méid atá ráidhte agat fhéin. Bhí aithne mhaith agam ar feadh i bfhad ar Chú Uladh. Duine de sna sean-ionndúirí do b'eadh é a chaith dúthracht agus dáiríreacht le hÉirinn agus le Gaedhilg. Bhain sé le dream stát-sheirbhíseach sa tsean-aimsir fé réim na Sasanach—lucht Custum agus Máil —a dhein an-shaothar don teangain, nuair ná raibh tuarastal ná tairbhe dóibh féin ag baint léi. Dhein sé féin gach cuid den obair sin—scríobhadh agus stocaireacht agus múinteoireacht. Bhí sé riamh daingean dásachtach ina chuid tuairimí agus ba mhinic achrann ar siúl aige. Ach fiú amháin na ndaoine ná raibh ar aon aigne leis bhíodar sásta nár staon sé riamh ón gceart mar a tuigeadh dó féin. Bhí tuigsint aige don ghreann agus ba dhuine lághach Gaolach ina thigh féin é. Tá an Seanadóir Cú Uladh imithe agus tá cumha orrainn ina dhiaidh. Thug Dia seal fada dhó agus do bhronn clann fhairsing air. Beireann sé leis go dtí an uaigh cuid de sean-shaol ná fuil cuimhne anois air ach ag fíor-bheagán daoine. Is boichte-dhe sinne an saol sin agus na daoine sin do bheith ag sleamhnú uainn. Go dtuga Dia grásta síorraí dá anam.

Uair o shoin agus mé ag teacht isteach san Tigh chualas an sgéal brónach mar gheall ar bhás Cú Uladh ár sean-charad. Tá brón orainn uilig go bhfuil sé imthighthe uainn ach, ar an uair chéanna, sílim gur féidir linn a rá go bhfuil bród orainn gur gheall Dia saol chó fada air. Thosuigh Cú Uladh ar obair na Gaedhilge nuair a bhí géarghá le daoine chun tabhairt faoi'n obair sin. Thosuigh sé ar an obair sin i gcúis na Gaedhilge nuair a bhí an náisiún i mbaol báis agus tá cuid mhaith de na daoine a thosuigh in éindigh leis imithe uainn. Gheall Dia saol fada do Chú Uladh chun an síol do chur; thug Sé saol chó fada sin dó go bhfaca sé cuid de thoradh an tsíl sin dhá baint. Níl aon chall dom a chuid oibre a mholadh. Rinne an Seanadóir O hAodha é sin, mar ba cheart. Theasbeáin Cú Uladh duinn cad ba dhúthracht agus dílseacht ann, agus sin é an ceacht d'fhág sé againn go léir; agus sin é an ceacht a chaithfeas na daoine óga a fhoghluim uaidh. Níor fhan Gaedhil na hEireann go raibh sé ro-dheireannach chun onóir a thabhairt do Chú Uladh as ucht a dhúthrachta agus a dhílseachta i gcúis na Gaedhilge. Sé an nós fanacht gan an onóir seo a thabhairt do dhuine go mbíonn sé sa gcré, ach theasbeáin Gaedhil na hEireann, sar an imigh sé uatha, an meas a bhí aca air. Suaimhneas síorraí dá anam.

Is mian liom cobhrón do dhéanamh le muintir Chú Uladh. Bhí sean-aithne agam air i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean. Bhí sé ag obair go dian i gcúis na Gaedhilge i gCúige Uladh nuair a chuireas aithne air i dtosach. Bhíodh sé ag scríobhadh agus ag múineadh na Gaedhilge an t-am san. I gCúige Laighean, sa tsean-aimsir, bhíodh sé ag obair go dúthrachtach sa gcúis chéanna. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Cuirfead có-bhrón an tSeanaid in iúl do bhainchéile agus do mhuintir an tSeanadóra.

Top
Share