Fuarthas an teachtaireacht seo leanas:—
Roinn an Taoisigh,
20ú Meitheamh, 1945.
Cléireach an tSeanaid,
Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Taoiseach an 19ú lá de Mheitheamh, 1945:
(1) Seán F. Lemass, comhalta den Rialtas d'ainmniú, de bhun airteagail 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste;
(2) An Roinn Airgeadais do dháiliú, de bhun ailt 5 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939, do Phroinnsias Mac Aodhagáin, comhalta den Rialtas, atá taréis scarúint lena theideal mar Aire Comhriartha Cosantais.
(Sgd.) P.O CINNEIDE,
L. Rúnaí.