Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 11 Dec 1946

Vol. 33 No. 3

Bás Seanadóir.

Is méala mór liom a chur in iúl don Tigh go bhfuair an Seanadóir Donnchadh Ó hEaluighthe bás ó bhí an cruinniú deiridh againn.

I rith a shaoil fhada, bhí an Seanadóir ina fhear cinn riain sa ghluaiseacht náisiúnta agus i ngluaiseachta cultúra agus bhí sé ar dhuine de lucht bunuithe Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge. Ina theannta sin, rinne sé saothar fiúntach i saol poiblí na tíre, ina chomhalta de Bhardas Bhaile Atha Cliath, ina Uachtarán ar Chomhlachas na nUdarás Bardasach, agus ina chomhalta dícheallach díograiseach den Tigh seo. Ba dhuine soilbhir soineanta é agus aireoimíd uainn go mór é. Le toil an tSeanaid cuirfidh mé ár gcomhbhrón croí in iúl dá ghaolta.

Guímíd solas na bhFlathas agus radharc na Tríonóide dá anam.

D'eirigh na Seanadóirí in a suidheacháin.

Top
Share