Tairgim:—
Go dtoghfar Tadhg Ó Donnabháin, Seanadóir, mar Leas-Chathaoirleach.
Ní gá morán a rá i dtaobh na tairiscinte seo. Tá aithne ag formhór na Senadóirí atá i láthair ar an Seanadóir Thadhg Ó Donnabháin. Tá taithaighe agus eolas maith aige ar obair pharlaiminte agus ar dhualgaisí na Cathaoireach. Fear direach, macánta, é a bhfuil fhios aige conus a bheith láidir gan a bheith burb agus cionnus a bheith ré-chneastá gan a bheith ró bhog. Tá guth breá aige agus an fhaid a bhí sé ina Chathaoirleach agus in a Leas-Chathaoirligh cheanna sa Tigh seo do thug sé, mar is eol dúinn go léir, cóir agus cothrom do gach éinne. Tá mé cinnte, dá bhrigh sin, go nglachfar leis mar Leas-Chathaoirleach.
Senators are aware of the experience which Senator Tadhg Ó Donnabháin has had in the Chair and of his acquaintance with parliamentary work in general. I think that from their experience they will be prepared to accept this motion.