Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 12 Mar 1952

Vol. 40 No. 12

Bás Seanadóra.

Is dona liom go bhfuil sé de dhualgas orm a chur in iúl don Seanad go bhfuil an Seanadóir Bean Uí Choincheanainn básaithe. Is ar éigin is gá dom a rá chomh mór agus is cailliúint ar an Seanad agus ar an tír í. Aireoidh lucht an Tí seo uathú go mór í.

Bhronn Dia a lán talana ar an Seanadóir Coincheanainn; ba scoláire agus scríbhneoir den chéad scoth í. Rinne sí mórchuid taighde agus mórchuid oibre ar stair na tíre seo agus ar stair an chreidimh go háirithe. Mura mbeadh ach an tseirbhís sin ann, tá Éire fágtha go mór faoi chomaoin aicí.

Ba dhea-shampla í i gcónaí i saol poiblí na tíre. Bhí sí ina Teachta Dála thar ceann Ollscoil na hÉireann ó 1933 go dtí 1937, an tráth ar cuireadh deireadh leis an Dáil-Teachtaíocht Ollscoile.

Toghadh mar Sheanadóir í ag an gcéad toghchán a bhí ann, an bhliain dar gcionn, i gcóir an tSeanaid nua agus do hatoghadh í ag gach toghchán eile ina dhiaidh sin.

Ba mhór í a spéis in obair an Oireachtais agus go mór mhór in obair an tSeanaid. Ba duine í Bean Uí Choincheanainn nach ndearna faillí in aon ní dar bhain lena cuid dualgaisí. Ba mhór a spéis ins gach iarratas dar cuireadh ós a comhair.

Bhí mórchuid eolais aici ar shaol an ghnáth-dhuine agus is beag duine a thuig saol na tuaithe níos fearr ná í. D'oibrigh sí go tréan agus de shíor ar mhaithe leis na mná. Rinne sí a dícheall le córas feiliúnach oideachais a chur ar fáil dóibh le go múinfí iad ar na bealaigh b'inmholta lena ndualgaisí a chomhlíonadh go cóir iomlán agus le go mbeidís ina ndea-mháithreacha. Ba gheal léi gach dá ndearnadh agus gach a déanfaí le obair na mban, sa teach agus taobh amuigh de, d'fheabhsú agus d'éadtromú. Solas na bhFlathas go raibh aici.

As I have indicated the Seanad, and indeed the whole country, is the poorer for the death of Senator Mrs. Concannon.

I know that all Senators deeply regret the passing of this distinguished lady, and wish that I should convey their sympathy to her husband and other relatives.

Senators rose in their places.

Top
Share